Ní beag an dúshlán atá roimh an Aontas agus aghaidh le tabhairt aige ar chás na Siria tar éis do réimeas Assad teacht chun deiridh agus cothromaíocht le baint amach idir na riachtanais dhaonnúla, an beartas imirce, agus cobhsú agus atógáil na tíre. Tá baol ann go bhfágfaidh an pholaitíocht intíre agus an gearrthéarmachas go dtabharfar tús áite don fhilleadh agus go gcuirfear dlús leis an bpróiseas sin, cé go bhféadfadh cur chuige comhordaithe cothrom ról ríthábhachtach a imirt maidir leis an tSiria a chobhsú agus an fhorbairt fhadtéarmach a chothú, dar le haoi speisialta EESCInfo Alberto-Horst Neidhardt, saineolaí mór le rá de chuid Ionad Beartais na hEorpa.

 

 

Ní beag an dúshlán atá roimh an Aontas agus aghaidh le tabhairt aige ar chás na Siria tar éis do réimeas Assad teacht chun deiridh agus cothromaíocht le baint amach idir na riachtanais dhaonnúla, an beartas imirce, agus cobhsú agus atógáil na tíre. Tá baol ann go bhfágfaidh an pholaitíocht intíre agus an gearrthéarmachas go dtabharfar tús áite don fhilleadh agus go gcuirfear dlús leis an bpróiseas sin, cé go bhféadfadh cur chuige comhordaithe cothrom ról ríthábhachtach a imirt maidir leis an tSiria a chobhsú agus an fhorbairt fhadtéarmach a chothú, dar le haoi speisialta EESCInfo Alberto-Horst Neidhardt, saineolaí mór le rá de chuid Ionad Beartais na hEorpa.

Anailísí Beartais Sinsearach agus Ceann an chláir Eorpaigh um an Éagsúlacht agus an Imirce in Ionad Beartais na hEorpa é Alberto-Horst Neidhardt. Is le dlíthe agus beartais tearmainn, cearta shaoránaigh an Aontais, an bhréagaisnéis, agus polaitíocht na himirce a bhíonn sé ag plé. Bhain sé PhD amach i nDlí an Aontais ón Institiúid Ollscoile Eorpach. In Ollscoil Chaitliceach Lille, is léachtóir é le beartais imirce agus soghluaisteachta, rialachas Eorpach, agus ceapadh beartas eiticiúil.

 

Scríofa ag Alberto-Horst Neidhardt

Mí tar éis an deireadh a tháinig le riail bhrúidiúil Bashar al-Assad, níl mórán le fáil maidir le freagairt oifigiúil an Aontais ach an fógra maidir le cúnamh a thabharfaidh sé don fhorbairt agus don chobhsaíocht eacnamaíoch. Níl sé soiléir go fóill an gcuirfear deireadh leis na smachtbhannaí ar an tSiria agus cén uair a chuirfear deireadh leo. Beidh tacaíocht na hEorpa ag brath ar chosaintí do mhionlaigh agus ar ráthaíochtaí eile, a bhfuil na hionchais ina leith fós éiginnte. Le dinimic chasta pholaitiúil, slándála agus dhaonnúil a ghabhann leis an tSiria tugtar le fios go mbeidh aon chomhdhlúthú daonlathach fada agus dúshlánach. 

Scríofa ag Alberto-Horst Neidhardt

Mí tar éis an deireadh a tháinig le riail bhrúidiúil Bashar al-Assad, níl mórán le fáil maidir le freagairt oifigiúil an Aontais ach an fógra maidir le cúnamh a thabharfaidh sé don fhorbairt agus don chobhsaíocht eacnamaíoch. Níl sé soiléir go fóill an gcuirfear deireadh leis na smachtbhannaí ar an tSiria agus cén uair a chuirfear deireadh leo. Beidh tacaíocht na hEorpa ag brath ar chosaintí do mhionlaigh agus ar ráthaíochtaí eile, a bhfuil na hionchais ina leith fós éiginnte. Le dinimic chasta pholaitiúil, slándála agus dhaonnúil a ghabhann leis an tSiria tugtar le fios go mbeidh aon chomhdhlúthú daonlathach fada agus dúshlánach. Cuirfidh sé sin dúshlán roimh chumas an Aontais labhairt d’aon ghuth agus gníomhú i gcomhpháirt ar thodhchaí na tíre. Mar sin féin, léirigh roinnt tíortha san Eoraip nach bhfuil aon drogall oraibh labhairt faoin tosaíocht chomhroinnte atá acu, is í sin, na Sirigh atá díláithrithe a sheoladh ar ais chuig an tír. I mí na Nollag, cúpla lá tar éis do réimeas Assad cathair Damaisc a chailleadh, d’fhógair an Ostair — áit a bhfuair ceannaire FPÖ, Herbert Kickl, sainordú chun rialtas nua a bhunú — go dtabharfaidh an rialtas bónas fillte do dhaoine a fhilleann ar an tír agus fógraíodh freisin clár díbeartha dóibh siúd a bhfuil taifid choiriúla acu. San Ísiltír, tá sé beartaithe ag an gcomhrialtas faoi stiúir Geert Wilders, náisiúnaí de chuid na heite deise, limistéir shábháilte le haghaidh fillteacha a shainaithint. D’fhógair an Ghearmáin freisin go ndéanfar an chosaint a thugtar do Shiriaigh a athbhreithniú agus a chúlghairm má éiríonn cúrsaí níos cobhsaí sa tír. Thug tíortha Eorpacha eile dearbhuithe comhchosúla freisin nó d’fhógair siad go bhfuil súil ghéar á coinneáil acu ar an staid reatha sa tír. I bhfianaise an mhéid sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an cinneadh maidir le deireadh a chur le smachtbhannaí spreagtha ag an sprioc chun fillteacha a chur chun feidhme in áit a bheith spreagtha ag athrú tuairimí maidir le ceannaireacht nua na Siria.

Agus méadú ag teacht ar an tacaíocht a léiríonn daoine do pháirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis agus do pháirtithe frith-inimirce ar fud na hEorpa, agus toghcháin chónaidhme na Gearmáine ar na bacáin, tá an baol ann go mbeidh fís na mBallstát don tSiria faoi réir tosaíochtaí intíre agus roghanna gearrthéarmacha a dhéantar chun an toghchán a bhuachan amháin. Idir 2015 agus 2024, thug Ballstáit an Aontais cosaint do bhreis agus milliún Siriach, agus formhór an lín sin ag cur futhú sa Ghearmáin. Is saincheist chonspóideach pholaitiúil agus shochaíoch anois go bhfuil na daoine sin ina gcónaí sa tír. I measc teagmhais slándála a poiblíodh go forleathan, boilsciú ard, agus costais fuinnimh atá ag ardú, níl an pobal in go leor tíortha ina óstáiltear dídeanaithe comh fáilteach mar a bhí sé roimhe seo. Tá caint naimhdeach agus beartais naimhdeacha tar éis éirí níos coitianta leis an aistriú sin. In ainneoin na n-iarrataí ón gCoimisiún Eorpach agus ó UNHCR cur chuige faichilleach a ghlacadh i leith fillteacha, d’fhéadfadh sé go mbeadh brú ar rialtais na hEorpa dlús a chur le fillteacha, fiú go haontaobhach, mar gheall ar an dinimic sin.

Ó tháinig deireadh le réimeas Assad i mí na Nollag, tá os cionn 125 000 dídeanaí tar éis filleadh ar an tSiria cheana féin, ó thíortha comharsanachta den chuid is mó. Mar sin féin, is gruama iad na hionchais atá rompu. Fiú roimh imeachtaí a tharla le déanaí, bhí níos mó ná leath de dhaonra na Siria thíos le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, agus bhí trí mhilliún duine ag fulaingt go géar mar gheall ar an ocras. Agus go leor tithe scriosta mar gheall ar an gcoimhlint, níl dóthain saoráidí óstála ann cheana féin. De réir UNHCR, tá gá le thart ar EUR 300 milliún le haghaidh dídine, bia agus uisce dóibh siúd atá ag dul ar ais. Cé gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit cur chuige comhordaithe a fhorbairt chun aisdúichiú sábháilte deonach mhuintir na Siria a éascú san fhadtéarma, ba cheart é a bheith mar thosaíocht phráinneach dóibh aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla na tíre sa chomhthéacs sin. Dá gcuirfí brú ar dhídeanaithe filleadh go tapa ar thír éagobhsaí ina bhfuil an chogaíocht i réim, tá an sean ann go rachadh an plean in abar, ós rud é go gcuirfí teorainn bhreise leis an rochtain ar bhia, ar fhuinneamh agus ar dhídean. D’fhéadfadh fillteacha mórscála cur isteach freisin ar chreatlach eitneach agus shocheacnamaíoch na réigiún atá leochaileach cheana féin. Ní hamháin sin ach d’fhéadfadh diaspóra na Siria cur le hiarrachtaí atógála agus is cúis amháin eile í sin nach mór cur chuige cothrom inbhuanaithe a ghlacadh. Beidh innealtóirí, dochtúirí, riarthóirí agus múinteoirí agus oibrithe láimhe ag teastáil ón tír ar leibhéil éagsúla scileanna. Tá scileanna agus taithí luachmhar faighte ag muintir na Siria san Eoraip sna hearnálacha ábhartha, lena n-áirítear oideachas, tógáil agus cúram sláinte, ach ní bheidh sé éasca na próifílí cearta a earcú. Ní bheadh filleadh buan ina réamhchoinníoll ach oiread chun rannchuidiú leis an atógáil, d’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag íocaíochtaí ón Eoraip maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe. Trí rannpháirtíocht an diaspóra, d’fhéadfadh Siriaigh atá bunaithe san Eoraip na naisc thaidhleoireachta agus chultúrtha idir an tAontas agus an tSiria tar éis ré Assad a neartú.

Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag na Ballstáit cur chuige cothrom a ghlacadh agus seans ann nach dtabharfaidís faoi chlár oibre comhordaithe. D’fhéadfadh roinnt tíortha tosaíocht a thabhairt don chobhsaíocht fhadtéarmach agus d’atógáil na Siria, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí daoine filleadh ar bhonn spontáineach. D’fhéadfadh daoine eile dlús a chur le dreasachtaí airgeadais a thairiscint le haghaidh aisdúichiú deonach nó fiú athbhreithniú córasach a dhéanamh ar stádas mhuintir na Siria a luaithe a thiocfaidh feabhas ar an staid dhaonnúil, fiú beagán. Mar sin féin, beidh bacainní suntasacha dlí ann chun athbhreithniú córasach a dhéanamh ar stádas dídeanaithe, agus beidh costais shuntasacha airgeadais agus riaracháin i gceist leis. Idir an dá linn, i ndáil le haon dreasacht a d’fhéadfaí teacht isteach maidir le filleadh, ba cheart a chur san áireamh ann go bhfuil formhór na Siriach atá easáitithe san Eoraip socraithe anois, agus go bhfuil saoránacht AE faighte ag os cionn 300 000 díobh. Ag an am céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh ionchais ghruama eacnamaíocha agus saothair na tíre ina n-ábhair díspreagtha do na daoine is mó ar mian leo filleadh ar ais. Ceist bhunúsach sa chomhthéacs sin is ea an gceadófar do mhuintir na Siria páirt a ghlacadh i ngluaiseachtaí neamhspleácha, mar a thugtar orthu, nó i bhfocail eile, an bhféadfaidís filleadh ar feadh tréimhsí teoranta, agus go leanfadh na tíortha óstacha san Eoraip de dheiseanna inbhuanaithe a chur ar fáil chun filleadh ar bhonn níos buaine. Is cinnte go mbeidh na ceisteanna sin fite fuaite leis an bplé níos leithne a dhéanfar ar bheartas imirce an Aontais. Leis an gcaibidlíocht a dhéanfar amach anseo maidir leis an athchóiriú ar Threoir an Aontais lena rialaítear filleadh, a bhfuiltear ag súil le togra ina leith go luath ón gCoimisiún Eorpach, d’fhéadfaí dlús cinntitheach a chur leis an gcaibidlíocht sin ag brath ar an bplé atá ag teacht chun cinn maidir le filleadh mhuintir na Siria. Ach ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh deighiltí breise i measc Bhallstáit an Aontais teacht chun cinn mar thoradh ar athchóiriú na Treorach. Ós rud é go bhfuil gá le hathmhachnamh bunúsach a dhéanamh ar bheartais imirce chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin an lae inniu, is dócha gurb é cur chuige an Aontais maidir le Siriaigh easáitithe an chéad phointe cinniúnach sa timthriall nua.

Beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2025

Document Type
PAC
Copyright: Polish Presidency. Council of the European Union

An 1 Eanáir, ghlac an Pholainn seilbh ón Ungáir ar stiúradh an Aontais Eorpaigh agus beidh Uachtaránacht Chomhairle AE aici le linn na chéad sé mhí den bhliain. Tá tús á chur le hUachtaránacht na Polainne le linn tréimhse chlaochlaitheach don Eoraip, agus sin ag tarlú i gcomhthráth le téarma oifige nua an Choimisiúin Eorpaigh. 

An 1 Eanáir, ghlac an Pholainn seilbh ón Ungáir ar stiúradh an Aontais Eorpaigh agus beidh Uachtaránacht Chomhairle AE aici le linn na chéad sé mhí den bhliain. Tá tús á chur le hUachtaránacht na Polainne le linn tréimhse chlaochlaitheach don Eoraip, agus sin ag tarlú i gcomhthráth le téarma oifige nua an Choimisiúin Eorpaigh. 

Agus fogha na Rúise faoin Úcráin ag leanúint ar aghaidh go neamhthrócaireach agus an teannas geopholaitiúil níos airde ná riamh i gcuimhne na hEorpa, tá cinneadh déanta ag an bPolainn díriú mar thosaíocht ar théama uileghabhálach na slándála. Áirítear faoin téama sin an tslándáil sheachtrach, an tslándáil inmheánach, an tslándáil eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh, an tslándáil bia, agus an tslándáil sláinte chomh maith leis an smacht reachta a áirithiú.

Tagann na tosaíochtaí sin le tiomantas Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa comhtháthú a chothú, luachanna daonlathacha a chosaint, agus rathúnas cobhsaí a áirithiú. ‘In CESE, is cúis bhróid dúinn a bheith inár gcomhpháirtí iontaofa rannpháirteach d’Uachtaránacht na Polainne agus táimid tiomanta ról gníomhach a ghlacadh maidir leis na tosaíochtaí polaitiúla a mhúnlú ar mór an tionchar a bheidh acu ar an timthriall nua Eorpach seo’, arsa Uachtarán CESE, Oliver Röpke.

Arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Polainne, déanfaidh CESE 14 thústuairim a dhréachtú. Tá tuilleadh eolais faoi na tústuairimí sin agus faoi obair eile de chuid CESE sa chéad leath de 2025 le léamh inár mbróisiúr nua. Tá cur síos ann freisin ar chomhaltaí na Polainne in CESE agus ar na heagraíochtaí as a dtagann siad. Is ar líne amháin atá an bróisiúr sin ar fáil i mBéarla, i bPolainnis, i bhFraincis agus i nGearmáinis. (ll)

23 Eanáir 2025

Taispeáint Flow, scannán atá san iomaíocht do Ghradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa LUX 2025

3 Feabhra 2025

Ceartas sóisialta sa ré dhigiteach

18 Feabhra 2025

An Bóthar chuig an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Míchumas: Forbairt atá cuimsitheach ó thaobh an mhíchumais de agus an ghníomhaíocht dhaonnúil

26-27 Feabhra 2025

Seisiún iomlánach de chuid CESE

23 Eanáir 2025

Taispeáint Flow, scannán atá san iomaíocht do Ghradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa LUX 2025

3 Feabhra 2025

Ceartas sóisialta sa ré dhigiteach

18 Feabhra 2025

An Bóthar chuig an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Míchumas: Forbairt atá cuimsitheach ó thaobh an mhíchumais de agus an ghníomhaíocht dhaonnúil

26-27 Feabhra 2025

Seisiún iomlánach de chuid CESE

Grúpa na nOibrithe a scríobh

Is iomaí dúshlán difriúil atá roimh thionscail na hEorpa, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh an-ard, agus deacrachtaí fórsa saothair oilte a mhealladh agus rochtain a fháil ar mhaoiniúchán. In 2023, rinne an tAontas Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun tosaigh, plean atá dírithe ar an neodracht carbóin a bhaint amach. Sa chur a láthair a rinne sí ar na treoirlínte polaitiúla an fómhar seo caite, luaigh an tUachtarán von der Leyen ‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ ar mhaithe le tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta, faoi anáil thuarascáil Draghi. 

Grúpa na nOibrithe a scríobh

Is iomaí dúshlán difriúil atá roimh thionscail na hEorpa, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh an-ard, agus deacrachtaí fórsa saothair oilte a mhealladh agus rochtain a fháil ar mhaoiniúchán. In 2023, rinne an tAontas Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun tosaigh, plean atá dírithe ar an neodracht carbóin a bhaint amach. Sa chur a láthair a rinne sí ar na treoirlínte polaitiúla an fómhar seo caite, luaigh an tUachtarán von der Leyen ‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ ar mhaithe le tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta, faoi anáil thuarascáil Draghi.

Tá an tionsclaíocht ina cuid riachtanach den aistriú glas, den aistriú digiteach, agus den chóras eacnamaíoch atá againn. Ach céard atá i ndán ag an gcomhaontú nua seo don lucht oibre? An fórsa oibre a bheith láidir, ballraíocht a bheith acu i gceardchumainn, agus tuarastal maith agus dálaí maithe oibre a bheith acu, baineann an méid sin ní hamháin leis na ceardchumainn féin ach leis an tsochaí i gcoitinne, leis an daonlathas agus an chobhsaíocht shóisialta, agus le táirgiúlacht na gcuideachtaí freisin.

Mura dtabharfar treoir chuí agus maoiniúchán poiblí leordhóthanach, is féidir go rachaidh an comhaontú seo i muinín na gcodanna sin de thuarascáil agus clár iomaíochas Draghi is mó atá i bhfabhar na dírialála. D’fhéadfadh sé sin samhail shóisialta na hEorpa a chur i mbaol agus samhail iomaíochta dhíobhálach á cur chun cinn, ceann a spreagfadh sodar go grinneall ó thaobh tuarastail agus dálaí oibre de.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an údar imní sin, tá comhdháil chomhpháirteach á heagrú ag Grúpa na nOibrithe in CESE agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann ar bheartas tionsclaíoch na hEorpa maidir le poist ardcháilíochta, a reáchtálfar an 14 Feabhra in áitreabh CESE. Iarrtar ar gach dream ar spéis leo an t-ábhar seo an dáta a chur sa dialann agus páirt a ghlacadh sa phlé. 

Copyright: CMEDIA CORPORATION

I mí na Nollag, reáchtáil CESE taispeáint den scannán Under the Grey Sky, scannán faoi iriseoirí de bhunadh na Bealarúise a d’íoc go daor as tuairisciú ar an suaitheadh polaitiúil ina dtír féin

 

I mí na Nollag, reáchtáil CESE taispeáint den scannán Under the Grey Sky, scannán faoi iriseoirí de bhunadh na Bealarúise a d’íoc go daor as tuairisciú ar an suaitheadh polaitiúil ina dtír féin

In Under the Grey Sky, an chéad fhadscannán de chuid Mara Tamkovich, déantóir scannán de bhunadh na Bealarúise-Polainne, insítear scéal coscrach Lena, iriseoir Bealarúiseach a chríochnaíonn sa phríosún i ndiaidh di cniogbheartaíocht an rialtais ar thaispeántas síochánta ag Ploshcha Peramen (nó Cearnóg na nAthruithe) i Mionsc a bheoshruthú. Tá an scéal suite in 2020, tréimhse ina scaiptear babhta agóidí gan fasach ar fud na Bealarúise i ndiaidh na dtoghchán rigeáilte inar atoghadh Aleksandr Lukashenko den séú huair.

Gabhtar Lena agus a hoibritheoir ceamara Olya i ndiaidh dóibh leanúint de na hagóidí a scannánú in ainneoin gur aimsigh drón póilíní iad. Tagann cor sa scéal nach mbeadh as áit i bplota Kafka, ina gcúisítear Lena ar dtús as ‘círéibeacha a eagrú agus cur isteach ar iompar poiblí’ ach cúisítear níos moille í as ardtréas. Coinneáil seacht lá an rud a bhí geallta ar dtús ach i ndiaidh triail rúnda iompaítear sin go tréimhse phríosúntachta a mhair ocht mbliana. Gearrtar téarma príosúnachta dhá bhliain ar a comhghleacaí. Tá a dhícheall á dhéanamh ag a fear céile, Ilya, a ndearna póilíní an réimis ciapadh air féin, chun í a chur as an bpriosún. Déanann sé iarracht, fiú, a chur ina luí ar Lena pléadáil ciontach de mhalairt ar shaoirse. Ach ní féidir le Lena é sin a dhéanamh.

Tá an scannán bunaithe ar fhíorscéal iriseoirí Bealarúiseacha Belsat TV Katsiaryna Andreyeva, a fear céile Ihar Iljash agus a comhghleacaí Darya Chultsova. Cé gur chríochnaigh Darya a pionós dhá bhliain, tá Katsiaryna agus Ihar i bpríosún faoi láthair, agus téarma faidréiseach príosúnachta ocht mbliana agus trí mhí á chur isteach aicise. Ní hiadsan amháin atá i gceist, ná baol air: ag deireadh 2024, mheas Comhlachas Iriseoirí na Bealarúise go bhfuil 45 oibrí sna meáin i bpríosún go fóill. Bíonn brú ar go leor acu fiú i ndiaidh dóibh teitheadh thar lear.

Cuireadh an scannán i láthair den chéad uair ar domhan ag féile Tribeca i Nua Eabhrac i mí an Mheithimh 2024.

An 13 Nollaig, taispeánadh Under the Grey Sky ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus bhí Mara Tamkovich i láthair mar chuid de sheimineár ar an ról atá ag meáin neamhspleácha na Bealarúise maidir le sochaí athléimneach dhaonlathach a chothú.

Labhair CESE Info le Mara Tamkovich faoin scannán:

Cé chomh cruinn agus a leanann an scannán imeachtaí fíor-saoil agus cinniúint Katsiaryna Andreyeva? Ar bhain tú úsáid as fíorphíosaí scannánaíochta ó agóidí 2020 agus ó chás Katsiaryna Andreyeva?

Is minic a úsáidtear an fíorphíosa scannánaíochta sa scannán. Mar a tharlaíonn, is iad Katsiaryna Andreyeva agus Darya Chultsova a scannánaigh an agóid atá á craoladh ag tús an scannáin. Is iad sin na fíoríomhánna a thugamar isteach i radharc dráma. Is fíorphíosa scannánaíochta é freisin coinneáil Raman Bandarenka a bhfeiceann na carachtair é ar a ríomhaire glúine (ghread dream maistíní, a raibh mascanna orthu, an gníomhaí Raman Bandarenka chun báis i ndiaidh dó iarracht a dhéanamh stop a chur leo ribíní dearga agus bána a ghearradh, ribíní arbh iad siombail ar bhratach na Bealarúise roimh fhorghabháil na Sóivéadach). Ag deireadh an scannáin, mar eipealóg, taispeánaim montáis de bheoshruthanna Katsiaryna ó na hagóidí.

Tá an príomhphlota ceangailte go mór leis an réaltacht, mar shampla, an dóigh ar gabhadh agus ar ionchúisíodh na hiriseoirí agus na pionóis a gearradh orthu. Ach ní hé an aidhm a bhí agam miondealú cruinn a thabhairt ar na himeachtaí, ach fírinne mhothúchánach na roghanna a bhí le déanamh ag daoine agus na roghanna pianmhara a bhí rompu a léiriú. Tugadh ainmneacha difriúla ar na carachtair chun achar éigin a chur eatarthu agus na daoine ón bhfíorshaol ar spreagadh iad, ach freisin chun cuireadh a thabhairt don lucht féachana smaoineamh ar an scéal sin mar cheann amháin i measc an iliomad scéalta, agus mar mheafar don mhéid a tharla don náisiún ar fad. 

An bhfuil a fhios ag an bpobal i gcoitinne sa Bhealarúis cad a tharla do Katsiaryna Andreyeva agus d’iriseoirí eile dá leithéid? An bhfuil a fhios agat cá mhéad duine a bhí thíos leis an deireadh céanna nó le deireadh den chineál céanna?

Tharla gabhálacha polaitiúla agus cos ar bolg ar scála chomh leathan sin sa Bhealarúis gur deacair gan bheith ar an eolas faoin staid. D’fhulaing 130 000 duine ar a laghad cineálacha éagsúla cos ar bolg agus d’fhág thart ar 500 000 an tír tar éis 2020. Déanta na fírinne, ní féidir fadhb atá chomh mór sin a chur i bhfolach.

Tá líon oifigiúil na bpríosúnach polaitiúil (iad siúd atá cúisithe nó ciontaithe ar chúisimh chóiriúla) sa Bhealarúis seasta ag thart ar 1 300 duine le roinnt blianta anuas, ach ní mór a thuiscint go bhfuil na céadta, nó na mílte ann, fiú, a bhfuil a bpionós istigh cheana, gur scaoileadh saor níos luaithe cuid acu agus go bhfuil eagla ar go leor daoine nua-chiontaithe stádas príosúnach polaitiúil a éileamh. Leanann an brú faoi chois ar aghaidh gan stad gan staonadh mar a bheadh monarcha ann, agus príosúnaigh nua á gcur in ionad na bpríosúnach a scaoiltear. 

Cad é an príomhspreagadh a bhí agat chun an scannán seo a dhéanamh? Cad ba mhaith leat a bhaint amach?

Mar Bhealarúiseach, bhí fonn orm rud éigin a dhéanamh nuair a rinne réimeas na Bealarúise cniogbheartaíocht bhrúidiúil in aghaidh na hagóide a tharla in 2020. Mar iar-iriseoir, bhí mé in ann dearcadh na gcarachtar a thuiscint go han-mhaith. Mar scannánóir, chonaic mé scéal láidir corraitheach arbh éigean dom a insint. 

Cén príomhtheachtaireacht nó mothúchán a bhfuil súil agat go dtógfaidh breathnóir leis tar éis dó féachaint ar do scannán?

Tá súil agam go ndéanfaidh daoine a machnamh ar cad é an tsaoirse i ndáiríre, ar na costais a bhaineann léi, agus ar an aithníonn siad i ndáiríre a bhfuil acu. Tá súil agam fosta go smaoineoidh siad ar Kacia agus ar Ihar agus ar gach aon duine atá i bpríosún, mar is rud í an tsaoirse a nglacann a lán daoine anseo san Eoraip talamh slán di. 

Cad ba cheart don Aontas Eorpach – na hinstitiúidí, an tsochaí shibhialta, comhlachais iriseoirí agus chearta an duine agus rialtais náisiúnta – a dhéanamh chun cuidiú?

Molaim go láidir don Aontas gan dearmad a dhéanamh ar an mBealarúis agus gan í a dhíscríobh mar chur amú ama. Is í tacaíocht an Aontais an rud a ligeann dár gcultúr, dár meáin agus don tsochaí shibhialta maireachtáil faoin mbrú ollmhór seo agus, cé go mbeidh foighne atá teastáil, is fiú é sa deireadh.

 

Mar chomhpháirtí institiúideach na sochaí sibhialta, is cúis bhróid do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a fhógairt go reáchtálfar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta

Mar chomhpháirtí institiúideach na sochaí sibhialta, is cúis bhróid do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a fhógairt go reáchtálfar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta

Díreofar ar an téama An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti san imeacht seo a mhairfidh ceithre lá. Beidh na seisiúin faoi stiúir an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip. Áirítear ar na buaicphointí eile Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, searmanas bronnta Dhuais na Sochaí Sibhialta agus rannpháirtíocht comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta náisiúnta, ionadaithe don óige, iriseoirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thíortha is iarrthóirí.

Osclófar an clárú i mí Feabhra 2025. Beidh tuilleadh eolais ar fáil go luath ar an leathanach gréasáin #CivSocWeek agus ar chainéil na meán sóisialta.  Bí ag faire amach chun tuilleadh eolais a fháil!

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

‘An t-iomaíochas a chur chun cinn ar mhaithe leis an rathúnas comhroinnte’ is ea príomhchuspóir thosaíochtaí nuaghlactha ár nGrúpa.

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

‘An t-iomaíochas a chur chun cinn ar mhaithe leis an rathúnas comhroinnte’ is ea príomhchuspóir thosaíochtaí nuaghlactha ár nGrúpa.

I bhfianaise na ndúshlán domhanda atá ann faoi láthair, ní mór don iomaíochas agus timpeallacht atá fabhrach don ghnó a bheith chun tosaigh sa chlár oibre polaitiúil, agus gníomhaíochtaí nithiúla beartais a dhéanamh chun tacú leis an méid sin.

In Aontas atá fabhrach don ghnó, is ar bharr feabhais agus iomaíocht fhónta a bheidh an t-iomaíochas bunaithe seachas ar fhóirdheontais ná ar an gcaomhnaitheacht, agus beidh rochtain iomaíoch ag gnólachtaí ar na hacmhainní táirgthe uile is gá. In Aontas atá fabhrach don ghnó déanfar rialáil ar bhealach atá fabhrach don ghnó agus don táirgiúlacht, íoslaghdófar an t-ualach riaracháin, agus beidh Margadh Aonair lánfheidhmiúil ann. Thairis sin, cuid mhór den mhéid a mheallann infheistíochtaí is ea muinín daingean a bheith ag na fiontair agus lucht ceaptha beartas as a chéile agus, ar an dul céanna, is gá leasanna ghnólachtaí an Aontais a chosaint i dtaca le hiomaitheoirí idirnáisiúnta.


Sin an fáth a bhfuil 10 sraith de ghníomhaíochtaí beartais atá fabhrach don ghnó á n-iarraidh againn mar phríomhthosaíochtaí:

  1. Athchóiriú radacach ar an gcur chuige rialála
  2. Córais Nuálaíochta Táirgiúla le díriú ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht
  3. Ardacmhainneacht Theicneolaíoch sa chosaint, sa tslándáil agus san aistriú glas agus tacaíocht do ghnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta
  4. Bonn Tionsclaíoch Láidir
  5. Margaí Airgeadais Comhtháite trí fhorbairt a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil agus ar an Aontas Baincéireachta
  6. Rochtain Leordhóthanach ar Lucht Saothair
  7. Córais Éifeachtacha Fuinnimh agus Iompair
  8. Dálaí Trádála Comhionanna
  9. Aistriú Glas atá dírithe ar an nGnó
  10. Airgeadas Poiblí Éifeachtúil

Tá na gníomhartha seo práinneach más mian linn leas a bhaint as an tionchar dearfach atá ag gnólachtaí iomaíocha ar gheilleagar láidir agus ar Aontas a bhfuil tionchar domhanda aige.

Oscailt súl a bhí i dtuarascálacha Letta agus Draghi: ní mór don Aontas an t-iomaíochas a athshlánú, sin nó d’fhéadfadh comhbhabhtálacha deacra a bheith roimhe maidir le leas sóisialta, caighdeáin chomhshaoil agus saoirsí lárnacha.

Ní hacmhainn dúinn é sin.

Ar ócáid Leatsa an Eoraip, Abair leat (YEYS) na bliana seo, tá na céadta iarratas faighte ag CESE ó mheánscoileanna ar fud an Aontais, na dtíortha is iarrthóirí, agus na Ríochta Aontaithe. 

Ar ócáid Leatsa an Eoraip, Abair leat (YEYS) na bliana seo, tá na céadta iarratas faighte ag CESE ó mheánscoileanna ar fud an Aontais, na dtíortha is iarrthóirí, agus na Ríochta Aontaithe.

Rinne lucht eagraithe YEYS na hiarratais go léir a scrúdú agus a mheas go cúramach, agus 36 mheánscoil a roghnú le páirt a ghlacadh in YEYS 2025 an 13 agus an 14 Márta!

Is é YEYS an t-imeacht suaitheanta bliantúil atá ag CESE don óige agus tabharfar le chéile in ócáid na bliana seo beagnach 100 mac léinn agus 37 múinteoir. Mairfidh an ócáid lá go leith agus is é téama na bliana seo ‘Guth a thabhairt don Óige’. Díreofar ar an ról is féidir leis an aos óg a imirt agus todhchaí athléimneach á múnlú. An aidhm atá ann a chur ar chumas na ndaoine óga páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sibhialta agus cur leis an daonlathas rannpháirtíochta ina bpobail féin agus i bhfad ó bhaile.

Agus CESE ag fáil réidh le fáilte a fhearadh roimh rannpháirtithe uile YEYS, tabharfaidh comhaltaí de CESE cuairt ar na scoileanna a roghnaíodh go luath in 2025, le haithne a chur orthu agus plé a dhéanamh leo roimh an bpríomhimeacht.

Déanfar na seisiúin oscailte agus chlabhsúir an 14 Márta a bheoshruthú. An nasc a theastóidh le breathnú ar an sruth, foilseofar é ar shuíomh gréasáin CESE, ar leathanach oifigiúil YEYS 2025, mar a mbeidh tuilleadh eolais agus an scéal is déanaí faoin imeacht le fáil.