European Economic
and Social Committee
Díreach foilsithe: Gníomhaíochtaí CESE le linn Uachtaránacht na Polainne
An 1 Eanáir, ghlac an Pholainn seilbh ón Ungáir ar stiúradh an Aontais Eorpaigh agus beidh Uachtaránacht Chomhairle AE aici le linn na chéad sé mhí den bhliain. Tá tús á chur le hUachtaránacht na Polainne le linn tréimhse chlaochlaitheach don Eoraip, agus sin ag tarlú i gcomhthráth le téarma oifige nua an Choimisiúin Eorpaigh.
Agus fogha na Rúise faoin Úcráin ag leanúint ar aghaidh go neamhthrócaireach agus an teannas geopholaitiúil níos airde ná riamh i gcuimhne na hEorpa, tá cinneadh déanta ag an bPolainn díriú mar thosaíocht ar théama uileghabhálach na slándála. Áirítear faoin téama sin an tslándáil sheachtrach, an tslándáil inmheánach, an tslándáil eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh, an tslándáil bia, agus an tslándáil sláinte chomh maith leis an smacht reachta a áirithiú.
Tagann na tosaíochtaí sin le tiomantas Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa comhtháthú a chothú, luachanna daonlathacha a chosaint, agus rathúnas cobhsaí a áirithiú. ‘In CESE, is cúis bhróid dúinn a bheith inár gcomhpháirtí iontaofa rannpháirteach d’Uachtaránacht na Polainne agus táimid tiomanta ról gníomhach a ghlacadh maidir leis na tosaíochtaí polaitiúla a mhúnlú ar mór an tionchar a bheidh acu ar an timthriall nua Eorpach seo’, arsa Uachtarán CESE, Oliver Röpke.
Arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Polainne, déanfaidh CESE 14 thústuairim a dhréachtú. Tá tuilleadh eolais faoi na tústuairimí sin agus faoi obair eile de chuid CESE sa chéad leath de 2025 le léamh inár mbróisiúr nua. Tá cur síos ann freisin ar chomhaltaí na Polainne in CESE agus ar na heagraíochtaí as a dtagann siad. Is ar líne amháin atá an bróisiúr sin ar fáil i mBéarla, i bPolainnis, i bhFraincis agus i nGearmáinis. (ll)