European Economic
and Social Committee
Aoi a tharla an bealach
Ní beag an dúshlán atá roimh an Aontas agus aghaidh le tabhairt aige ar chás na Siria tar éis do réimeas Assad teacht chun deiridh agus cothromaíocht le baint amach idir na riachtanais dhaonnúla, an beartas imirce, agus cobhsú agus atógáil na tíre. Tá baol ann go bhfágfaidh an pholaitíocht intíre agus an gearrthéarmachas go dtabharfar tús áite don fhilleadh agus go gcuirfear dlús leis an bpróiseas sin, cé go bhféadfadh cur chuige comhordaithe cothrom ról ríthábhachtach a imirt maidir leis an tSiria a chobhsú agus an fhorbairt fhadtéarmach a chothú, dar le haoi speisialta EESCInfo Alberto-Horst Neidhardt, saineolaí mór le rá de chuid Ionad Beartais na hEorpa.
Anailísí Beartais Sinsearach agus Ceann an chláir Eorpaigh um an Éagsúlacht agus an Imirce in Ionad Beartais na hEorpa é Alberto-Horst Neidhardt. Is le dlíthe agus beartais tearmainn, cearta shaoránaigh an Aontais, an bhréagaisnéis, agus polaitíocht na himirce a bhíonn sé ag plé. Bhain sé PhD amach i nDlí an Aontais ón Institiúid Ollscoile Eorpach. In Ollscoil Chaitliceach Lille, is léachtóir é le beartais imirce agus soghluaisteachta, rialachas Eorpach, agus ceapadh beartas eiticiúil.