Ar ócáid Leatsa an Eoraip, Abair leat (YEYS) na bliana seo, tá na céadta iarratas faighte ag CESE ó mheánscoileanna ar fud an Aontais, na dtíortha is iarrthóirí, agus na Ríochta Aontaithe.

Rinne lucht eagraithe YEYS na hiarratais go léir a scrúdú agus a mheas go cúramach, agus 36 mheánscoil a roghnú le páirt a ghlacadh in YEYS 2025 an 13 agus an 14 Márta!

Is é YEYS an t-imeacht suaitheanta bliantúil atá ag CESE don óige agus tabharfar le chéile in ócáid na bliana seo beagnach 100 mac léinn agus 37 múinteoir. Mairfidh an ócáid lá go leith agus is é téama na bliana seo ‘Guth a thabhairt don Óige’. Díreofar ar an ról is féidir leis an aos óg a imirt agus todhchaí athléimneach á múnlú. An aidhm atá ann a chur ar chumas na ndaoine óga páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sibhialta agus cur leis an daonlathas rannpháirtíochta ina bpobail féin agus i bhfad ó bhaile.

Agus CESE ag fáil réidh le fáilte a fhearadh roimh rannpháirtithe uile YEYS, tabharfaidh comhaltaí de CESE cuairt ar na scoileanna a roghnaíodh go luath in 2025, le haithne a chur orthu agus plé a dhéanamh leo roimh an bpríomhimeacht.

Déanfar na seisiúin oscailte agus chlabhsúir an 14 Márta a bheoshruthú. An nasc a theastóidh le breathnú ar an sruth, foilseofar é ar shuíomh gréasáin CESE, ar leathanach oifigiúil YEYS 2025, mar a mbeidh tuilleadh eolais agus an scéal is déanaí faoin imeacht le fáil.