European Economic
and Social Committee
An t-iomaíochas a chur chun cinn ar mhaithe leis an rathúnas comhroinnte: tosaíochtaí nua Ghrúpa na bhFostóirí
Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí
‘An t-iomaíochas a chur chun cinn ar mhaithe leis an rathúnas comhroinnte’ is ea príomhchuspóir thosaíochtaí nuaghlactha ár nGrúpa.
I bhfianaise na ndúshlán domhanda atá ann faoi láthair, ní mór don iomaíochas agus timpeallacht atá fabhrach don ghnó a bheith chun tosaigh sa chlár oibre polaitiúil, agus gníomhaíochtaí nithiúla beartais a dhéanamh chun tacú leis an méid sin.
In Aontas atá fabhrach don ghnó, is ar bharr feabhais agus iomaíocht fhónta a bheidh an t-iomaíochas bunaithe seachas ar fhóirdheontais ná ar an gcaomhnaitheacht, agus beidh rochtain iomaíoch ag gnólachtaí ar na hacmhainní táirgthe uile is gá. In Aontas atá fabhrach don ghnó déanfar rialáil ar bhealach atá fabhrach don ghnó agus don táirgiúlacht, íoslaghdófar an t-ualach riaracháin, agus beidh Margadh Aonair lánfheidhmiúil ann. Thairis sin, cuid mhór den mhéid a mheallann infheistíochtaí is ea muinín daingean a bheith ag na fiontair agus lucht ceaptha beartas as a chéile agus, ar an dul céanna, is gá leasanna ghnólachtaí an Aontais a chosaint i dtaca le hiomaitheoirí idirnáisiúnta.
Sin an fáth a bhfuil 10 sraith de ghníomhaíochtaí beartais atá fabhrach don ghnó á n-iarraidh againn mar phríomhthosaíochtaí:
- Athchóiriú radacach ar an gcur chuige rialála
- Córais Nuálaíochta Táirgiúla le díriú ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht
- Ardacmhainneacht Theicneolaíoch sa chosaint, sa tslándáil agus san aistriú glas agus tacaíocht do ghnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta
- Bonn Tionsclaíoch Láidir
- Margaí Airgeadais Comhtháite trí fhorbairt a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil agus ar an Aontas Baincéireachta
- Rochtain Leordhóthanach ar Lucht Saothair
- Córais Éifeachtacha Fuinnimh agus Iompair
- Dálaí Trádála Comhionanna
- Aistriú Glas atá dírithe ar an nGnó
- Airgeadas Poiblí Éifeachtúil
Tá na gníomhartha seo práinneach más mian linn leas a bhaint as an tionchar dearfach atá ag gnólachtaí iomaíocha ar gheilleagar láidir agus ar Aontas a bhfuil tionchar domhanda aige.
Oscailt súl a bhí i dtuarascálacha Letta agus Draghi: ní mór don Aontas an t-iomaíochas a athshlánú, sin nó d’fhéadfadh comhbhabhtálacha deacra a bheith roimhe maidir le leas sóisialta, caighdeáin chomhshaoil agus saoirsí lárnacha.
Ní hacmhainn dúinn é sin.