Ba é Dúshláin Uisce: Ag plé peirspictíochtaí tomhaltóirí – Ag bogadh ar aghaidh le Comhaontú Gorm don Eoraip príomhthéama Lá Eorpach na dTomhaltóirí 2024. Ag an imeacht cuireadh béim ar an ngá atá le bainistiú inbhuanaithe uisce, bonneagar feabhsaithe agus oideachas a chur ar thomhaltóirí chun a chinntiú go bhfanfaidh an t-uisce inacmhainne do mhuintir uile na hEorpa.

Ba é Dúshláin Uisce: Ag plé peirspictíochtaí tomhaltóirí – Ag bogadh ar aghaidh le Comhaontú Gorm don Eoraip príomhthéama Lá Eorpach na dTomhaltóirí 2024. Ag an imeacht cuireadh béim ar an ngá atá le bainistiú inbhuanaithe uisce, bonneagar feabhsaithe agus oideachas a chur ar thomhaltóirí chun a chinntiú go bhfanfaidh an t-uisce inacmhainne do mhuintir uile na hEorpa.

Mar a léiríodh ag Lá Eorpach na dTomhaltóirí a reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an 9 Nollaig, ós rud é go meastar go dtiocfaidh méadú 25 % ar phraghas an uisce faoi 2030, beidh ar an Aontas níos mó ná EUR 250 billiún a infheistiú chun freastal ar riachtanais uisce na hEorpa agus ar mhaithe le sochaí a thógáil ina mbeidh rochtain ag gach duine ar uisce glan inacmhainne.

Is acmhainn é an t-uisce atá ag éirí níos teirce, fiú san Eoraip: tugann suas le 30 % de mhuintir na hEorpa aghaidh ar strus maidir le huisce uair sa bhliain ar a laghad. Fágann sé sin go mbeidh ar thomhaltóirí, a bhreathnaíonn ar uisce mar thráchtearra indiúscartha, a n-iompar a athrú chun é a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, trí bheith níos eolaí faoina lorg uisce agus trí theicneolaíochtaí cliste coigilte uisce a úsáid.

Ba cheart do na truaillitheoirí móra an praghas a íoc freisin agus níor cheart dóibh an t-ualach a bhaineann lena gcostais fholaithe a chur ar na tomhaltóirí.

Ós rud é go n-úsáidtear 15 000 lítear uisce chun cileagram amháin feola a tháirgeadh agus 8 000 lítear le haghaidh péire amháin jíons, beidh ar mhórchaiteoirí uisce (amhail earnáil na monaraíochta agus go háirithe earnáil na talmhaíochta, arb ionann í agus 72 % de na hastarraingtí uisce ar fad) an costas a bhaineann lena dtionchar comhshaoil a sheasamh agus infheistíocht a dhéanamh i saoráidí táirgthe níos fearr.

Ba cheart féachaint ar an uisce mar chuid bhunúsach de thionscnaimh shuaitheanta bheartais an Choimisiúin Eorpaigh atá ar na bacáin. Ba mhaith linn go seolfaí an Chomhghuaillíocht Uisce nua chun cuidiú leis an gComhaontú Gorm don Eoraip a chur chun feidhme, agus táimid ag obair faoi láthair ar ardán gheallsealbhóirí an Chomhaontaithe Ghoirm don Eoraip a chruthú,’ arsa Milena Angelova, rapóirtéir na tuairime ó CESE Tomhaltas éifeachtúil uisce agus feasacht tomhaltóirí maidir lena lorg uisce. Chuir sí béim ar a thábhachtaí atá an Comhaontú Gorm don Eoraip mar phríomhthionscnamh de chuid CESE, ‘institiúid cheannródaíoch de chuid an Aontais’ a mhéid a bhaineann le saincheisteanna uisce.

San eochairóráid uaidh, dúirt Gaetano Casale, Stiúrthóir Oifig Idirchaidrimh Institiúid Oideachais Uisce IHE DELFT, nach dtugtar aitheantas ceart d’uisce san Eoraip go fóill. Dar leis, tá géarghá le cur chuige inbhuanaithe maidir le huisce, agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí leis an bhfeasacht ar na costais chomhshaoil, ar na dúshláin a bhaineann le daonra méadaitheach an domhain agus ar an athrú aeráide.

‘Ós rud é go bhfuil an t-uisce – sa talamh, san fharraige, agus sa spéir – ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn, bheadh áthas orm dá ndéanfaimis go léir le chéile – saoránaigh, rialtais, gníomhaireachtaí, eolaithe, earnáil na tionsclaíochta agus reachtóirí – an deis uathúil seo a thapú agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh le go seasfaidh an acmhainn sin an aimsir’, a dúirt Hildegard Bentele, scáth-rapóirtéir Pharlaimint na hEorpa maidir leis an Treoir Réime maidir le hUisce. (ll)

Bhí díospóireacht ag CESE chun Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas agus an Spiorad Oilimpeach a cheiliúradh le linn an tseisiúin iomlánaigh an 5 Nollaig sa Bhruiséil. 

Bhí díospóireacht ag CESE chun Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas agus an Spiorad Oilimpeach a cheiliúradh le linn an tseisiúin iomlánaigh an 5 Nollaig sa Bhruiséil. 

Thuh CESE cuireadh d’aíonna ó shaol an spóirt Para-Oilimpigh le Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas agus an Spiorad Oilimpeach a cheiliúradh. Ina measc sin lúthchleasaí Para-Oilimpeach na Beilge agus curadh Joachim Gérard.

Agus tús á chur leis an seisiún, is éard a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke: ‘Cuirfidh an díospóireacht seo béim ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar an mbearna atá ann i bhfostú na ndaoine faoi mhíchumas. D’ainneoin na gcreataí dlíthiúla atá ann, tá i bhfad an iomarca daoine eisiata ó mhargadh an tsaothair. Bacainní leanúnacha is cúis leis seo. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun ionaid oibre chuimsitheacha a chruthú, bacainní sistéamacha a bhriseadh síos agus comhdheiseanna a áirithiú do chách. Ní mór don Eoraip gan aon duine a fhágáil ar lár má tá i ndán di a bheith fíorchuimsitheach.’

 

Dúirt an tUasal Gérard, imreoir leadóige agus curadh leadóige do lucht cathaoireacha rothaí na Beilge, leis an suí iomlánach nuair a thosaigh sé ag imirt leadóige den chéad uair, gur minic a cuireadh iontas air agus fiú agóidí go ndéanfadh sé ‘praiseach den chúirt’ lena chathaoir rothaí. ‘Le 10 mbliana anuas, tá dul chun cinn ollmhór déanta againn i saol an spóirt i ról na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. D’imir mé i roinnt Grand Slams éagsúla ar fud an domhain, agus de bharr na gcluichí seo agus na Parailimpeacha, is dóigh liom go bhfuil méadú ar an nglacadh ata liom mar lúthchleasaí barrleibhéil. Ní hamháin na lúthchleasaithe Parailimpeacha, ach lúthchleasaithe eile ar an leibhéal is airde.

Thug Anne d’Ieteren, uachtarán Chónaidhm na Fraince um Spórt Míchumais (La Ligue Handisport Francophone), le fios, in ainneoin na n-éachtaí móra a léirigh na Cluichí Parailimpeacha, go raibh go leor constaicí fós i saol laethúil daoine faoi mhíchumas. ‘Tá líon suntasach saoráidí spóirt ann fós a bhfuiltear gan rochtain orthu, agus saoráidí páirceála neamhleora nó cinn a bhduil drochdhearadh orthu. D’fhéadfadh sé gur fadhbanna beaga fánacha iad sin de réir cosúlachta, ach d’fhéadfadh an éifeacht charnach atá acu rannpháirtíocht a eisiamh agus a dhíspreagadh.’

Chuir Aurel Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid, fáilte roimh an Uasal Gérard agus Ieteren Uasal. Is éard a dúirt sí ‘Cuireann a láithreacht agus liosta na n-éachtaí atá déanta acu i gcuimhne dúinn cé chomh spreagúil is féidir le barr feabhais lúthchleasa a bheith dúinn uile a dhéanann ár ndícheall ár n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach, agus an ról ríthábhachtach atá ag daoine faoi mhíchumas inár sochaí agus i saol an spóirt go háirithe á léiriú ag an am céanna.’

Is éard a d’áitigh Christophe Lefèvre, cathaoirleach an Bhuanghrúpa um Chearta Daoine faoi Mhíchumas in CESE, go mbunófaí sásra inrochtaineachta de chuid an Aontais a mbeadh táscairí inrochtaineachta ag gabháil leis, lena gcumhdófaí réimsí amhail tithíocht inbhuanaithe, spórt, ceartas agus oideachas, agus dúirt Pietro Vittorio Barbieri (comhalta den Bhuanghrúpa) freisin ‘Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag gach duine faoi mhíchumas atá ina gcónaí san Eoraip ar spórt agus ar oideachas, ionas go ráthófar na pribhléidí céanna dúinn uile sa tsochaí.’ (lm)

An 13 Nollaig 2024, d’eagraigh CESE, an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED) agus Press Club Belarus seimineár maidir le ról mheáin neamhspleácha na Bealarúise i ndáil le sochaí athléimneach dhaonlathach a chothú. Is iad meáin neamhspleácha na Bealarúise an t-aon fhoinse faisnéise atá ar fáil do dhaoine sa tír. Dá bhrí sin, ní mór tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh agus iad a rannpháirtiú i gcomhpháirtíochtaí le meáin an iarthair chun go leanfar den Bhealarúis a chur go mór chun tosaigh ár chlár oibre na nuachta idirnáisiúnta.

 

An 13 Nollaig 2024, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED) agus Press Club Belarus seimineár maidir le ról mheáin neamhspleácha na Bealarúise i ndáil le sochaí athléimneach dhaonlathach a chothú. Is iad meáin neamhspleácha na Bealarúise an t-aon fhoinse faisnéise atá ar fáil do dhaoine sa tír. Dá bhrí sin, ní mór tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh agus iad a rannpháirtiú i gcomhpháirtíochtaí le meáin an iarthair chun go leanfar den Bhealarúis a chur go mór chun tosaigh ár chlár oibre na nuachta idirnáisiúnta.

 

Trí pháirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘Belarus Days’ (9-13 Nollaig 2024), arna eagrú ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ag an Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú sa Choimisiún, léirigh CESE a thiomantas buanseasmhach do Bhealarúis dhaonlathach a urramaíonn cearta an duine agus an tsaoirse cainte.

Agus é ag cur tús leis an ócáid, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Oliver Röpke: ‘Is iad na meáin neamhspleácha cnámh droma sochaí atá saor agus daonlathach. Mar chuid den tionscnamh ‘Belarus Days’, athdhearbhaímid inniu ár ndlúthpháirtíocht le muintir na Bealarúise agus a comhrac misniúil i gcoinne na bréagaisnéise agus an leatroim’.

Leag Stiúrthóir Feidhmiúcháin EED, Jerzy Pomianowski, béim ar an méid seo a leanas: ‘Toradh réamhshocraithe atá i dtoradh an toghcháin a reáchtáladh an 26 Eanáir, agus déanfaidh an réimeas iarracht bogadh ar aghaidh, a chumhacht a dhlisteanú ar an ardán idirnáisiúnta agus an cos ar bolg a chur i bhfolach. Mar sin féin, is cosúil go n-éiríonn le meáin neamhspleácha na Bealarúise a lucht féachana agus éisteachta a mhealladh’.

Is saoririseoir ar deoraíocht í Hanna Liubakova, ar gearradh téarma príosúnachta 10 mbliana uirthi in absentia ar cheithre chúiseamh choiriúla. Tá lúcháir uirthi mar gheall ar an spreagadh atá ag muintir na Bealarúise fanacht ar an eolas agus rochtain a bheith aici ar na meáin neamhspleácha, rud a léiríonn gur ó laistigh den tír a thagann 50 % den trácht ar shuíomhanna gréasáin atá á reáchtáil ag an mBealarúis agus atá lonnaithe lasmuigh den tír. Dheimhnigh sí go bhfuil suas le 90 % de lucht féachana na n-ardán meán sóisialta laistigh den Bhealarúis. ‘Is iad na meáin neamhspleácha sa Bhealarúis an leigheas is fearr ar bholscaireacht Lukashenko agus na Creimile,’ ar sise.

Dúirt Natalia Belikova, a oibríonn do Press Club Belarus, gurb é is aidhm do bholscaireacht nua an rialtais léirmhíniú nua ar chineál na dtoghchán a scaipeadh chun daoine a aontú agus iad a spreagadh chun a dtírghrá a thaispeáint. ‘Is iad na teaicticí sin an chaoi a n-athraíonn siad dearcadh an phobail ar fad faoina bhfuil i gceist leis an daonlathas,’ a dúirt sí.

Ag deireadh an tseimineáir taispeánadh an scannán Under the Grey Sky, scannán atá bunaithe ar fhíorscéal Katsyaryna Andreeva, iriseoir Bealarúiseach atá i bpríosún. D’fhreastail stiúrthóir an scannáin, Mara Tamkovich, ar an taispeáint. (mt)

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí na Nollag, rinneadh díospóireacht faoin daonlathas san Afraic le hionadaithe ó Chomhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC). Bhí an dá thaobh ar aon fhocal le chéile gur mór i gceist ról na sochaí sibhialta maidir le comhpháirtíocht bhisiúil idir an tAontas agus an Afraic, comhpháirtíocht atá bunaithe ar chomhionannas agus a chothaíonn idirphlé sibhialta agus sóisialta.

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí na Nollag, rinneadh díospóireacht faoin daonlathas san Afraic le hionadaithe ó Chomhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh (ECOSOCC). Bhí an dá thaobh ar aon fhocal le chéile gur mór i gceist ról na sochaí sibhialta maidir le comhpháirtíocht bhisiúil idir an tAontas agus an Afraic, comhpháirtíocht atá bunaithe ar chomhionannas agus a chothaíonn idirphlé sibhialta agus sóisialta.

Ag an díospóireacht iomlánach glacadh an tuairim An Daonlathas san Afraic: an scéal mar atá i láthair na huaire agus na hionchais don am atá le teacht – Cén ról atá le himirt ag CESE?. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh CESE go bhfuil sé tiomanta an chomhpháirtíocht straitéiseach leis an Aontas Afracach a fheabhsú. Agus an scéal sin amhlaidh, tacaíonn sé leis an tionscnamh comhiarracht a dhéanamh chun roinnt luachanna – daonlathas, idirphlé cuimsitheach agus forbairt inbhuanaithe – a chur chun cinn. Shínigh CESE agus ECOSOCC an Aontais Afracaigh an Meabhrán Tuisceana roinnt míonna roimh an díospóireacht.

Seo mar a labhair Kyeretwie Osei, Ceann na gClár ag ECOSOCC an Aontais Afracaigh, sa ráiteas a thug sé thar ceann Khalid Boudali, Oifigeach Ceannais ECOSOCC: ‘Tá sé tábhachtach go dtabharfaimid faoi institiúidí a thógáil chun gur féidir dúinn an daonlathas a leabú ó cheann ceann na mór-roinne. Ar an gcaoi sin, beimid in ann dea-rialachas a chur ar bun trí dheireadh – nó srian – a chur leis an éilliú agus trí spásanna a chruthú do na saoránaigh inar féidir leo a dtuairimí a chur in iúl, i measc nithe eile. Is i gcroílár na sprice sin atá an tsochaí shibhialta’.

Rinne Oliver Röpke, Uachtarán CESE, a chur i bhfáth gur ‘ríthábhachtach an comhoibriú le ECOSOCC an Aontais Afracaigh chun ról na sochaí sibhialta a chur chun cinn san Afraic. Ba cheart don tsochaí shibhialta páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus dul i ngleic lena thuilleadh dúshlán fós, amhail an t-athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe agus an imirce’.

Pléitear na dúshláin sin sa tuairim ó CESE agus tugtar le fios inti go bhféadfadh sé, i dteannta ionadaithe aitheanta ó ardáin shochaí shibhialta na hAfraice, lámh a bheith aige i gcur chun cinn luachanna an daonlathais agus chearta an duine, agus i gcosaint na réimeas daonlathach san Afraic chomh maith. 

Maidir le Carlos Trindade, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime, dúirt sé gur cheart don Eoraip cur chuige a ghlacadh atá bunaithe ar chaidreamh cothrom leis an Afraic agus obair ar siúl chun an daonlathas a fhorbairt san Afraic. Luaigh sé freisin gur cheart a chasta atá cúrsaí ar mhór-roinn na hAfraice ó thaobh na forbartha eacnamaíche, na héagsúlachta agus leasanna geopholaitiúla de a chur san áireamh sa chur chuige sin.

Labhair Sifa Chiyoge Buchekabiri, Stiúrthóir Réigiúnach agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta Comhair don Afraic (ICA-an Afraic), faoina thábhachtaí atá sé na mná san Afraic a chumhachtú: ‘Tá sé thar a bheith tábhachtach cumhachtú na mban a chur chun cinn ós rud é gur orthusan a bhíonn a dteaghlaigh ag brath go minic. Ós amhlaidh atá, chabhrófaí le daoine aonair agus le pobail iomlána ach na mná a chumhachtú’.

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tríd an digitiú a mhéadú i dtionscail na tógála agus na tithíochta agus trí ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i seirbhísí soláthair tithíochta, is féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le hinacmhainneacht agus inbhuanaitheacht tithíochta san Eoraip. Ós rud é nach riachtanas amháin í an tithíocht ach gur ceart daonna í freisin, tá gá le freagairt uile-Eorpach ar na dúshláin éagsúla, de réir comhdháil a tionóladh le déanaí in CESE. 

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tríd an digitiú a mhéadú i dtionscail na tógála agus na tithíochta agus trí ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i seirbhísí soláthair tithíochta, is féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le hinacmhainneacht agus inbhuanaitheacht tithíochta san Eoraip. Ós rud é nach riachtanas amháin í an tithíocht ach gur ceart daonna í freisin, tá gá le freagairt uile-Eorpach ar na dúshláin éagsúla, de réir comhdháil a tionóladh le déanaí in CESE. 

An 21 Samhain, d’eagraigh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE an chomhdháil Protecting Europe’s most vulnerable through sustainable and affordable housing, comhdháil ina rinneadh plé ar an gcaoi a bhféadfadh an tAontas agus na Ballstáit dálaí tithíochta ar fud na hEorpa a dhéanamh níos cuimsithí, níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe.

Chuir Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, i bhfios go láidir gur ceart daonna é rochtain a bheith ag an duine ar thithíocht leordhóthanach agus go dteastaíonn cur chuige uile-Eorpach ina leith. Leag sé béim ar an nasc idir praghsanna tithíochta a mhéadú agus leibhéil na bochtaineachta, agus chuir sé in iúl go bhfuil soláthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe ríthábhachtach chun an bhochtaineacht a dhíothú.

Maidir le straitéis frithbhochtaineachta an Aontais agus Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne, plean a mhol Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh, chuir Séamus Boland i bhfios go láidir freisin gur cheart go mbeidís mar chuid de chur chuige beartais trasearnála chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht. Ní mór eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sa chur chuige sin feadh an phróisis iomláin a bhainfidh le réitigh a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní mór scrúdú a dhéanamh ar thithíocht inbhuanaithe ó dhearcadh níos leithne lena gcuimsítear éifeachtúlacht acmhainní, ciorclaíocht, athléimneacht, oiriúnú agus inrochtaineacht eacnamaíoch.

Cuireadh i láthair ag an ócáid freisin an staidéar nua ó CESE ar thithíocht inbhuanaithe inacmhainne san Aontas Eorpach, arna choimisiúnú ag Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Scrúdaítear sa staidéar sin réitigh bheartais chun tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil ar fud an Aontais. Fíosraítear ann dá threocht ar leith atá ag teacht chun cinn, is iad sin, an digitiú agus ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i soláthar tithíochta. Scrúdaítear sa staidéar tionscnaimh nuálacha i sé bhallstát, agus déantar measúnú ar a n-acmhainneacht le haghaidh cur i bhfeidhm níos leithne ar fud na hEorpa.

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi mholtaí beartais meántéarmacha agus fadtéarmacha staidéar CESE anseo.

Is féidir leat féachaint freisin ar chonclúidí agus ar mholtaí na comhdhála.

A chéad chuairt tugtha ag António Costa, Uachtarán nua na Comhairle Eorpaí, ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus na príomhthosaíochtaí atá aige don Aontas leagtha amach aige ann. Chuir sé i bhfáth gurb é an t-iomaíochas an bonn atá faoi rathúnas na hEorpa, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé na cearta sóisialta a cheangal leis má táthar chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil. 'Don mhóran, in áit an bheagáin, is gá don iomaíochas dul chun tairbhe', a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus é ag teacht leis an méid sin.

A chéad chuairt tugtha ag António Costa, Uachtarán nua na Comhairle Eorpaí, ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus na príomhthosaíochtaí atá aige don Aontas leagtha amach aige ann. Chuir sé i bhfáth gurb é an t-iomaíochas bonn atá faoi rathúnas na hEorpa, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé na cearta sóisialta a cheangal leis má táthar chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil. 'Don mhóran, in áit an bheagáin, is gá don iomaíochas dul chun tairbhe', a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus é ag teacht leis an méid sin.

Ag labhairt dó ag seisiún iomlánach CESE cúpla lá tar éis dó dul i mbun oifige an 1 Nollaig, d’éiligh an tUasal Costa gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar bhonn práinne. ‘Táimid ar an mbóthar ceart. Tá fáthmheas déanta againn, tá tograí uaillmhianacha againn, ach teastaíonn an toil pholaitiúil uainn. Dírímis ar an bhfás, ar phoist agus ar Eoraip shóisialta, ionas go mbeidh glúin óg an lae inniu in ann féachaint siar agus a rá: b’in é an uair a dheimhníomar an rathúnas atá againn.

An t-iomaíochas agus athchóirithe saincheaptha atá i gcroílár chlár oibre an Uasail Costa. Mhol sé an margadh aonair a athnuachan, fáil réidh le rialacháin nach bhfuil gá leo agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus sa nuálaíocht d’fhonn geilleagar na hEorpa a neartú. ‘Tá cuideachtaí láidre ag teastáil uainn - ní toisc gur saoire iad ach toisc go mbíonn siad i mbun nuálaíochta, lena smaointe nua agus an lucht saothair oilte atá acu,’ a dúirt sé. D’éiligh an tUasal Costa freisin athchóirithe feidhmíochtbhunaithe arna spreagadh ag Next Generation EU: ‘Cur chuige loighciúil don todhchaí atá ann.’ D’iarr sé ar na Ballstáit intinn oscailte a bheith acu agus iad ag tabhairt faoi chéad bhuiséad eile an Aontais.

Ní le spriocanna eacnamaíocha amháin a bhaineann an t-iomaíochas; baineann sé le deiseanna a chruthú do gach uile Eorpach agus athléimneacht a chothú,’ a dúirt an tUasal Röpke. ‘Caithfidh an fás eacnamaíoch a bheith fite fuaite leis an dul chun cinn sóisialta, chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.’

Mhol an tUasal Costa gach a ndéanann CESE chun an t-idirphlé sóisialta a chothú. Is é ‘an tsamhail Eorpach’ é, dar leis, maidir le dul i dteagmháil leis an bpobal. ‘Tugann an t-idirphlé sóisialta deis dúinn teacht ar réitigh inbhuanaithe trí idirbheartaíocht leanúnach a dhéanamh idir ionadaithe éagsúla ár sochaithe. Tá sé sin ríthábhachtach, go háirithe sa lá atá inniu ann,’ ar seisean.

I ndíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh, pléadh ábhair imní mhóra, an tithíocht, an imirce agus costais fuinnimh san áireamh - saincheisteanna a bhí luaite mar thosaíochtaí ag an Uasal Costa. Chuir an tUasal Röpke i bhfáth go bhfuil gá le réitigh phraiticiúla, agus béim á cur aige ar an infheistíocht san oideachas, san athsciliú, sa tithíocht inacmhainne agus san aistriú glas. ‘Tá CESE lántiomanta do ghuth na sochaí sibhialta a thabhairt isteach sa phróiseas chun Eoraip chuimsitheach athléimneach a chruthú a bheidh ullmhaithe do dhúshláin na todhchaí.’ (gb)

San eagrán seo:

  • A chinntiú go mbeidh tacaíocht d’fhiontair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an státchabhair le Guiseppe Guerini
  • Taispeáint CESE den scannán ‘Under the Grey Sky’ - agallamh leis an stiúrthóir Mara Tamkovich
  • D’fhéadfadh comhaontú nua maidir le himirce agus tearmann dúshlán a thabhairt don tionscadal Eorpach le Camille le Coz, MPI Europe
  • Uaigheanna gan ainm ag teorainneacha seachtracha na hEorpa le Barbara Matejčić
  • Dídeanaithe ón tSiria:

    - Cur chuige an Aontais i leith daoine atá ag filleadh ar an tSiria - cor cinniúnach i mbeartas imirce le Alberto-Horst Neidhardt, EPC

    - Níor cheart do thíortha an Aontais iallach a chur ar dhídeanaithe ón tSiria filleadh le linn éagobhsaíocht leanúnach le Jean-Nicolas Beuze, UNHCR

Cinneadh maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh

Document Type
AC

An Daonlathas san Afraic: an scéal mar atá i láthair na huaire agus na hionchais don am atá le teacht

Document Type
AC

Leasú - Ábhar atáirgthe foraoise

Document Type
AC