European Economic
and Social Committee
Tá freagairt bheartais uile-Eorpach maidir leis an ngéarchéim tithíochta de dhíth ar an Aontas
le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE
Tríd an digitiú a mhéadú i dtionscail na tógála agus na tithíochta agus trí ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i seirbhísí soláthair tithíochta, is féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le hinacmhainneacht agus inbhuanaitheacht tithíochta san Eoraip. Ós rud é nach riachtanas amháin í an tithíocht ach gur ceart daonna í freisin, tá gá le freagairt uile-Eorpach ar na dúshláin éagsúla, de réir comhdháil a tionóladh le déanaí in CESE.
An 21 Samhain, d’eagraigh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE an chomhdháil Protecting Europe’s most vulnerable through sustainable and affordable housing, comhdháil ina rinneadh plé ar an gcaoi a bhféadfadh an tAontas agus na Ballstáit dálaí tithíochta ar fud na hEorpa a dhéanamh níos cuimsithí, níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe.
Chuir Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, i bhfios go láidir gur ceart daonna é rochtain a bheith ag an duine ar thithíocht leordhóthanach agus go dteastaíonn cur chuige uile-Eorpach ina leith. Leag sé béim ar an nasc idir praghsanna tithíochta a mhéadú agus leibhéil na bochtaineachta, agus chuir sé in iúl go bhfuil soláthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe ríthábhachtach chun an bhochtaineacht a dhíothú.
Maidir le straitéis frithbhochtaineachta an Aontais agus Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne, plean a mhol Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh, chuir Séamus Boland i bhfios go láidir freisin gur cheart go mbeidís mar chuid de chur chuige beartais trasearnála chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht. Ní mór eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sa chur chuige sin feadh an phróisis iomláin a bhainfidh le réitigh a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní mór scrúdú a dhéanamh ar thithíocht inbhuanaithe ó dhearcadh níos leithne lena gcuimsítear éifeachtúlacht acmhainní, ciorclaíocht, athléimneacht, oiriúnú agus inrochtaineacht eacnamaíoch.
Cuireadh i láthair ag an ócáid freisin an staidéar nua ó CESE ar thithíocht inbhuanaithe inacmhainne san Aontas Eorpach, arna choimisiúnú ag Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Scrúdaítear sa staidéar sin réitigh bheartais chun tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil ar fud an Aontais. Fíosraítear ann dá threocht ar leith atá ag teacht chun cinn, is iad sin, an digitiú agus ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i soláthar tithíochta. Scrúdaítear sa staidéar tionscnaimh nuálacha i sé bhallstát, agus déantar measúnú ar a n-acmhainneacht le haghaidh cur i bhfeidhm níos leithne ar fud na hEorpa.
Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi mholtaí beartais meántéarmacha agus fadtéarmacha staidéar CESE anseo.
Is féidir leat féachaint freisin ar chonclúidí agus ar mholtaí na comhdhála.