le Nicoletta Merlo 

Is bealach iad na tréimhsí oiliúna do dhaoine óga chun dul i dtaithí ar shaol na hoibre, agus bealach le treoir agus oiliúint a fháil. Tá forbairt mhór tagtha ar na tréimhsí oiliúna ar fud na hEorpa, a bhuíochas sin le Clár Ráthaíochta na hEorpa le haghaidh an Aosa Óig i measc rudaí eile. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Cúrsaí Oiliúna (2014), tugadh treoirlínte luachmhara do na Ballstáit chun an ionstraim a chur chun feidhme.

le Nicoletta Merlo 

Is bealach iad na tréimhsí oiliúna do dhaoine óga chun dul i dtaithí ar shaol na hoibre, agus bealach le treoir agus oiliúint a fháil. Tá forbairt mhór tagtha ar na tréimhsí oiliúna ar fud na hEorpa, a bhuíochas sin le Clár Ráthaíochta na hEorpa le haghaidh an Aosa Óig i measc rudaí eile. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Cúrsaí Oiliúna (2014), tugadh treoirlínte luachmhara do na Ballstáit chun an ionstraim a chur chun feidhme. 

Is trua a rá gur tharla mí-úsáid agus saobhadh le himeacht ama ar an gcaoi a dtugtar faoi chúrsaí oiliúna, agus tháinig méadú ar chásanna dúshaothraithe ar oiliúnaithe óga a úsáideadh chun oibrithe a ionadú, oiliúnaithe nár tugadh luach saothair dóibh agus iad gan coimirce a ndóthain agus gan cosaint shóisialta dá réir. 

Ar an ábhar sin, tacaíonn CESE leis an aidhm atá ag an gCoimisiún Eorpachh is é sin feabhas a chur ar an gcreat cáilíochta le haghaidh cúrsaí oiliúna ar fud na hEorpa, go háirithe an t-ábhar foghlama agus oiliúna a neartú, sin idir mhí-úsáid na gcúrsaí oiliúna agus an drochíde a thugtar do na hoiliúnaithe a chomhrac. 

Mar sin féin, ní thugann an dá thogra ón gCoimisiún aghaidh ach ar chuid de na saincheisteanna – an Moladh nuashonraithe ón gComhairle agus Treoir san áireamh – agus tá gnéithe díobh ann atá crosta go leor: 

  • tagraíonn siad gan idirdhealú do gach cineál tréimhse oiliúna, gan na difríochtaí atá ann faoi láthair idir na cineálacha éagsúla tréimhsí oiliúna gona gcuspóirí nó gona n-iarratais éagsúla sna Ballstáit a chur san áireamh go sásúil; 
  • ní fhoráiltear do na bearta is gá chun mí-úsáid na dtréimhsí oiliúna réamhtheachtacha a chosc, go díreach mar atá easpa rialacha ceangailteacha ann chun caighdeáin na cáilíochta a ardú; 
  • a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh treorach, leis an raon feidhme srianta do na hoiliúnaithe a mheastar a bheith ina n-oibrithe nó atá i gcaidreamh fostaíochta — rud is amhlaidh i níos lú ná leath de na Ballstáit — cuirtear teorainn le raon na dtairbhithe agus tá an baol ann nach mbainfear amach na torthaí a bhfuil súil leo. 

Is éard is dóigh liom fein, chun cáilíocht na gcúrsaí oiliúna a fheabhsú, ba cheart, ar an gcéad dul síos, na híoschritéir cháilíochta a shocrú do gach cineál cúrsa oiliúna, rud a chuirfeadh teorainn lena n-úsáid go réamhtheachtach. Ba cheart go soláthródh na critéir sin coimircí bunúsacha agus béim láidir ar oiliúint chomh maith le gealltanais chun cur i gcoinne gach cás mí-úsáide le bearta iomchuí, lena n-áirítear neartú an chórais cigireachta. 

Rud eile; ionas go mbeidh rochtain ag cách ar an tréimhse oiliúna, cé nach féidir linn labhairt go ginearálta ar phá ós rud é nach meastar gur oibrithe iad na hoiliúnaithe i bhformhór na gcásanna agus ós amhlaidh a mheastar go bhfuil an tréimhse oiliúna lasmuigh den chomhthéacs fostaíochta den chuid is mó, ba thábhachtach deireadh a chur le tréimhsí oiliúna gan íocaíocht trí liúntas éigeantach nach ndéantar paraiméadarú air ach amháin ar bhonn na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí atá i gceist leis an tréimhse oiliúna, ach liúntas ina gcuirtear san áireamh freisin aon speansas a thabhaíonn na oiliúnaithe chun an taithí sin a fháíl. 

Agus an focal scoir: ba cheart aird bhreise a thabhairt ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme an rialacháin ar an leibhéal náisiúnta agus san fhaireachán agus sa rialú ar úsáid na hionstraime.

le Rieke Smit, eagarthóir Social News Daily/ #UseTheNews

Iriseoir óg an t-aoi speisialta atá linn inniu, Rieke Smit ó #UseTheNews. Is tionscnamh ó DPA, gníomhaireacht nuachta Ghearmánach, é #UseTheNews atá dírithe ar aird Ghlúin Z ar an nuacht agus é mar sprioc aige inniúlacht na glúine sna meáin chumarsáide a fheabhsú. De réir na bhfigiúirí, tá sciar na ndaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois a chuireann spéis sa nuacht faoi bhun an tríú cuid agus is ar TikTok, agus air sin amháin, a fhaigheann 23 % díobh a gcuid nuachta. Agus an scéal sin amhlaidh, scríobh Rieke píosa maidir leis an mbealach le haird Ghlúin Z a fháil ar Tiktok agus ar ardáin eile na meán sóisialta, agus faoin gcaoi le spéis a mhúscailt iontu i nuacht thábhachtach, nuacht a bhfuil tionchar díreach aici ar a saol.

le Rieke Smit, eagarthóir Social News Daily/ #UseTheNews

Iriseoir óg an t-aoi speisialta atá linn inniu, Rieke Smit ó #UseTheNews. Is tionscnamh ó DPA, gníomhaireacht nuachta Ghearmánach, é #UseTheNews atá dírithe ar aird Ghlúin Z ar an nuacht agus é mar sprioc aige inniúlacht na glúine sna meáin chumarsáide a fheabhsú. De réir na bhfigiúirí, tá sciar na ndaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois a chuireann spéis sa nuacht faoi bhun an tríú cuid agus is ar TikTok, agus air sin amháin, a fhaigheann 23 % díobh a gcuid nuachta. Agus an scéal sin amhlaidh, scríobh Rieke píosa maidir leis an mbealach le haird Ghlúin Z a fháil ar Tiktok agus ar ardáin eile na meán sóisialta, agus faoin gcaoi le spéis a mhúscailt iontu i nuacht thábhachtach, nuacht a bhfuil tionchar díreach aici ar a saol.

Tá glúin á cailleadh againn... Ar a laghad, sin mar a mhothaíonn sé. Tá an nuacht a bhíonn á cur amach againn na laethanta seo i ngan fhios do Ghlúin Z. Is lú ná duine as gach triúr líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois a chuireann spéis sa nuacht. Is airde an céatadán sin fós maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. 

Ní feiniméan nua é seo i gcoitinne. Tá cloiste ag gach aon duine na laethanta seo faoi thuirse nuachta agus seachaint nuachta. Anuas ar an méid sin, tá tionchairí agus ardáin ar a mbíonn físeáin ghairide á gcomhroinnt ag dul ó neart go neart, go háirithe i measc daoine óga, mar a dheimhnítear sa Tuarascáil is déanaí ar an Nuacht Dhigiteach ó Institiúid Reuters um Léinn na hIriseoireachta. 

Tá aird an aosa óig ar an nuacht ag dul i laghad le tamall anuas toisc nach mbíonn sé éasca orthu nuacht iontaofa a aimsiú ar ardáin ar nós TikTok. Rud eile de, ní fheictear dóibh an bhaint atá ag an nuacht lena saol féin. Tháinig an pointe sin chun cinn i bhfreagra a thug cailín 16 bliana d’aois i staidéar #UseTheNews dár gcuid. Lón machnaimh atá sa phointe sin faoin treocht scanrúil seo. Is é an cheist mhór atá ann ná: Conas is féidir linn aird ghlúin TikTok a tharraingt? 

Ar an gcéad dul síos, caithfimid dul ar na hardáin ar a bhfuil siadsan, agus nuacht, dearcthaí agus faisnéis chúlra a scaipeadh. Ina dhiaidh sin, ní mór dúinn a chur in iúl do dhaoine óga cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin dá saol fanacht ar an eolas faoi chúrsaí reatha. Má dhéanaimid é sin, neartóimid – is maith mar a tharlaíonn – litearthacht daoine óga sna meáin chomh maith. 

Sin is aidhm don tionscnaimh #UseTheNews agus foireann eagarthóireachta Social News Daily, ar thug siad orthu féin é ‘Bliain na Nuachta’ a dhéanamh de 2024 d’fhonn an tsochaí agus an daonlathas a neartú trí litearthacht nuachta a mhéadú, i measc déagóirí agus aosaigh óga go háirithe. 

Tugann Social News Daily aghaidh ar an dúshlán sin trí nuacht a scaipeadh ar TikTok, ar Instagram agus ar YouTube. Nuacht? Ar na meáin shóisialta? Cad é mar a oibríonn sé sin? Bhuel trí leas a bhaint as na modhanna a thuig lucht na gcruthaitheoirí i bhfad romhainn: is féidir leat a bheith ag cur smideadh ort, a bheith ag cócaireacht nó a bheith amuigh ar shiúlóid agus fós a bheith ag labhairt faoi ábhair throma. Sin go díreach a dhéanaimid ag SND – ach leis an nuacht. 

Nósanna féachana lucht úsáidte na meán a athrú: is é sin atáimid ag iarraidh a dhéanamh trí dhul i ngleic le hábhair ollmhóra laistigh d’fhíseáin 40 soicind. Caithfimid freisin a chur in iúl don déagóir 16 bliana d’aois cén tábhacht atá ag an méid sin dó/di i saol an lae inniu. 

Bíonn clicmhealladh á úsáid againn leis – ach gan na caighdeáin iriseoireachta a ligean le sruth. An chúis? Mar ní bhíonn ach dhá shoicind agat ar TikTok aird an úsáideora a fháil. Mura spreagann an físeán fiosracht an úsáideora san am fíorghairid sin, ní bhreathnóidh duine ar bith air. Leis sin, cuirimid ceist chonspóideach nó tugaimid fíric neamhghnách ar dtús – i.e. clicmhealladh a úsáid le haird an lucht féachana a fháil – ach tugaimid na freagraí ag deireadh an fhíseáin fós. Ar an gcaoi sin, fanann an t-úsáideoir linn agus, i ngan fhios dó/di féin, súnn sé/sí isteach ábhar iriseoireachta. Agus sin é?

An leor é sin chun eagraíocht meán a bhunú ar na meáin shóisialta? A fhad ar a ghiorracht, ní leor. Is gá tuilleadh pointí teagmhála a bheith ann idir daoine óga agus iriseoirí. Sin d’fhonn muinín sna meáin a neartú agus trédhearcacht a chur san iriseoireacht. Is féidir sin a dhéanamh, mar shampla, trí na múinteoirí a spreagadh le hinniúlachtaí meán a chur chun cinn sna scoileanna nó trína thuilleadh teagmhála idir an seomra ranga agus oifigí eagarthóireachta a bhunú, mar atá á dhéanamh againn leis na ‘Tionscadail shamplacha’ agus ‘Newscamps’ faoi #UseTheNews. 

Tá an deis ann, má táimid san áit ina bhfuil na daoine óga, bíodh sé sin ar scoil, ag féile, nó ar na meáin shóisialta, agus má thosaímid comhrá leo faoin mbréagnuacht, faoi na meáin agus faoi impleachtaí an méid sin, tá an deis ann go dtabharfaidh Glúin Z aird ar an nuacht arís eile. 

TikTok: https://www.tiktok.com/@social.news.daily 

Cainéal #UseTheNews: https://www.instagram.com/usethenews2024/?hl=de 

Agus Rieke ina heagarthóir ar dualgas, coinníonn sí súil ar an obair eagarthóireachta laethúil ag Social News Daily (SND). Ó 2021, bíonn róil éagsúla á ndéanamh ag Rieke le #UseTheNews. Inniu tá sí freagrach as pleanáil, comhordú agus formheas ábhar SND. Tar éis di céim bhaitsiléara agus céim mháistreachta a chur i gcrích i réimsí na hiriseoireachta agus na cabhrach daonnúla, thug sí faoi thréimhse oiliúna le FUNKE Zentralredaktion.

Fiosraíonn #UseTheNews, tionscnamh de chuid na gníomhaireacht nuachta Gearmánaí, DPA, bun agus barr inniúlachtaí na ndaoine óga sna meáin. Le cabhair ó Institiúid Leibniz um Thaighde sna Meáin, déantar formáidí nuálacha nuachta a fhorbairt i saotharlann litearthachta nuachta agus ag deasc na nuachta sóisialta. Ina theannta sin, cuireann #UseTheNews ceardlanna ar siúl do mhúinteoirí agus cuireann sé ábhair ar fáil dóibh. Tacaíonn roinnt mhaith comhpháirtithe ó na meáin, ón saol acadúil agus ón lucht taighde leis an tionscadal seo, agus Bord Iontaobhaithe ann ina bhfuil daoine mór le rá ó na meáin agus ón saol polaitiúil.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Document Type
AS

Curamóirí

Document Type
AS

20 bliain ó tháinig an tSlóivéin isteach san Aontas, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ceannairí polaitiúla agus ceannairí de chuid na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile in Liúibleána leis an ócáid stairiúil a cheiliúradh, le béim a leagan ar bhuntáistí bunúsacha na ballraíochta san Aontas, agus lena dhearbhú an athuair gur san Aontas Eorpach a bheidh todhchaí na mBalcán Thiar.

20 bliain ó tháinig an tSlóivéin isteach san Aontas, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ceannairí polaitiúla agus ceannairí de chuid na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile in Liúibleána leis an ócáid stairiúil a cheiliúradh, le béim a leagan ar bhuntáistí bunúsacha na ballraíochta san Aontas, agus lena dhearbhú an athuair gur san Aontas Eorpach a bheidh todhchaí na mBalcán Thiar. 

I rith na comhdhála ‘Dea-scéal mhéadú an Aontais a choinneáil ar bun – Tairbhe a dhéanamh do na Balcáin Thiar in oirchill an aontachais’, a d’eagraigh CESE i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus craobh na mBalcán Thiar de Open Society Foundation, tarraingíodh aird ar na hathchóirithe a theastaíonn chun dul chun cinn a dhéanamh ar bhealach an aontachais, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le bunluachanna an Aontais a chur chun cinn. 

I measc chainteoirí na comhdhála, bhí an tUachtarán Oliver Röpke, Aire Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine Tanja Fajon, Aire Saothair na Slóivéine Luka Mesec, agus Ardrúnaí na Comhairle um Chomhar Réigiúnach Majlinda Bregu

Chuir Uachtarán CESE Oliver Röpke i bhfáth gur ina gcuid den Aontas ba cheart do na Balcáin Thiar a bheith agus nach mbeidh an tAontas ina theaghlach Eorpach iomlán go mbeidh siad ann. Dúirt sé go ndéanfadh CESE a chion den obair trí Chruinniú Mullaigh na Sochaí Sibhialta maidir leis an Méadú a reáchtáil i mí Mheán Fómhair. 

Dúirt Tanja Fajon, Aire Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine, an méid a leanas: ‘I gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu, creidim go dteastaíonn muid óna chéile níos mó ná riamh. Ar son an phróisis seo, ní mór don tsochaí shibhialta brú a chur ar lucht na polaitíochta agus ar na rialtais na tíortha a thabhairt níos cóngaraí don Aontas.’ 

Bhí an méid a leanas le rá ag Luka Mesec, Aire Saothair, Gnóthaí Sóisialta, agus Comhdheiseanna na Slóivéine: ‘Is fada stair choiteann na Slóivéine agus na mBalcán Thiar. Is é an tAontas Eorpach an baile coiteann atá againn agus, dá bhrí sin, beidh mise obair le Rialtas na Slóivéine chun aontachas thíortha na mBalcán Thiar leis an Aontas a éascú’. (mt)

Ní íoctar beagnach leath na n-oiliúnaithe san Aontas Eorpach agus tá cuid mhaith díobh i mbun tréimhsí oiliúna 'bréagacha', is é sin le rá go n-úsáidtear iad mar lucht saothair ar bheagán costais ach gan rochtain acu ar chosaint shóisialta ná ar chearta eile. Cé gur díol sásaimh é an togra a tháinig ón gCoimisiún Eorpach le déanaí chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas, cáineadh é freisin ar an ábhar nár leor é. D’iarramar ar rapóirtéir na tuairime Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, Nicoletta Merlo, léamh CESE ar an togra ón gCoimisiún a roinnt linn mar aon le moltaí CESE faoi conas feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna agus an chaoi lena áirithiú go mbeidh rochtain ag cách orthu agus ní ag daoine óga amháin a bhfuil sé d’acmhainn acu iad a dhéanamh.

Ní íoctar beagnach leath na n-oiliúnaithe san Aontas Eorpach agus tá cuid mhaith díobh i mbun tréimhsí oiliúna 'bréagacha', is é sin le rá go n-úsáidtear iad mar lucht saothair ar bheagán costais ach gan rochtain acu ar chosaint shóisialta ná ar chearta eile. Cé gur díol sásaimh é an togra a tháinig ón gCoimisiún Eorpach le déanaí chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas, cáineadh é freisin ar an ábhar nár leor é. D’iarramar ar rapóirtéir na tuairime Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, Nicoletta Merlo, léamh CESE ar an togra ón gCoimisiún a roinnt linn mar aon le moltaí CESE faoi conas feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna agus an chaoi lena áirithiú go mbeidh rochtain ag cách orthu agus ní ag daoine óga amháin a bhfuil sé d’acmhainn acu iad a dhéanamh.

Beidh ról thar a bheith tábhachtach ag daoine óga san Albáin chun an tír a thabhairt níos gaire don Aontas. Mar sin féin, is minic nach mbíonn na hacmhainní cuí ag gabháil lena dtoilteanas a bheith ina ngníomhairí don athrú agus lena ndíograis don Aontas, rud a chuirfeadh ar a gcumas páirt fhóinteach a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail agus sa chinnteoireacht. Dar leis an aoi speisialta, Dafina Peci, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine, is é an rud atá ag teastáil anois go ndéanfaí na páirtithe leasmhara a chomhordú ar bhealach uilechuimsitheach chun díriú ar dhaoine óga. 

Beidh ról thar a bheith tábhachtach ag daoine óga san Albáin chun an tír a thabhairt níos gaire don Aontas. Mar sin féin, is minic nach mbíonn na hacmhainní cuí ag gabháil lena dtoilteanas a bheith ina ngníomhairí don athrú agus lena ndíograis don Aontas, rud a chuirfeadh ar a gcumas páirt fhóinteach a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail agus sa chinnteoireacht. Dar leis an aoi speisialta, Dafina Peci, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine, is é an rud atá ag teastáil anois go ndéanfaí na páirtithe leasmhara a chomhordú ar bhealach uilechuimsitheach chun díriú ar dhaoine óga. 

Ceapadh Dafina Peci ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine in 2016, tar éis di a bheith ina huachtarán ar feadh dhá bhliain as a chéile. Ó 2017 i leith, tá Dafina ag múineadh freisin sa Roinn Eolaíochtaí Polaitiúla in Ollscoil Thiorána. Bhí sí ina comhalta den mheitheal chun an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO) a bhunú, agus ina dhiaidh sin rinne sí ionadaíocht ar an Albáin ar Bhord Eolaire RYCO, chomh maith le bheith ina hionadaí óige ar an mBord Rialaithe. Tá céim bhaitsiléara aici sna hEolaíochtaí Polaitiúla agus sa Chaidreamh Idirnáisiúnta agus Máistreacht sna hEolaíochtaí sa Pholaitíocht Réigiúnach agus sa tSábháilteacht. Chomh maith leis sin, rinne sí speisialtóireacht iarchéime sa tSlándáil tar éis Coinbhleachta, sa Tógáil Síochána agus in Institiúidí Idirghabhála.

Dafni Peci, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine, a scríobh

Ní hamháin san am atá le teacht ach san am i láthair freisin, is comhpháirtithe tábhachtacha iad na daoine óga. An treallús atá iontu, an tsamhlaíocht atá acu, agus a thiomanta a bhíonn siad do smaointe iontacha a thabhairt i gcrích, tá géarghá leis an méid sin má táthar chun an tsochaí a chur chun tosaigh. Déanann an teagmháil ghníomhach leis an óige luachanna an daonlathais, an dul chun cinn sóisialta, agus an fás pearsanta a chur chun cinn. Tugann sí an-léargas do lucht déanta na gcinntí ar na fadhbanna ar ghá aghaidh a thabhairt orthu.

Dafni Peci, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine, a scríobh 

Ní hamháin san am atá le teacht ach san am i láthair freisin, is comhpháirtithe tábhachtacha iad na daoine óga. An treallús atá iontu, an tsamhlaíocht atá acu, agus a thiomanta a bhíonn siad do smaointe iontacha a thabhairt i gcrích, tá géarghá leis an méid sin má táthar chun an tsochaí a chur chun tosaigh. Déanann an teagmháil ghníomhach leis an óige luachanna an daonlathais, an dul chun cinn sóisialta agus an fás pearsanta a chur chun cinn. Tugann sí an-léargas do lucht déanta na gcinntí ar na fadhbanna ar ghá aghaidh a thabhairt orthu. 

Tá an-fhonn ar dhaoine óga na hAlbáine an tír a lánpháirtiú san Aontas, ach ní chuirtear leis an bhfonn sin faisnéis ná eolas cuí ná bealach chun páirt a ghlacadh sa phróiseas. 

D’fhéadfadh sé dul go mór chun tairbhe don Albáin a chur ar chumas na hóige páirt fhóinteach a ghlacadh sna cláir agus na tionscadail ábhartha. Chabhródh sé sin leis na hAlbánaigh óga a bhfuil ag teastáil uathu agus na rudaí is mó tábhacht dóibh a chur in iúl agus beart a dhéanamh chun na hathruithe ba mhian leo a dhéanamh. 

Sa teagmháil leanúnach a dhéanann Comhdháil Náisiúnta Óige na hAlbáine leis an dream óg, díríodh go mór mór go dtí seo ar an bhfeasacht a mhúscailt faoin méid a athraíodh sa tsochaí a bhuí le gníomhaíochas na sochaí sibhialta agus rannpháirt na hóige. Má táthar chun cur le rannpháirt na ndaoine óga i bpróiseas lánpháirtiú na hAlbáine san Aontas, ní mór dianmhachnamh a dhéanamh ar ar foghlaimíodh san am atá thart, is é sin gur gá comhpháirtíochtaí láidre a thógáil a thugann tús áite don óige, gur gá acmhainn mhór na hóige a aithint agus infheistíocht a dhéanamh inti, agus an cur le chéile a chothú idir na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Tá an méid sin ríthábhachtach, dar liom féin. 

Dul i gcomhar leis an dream óg agus an tsochaí shibhialta d’fhonn próiseas lánpháirtithe an Aontais a chur chun tosaigh san Albáin

Ní hamháin gurb iad ár bpríomhfhoinse dhóchais iad, is iad na daoine óga is mó is sochair leis an athrú agus le brú chun tosaigh na hAlbáine, i dtreo todhchaí gheal amach anseo mar aon leis an lá inniu is fearr is féidir. Tá idir an chrógacht, na hidéil agus an neart tola acu a theastaíonn chun na coincheapa is mó dúshláin, fiú, a thabhairt i gcrích. Na déagóirí a ghlacann páirt ghníomhach sa tsochaí, ní hamháin go gcuirean siad lena bhforbairt phearsanta agus lena scileanna sóisialta féin ach is daonlathaí an tsochaí dá mbarr agus is iontach fóinteach an dearcadh a thugann siad do lucht déanta na gcinntí ar réimse saincheisteanna agus nósanna is gá a réiteach. Má thugtar cumhacht don aos óg agus an deis páirt fhóinteach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus cláir a thugann aghaidh ar a bhfuil ag teastáil uathu agus ar na cuspóirí atá acu, rachaidh sé go mór chun tairbhe don Albáin. 

Ní hamháin gur ceann de bhunchearta an duine í an rannpháirtíocht ach is bealach praiticiúil í freisin chun an tsaoránacht ghníomhach don uile dhuine a chur chun cinn. Cé gur codanna riachtanacha den rannpháirtíocht sa daonlathas iad an vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin, is mó ná sin a bhíonn i gceist le rannpháirtíocht na n-óg sa saol laethúil. I measc réamhriachtanais na saoránachta gníomhaí, tá an ceart agus na deiseanna páirt a ghlacadh sa tsochaí ach, de bhreis air sin, tá na hacmhainní, an spás, na huirlisí, agus, nuair is gá, an tacaíocht airgeadais a theastaíonn chun tionchar a imirt ar dhéanamh na gcinntí agus páirt a ghlacadh i mbearta agus gníomhaíochtaí a chuireann leis an tsochaí, a chothaíonn í agus a dhéanann níos athléimní í. 

Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach líonraí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta a leathnú amach d’fhonn spásanna breise a chur ar fáil chun daoine óga a dhéanamh rannpháirteach agus cumhacht a thabhairt dóibh. Beidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ann teacht ar an gcleachtas is fearr, foghlaim óna chéile, eolas a roinnt agus smaointe nua a cheapadh ach obair a dhéanamh i gcomhar, líonraí a thógáil, agus cur le chéile a chothú. Lena chois sin, cuirfidh sé sin ar a gcumas leas a bhaint as cistiúchán breise san obair i gcomhar agus beartais agus cláir a chomhordú. Cuirtear le cumhacht na ndaoine óga trí bhíthin obair na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta, rud a chuireann le hionadaíocht agus rannpháirtíocht ghrúpaí na hóige sa tsochaí. 

Ionas go mbeifear in ann cumas agus nuálaíocht na ndaoine óga a chur chun tairbhe do shochaí na hAlbáine tríd an mbealach a réiteach don fhás sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch, tá súil agam go gcuirfear an leathnú sin i gcrích agus go gcuirfidh sé sin borradh faoi ghníomhaíochas na hóige agus na sochaí sibhialta. 

Tá neart oibre gan déanamh fós má táthar chun cur le rannpháirtíocht, ionadaíocht, agus ceannaireacht ghníomhach fhóinteach na ndaoine óga sa tsochaí. Mar chuid den obair sin, ba cheart spásanna a chruthú do na daoine óga agus a chur chun cinn dóibh inar féidir leo teacht ar fhaisnéis agus ar dheiseanna plé a dhéanamh agus eolas a roinnt le daoine eile dá n-aoisghrúpa, geallsealbhóirí eile, agus lucht déanta na gcinntí.

Is é is aidhm do phromhadh na hóige ar bheartais an Aontais a chinntiú go mbeidh lámh níos mó ag daoine óga sa phróiseas ceaptha beartas. Agus an próiseas iarratais le haghaidh phromhadh na hóige ar bheartais an Aontais dúnta anois, labhair Uachtarán an Ghrúpa Óige in CESE faoin gcaoi a mbainfeadh na heagraíochtaí don óige a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh in obair CESE tairbhe as an bpromhadh sin.

Is é is aidhm do phromhadh na hóige ar bheartais an Aontais a chinntiú go mbeidh lámh níos mó ag daoine sa phróiseas ceaptha beartas. Agus an próiseas iarratais le haghaidh phromhadh na hóige ar bheartais an Aontais dúnta anois, labhair Uachtarán an Ghrúpa Óige in CESE faoin gcaoi a mbainfeadh na heagraíochtaí don óige a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh in obair CESE tairbhe as an bpromhadh sin.