Tugann Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thionscadail neamhbhrabúsacha arna gcur chun feidhme ag daoine aonair, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cuideachtaí. Roghnaítear téama éagsúil gach bliain, téama a chumhdaíonn réimse tábhachtach d’obair CESE. Is é an charthanacht Éireannach Third Age Foundation agus an líonra rannpháirtíochta sóisialta lena mbaineann AgeWell, líonra a thugann faoin uaigneas sa tseanaois, buaiteoir an 14ú Duais don tSochaí Shibhialta atá tiomanta don mheabhairshláinte.

Tugann Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thionscadail neamhbhrabúsacha arna gcur chun feidhme ag daoine aonair, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cuideachtaí. Roghnaítear téama éagsúil gach bliain, téama a chumhdaíonn réimse tábhachtach d’obair CESE. Is é an charthanacht ÉireannachThird Age Foundation agus an líonra rannpháirtíochta sóisialta lena mbaineann AgeWell, líonra a thugann faoin uaigneas sa tseanaois, buaiteoir an 14ú Duais don tSochaí Shibhialta atá tiomanta don mheabhairshláinte.

An 7 Márta, thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) aitheantas do chúig eagraíocht neamhbhrabúsacha as an sárobair a rinne siad sa chomhrac i gcoinne neamhoird mheabhairshláinte a bhfuil méadú as cuimse tagtha orthu san Aontas.

Roinneadh duais EUR 50 000 idir na cúig thionscadal a bhuaigh an comórtas.

Is í an charthanacht Éireannach Third Age Foundation a bhuaigh an chéad duais de EUR 14 000.

Fuair an ceithre ghrúpa eile duais EUR 9 000 an ghrúpa agus iad rangaithe mar a leanas:

BUAITEOIR NA CHÉAD DUAISE

Lena líonra rannpháirtíochta sóisialta AgeWell, cabhraíonn an charthanacht Éireannach Third Age Foundation le daoine scothaosta atá scoite amach, lag agus leochaileach. Mar chuid den tseirbhís uathúil phobalbhunaithe seo, tacaíonn daoine os cionn 50 le daoine scothaosta atá i mbaol agus a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Trí úsáid a bhaint as meascán de chuairteanna baile agus ceistneoir ar an bhfón cliste bunaithe ar an meabhairshláinte, cuireann AgeWell comhluadar agus tacaíocht mhothúchánach ar fáil agus sainaithnítear rioscaí sláinte go luath.

NA TIONSCADAIL BHUAITEACHA EILE

Tháinig cumann Pro Lapinlahti na Fionlainne agus a lárionad pobail Lapinlahden Lähde nó ‘Earrach Lapinlahti’ sa dara háit. Is ionad é seo a tógadh trí athchóiriú a dhéanamh ar Ospidéal Lapinlahti Heilsincí, agus eagraíonn siad ceardlanna agus imeachtaí éagsúla a bhaineann leis an litearthacht mheabhairshláinte, agus tagann 50 000 cuairteoir gach bliain. Tá sé dearbhaithe acu san ionad gur áit saor ó dhiagnóis é; ní chuirtear lipéad ar dhuine ar bith, rud a chuireann cumhachtú ar fáil in ionad atharthachta.

An eagraíocht Shlóvacach Integra a tháinig sa tríú háit leis an tionscnamh ‘Crazy’? So what! a dhéanann neamhaird de steiréitíopaí trí thuiscint atruach ar an meabhairshláinte a chur chun cinn i measc daoine óga. Tugann sé léargas pearsanta ar a bhfuil i gceist le droch-mheabhairshláinte agus leis an mbóthar i dtreo téarnaimh.

Tá buaiteoir an cheathrú duais, Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne, ar mhisean chun tacú leis an meabhairshláinte lena cluichí nuálacha cruthaitheacha ar a dtugtar The World of Recovery. Trí bhíthin na gcluichí, cuirtear téarnamh meabhairshláinte chun cinn trí spriocanna a spreagann féiníomhá shláintiúil, neamhspleáchas pearsanta agus saol gníomhach agus fiúntach. Cé gur cluiche neamhfhoréigneach a imrítear ar fhóin é an chéad cheann, is cluiche cláir ról-imeartha é an dara ceann a bhfuil duaiseanna buaite aige. Díríonn siad ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, ar dhaoine atá ag teacht chucu féin tar éis mí-úsáid substaintí, agus ar ghairmithe, agus is féidir iad a úsáid saor in aisce.

Sa chúigiú háit, tháinig an tionscadal Telling Stories for Good de chuid eagraíocht neamhbhrabúsach na hIodáile Animenta. Mar chuid den tionscadal sin, tá scéalta steiréitipiciúla maidir le neamhoird itheacháin á athscríobh, neamhoird a bhfuil tionchar acu ar níos mó ná ceithre mhilliún duine san Iodáil amháin, ar déagóirí iad dhá mhilliún díobh. Is ar líne agus i scoileanna ar fud na hIodáile a dhéanann na gairmithe deonacha na cláir choisc agus ardaithe feasachta a chur i láthair.

Sheol CESE duais na bliana seo i mí Iúil 2023. Tríd an duais a thiomnú don mheabhairshláinte, theastaigh ó CESE aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta i gcóireáil agus i gcosc na meabhairshláinte. Roghnaíodh na buaiteoirí as breis agus 100 iarratas ó 23 Bhallstát.

Tiomnaíodh an duais san am atá caite d’ábhair éagsúla, ina measc an óige agus cabhair don Úcráin, gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus an imirce. In 2020, in ionad Dhuais na Sochaí Sibhialta, sheol CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, ar duais aonuaire é a bhí tiomnaithe don chomhrac i gcoinne COVID-19. (ll)

Is maith a mheabhraigh Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) 2024 dúinn gach is acmhainn do TES agus gach is teorainn dó dá réir. Is rud le ceiliúradh a bhí sa toradh fónta a bhí ar thionscnaimh eile san am atá caite. Ina measc sin, tá an mhúscailt feasachta agus cothú na ndíospóireachtaí poiblí. Cuireadh béim le linn an phlé ar an bhfrustrachas i leith na freagrúlachta agus i leith na hoibre leantaí in institiúidí an Aontais, dhá ní is mithid a thabhairt chun feabhais.

Is maith a mheabhraigh Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) 2024 dúinn gach is acmhainn do TES agus gach is teorainn dó. Is rud le ceiliúradh a bhí sa toradh fónta a bhí ar thionscnaimh eile san am atá caite. Ina measc sin, tá an mhúscailt feasachta agus cothú na ndíospóireachtaí poiblí. Cuireadh béim le linn an phlé ar an bhfrustrachas i leith na freagrúlachta agus i leith na hoibre leantaí in institiúidí an Aontais, dhá ní is mithid a thabhairt chun feabhais.

Na príomhphointí lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh:

  • Dul thar a bhfuil sna Bosca Moltaí.  Ba cheart gur ghníomhaíocht mhór ón gCoimisiún ba thoradh uathoibríoch ar TESanna a n-éireoidh go maith leo ar bhealaí éagsúla, san fhreagairt nithiúil a dhéanann siad, mar shampla, sin nó sna tograí reachtacha, má thagann a leithéid i gceist. Bheadh san áireamh leis sin tionchar díreach a bheith á imirt acu ar dhlíthe an Aontais, rud a chothódh idirphlé níos tairbhiúla idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí.
  • Comhpháirtíochtaí níos láidre. Is mór an tábhacht atá leis an gcomhoibriú. D’fhonn guth na saoránach a bhreisiú, tá gá le comhar straitéiseach idir na heagraithe, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí sna meáin agus na comhpháirtithe poiblí.
  • An feabhsú leanúnach. Is rud é creat an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhíonn ag síorathrú leis. Ach leas a bhaint as dea-chleachtais agus comhroinnt eolais a chothú i measc na ngeallsealbhóirí, is féidir próiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a neartú agus tuilleadh de na saoránaigh a chumhachtú chun páirt ghníomhach a ghlacadh san obair.

Cuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar a gcumas do na saoránaigh beart a iarraidh ar an Aontas Eorpach agus dlí nua a mholadh maidir le ceist ar leith. Cinnfidh an Coimisiún cén beart ba chirte a dhéanamh ach milliún síniú a bheith bailithe ag an tionscnamh. (gb)

In 2013, bhí ospidéal Lapinlahti, an chéad ospidéal síciatrach san Fhionlainn agus siombail an chúraim meabhairshláinte sa tír, folamh agus ligthe i ndearmad in ainneoin é a bheith ar an bhfód le 170 bliain anuas. Ansin, chuir grúpa gníomhaithe meabhairshláinte bealadh faoi na hioscaidí d'fhonn ionad oscailte don mheabhairshláinte, don chultúr agus do na healaíona a dhéanamh de láthair oidhreachta a bhí ag titim as a chéile. Dúirt Siru Valleala, ionadaí ón gcumann Pro Lapinlahti atá i mbun an ionaid, gur áit chuimsitheach é Lapinlahden Lähde, thar aon ní eile, ina bhfágtar an stiogma agus an chlaontacht ag an ngeata agus ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu.

In 2013, bhí ospidéal Lapinlahti, an chéad ospidéal síciatrach san Fhionlainn agus siombail an chúraim meabhairshláinte sa tír, folamh agus ligthe i ndearmad in ainneoin é a bheith ar an bhfód le 170 bliain anuas. Ansin, chuir grúpa gníomhaithe meabhairshláinte bealadh faoi na hioscaidí d'fhonn ionad oscailte don mheabhairshláinte, don chultúr agus do na healaíona a dhéanamh de láthair oidhreachta a bhí ag titim as a chéile. Dúirt Siru Valleala, ionadaí ón gcumann Pro Lapinlahti atá i mbun an ionaid, gur áit chuimsitheach é Lapinlahden Lähde, thar aon ní eile, ina bhfágtar stiogma agus claontacht ag an ngeata agus ina mothaíonn gach duine fáilte rompu.

Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal?

In 2013, láthair fholamh thréigthe ab ea ospidéal Lapinlahti, an chéad ospidéal síciatrach san Fhionlainn; in 1841 a tógadh é. Ní raibh aon phleananna ag cathair Heilsincí dá thodhchaí. Is amhlaidh a bhí dearmad déanta ar an suíomh stairiúil seo agus é ag titim as a chéile, in ainneoin na mórthábhachta oidhreachta a bhaineann leis agus in ainneoin fearann álainn páirce a bheith ina thimpeall. Agus imní orthu faoin staid thragóideach thubaisteach sin, thosaigh grúpa gníomhaithe meabhairshláinte ag roinnt a bhfíse agus a n-aislinge don áit le chéile, eadhon ospidéal agus fearann páirce Lapinlahti a athrú ó bhonn agus ionad oscailte don mheabhairshláinte, don chultúr agus do na healaíona a dhéanamh de.

Ba é sin tús ceart an ruda ar a dtugtar Lapinlahden Lähde — ‘earrach Lapinlahti’ — sa lá atá inniu ann.  Cuireann na gníomhaíochtaí le tábhacht stairiúil agus tábhacht ailtireachta an cheantair i gcroílár Chuan Lapinlahti, agus spreagadh dúinn ab ea an 170 bliain a caitheadh ann roimhe sin ag obair ar son na meabhairshláinte. Aistríodh an fócas ó chóir leighis a chur ar othair go dtí an dea-bhail a chur chun cinn i ngach gné den saol. Is sampla ceart cruthanta é Lapinlahden Lähde den obair i gcoinne an stiogma atá ar siúl faoi láthair agus is athrú paraidíme é atá dírithe ar an taobh dearfach den scéal a chur chun cinn.

San am atá caite, ba é ospidéal Lapinlahti scoth na tíre maidir le láithreacha síciatracha de, mar a bhforbraítí an cúram meabhairshláinte i gcónaí. Os a choinne sin, bhí na gníomhaithe meabhairshláinte a d’oibrigh don ‘Pro Lapinlahti Mental Health Association’ a bunaíodh in 1988 — nuair a bhí Lapinlahti fós ag feidhmiú mar ospidéal — ag iarraidh ionad nuálach a chruthú chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn, agus úsáid á baint acu as an eolas ar fad a bhí ar fáil san 21ú haois. Ba é a bhí ina gceann acu áit ina léirítear an t-aistriú paraidíme coincréiteach ó chóireáil leighis a chur ar dhaoine a bhfuil tinneas meabhrach orthu go folláine mheabhrach a chur chun cinn.

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo?  An bhfuil sampla agat a d'fhéadfá a roinnt linn?

I dtús báire, ba dhúshlán é daoine a mhealladh chugainn. Bhí an áit dúnta don phobal ar feadh 170 bliain fad is a bhí sé in úsáid mar ospidéal síciatrach, agus in ainneoin na spéise agus na fiosrachta a léirigh daoine ina leith, bhí sé deacair a chur ina luí orthu go raibh fáilte rompu teacht agus súil a chaitheamh timpeall na háite. De réir a chéile, ghlac daoine páirt sna gníomhaíochtaí agus sna himeachtaí, chuidigh siad go fonnmhar linn chun tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu, rinne siad obair dheonach dúinn agus roinn a gcuid smaointe linn. Thug ealaíontóirí agus taibheoirí a dtaispeántais ealaíne agus a n-imeachtaí cultúrtha chuig Lapinlahden Lähde agus inniu bíonn níos mó ná 400 imeacht againn in aghaidh na bliana, mar aon le 50–60 taispeántas ealaíne bliantúil. Tá Lapinlahti anois ina áit fháilteach shábháilte atá oscailte do gach duine i Heilsincí, mar a gcuirtear an fholláine mheabhrach chun cinn agus mar a laghdaítear an t-uaigneas agus an t-eisiamh sóisialta gach aon lá den bhliain.

‘Nuair a ghlac mé páirt sa tionscnamh seo a chéaduair, b'aoibhinn le mo chroí é go bhféadfainn a bheith anseo, ag cuidiú chun brí agus fuinneamh nua a chur san áit ... a bhuí leis an aer úr, séidtear na hábhair imní uile chun siúil.’ (Cresswell-Smith et al 2022)

Sa lá atá inniu ann, meastar gur áit an-sábháilte agus an-chuimsitheach é ospidéal Lapinlahti. Is áit é ina mothaíonn tú go bhfuil fáilte romhat, is cuma cén giúmar nó cén bhail atá ort an lá áirithe sin. Tá brí le stair Lapinlahti mar ospidéal síciatrach. Tugann sé cead duit a bheith leochaileach agus tá oscailteacht thar an gcoitiantacht ann i leith deacrachtaí meabhairshláinte. Tógaimid ar fhéith an mhuintearais atá le sonrú go láidir san áit agus is féidir le gach duine a bhuanna nó a buanna féin a thriail go sábháilte. Fágtar an stiogma agus an leithcheal ag an ngeata, agus sinne atá ag obair in Lapinlahden Lähde, is amhlaidh atáimid an-bhródúil as nach bhfágaimid aon duine ar lár ná ar gcúl.

Forbraíodh oibríochtaí Lapinlahti i gcomhar leis an úinéir, cathair Heilsincí, agus bhí an obair forbartha sin ina réamhriachtanas don oibríocht iomlán. Tá cinntí forleathana polaitiúla á ndéanamh faoi láthair maidir le húinéireacht na háite sna blianta amach romhainn, agus tá súil againn go gcuirfear san áireamh mar is ceart an rath atá ar na hoibríochtaí reatha.

Cén leas a bhainfidh an eagraíocht as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a chur ar fáil sa phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agat cheana féin?

Leanfaimid ar aghaidh ag forbairt ár ngníomhaíochtaí ionas gur féidir le tuilleadh daoine fós páirt a ghlacadh iontu agus tairbhe a bhaint astu. Sheolamar tionscadal spreagúil le déanaí do dhaoine atá ag téarnamh ó neamhoird mheabhairshláinte a bhfuil sé mar aidhm leis rochtain ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus fiú cearta ar ghníomhaíochtaí cultúrtha a mhéadú. Go sonrach, tá sé mar aidhm leis cabhrú le daoine a mbealach féin a aimsiú chun a smaointe agus a mothúcháin a chur in iúl trí mheán an chultúir, agus chun a fháil amach cad a oibríonn dóibh ó thaobh chultúr na folláine intinne agus ó thaobh na n-ealaíon de. Is chuige sin a bhainfimid úsáid as airgead na duaise flaithiúla a bronnadh orainn.

I do thuairim, cén cineál gníomhaíochta comhchoitinne is gá chun an stiogma a ghabhann le fadhbanna meabhairshláinte go minic a laghdú? An féidir ról a bheith ag an ealaín chun neamhspleáchas na ndaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu a threisiú?      

Ní mór dúinn gníomhaíochtaí a chur ar fáil inar féidir le daoine a bhfuil taithí agus cúlraí éagsúla acu bualadh le chéile. Má cheaptar gníomhaíochtaí nach bhfuil bunaithe ar stádas sláinte nó cúinsí saoil, cruthaítear teagmhálacha uathúla daonna agus cruthaítear naisc fhóinteacha idir daoine ó chúlraí éagsúla. De thoradh féachaint ar an meabhairshláinte trí mhodhanna éagsúla amhail na healaíona, tá méadú tagtha ar fheasacht agus ar thuiscint. Is bealach eisceachtúil atá san ealaín chun daoine a thabhairt le chéile agus cuireann sí bealaí nua ar fáil chun déileáil le saincheisteanna géara crua fiú. Ligeann an ealaín dúinn ár smaointe agus ár mothúcháin a chur in iúl agus cuireann sé deiseanna ar fáil do dhaoine le go dtabharfar aitheantas agus éisteacht cheart dóibh. Ní séanta go bhfuil tábhacht thar na bearta leis an éisteacht sin ós féidir leis athrú a chur ar shaol an duine agus ar an tuiscint atá acu orthu féin.

Tionscnamh EuroHPC

Document Type
PAC

D’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an nuálaíocht agus ar chineálacha cur chuige nua i réimse na meabhairshláinte, d’fhorbair Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne cluichí dar teideal The World of Recovery — is cluiche ar líne ceann acu agus is cluiche cláir an ceann eile. Ról-imirt atá i gceist iontu araon agus ní mór do na himreoirí ról carachtair ar leith a ghlacadh chucu féin. Suite i ndomhan lándóchais sa todhchaí, is é is aidhm do na cluichí na comharthaí téarnaimh a chothú. Dírítear orthu siúd atá ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte agus mí-úsáide substaintí, ach ar ghairmithe na réimse sin freisin. Dar le Reetta Sedergren agus Venla Leimu, ionadaithe Lilinkoti, ba mhór an seans go gcuirfí feabhas ar fhadhbanna meabhairshláinte trí chluichí a imirt ach ní bhaintear triail mórán, áfach, as cluichí a úsáid. 

D’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an nuálaíocht agus ar chineálacha cur chuige nua i réimse na meabhairshláinte, d’fhorbair Fondúireacht Lilinkoti na Fionlainne cluichí dar teideal The World of Recovery – is cluiche ar líne ceann acu agus is cluiche cláir an ceann eile. Ról-imirt atá i gceist iontu araon agus ní mór do na himreoirí ról carachtair ar leith a ghlacadh chucu féin. Suite i ndomhan lándóchais sa todhchaí, is é is aidhm do na cluichí na comharthaí téarnaimh a chothú. Dírítear orthu siúd atá ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte agus mí-úsáide substaintí, ach ar ghairmithe na réimse sin freisin. Dar le Reetta Sedergren agus Venla Leimu, ionadaithe Lilinkoti, ba mhór an seans go gcuirfí feabhas ar fhadhbanna meabhairshláinte trí chluichí a imirt ach ní bhaintear triail mórán, áfach, as cluichí a úsáid. 

Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal? 

Roinnt blianta ó shin, bhraitheamar i bhfondúireacht Lilinkoti go raibh neart féidearthachtaí ann don nuálaíocht agus do chineálacha cur chuige nua i réimse na meabhairshláinte. Ba chéim mhór chun cinn don réimse an bhéim a bhí ar theiripí atá dírithe ar an téarnamh, ach ní raibh dóthain uirlisí nua-aimseartha agus nuálacha ann chun iad a chur chun feidhme. Bhí taithí againn san eagraíocht, ar feadh na mblianta, ar bheith ag obair le daoine a bhí ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte, agus rith smaoineamh linn: céard faoi uirlis nua-aimseartha a chruthú lena bhféadfaí an mheabhairshláinte a fheabhsú – cluiche digiteach a imrítear agus tú i ról carachtair ar leith. 

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo?   

Bhí baint ag daoine a bhí ag teacht chucu féin tar éis fadhbanna meabhairshláinte agus ag gairmithe le forbairt na gcluichí World of Recovery agus aiseolas leanúnach ar fáil ó thús go deireadh an phróisis deartha dá bharr, rud a chuir leis an toradh deiridh. 

Fuaireamar aiseolas pearsanta thar a bheith dearfach gan ainm ó imreoirí an dá chluiche. Cuir i gcás, dúirt níos mó ná 90 % de na freagróirí gur chuir an cluiche ar líne lena bhfolláine agus gur chabhraigh sé leo a bheith gníomhach, agus gur chuidigh an cluiche ról-imeartha leo lena scileanna sóisialta.  

B’fhéidir gurbh iad an gáire agus na comhráite faoi mhothúcháin, dúshláin agus láidreachtaí an t-aiseolas ab fhearr, sin agus an bealach a thug na cluichí na himreoirí le chéile, beag beann ar róil ná cúlra. 

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna

Is iomaí buntáiste a bhaineann le bheith ar línte tosaigh na nuálaíochta. Tá sé fíorspreagúil agus tá tú páirteach i rud éigin nua. Glac leis, ná cuir srian leis an rud. Déan an rud is dual duit, bí fiosrach agus éist le tuairimí gach duine. Thar aon ní eile, na daoine sin a bhfuil biseach tagtha orthu agus iad ina saineolaithe mar gheall ar an taithí atá acu, lig dóibh páirt a ghlacadh sa phróiseas deartha. Agus cluichí á ndearadh agat, ní mór duit bheith réidh le déileáil leis na gairmithe a chuirfidh ina gcoinne. Ní hannamh i réimse na meabhairshláinte go meastar cluichí a bheith díobhálach nó go meastar go n-éireoidh daoine an-tugtha dóibh. Ná tagadh lagmhisneach ort! Bí misniúil, cruthaitheach agus glac fís chugat féin. 

Cén chaoi ar féidir le cluichí ríomhaireachta agus físeáin feabhas a chur ar an meabhairshláinte? I do thuairimse, ar cheart níos mó úsáide a bhaint astu i gcóireáil saincheisteanna meabhairshláinte? 

D’fhéadfadh cluichí ríomhaireachta agus físeáin, agus go háirithe cluichí ról-imeartha, feabhas ollmhór a chur ar fhadhbanna meabhairshláinte. Ós rud é go bhfuil líon scanrúil daoine thíos le fadhbanna meabhairshláinte, tá bealaí nua ilghnéitheacha go mór de dhíth orainn chun cúrsaí meabhairshláinte a neartú. Is bocht an scéal é nach ndearnadh acmhainneacht na gcluichí a chíoradh a thuilleadh. Ní easpa spéise is cúis leis sin ach easpa cistiúchán leordhóthanach. Ní furasta an rud é cluichí maithe a fhorbairt a rachaidh chun sochair do mheabhairshláinte na ndaoine agus is fada an próiseas é. Teastaíonn tuilleadh cistiúcháin uainn, tuilleadh tionscadail chomhfhorbartha agus níos mó gairmithe ó thionscal na meabhairshláinte agus ó thionscal na gcluichí atá ag obair chun an sprioc sin a bhaint amach, sin agus taighde, tá géarghá le taighde. 

Tá neamhoird itheacháin ag cur as do níos mó ná 55 mhilliún duine ar fud an domhain, arb ógánaigh cuid mhaith acu, rud a imríonn tionchar ar a sláinte fhisiciúil agus ar a meabhairshláinte. Cuireann stiogma cosc ar go leor acu cabhair a lorg. Is é is aidhm don tionscadal Telling Stories for Good, atá á reáchtáil ag an eagraíocht Iodálach Animenta, deireadh a chur le steiréitíopaí, an luathaithint a chur chun cinn agus tacaíocht a chur ar fáil. Ó bhí 2021 ann, tá teagmháil déanta ag Animenta le níos mó ná 10 000 dalta san Iodáil. Labhraíomar le Aurora Caporossi, Uachtarán agus bunaitheoir Animenta.

Tá neamhoird itheacháin ag cur as do níos mó ná 55 mhilliún duine ar fud an domhain, arb ógánaigh cuid mhaith acu, rud a imríonn tionchar ar a sláinte fhisiciúil agus ar a meabhairshláinte. Cuireann stiogma cosc ar go leor daoine cabhair a lorg. Is é is aidhm don tionscadal Telling Stories for Good, atá á reáchtáil ag an eagraíocht Iodálach Animenta, deireadh a chur le steiréitíopaí, an luathaithint a chur chun cinn agus tacaíocht a chur ar fáil. Ó bhí 2021 ann, tá teagmháil déanta ag Animenta le níos mó ná 10 000 dalta san Iodáil. Labhraíomar le Aurora Caporossi, Uachtarán agus bunaitheoir Animenta.

Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal?

Is mar gheall ar an ngá atá ann guth a thabhairt do gach duine a bhfuil neamhord itheacháin ag cur as dóibh a tháinig Animenta ar an bhfód, ach freisin chun guth a thabhairt dóibh siúd mórthimpeall orthu. Is é is aidhm don chumann a áirithiú go mbeidh rochtain chuí ag daoine ar chóireáil le haghaidh neamhoird itheacháin, toisc gur féidir le daoine neamhord itheacháin a leigheas má thugtar an deis dóibh é sin a dhéanamh iad féin.

Cén chaoi ar glacadh leis an tionscadal? An bhfuarthas aiseolas ó na daoine ar cuidíodh leo?  An bhfuil sampla agat is féidir leat a thabhairt dúinn?

‘Ba in Animenta ar cuireadh fáilte romham, thuig mé go raibh neamhord itheacháin ag cur as dom freisin cé nach raibh mé ró-éadrom.’ Seo teachtaireacht a chuir duine dár bpobal chugainn roinnt míonna ó shin a chuir ar ár súile dúinn tábhacht agus tionchar ár gcuid oibre. Fáiltíodh roimh Animenta le teann fiosrachta, ach freisin le teann dóchais go bhféadfaimis athrú a thabhairt i gcrích.

Cén leas a bhainfidh an eagraíocht as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a chur ar fáil sa phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agat cheana féin?

Ba mhaith linn cur de réir a chéile leis an infheistíocht a dhéanaimid inár dtionscadail sna scoileanna chun an tionchar atá againn a leathnú. Ar an gcaoi chéanna, úsáidfimid cistí chun grúpaí féinchabhrach a thosú dóibh siúd a bhfuil neamhord itheacháin ag cur as dóibh. I measc na dtionscadal atá ag Animenta, tá campaí Animenta, ar campaí sé lá iad sin sa nádúr a ligeann do dhaoine a gcaidreamh leo féin, an caidreamh idir iad féin agus a gcorp agus an caidreamh idir iad féin agus an bia a athaimsiú.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun na gcineálacha gníomhaíochtaí agus clár seo?

Tosaigh le scéalta chun foghlaim faoi na rudaí atá ag cur as don phobal a bhfuil tú ag plé leis. Iarr aiseolas, agus tabhair amach ceistneoirí chun tuiscint a fháil ar a bhfuil de dhíth orthu. Ach thar aon ní eile gabh amach sa phobal chun scéal do streachailte a insint agus focal a scaipeadh faoin athrú is mian leatsa a thabhairt i gcrích. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach teagmháil a dhéanamh le daoine eile chun córas tacaíochta éifeachtach agus éifeachtúil a chruthú.

I do thuairim, an aithnítear neamhoird itheacháin i gceart inniu mar fhadhb thromchúiseach mheabhairshláinte? An bhfaigheann daoine atá thíos leis seo an tacaíocht chuí agus cad ba cheart a dhéanamh chun é seo a fheabhsú?

Sa lá atá inniu ann tá níos mó cainte faoi neamhoird itheacháin, agus mar sin de is féidir linn a rá go bhfuil tuilleadh eolais ann. Mar sin féin, is galair iad a bhfuil stiogma sóisialta domhain agus a lán steiréitíopaí ag baint leo. Creideann roinnt daoine, fiú sa lá atá inniu ann, gur easpa féinsmachta nó nóisean is cúis le neamhoird itheacháin. I ndáiríre, is tinneas casta síciatrach iad neamhoird itheacháin a dteastaíonn cóireáil chuí uathu, rud nach mbíonn ar fáil i gcónaí faoi láthair toisc nach bhfuil go leor ionaid chóireála ann agus nach féidir le go leor daoine rochtain a fháil ar an gconair chóireála.

A bhuí leis an líonra rannpháirtíochta sóisialta, AgeWell, atá curtha ar bun aici, tá ag éirí leis an bhfondúireacht carthanachta ‘Third Age’ in Éirinn an ruaig a chur ar an uaigneas in earr na haoise. Is amhlaidh a thugann ‘compánaigh’ an líonra sin (is daoine iad seo a bhfuil an leathchéad ar a laghad slánaithe acu) cuairt sa bhaile ar dhaoine scothaosta uair sa tseachtain d’fhonn cuideachta a choinneáil leo. Coimeádann siad súil freisin ar shláinte agus ar dhea-bhail an chliaint le cabhair ceistneora is féidir a líonadh isteach ar aip fóin chliste. Dúirt Alison Branigan atá ag obair do ‘Third Age’ linn go bhfuil tacaíocht curtha ar fáil go dtí seo acu do bhreis is 500 duine i gContae na Mí, agus dar le cuid acusan gur ‘líne tharrthála’ dóibh an tseirbhís nó fiú gur ‘solas ag ceann tolláin fhada dhorcha’ acu í.

A bhuí leis an líonra rannpháirtíochta sóisialta, ‘AgeWell’, atá curtha ar bun aici, tá ag éirí leis an bhfondúireacht carthanachta ‘Third Age’ in Éirinn an ruaig a chur ar an uaigneas in earr na haoise. Is amhlaidh a thugann ‘compánaigh’ an líonra sin (is daoine iad seo a bhfuil an leathchéad ar a laghad slánaithe acu) cuairt sa bhaile ar dhaoine scothaosta uair sa tseachtain d’fhonn cuideachta a choinneáil leo. Coimeádann siad súil freisin ar shláinte agus ar dhea-bhail an chliaint le cabhair ceistneora is féidir a líonadh isteach ar aip fóin chliste. Dúirt Alison Branigan atá ag obair do ‘Third Age’ linn go bhfuil tacaíocht curtha ar fáil go dtí seo acu do bhreis is 500 duine i gContae na Mí, agus dar le cuid acusan gur ‘líne tharrthála’ dóibh an tseirbhís nó fiú gur ‘solas ag ceann tolláin fhada dhorcha’ acu í.

Cad a spreag thú chun tús a chur leis an tionscadal seo?

Cuireadh tús le AgeWell i gContae na Mí chun tacú le daoine scothaosta san áit, toisc méadú a bheith tagtha ar a líon agus riachtanais faoi leith acu ó thaobh cúinsí sóisialta nó cúram fisiciúil de, nó neachtar acu ar leibhéal na mothúchán nó na sícé. Tá an-bhrú go deo ar sheirbhís sláinte na tíre, tá fás faoinár ndaonra agus méadú ar líon na ndaoine scothaosta ina measc, ní áirím na liostaí fada feithimh atá ann le haghaidh seirbhísí, mar shampla an tacaíocht sa bhaile. Is acmhainn do AgeWell freastal go tráthúil agus go praiticiúil ar na daoine sin, rud a chuireann leis an tseirbhís sláinte atá ann cheana agus a chuireann feabhas uirthi trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta atá uaigneach, leochaileach, scoite amach, i mbaol agus gan ar a gcumas an baile a fhágáil. An aidhm atá ann ná cabhrú leo feabhas a chur ar a gcúinsí maireachtála i dtreo gur sia a n-uain ar an saol, agus é sin in áit atá roghnaithe acu féin. Is trí chaidreamh sóisialta a chur ar fáil dóibh agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar a sláinte agus ar an mbail atá orthu, sin agus trí fhadhbanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus a chomhrac sula dté siad i dtromchúisí, a dhéanfar sin. Is amhlaidh atá AgeWell ag cur agus ag cuidiú freisin le héiteas na fondúireachta atá bunaithe againn, Third Age, sa tslí go dtacaíonn sé go díreach le daoine scothaosta trí sheirbhísí agus cláir nuálacha a chur ar fáil dóibh agus go gcruthaíonn sé deiseanna uathúla a ligeann do dhaoine atá buille beag níos aosta tacú lena bpiaraí agus le grúpaí pobail eile trí mheán obair dheonach. 

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo?  (An féidir leat sampla a thabhairt má tá ceann ar bith agat)

Go nuige seo tá AgeWell tar éis tacaíocht a thabhairt do bhreis is 500 duine scothaosta i gContae na Mí. Is mór ag cuid mhaith daoine an ghné chuideachtúil den chlár: ní beag an mhuinín atá acu faoin tráth seo as na compánaigh a sheol AgeWell chucu. Is rud é seo a chabhraíonn linn tuiscint a fháil ar na riachtanais agus na cúiseanna imní atá acu agus, ar an gcaoi sin, is acmhainn dúinn tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh.

Seo cuid de na nithe atá ráite ag ár gcliaint linn: ‘Is líne tharrthála dom an tseirbhís seo’; ‘Níor thuig mé go raibh an tacaíocht seo de dhíth orm go dtí gur tugadh dom í’; ‘Is mór é mo bhuíochas ar an tseirbhís agus ar mo chompánach: tógann sí mo chroí gach aon seachtain’; ‘Ba mhinic scailp uaignis orm, ní fheicinn duine ná deoraí ó lá go lá, ach anois bíonn súil in airde agam le cuairt mo chompánaigh’. Dúirt cliant amháin linn go raibh sé in iomar na haimléise tráth den saol agus d’admhaigh sé fiú gur mhinic a chuimhnigh ar lámh a chur ina bhás féin. Ar seisean: ‘Tháinig AgeWell chugam ar uair na faille. Chuidigh sé liom solas a fheiceáil ag ceann tolláin fhada dhorcha’ agus dúirt sé ina theannta sin ‘gur chóir teacht a bheith ag an uile dhuine ar an tseirbhís seo’.

Seo a raibh le rá ag ár gcompánaigh dheonacha atá scothaosta freisin: ‘Is breá liom an obair dheonach seo a dhéanamh’; ‘Is aoibhinn le mo chroí é nuair a thuigim go bhfuil tábhacht leis an rud atá ar siúl agam’; agus ‘Is iomaí ní atá foghlamtha agam faoi dhaoine agus fúm féin ó thosaigh mé ar an obair seo’.

Is acmhainn dúinn a chruthú go staitistiúil go gcuireann AgeWell le dea-bhail an duine agus go gcuireann sé tacaíocht ar fáil, cibé acu tacaíocht shóisialta, mhothúchánach nó fhaisnéiseach í sin, go laghdaíonn sé a mhéad a mhothaíonn an pobal scothaosta scoite amach, ní áirím an t-uaigneas atá orthu, go bhfeabhsaíonn sé sláinte féinrátáilte an duine, sin agus go méadaíonn sé leibhéil na gníomhaíochta coirp.

Tugadh aiseolas dúinn freisin faoin suaimhneas aigne a thugann sé do ghaolta ár gcliant agus is eol dúinn chomh maith go n-aithníonn soláthraithe cúraim sláinte ár gcuid oibre ós amhlaidh is minic a chuireann siad cliaint go díreach inár dtreo.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?

Cuir aithne cheart ar do spriocphobal, cibé rannpháirtithe atá agat bídís páirteach sa phróiseas, agus éist go géar lena moltaí agus lena riachtanais siúd. Bíodh muinín agat as an eolas atá agat agus as an méid is féidir leat a bhaint amach, is gá a bheith cróga agus cruthaitheach, agus is gá coinneáil ort: má tá síol na maitheasa i pé smaoineamh atá agat, tiocfaidh bláth air lá is faide anonn. Is gá a bheith sásta oibriú i gcomhar le daoine eile, agus má ritheann leat a chur ina luí ar an stát nó ar an tseirbhís sláinte maoiniú agus/nó tacaíocht a thabhairt duit nó neachtar acu do sheirbhís a chur chun cinn, is mór mar a chuirfidh sin le creidiúnacht an chláir, leis an tionchar a bheidh aige agus leis an rath a bheidh air.

Dar leat, cad é an rud is mó faoi deara fadhbanna meabhairshláinte a bheith ag cur ar an bpobal scothaosta anois, gan cúiseanna fiseolaíocha a bhacadh? An féidir linn, ag feidhmiú dúinn ar leibhéal na sochaí, feabhas a chur ar mheabhairshláinte an phobail sin?

Is cúinsí iad an t-uaigneas agus an t-imeallú a ghéaraíonn, murab ionann is riamh, ar fhadhbanna meabhairshláinte an phobail scothaosta. Siúd is gur fíor gur díol imní é seo i gceantair thuaithe na hÉireann, tá sé chomh forleathan chomh rábach céanna i mbailte agus i gcathracha móra na tíre. Le blianta beaga anuas, tá ‘eipidéim eagla, imní agus lionn dubh’ le sonrú anseo maille le fadhbanna meabhairshláinte eile. Is éard is cúis leo iarmhairtí na nithe seo a leanas: an phaindéim, an leithlisiú éigeantach, an clutharú agus an cochlú, cailleadh an chaidrimh shóisialta, agus srian a bheith curtha leis na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh daoine scothaosta a dhéanamh agus leis an tsaoirse a bhí acu. Bhí ról freisin ag imeachtaí in Éirinn agus sa domhan mór leis, ina measc an costas maireachtála, mar aon le cogaí agus coinbhleachtaí áirithe. De réir mar a théann daoine in aois, cúngaíonn ar a gciorcail shóisialta; ní hannamh breoite iad, rud a fhágann nach cumas dóibh bualadh amach faoin spéir. Ina theannta sin, ráiníonn sé uaireanta nach mbíonn ina gcumas a thuilleadh an baile a fhágáil nó gur rómhinic a mbrath ar dhaoine eile. Is buille iad na nithe sin uile dóibh ó thaobh na féinmhuiníne agus an fhéinmheasa de, sin agus don ghiúmar atá orthu, ní áirím don dearcadh atá acu ar an saol. Cé go mb’fhéidir gur dofheicthe iad mar ghrúpa ar uairibh, ba thábhachtach nach ligfí iad i ndearmad. Ní foláir dúinn cuimhneamh ar an tábhacht a bhaineann le sprid an phobail, le hidirghabhálacha pobail agus le cumhacht na dtionscnamh atá dírithe ar chaidreamh sóisialta agus oideasaithe sóisialta a chur chun cinn. 

Ní bheidh aon chomhaontú glas gan comhaontú sóisialta

le Grúpa na nOibrithe in CESE

Ní bheidh aon chomhaontú glas gan comhaontú sóisialta

le Grúpa na nOibrithe in CESE

An 26 Feabhra, tháinig na feirmeoirí ina dtarracóirí le sráideanna na Bruiséile a bhlocáil agus agóid a dhéanamh, den dara huair sna seachtainí beaga atá imithe thart. I gcontrárthacht go mór lena fheictear ar shráideanna an cheantair Eorpaigh de ghnáth, lucht na gcultacha agus iad pioctha néata agus mar sin de, bhí na sráideanna dubh le trucailí, tarracóirí, féar tirim agus carn bonn curtha trí thine. I measc na gcúiseanna casta atá le hagóid na bhfeirmeoirí, tá an comhbheartas talmhaíochta, beartais chomhshaoil agus saincheisteanna eile nach bhfuil aon bhaint acu leo sin.

Is é fírinne an scéil go bhfuil cruachás faoin tuath san Eoraip, agus is mar sin don scéal le fada an lá. Tá rabhadh tugtha ag Grúpa na nOibrithe agus ag CESE ina iomláine arís agus arís eile nach mbeadh aon chomhaontú glas ann gan comhaontú sóisialta. Cé go bhféadfadh sé a bheith i bhfad ró-éasca beag is fiú a dhéanamh den mhéid sin agus a rá nach bhfuil ann cuid eile de bhéarlagair na Bruiséile, botún tromchúiseach a bheadh ann é sin a dhéanamh. Tá fíorfhadhbanna roimh na ceantair tuaithe. Áirítear orthu sin na hidirghabhálaithe nach n-íocann ach pinginí le táirgeoirí, ach a bhfuil praghsanna millteanacha á ngearradh acu ar na tomhaltóirí; an chabhair neamhleor atá ann chun athchóirithe comhshaoil a dhéanamh; agus an tsaorthrádáil (neamhchothrom), na dálaí oibre diana agus an t-athrú aeráide.

Is cúis imní ollmhór freagairt an Choimisiúin Eorpaigh, a bhí an-tapa chun riachtanais lotnaidicídí a chaitheamh amach. Is measa sin fiú ná an easpa comhairliúcháin iomchuí agus teagmhála a rinneadh leis na comhpháirtithe sóisialta agus an easpa gníomhaíochta ar leibhéal an bheartais shóisialta. Ar an gcaoi chéanna le bearta comhshaoil, d’fhéadfadh sé go n-éireodh lenár bpolaiteoirí fanacht san oifig cuid bheag eile trí bhata agus bóthar a thabhairt do na bearta sin, ach d’fhágfadh sé freisin nach mbeadh aon dul siar ann a mhéid a bhaineann leis an damáiste a bheadh déanta don chomhshaol.

Anuas air sin, agus na toghcháin ag teacht, tá an eite fhíordheis ag iarraidh teacht isteach ar mhíshástacht na ndaoine agus, go pointe, tá ag éirí léi na daoine a chur i gcoinne na spriocanna forbartha inbhuanaithe, an Chomhaontaithe Ghlais agus Chlár Oibre 2030.

An 23 Feabhra, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Coimisiún Eorpach imeacht suaitheanta leis an mBliain Eorpach um Scileanna a cheiliúradh. Tugadh le chéile os cionn 400 duine óg ó gach Ballstát den Aontas san imeacht le solas a chaitheamh ar na scileanna atá ag teastáil le haghaidh na bpost atá ann cheana agus na gceann a bheidh ann amach anseo.

An 23 Feabhra, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Coimisiún Eorpach imeacht suaitheanta leis an mBliain Eorpach um Scileanna a cheiliúradh. Tugadh le chéile os cionn 400 duine óg ó gach Ballstát den Aontas san imeacht le solas a chaitheamh ar na scileanna atá ag teastáil le haghaidh na bpost atá ann cheana agus na gceann a bheidh ann amach anseo.

Bhí 35 churadh óga Eorpacha i láthair ag an imeacht Caith Seal leis na Curaidh Eorpacha. Daoine óga a bhí iontu siúd a rug an bua leo sna comórtais WorldSkills agus EuroSkills a reáchtáladh le déanaí, chomh maith le curaidh ó na Cluichí Oilimpeacha um Scileanna le haghaidh daoine faoi mhíchumas, Abylimpics. Ghlac na hiomaitheoirí páirt i mbreis agus 20 disciplín éagsúil, ina measc sin róbataic mhóibíleach, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, meicnic, dearadh grafach, teicneolaíochtaí mótarfheithiclí agus tógáil.

Roinn na curaidh scéalta spreagúla faoina gcuid foghlama agus gairme féin. Cuireadh taispeántais éagsúla ar siúl don lucht féachana óg a thug an deis dóibh scileanna traidisiúnta agus scileanna nua a fheiceáil agus foghlaim fúthu i réimsí amhail an bhláthadóireacht, péinteáil carranna, an róbataic agus an réaltacht fhíorúil. Bhí cainteanna ann, mar shampla, maidir le comhtháthú córas róbat, róbat dímhianaithe don Úcráin agus an dearadh ríomhchuidithe san innealtóireacht mheicniúil.

Leis sin, féachadh leis na tairbhí agus na deiseanna a bhaineann leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint a chur chun cinn, go mór mór i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus thodhchaí shaol na hoibre. Tá tábhacht freisin leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint a mhéid a bhaineann leis an nganntanas saothair agus scileanna atá ann faoi láthair san Aontas agus na mímheaitseálacha scileanna. Tá breis agus an trí cheathrú de na cuideachtaí san Aontas ann a thuairiscíonn go bhfuil deacrachtaí acu na hoibrithe a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a aimsiú.

Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Is iad scileanna an eochair atá ag teastáil chun cun ar chumas daoine óga a bheith rathúil sa saol, an saol pearsanta agus an saol oibre san áireamh. Agus an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas ar bun faoi láthair, tá sé de chumhacht againn, a bhuí le scileanna, ní hamháin sinn féin a chur in oiriúint don domhan nua, ach poist an lae amárach a mhúnlú freisin’.

Seo a bhí le rá ag Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta: ‘Osclaítear an-chuid doras i margadh saothair an lae inniu a bhuí leis an ngairmoiliúint. Táim cinnte de go bhféadfadh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint cuidiú linn aghaidh a thabhairt ar na mímheaitseálacha scileanna agus ar an nganntanas saothair a chuireann bac ar thionscail na hEorpa’.

Léiríodh san imeacht gur rogha den scoth an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a chuireann deiseanna iontacha gairme ar fáil do dhaoine óga agus a chuireann ar chumas acu poist a aimsiú go tapa. Is fíor an méid sin freisin do dhaoine fásta ar mian leo poist a athrú nó snas a chur ar an riar scileanna atá acu cheana féin. Ina ainneoin sin, is minic an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint ina ndara rogha ag mic léinn ionchasacha. In 2021, bhí beagán os cionn leath de na daltaí meánleibhéil ar fad san Aontas ag tabhairt faoi chúrsa gairmoideachais nó gairmoiliúna.

In 2022, d’éirigh le beagnach 80 % de na céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna post a fháil. Is é is aidhm don Aontas an méid sin a ardú go 82 % faoi 2025. (ll)

Ar mhaith leat an córas oideachais a athrú? An bhfuil fadhb agat le táirgí bia éillithe? Ar mhaith leat aistriú ón iompar de bhóthar chuig an iompar d’iarnród a chur chun cinn? An bhfuil deacrachtaí agat do chuideachta a chlárú i dtír eile san Aontas Eorpach? Tá a lán ceart ag saoránaigh an Aontais, ach bíonn orthu roghanna crua a dhéanamh freisin. I ngeall air sin, ní mór dóibh a bheith ar an eolas faoin áit agus faoin gcaoi ar féidir leo difear a dhéanamh, agus faoi na roghanna atá acu.

Ar mhaith leat an córas oideachais a athrú? An bhfuil fadhb agat le táirgí bia éillithe? Ar mhaith leat aistriú ón iompar de bhóthar chuig an iompar d’iarnród a chur chun cinn? An bhfuil deacrachtaí agat do chuideachta a chlárú i dtír eile san Aontas Eorpach? Tá a lán ceart ag saoránaigh an Aontais, ach bíonn orthu roghanna crua a dhéanamh freisin. I ngeall air sin, ní mór dóibh a bheith ar an eolas faoin áit agus faoin gcaoi ar féidir leo difear a dhéanamh, agus faoi na roghanna atá acu.

Is féidir teacht ar na freagraí ar na ceisteanna sin sa Phas Eorpach um Dhaonlathas – pas a bhfuil an-tóir air agus a ndearnadh uasdátú air le déanaí. Sa Phas seo, is féidir teacht ar bhileoga eolais, eolas cúlra, treoracha agus roghnóirí a bhaineann le gach gné de dhaonlathas nua-aimseartha na hEorpa, lena n-áirítear sraith uirlisí d’acmhainní rannpháirtíochta agus lámhleabhar mionsonraithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Tá an leagan nua ar fáil cheana féin i roinnt teangacha agus beidh sé ar fáil i dteangacha eile sna seachtainí amach romhainn. (cw)