Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta

Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus ar na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.

Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta

Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.

Is cinnte gur mí dhian spreagúil a bhí i mí an Mhárta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Thionólamar ár n-imeacht bliantúil don óige, Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, agus thugamar an t-ardán uair amháin eile dár dtodhchaí, aos óg na hEorpa, ar dhaltaí meánscoile a lán díobh, as gach cearn den Eoraip, an Ríocht Aontaithe agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach san áireamh.

Lena chois sin, reáchtálamar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta inar tugadh le chéile os cionn 800 ionadaí ón tsochaí shibhialta as gach cearn den Eoraip chun páirt a ghlacadh i bplé bríomhar, chun dea-chleachtais a mhalartú agus teacht ar réitigh le chéile atá dírithe ar an rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú. An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti an mana a bhí againn i mbliana.

I ré chorrach na haimsire seo, níl aon easpa saincheisteanna práinneacha ann. Cén fáth díriú ar an bpolarú, mar sin?

Is féidir leis an bpolarú – is é sin dul i ndéine dearcthaí contrártha – a bheith ina ghnáthchuid den dioscúrsa daonlathach, agus é fréamhaithe san idé-eolaíocht go minic. Go deimhin, tá díospóireacht bhríomhar agus cur in iúl tuairimí éagsúla, fiú tuairimí a thagann salach ar a chéile, thar a bheith tábhachtach do gach aon sochaí oscailte iolraíoch ar nós na sochaí seo againne. Is minic a chuir CESE i bhfáth gur díospóireacht oscailte, gan srian de chineál ar bith, an bhunchloch atá le sochaí rannpháirtíoch agus nach féidir le daonlathas feidhmiú mar is ceart dá huireasa.

Mar sin féin, an polarú atá ag teacht chun cinn faoi láthair, is rud éagsúil é ón taithí a bhí againn go dtí seo ar an bpolarú. Tá méadú ag teacht ar an bpolarú diúltach agus ar an bpobalachas, gluaiseachtaí a dhiúltaíonn don idirphlé, a ídíonn an mhuinín agus a bhaineann an bonn de luachanna an daonlathais. Sa pholaitíocht agus sa saol poiblí, tá an spás atá ar fáil don chomhréiteach ag crapadh. Nuair a bhíonn naimhdeas sa pholarú, nuair a chothaíonn sé an fuath nó an t-olc, cuirtear isteach ar an gcomhtháthú sóisialta, méadaítear ar an deighilt agus, sna cásanna is measa, is foréigean an toradh a bhíonn air.

Trí dhíriú go sonrach ar an bpolarú le linn an imeachta atáimid a eagrú, theastaigh uainn aird a tharraingt ar an méadú as cuimse atá tagtha ar na tréithe tocsaineacha atá i gceist leis agus atá ag sleamhnú isteach go mall i ngach uile ghné de shochaithe na hEorpa.

Tá an claonadh imníoch sin ag méadú de bharr bagairtí éagsúla atá ann: tionchar ón gcoigríoch ar phróisis dhaonlathacha, scaipeadh na bréagaisnéise, agus cúbláil na meán sóisialta chun guthanna contrártha a chur ina dtost agus tuairimí míchuibheasacha a bhrú chun cinn. Feicimid freisin go bhfuil an brú ar shaoirse na meán ag méadú – bíodh sin tríd an monaplú, trí chur isteach ón rialtas nó trí ionsaithe ar iriseoirí – tráth atá meáin chumarsáide shaora iolraíocha níos riachtanaí ná riamh.

In CESE, is cúis mhór imní dúinn an méadú atá tagtha ar choireanna fuathbhunaithe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear coireanna atá dírithe ar reiligiún, ar ghnéas agus ar inscne. Baineann an fuath an bonn den daonlathas, lagaíonn sé ár n-institiúidí, agus cothaíonn sé easpa muiníne i measc na saoránach.

Is é sin an áit a bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an tsochaí shibhialta. Tá an dúthracht agus an misneach le sonrú i measc eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun spásanna daonlathacha a chosaint, cearta bunúsacha a chaomhnú, agus creatlach an phobail a neartú. Ar chuid de sin tá an brú atá ar éifeachtaí tocsaineacha an pholaraithe dhiúltaigh cúlú.

Ba í Seachtain na Sochaí Sibhialta an chaoi ina rabhamarna in ann tacú leis an iarracht sin. Cuireadh spás ar fáil le haghaidh idirphlé fóinteach, smaointe úra agus réiteach comhoibríoch fadhbanna arbh é b’aidhm dóibh an rannpháirtíocht agus an comhtháthú sóisialta a chothú. D’eagraíomar painéil den Ghrúpa Idirchaidrimh inar pléadh ábhair éagsúla, mar aon le lá ar leith a tiomnaíodh don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – an uirlis thábhachtach atá ag an Aontas ar mhaithe leis an daonlathas díreach.

Mar chuid den tseachtain, bhronn CESE an 15ú heagrán de Dhuais na Sochaí Sibhialta ar thrí thionscnamh den scoth atá dírithe ar an bpolarú a chomhrac fud fad na hEorpa. Roghnaíodh na tionscadail sin as níos mó ná 50 iontráil ó 15 Bhallstát, agus léiríonn na tionscadail sin scála an dúshláin agus an tiomantas láidir atá ann i measc ghníomhaithe na sochaí sibhialta an dúshlán sin a fhreagairt.

Tá súil agam go spreagfaidh eagrán na bliana seo de Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus buaiteoirí na Duaise dóchas athnuaite as an ról is féidir leis an tsochaí shibhialta a imirt chun luachanna daonlathacha na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn.

Ós rud é go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh againn fós ar na smaointe, na tograí agus an tátal ó imeachtaí mhí an Mhárta, chinneamar cead cainte a thabhairt in eagrán seo mhí Aibreáin do roinnt guthanna ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus ó YEYS. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ábhar léitheoireachta.

Laurenţiu Plosceanu

Leas-Uachtarán um an gCumarsáid

Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil faoi ionsaí gan staonadh ó thús an chogaidh.

Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil ionsaí gan staonadh á dhéanamh air ó thús an chogaidh.

Mar oideoir, mar mhúinteoir, cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar do chumas múinteoireachta agus ar an gcóras oideachais i gcoitinne san Úcráin?

Sa lá atá inniu ann in Kharkiv, is ar líne a dhéantar an scolaíocht i nach mór chuile scoil toisc nach bhfuil dóthain ionaid dídine againn chun ár ndaltaí a choinneáil slán le linn ranganna ar an láthair. Is amhlaidh atá le trí bliana anois agus an 23 Feabhra 2022 an uair dheireanach a chonaic mé na daltaí os mo chomhair sa seomra ranga.  Is iomaí dalta atá tar éis an tír a fhágáil - ní raibh an dara rogha acu. Tá cónaí orthu anois i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa agus mar mhúinteoir, téann sin go smior ionam. Braithim uaim mo chuid daltaí agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag streachailt le cuid mhaith rudaí. Uaireanta bíonn orthu freastal ar scoileanna Eorpacha agus scoileanna na hÚcráine araon. Is ualach ollmhór é sin orthu. Idir an dá linn, muidne atá san Úcráin go fóill, táimid de shíor i mbaol. Níl sé ceart ná coir do dhuine ar bith.

Seo an chéad uair riamh dúinn ag múineadh daltaí agus ag tacú leo le linn cogaidh. An rud is mó a bhíonn ag dó na geirbe agam is ea go bhfuil roinnt daltaí ann nach bhfuilim in ann cabhrú leo. Uaireanta níl an t-eolas ná an taithí chuí agam chun déileáil lena bhfadhbanna sláinte arb é strus agus éifeachtaí an struis is cúis leo. Tá athruithe ollmhóra tagtha ar phearsantachtaí daltaí áirithe mar gheall ar neamhord struis iarthrámaigh. I gcásanna den sórt sin, is cabhair dochtúra atá de dhíth orthu seachas cabhair an mhúinteora. Goilleann sé ort nuair a thuigeann tú nach féidir leat na daltaí a chosaint ar chruachás an tsaoil seo. Mar sin féin, fanaimid gar dár ndaltaí, réidh chun cabhrú leo agus chun tacú leo agus chun aire a thabhairt dóibh.

Deacracht eile is ea leanúint de bheith athléimneach mé féin chun gur féidir le mo dhaltaí brath orm, ní hamháin i dtaca le saol na scoile ach i ngnéithe eile den saol freisin. Is fearr is féidir le múinteoir láidir athléimneach tacú leis na daltaí ach conas is féidir linn an neart sin a choinneáil; sin í an cheist. Tá an oiread tacaíochta de dhíth ar mhúinteoirí atá ag maireachtáil agus ag obair le linn cogaidh agus a theastaíonn ó aon duine eile toisc go bhfuilimid ag tacú leis na leanaí arb iad ár dtodhchaí iad. Dá dhearfaí an múinteoir, is ea is mó tacaíocht agus cúram a fhaigheann an dalta.

Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach na dhaltaí a spreagadh chun spéis a bheith acu sa saol polaitiúil nó sa saol sibhialta nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta cosúil leis an gceann seo?

Ar cheann de thascanna bunriachtanacha na múinteoirí is ea ár ndaltaí a spreagadh le bheith gníomhach. Tá sé níos tábhachtaí fós iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa saol polaitiúil, ós rud é go bhfuil tionchar suntasach ag an bpolaitíocht ar shaol na ndaoine. Tugann sé deis luachmhar teacht ar smaointe agus réitigh ar chuid mhaith de na fadhbanna atá os ár gcomhair sa lá atá inniu ann.

Trí fhreastal ar imeachtaí idirnáisiúnta ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, is féidir le mic léinn compánaigh agus lucht tacaíochta a aimsiú chun a gcuid smaointe a roinnt, oibriú le chéile chun na réitigh is fearr a bhaint amach, agus taithí luachmhar a mhalartú. Gan amhras, nuair a bhuaileann daltaí lena bpiaraí, tugtar deis dóibh machnamh a dhéanamh ar a fhorásaí atá siad, ar na pleananna, na spriocanna agus na dearcthaí atá acu, agus ar an gcineál fáis phearsanta a d’fhéadfadh maitheas a dhéanamh dóibh go fóill.

Dá bhféadfá rud ar bith a rá le múinteoirí eile nó le scoileanna eile, cad ba mhaith leat a rá mar mhúinteoir san Úcráin faoi láthair?

Níl ach trí phointe agam ar mhaith liom a roinnt le mo chomhghleacaithe agus lena ndaltaí. Ar an gcéad dul síos, más mian leat eolas ceart a bheith agat faoin gcogadh, fiafraigh de na daoine sin a bhfuil cónaí orthu san áit a bhfuil an cogadh ar siúl.

Ar an dara dul síos, bíodh tuiscint agaibh ar a thábhachtaí atá sé a bheith aontaithe chun cabhrú le daoine eile agus a bheith réidh chun teagmhais thurraingeacha a chosc. Bíodh tuiscint agaibh freisin ar a thábhachtaí atá sé a bheith mar chuid de phobal láidir a bhfuil luachanna, leasanna agus ionchais mhorálta chomhroinnte aige don todhchaí.

Ar an tríú dul síos, an rud is dearfaí ná go bhfuilimid beo. Mairimid, bímid ag streachailt agus bainimid torthaí amach. Cuirimid feabhas orainn féin; tá súil againn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus déanaimid cuid mhaith chun a chruthú go bhfuil dóchas agus tart ann don saol, fiú i gcaitheamh na dtréimhsí is deacra. Tá meas againn orthu siúd a dhéanann a saol a íobairt dár dtodhchaí neamhspleách, agus cabhraímid leo a mhéid is féidir. Táimid buíoch as gach uile duine a chuidíonn linn.

Glacann daltaí na hÚcráine páirt i roinnt mhaith imeachtaí intíre agus idirnáisiúnta, comórtais agus sna Cluichí Oilimpeacha, áit a mbaineann siad torthaí iontacha amach agus ina dtuilleann siad aitheantas ar fud an domhain. Ag an am céanna, táimid ag foghlaim conas maireachtáil go fisiciúil, go hintleachtúil agus go mothúchánach sna dálaí maireachtála is deacra dá bhfuil ann, a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar ár saol i gcroílár na hEorpa.

Tá Tatiana Povalyaeva ag múineadh Béarla ag Kharkiv Lyceum 99 san Úcráin le beagnach 26 bliana anuas. Ghlac sí páirt i mbliana i Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) áit a raibh sí lena mic léinn. 

Tá ilroinnt an mhargaidh aonair ag cur isteach go díreach ar an gcostas maireachtála san Aontas, rud a fhágann go bhfuil cuid nach beag de mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta. D’iarramar ar Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ar an ábhar seo, a mhíniú dúinn cad iad na moltaí atá déanta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chruthú. 

Tá ilroinnt an mhargaidh aonair ag cur isteach go díreach ar an gcostas maireachtála san Aontas, rud a fhágann go bhfuil cuid nach beag de mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta. D’iarramar ar Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ar an ábhar seo, a mhíniú dúinn cad iad na moltaí atá déanta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chruthú. 

Le Emilie Prouzet

Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.

Le Emilie Prouzet

Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.

Measann CAI go bhfuil bacainní neamhtharaife laistigh den Aontas coibhéiseach le dleachtanna custaim thart ar 44 % ar earraí, rud atá trí oiread níos mó ná na bacainní idir stáit na Stát Aontaithe, ós rud é gur gnáth an rud é anois an comparáid sin a dhéanamh. I margadh na seirbhísí, ardaíonn an figiúr sin go 110 %!

Bia, tithíocht, fuinneamh, cúram sláinte, oideachas: is iomaí réimse a ndéantar difear dóibh, agus tá tionscnaimh Eorpacha ann ina leith. Ní mór dúinn uile dul sa bhearna bhaoil: na Ballstáit, oibreoirí príobháideacha agus an Coimisiún Eorpach sa ról atá aige mar Chaomhnóir na gConarthaí. Déanfaidh mé trí cinn de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil a lua.

I dtús báire, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt go práinneach ar shrianta soláthair críochacha agus ar dheighilt náisiúnta ag oibreoirí príobháideacha, rud a chuireann srian ar an iomaíocht agus a mbíonn praghsanna níos airde do thomhaltóirí dá bharr. Ceithre bhilliún dollar déag: is é sin an costas breise ar thomhaltóirí gach bliain, de réir staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde in 2020. Agus an boilsciú á chur san áireamh, luíonn sé le ciall gurb é an phríomhsprioc atá acu anois feabhas a chur ar an margadh aonair. Tá an Coimisiún ag obair leis, trí bhíthin an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) go príomha, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Cé go bhfuil an fhadhb casta, cuireadh tograí chun cinn. Déanaimis measúnú ar an tionchar a bheidh acu agus déanaimis dul chun cinn tapa i ndáil leis an tsaincheist.

Molaimid freisin dlús a chur le himeachtaí in aghaidh rialacha náisiúnta a sháraíonn dlí an Aontais. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh urghairí eatramhacha ann i gcoinne sáruithe soiléire ar rialacha an Aontais. Níor cheart dúinn cead a thabhairt bacainní a chur i bhfeidhm. Bíonn iarmhairtí díreacha de dheasca gníomhaíochtaí caomhnaitheacha Ballstát áirithe. Cén tuairim atá againn faoi chógais a d’fhéadfadh dul in éag sula ndéantar iad a atreorú chuig a gceann scríbe?

Ar deireadh, tá sé de dhualgas orainn teacht ar chur chuige cothrom idir ardchaighdeáin a chaomhnú maidir le hinbhuanaitheacht, dea-bhail agus cosaint an lucht saothair ar an taobh amháin agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú agus trádáil trasteorann a éascú chun margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chothú ar an taobh eile.

Beidh Seachtain Ghlas an Aontais á reáchtáil ón 3 go dtí an 5 Meitheamh. Beidh béim mhór ar na trí thréith seo: glan, iomaíoch agus ciorclach.

Beidh Seachtain Ghlas an Aontais á reáchtáil ón 3 go dtí an 5 Meitheamh. Beidh béim mhór ar na trí thréith seo: glan, iomaíoch agus ciorclach.

Is cúis bhróid d’Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP), an tionscnamh suaitheanta ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus ón gCoimisiún, Seachtain Ghlas 2025 an Aontais a bheith á chomheagrú acu agus díriú ar réitigh chiorclacha ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais. Beidh trácht i gcomhdháil na bliana seo ar an gcaoi ar féidir leis an ngeilleagar ciorclach feabhas a chur ar an iomaíochas inbhuanaithe, an dramhaíl a laghdú, agus an nuálaíocht a spreagadh. Ón 3-4 Meitheamh, déanfar iniúchadh i ndíospóireachtaí ardleibhéil ar ghnéithe beartais na ciorclaíochta, agus ina dhiaidh sin déanfar plé cuimsitheach in éineacht le páirtithe leasmhara an 5 Meitheamh maidir le hacmhainneacht na ciorclaíochta ionas go mbeidh an Eoraip tíosach ar acmhainní agus ionas go mbeidh sí iomaíoch.

Deis a bheidh san imeacht freisin an tuarascáil ón idirphlé leis na geallsealbhóirí a bhí in CESE an 10 Aibreán a chur i láthair. Is deis do na páirtithe leasmhara a bhí san imeacht sin le plé bríomhar a dhéanamh ar an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, ar straitéis an bhithgheilleagair, agus ar an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá á ullmhú.

Is féidir clárú do chomhdháil Sheachtain Ghlas an Aontais anseo. (ac)

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh / Oibrithe a Phostú

Document Type
AS

Mheall duais na bliana seo 58 n-iarratas ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí príobháideacha agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta i gcuid mhaith de Bhallstáit an Aontais, agus na hiarrthóirí sin scaipthe go forleathan ar a bhfuaid. 

Mheall duais na bliana seo 58 n-iarratas ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí príobháideacha agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta i gcuid mhaith de Bhallstáit an Aontais, agus na hiarrthóirí sin scaipthe go forleathan ar a bhfuaid.

Cumhdaítear réimse leathan ábhar sna hiarratais sin, ina measc rannpháirtíocht agus cumhachtú na hóige, an comhtháthú sóisialta agus an cuimsiú sóisialta, litearthacht sna meáin, mífhaisnéis, cearta an duine agus comhionannas inscne.

Téann go leor de na tionscnaimh go bunrúta na faidhbe agus rannchuidíonn siad leis an bpolarú a chosc.

Is éard is aidhm do thionscnaimh ar nós EUth Voices for Social Change, tionscnamh atá á reáchtáil ag an eagraíocht neamhbhrabúis Youthmakers Hub sa Ghréig, ná daoine óga a chumhachtú chun athruithe dearfacha a chur chun cinn sna pobail lena mbaineann siad. Is éard is aidhm do na tionscadail sin dul i ngleic le polarú díobhálach sa tsochaí, cultúr caoinfhulaingthe a chothú trí dhaoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach agus chun cur in éadan insintí scoilteacha, mar shampla trí oiliúint sa litearthacht dhigiteach a chur ar fáil agus trí mheán podchraoltaí.

Cuireann tionscadail eile in éadan insintí deighilteacha agus an radacaithe. Dúnann siad bearnaí idir cultúir, grúpaí eitneacha agus glúnta éagsúla, tugann siad aghaidh ar dheighiltí sa tsochaí, cothaíonn siad an chomhthuiscint agus an comhar, cosnaíonn siad na cearta bunúsacha agus spreagann siad an comhtháthú sóisialta.

Chruthaigh DEMDIS Digital Discussion, tionscnamh a sheol DEMDIS sa tSlóvaic, ardán bogearraí nua chun plé digiteach cothrom a óstáil air faoi ábhair éagsúla, ar a n-áirítear ábhair chonspóideacha fiú amháin. Vótálann lucht úsáidte an ardáin ar ráitis agus cuirtear i ngrúpaí tuairimí ar leithligh iad. Tógann an tionscadal droichid idir na campaí polaraithe sin trí chomhthuiscintí eatarthu a aimsiú.

Sampla amháin den chaoi ar féidir leis an tsochaí shibhialta oibriú chun cearta bunúsacha a chosaint is ea an Treoir maidir le Cearta an Duine a chuir an tSochaí Bhaltach um Chearta an Duine le chéile. Feidhmíonn an Treoir mar a bheadh ardán le haghaidh oideachas faoi chearta an duine ann, áit a dtugtar míniú i dteangacha éagsúla ar an gcuma ar féidir agus ar chóir do chearta an duine oibriú i gcásanna sonracha sa ghnáthshaol laethúil.

Ina theannta sin, cuid d’aighneachtaí na bliana seo a bhí dírithe ar conas dul i ngleic leis an bpolarú, mhol siad tabhairt faoi ar shlite cultúrtha agus ealaíonta, mar shampla Atlas geopholaitiúil na gcultúr agus na meán neamhspleách san Eoraip a chuir Arty Farty le chéile. Leagtar béim sa tionscnamh seo ar théamaí mórthábhachtacha le haghaidh líonra d’eagraíochtaí neamhspleácha cultúrtha agus meán ar fud na hEorpa, cuir i gcás an cuimsiú, bearnaí críochacha a laghdú, nó neachtar acu a riachtanaí atá sé an bhréagaisnéis a chomhrac. Léiríonn na tionscadail sin gur féidir leis an gcultúr agus leis na meáin ról claochlaitheach a imirt chun an tsochaí a chur ó scoilteadh.

 

Thug 15ú Duais na Sochaí Sibhialta CESE aitheantas do thriúr buaiteoirí, duine ón tSlóvaic, duine ón mBeilg agus duine ón bhFrainc, as an obair spreagúil atá déanta acu chun dul i ngleic leis an deighilt dhiúltach ar fud na hEorpa. Foilsodh na buaiteoirí an 20 Márta ag searmanas bronnta le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta.  

Thug 15ú Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas do thriúr buaiteoirí, duine ón tSlóvaic, duine ón mBeilg agus duine ón bhFrainc, as an obair spreagúil atá déanta acu chun dul i ngleic leis an deighilt dhiúltach ar fud na hEorpa. Foilsodh na buaiteoirí an 20 Márta ag searmanas bronnta le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta.  

Roinneadh airgead na duaise ar an triúr ceannródaithe. EUR 14000 an chéad duais. Bronnadh EUR 9 000 ar an mbeirt a bhí sa dara agus sa tríú háit.

AN CHÉAD DUAIS: Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice d’Oilimpiad na Smaointeoireachta Criticiúla

Is ENR é Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice (SDA) sa tSlóvaic. Is é is misean dóibh an oscailteacht agus an smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn, agus an tsaoránacht ghníomhach a chothú i measc óige na Slóvaice. Trí bhíthin sraith clár, múineann SDA do dhaoine óga fíricí agus tuairimí féín, a gcuid argóintí féin a mhúnlú, agus machnamh a dhéanamh go géarchúiseach ar an ábhar a fhoilsítear sna meáin chun foinsí inchreidte faisnéise a aimsiú. Nuair atá sin á dhéanamh ag an eagraíocht, cruthaíonn sí spás le haghaidh díospóireacht oscailte phoiblí faoi na príomh-shaincheisteanna atá le plé ag sochaí na Slóvaice.

Oilimpiad na Smaointeoireachta Criticiúla (CTO) ar cheann de na cláir is rathúla. Is in 2021 a seoladh é. Tá glacadh leis go forleathan cheana féin, agus bhí beagnach 9000 dalta ó bhreis agus 300 scoil páirteach ann anuraidh. Is comórtas é an tionscadal nuálach seo a chothaíonn an athléimneacht i gcoinne na mífhaisnéise i measc mac léinn. Is beag srian ar an mbréagaisnéis sa tSlóvaic: níl aon mhuinín ach ag 61 % de mhuintir na Slóvaice as na meáin agus creideann níos mó ná a leath díobh sna teoiricí comhcheilge. Oibríonn CTO chun aghaidh a thabhairt go díreach ar an dúshlán sin tríd an litearthacht sna meáin a fhorbairt agus nósanna tomhaltais a athrú i measc na ndaoine óga.

Is ar thrí aoisghrúpa daltaí atá an comórtas dírithe (gráid 8-13), grúpa ina mbíonn ar rannpháirtithe aghaidh a thabhairt ar réimse dúshlán iarbhír sna meáin i dtrí bhabhta. Tá na tascanna deartha chun léiriú a dhéanamh ar ábhar a bhféadfadh daltaí teacht faoina anáil sa saol laethúil. Déanann siad anailís ar fhíseáin TikTok, seiceálann siad ábhar atá cruthaithe ag IS, déanann siad meastóireacht ar phostálacha Instagram, agus déanann siad iarracht dealú a dhéanamh idir an réaltacht agus an mhífhaisnéis. Glacann na daltaí páirt i mbabhta labhartha poiblí freisin, áit a gcaithfidh siad a gcuid argóintí a chur i láthair lucht a gcomhaoise.

‘Cuidíonn Oilimpiad na Smaointeoireachta Chriticiúla leis an tsochaí a dhípholarú trí na mílte mac léinn a theagasc chun dul i ngleic le dearcthaí éagsúla, claontachtaí cognaíocha a aithint agus a dtuairim a chur in iúl ar bhealach cuiditheach,’ arsa Richard Vaško, bunaitheoir agus comhordaitheoir an chláir. ‘Ach an smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin a neartú tríd an idirghabháil seo atá bunaithe ar scileanna, cuirimid ar chumas na ndaoine óga seasamh i gcoinne na mífhaisnéise agus dul i ngleic le díospóireachtaí sochaíocha go caolchúiseach.’

AN DARA DUAIS: Reporters d’Espoirs sa Fhrainc le haghaidh Prix Européen Jeunes Reporters d’Espoirs

Is eagraíocht neamhbhrabúis Fhrancach é Reporters of Hope. Is in 2003 a bunaíodh í. Ise a chuir tús le ‘hiriseoireacht na réiteach’. Cineál iiriseoireachta é seo atá á chleachtadh go forleathan feasta. Féachann sé le freagraí a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag an tsochaí sa lá atá inniu ann. Spreagann an eagraíocht iriseoirí chun an meon dearfach sin a chleachtadh, agus tugann sí urraim do na nuálaíochtaí tuairiscithe agus eagarthóireachta is fearr d’iriseoirí agus do dhaoine óga trí bhíthin na ngradam a bhronnann sí.

Is tionscnamh é an Prix Européen Jeunes Reporters d’Espoirs chun luach saothair agus oiliúint a chur ar iriseoirí in iriseoireacht na réiteach sa Fhraincis. Tugann an clár ilghnéitheach deis d’iarrthóirí iriseoireacht na réiteach a fhoghlaim a bhuíochas le cúrsa ar líne a reáchtáltar i gcomhar le Scoil Iriseoireachta Aix-Marseille. Cuirtear meantóir le gach iarrthóir freisin chun feabhas a chur ar a chuid scileanna scríbhneoireachta agus labhartha agus cuirtear oiliúint orthu i roghnú na bhfocal. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí freisin chuig Páras le haghaidh turas foghlama 48 n-uair an chloig ina mbuaileann siad le hiriseoirí eile atá ar aon dearcadh leo, sin agus le saineolaithe ó gach cearn den Eoraip. Dámhtar duaiseanna luach EUR 10,000 san iomlán do sheisear buaiteoirí ansin.

‘Is gné bhunúsach de mhodh iriseoireacht na réiteach an polarú a chomhrac: is éard atá i gceist leis castacht an tsaoil a léiriú, éagsúlacht na ngníomhaithe ar gach leibhéal agus i ngach tír, más i bhfochair a chéile é nó ar a gconlán féin, agus cur síos á dhéanamh san am céanna ar an acmhainn atá ann tionscnaimh áitiúla a scaipeadh,’ arsa Gilles Vanderpooten, stiúrthóir Reporters d’Espoirs.

Le linn na chéad trí heagrán, fuair an duais breis agus 400 iarratas ó 25 thír. Tá an chuma ar san scéal faoi seo go mbeidh os cionn 300 iarratas ann le haghaidh an cheathrú heagrán. Tá tacaíocht tugtha ag an eagraíocht do bhreis agus 75 iarrthóir chun máistreacht a fháil ar a bhFraincis scríofa agus labhartha.

Is furasta an smaoineamh a mhacasamhlú, agus tá an fhoireann i mbun plé le hiriseoirí sa Spáinn, san Iodáil agus sa Bheilg chun dul i gcomhar leo agus chun an duais a scaipeadh a thuilleadh.

‘Is é an uaillmhian atá againn an duais ó shaol labhartha na Fraincise a leathnú go teangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh,’ arsa an tUasal Vanderpooten. ‘Is rud ríthábhachtach seo chun níos mó agus níos mó daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh in ‘Eoraip na réiteach’.’

AN TRÍÚ DUAIS: FEC Diversité asbl sa Bheilg as an tionscadal ESCAPE GAME EXTREME DROITE POUR SE DÉSINTOXIQUER

San Eoraip agus ar fud an domhain, tá idé-eolaíochtaí na heite deise ag baint greim amach. Tá páirtithe atá i bhfad ar dheis ag dul chun cinn agus tá ag méadú ar an bpobalachas. Cheap an eagraíocht neamhbhrabúsach Bheilgeach FEC Diversité bealach chun cur i gcoinne na dtuairimí sin i measc múinteoirí, ceardchumann agus i measc na ngnáthshaoránach.

Is cluiche éalaithe é ESCAPE GAME EXTREME DROITE POUR SE DÉSINTOXIQUER a ligeann do na himreoirí iad féin a ‘dhí-éilliú’ ó smaointe na heite sin ar bhealach spraíúil tarraingteach. Cuirtear in iúl do na himreoirí go bhfuil siad ionfhabhtaithe le hidé-eolaíochtaí atá i bhfad ar dheis agus ní mór dóibh iad féin a dhí-éilliú trí shraith cúraimí. Fad atá sin á dhéanamh acu, foghlaimíonn siad cé chomh fada agus a scaiptear smaointe ar an eite dheis agus cé chomh mór a mhéadaítear iad anonn agus anall tríd an tsochaí.

Ceithre cheantar atá sa chluiche, agus bíonn ar na himreoirí pas a fháil i ngach ceann acu. I gCeantar A, glacann na rannpháirtithe páirt i bplé maidir le na heite deise antoiscí san ionad oibre, trí idirghníomhaíochtaí le 19 rud. I gCeantar B, léann na himreoirí sleachta as teistiméireachtaí na n-imirceach chun a dturas isteach san Eoraip a thuiscint. I gCeantar C, tá sraith íomhánna ag gabháil le fuaim ‘cúrsaí friotail ar an eite dheis’. Feiceann muintir Cheantar D tuairisc ar pháirtí atá i bhfad ar dheis sula gcríochnaíonn siad na crosfhocail.

Áirítear sa chluiche tumpháirteach traenálaithe atá gléasta i gcultacha frithgháis agus maisc, agus saobhadh déanta ar a nglór. Is é an smaoineamh atá ann, trí na dúshláin éagsúla, na cúig chéadfa a úsáid chun an taithí baile a thabhairt go fírinneach agus feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht an scéil don daonlathas san Eoraip.

Ó seoladh é i mí an Mheithimh 2023, d’éirigh leis beagnach 1000 gníomhaí a ‘dhíthocsainiú’, agus scaip an scéal i measc na gceardchumann, na n-eagraíochtaí agus scoileanna na n-oibrithe sa Bheilg agus níos faide i gcéin. Tháinig rannpháirtithe ón bhFrainc agus ón mBulgáir chun an cluiche a imirt d’fhonn é a athchruthú in áiteanna eile.

‘Is cúis bhróid dúinn uirlis nuálach oideachais a bheith forbartha againn le dul i ngleic le ceist na smaointe atá i bhfad ar dheis ar bhealach tarraingteach idirghníomhach,’ arsa Malika Borbouse ó FEC Diversité. ‘Ach idirphlé agus machnamh comhchoiteann a chothú, chuidigh ár dtionscnamh leis an teannas a laghdú agus sochaí níos cuimsithí a chur chun cinn.’

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún Eorpach. Treochlár athchóirithe atá ann agus é mar aidhm aige seasaimh na bhfeirmeoirí a neartú agus córais bhia inbhuanaithe a chruthú. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go léireofaí a thuilleadh uaillmhéine i leith an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur díol sásaimh dó an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún Eorpach. Treochlár athchóirithe atá ann agus é mar aidhm aige seasaimh na bhfeirmeoirí a neartú agus córais bhia inbhuanaithe a chruthú. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go léireofaí a thuilleadh uaillmhéine i leith an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).

San fhís, a pléadh ag seisiún iomlánach CESE an 27 Márta, áirítear bearta chun borradh a chur faoi chumhacht mhargála na bhfeirmeoirí, chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a mhéadú agus chun feabhas a chur ar an idirphlé i dtaca le beartas bia. Rinne Coimisinéir Talmhaíochta an Aontais, Christophe Hansen, cur síos uirthi mar ‘fhreagairt spriocdhírithe ar ghlaonna go mbeadh earnáil agraibhia ann atá iomaíoch, cothrom agus athléimneach’, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú leis na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta.

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl go léirítear roinnt mhaith de thosaíochtaí CESE san fhís. ‘Aithnítear inti an ról lárnach atá ag na gníomhaithe agraibhia uile maidir leis an inbhuanaitheacht agus an t-iomaíochas a áirithiú,’ ar seisean. Dúirt sé freisin go ndeachaigh moltaí CESE, i réimsí áirithe, níos faide ná na tograí ón gCoimisiún.

Ba dhíol sásaimh do chomhalta CESE na tionscnaimh atá dírithe ar ról na dtairgeoirí sa chaibidlíocht agus i gconarthaí a neartú. ‘A bhuí le conarthaí i scríbhinn lena n-áirítear clásail athchaibidlíochta, treiseofar an trédhearcacht agus cumhacht mhargála na bhfeirmeoirí,’ a dúirt Stoyan Tchoukanov, rapóirtéir na tuairime ó CESE Leasú ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí, tuairim a bhaineann le conas seasamh na dtairgeoirí a neartú maidir le conarthaí a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin feabhas a chur ar an gcomhar feadh an chórais bia, rud a chuirfidh an táirgeadh inbhuanaithe agus aistí bia níos folláine chun cinn. Dar le Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime Rialacha nua le cleachtais trádála éagóracha trasteorann a stopadh, is céim thosaigh é seo chun tacú le feirmeoirí agus an éiginnteacht dhlíthiúil á seachaint ag an am céanna.

Áirítear san fhís tiomantas do chóras nua bainistithe riosca agus géarchéime ar fud an Aontais, rud atá ag teacht le héilimh CESE go mbeadh uirlisí ní b’fhearr ann chun dul i ngleic le suaití a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an margadh agus leis an aeráid. Táthar ag súil freisin go mbeidh straitéis ann maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin, straitéis a thacódh le feirmeoirí óga trí rochtain ar thalamh, scileanna infheistíochta agus bonneagar tuaithe a chur ar fáil dóibh.

D’ainneoin ar tugadh de thacaíocht leathan di, tá ábhair imní fós ann. Thug rannpháirtithe na díospóireachta dá n-aire go raibh dúshláin ann a bhain le hathchóiriú CBT tar éis 2027 a phlé nuair nach bhfuil soiléireacht ann maidir leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí forfheidhmiú ní ba láidre ar choinníollachtaí sóisialta agus tugann sé rabhadh nach dtugtar aghaidh go hiomlán san fhís ar shaincheisteanna amhail comhchruinniú an mhargaidh agus an amhantraíocht airgeadais a dhéanann difear do phraghsanna bia.

D’athdhearbhaigh CESE an ról atá aige mar phríomh-chomhpháirtí chun fís an Choimisiúin a iompú ina beartas. Gheall sé go leanfadh CESE air ag comhoibriú chun a chinntiú go seasfaí le leasanna feirmeoirí, tairgeoirí, oibrithe agus tomhaltóirí i múnlú thodhchaí thalmaíocht an Aontais. (ks)

Tá sé de neart in eagraíochtaí na sochaí sibhialta spásanna sibhialta agus daonlathacha a chosaint. Ní hamháin sin, ach tá díocas orthu é sin a dhéanamh chomh maith. Ós mar sin don scéal, is orthusan atáimid ag brath chun an comhtháthú a neartú le deireadh a chur leis an deighilt atá ann sa tsochaí. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, arna reachtáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don dara bliain chun plé a dhéanamh ar threocht scanrúil na deighilte forleithne ar fud shochaithe an Aontais.

Tá sé de neart in eagraíochtaí na sochaí sibhialta spásanna sibhialta agus daonlathacha a chosaint. Ní hamháin sin, ach tá díocas orthu é sin a dhéanamh chomh maith. Ós mar sin don scéal, is orthusan atáimid ag brath chun an comhtháthú a neartú le deireadh a chur leis an deighilt atá ann sa tsochaí. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, arna reachtáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don dara bliain chun plé a dhéanamh ar threocht scanrúil na deighilte forleithne ar fud shochaithe an Aontais.

Tháinig os cionn 800 duine, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí óige, chomh maith le geallsealbhóirí agus iriseoirí, le chéile in CESE ón 17 go dtí an 20 Márta in onóir Sheachtain na Sochaí Sibhialta chun tuairimí a roinnt agus chun plé a dhéanamh ar conas comhtháthú agus rannpháirtíocht a neartú sa tsochaí atá scoilte go mór.

Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta bhí 14 sheisiún a d’eagraigh comhaltaí Ghrúpa Idirchaidrimh CESE agus comhpháirtithe Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Bhí searmanas bronnta Dhuais Sochaí Sibhialta CESE mar chuid den tseachtain freisin. Dhréachtaigh na rannpháirtithe sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí agus príomhéileamh ionas go mbeadh an tsochaí níos comhtháite, lena n-áirítear:

  • An comhtháthú a mhéadú trí mheán an oideachais agus an chultúir;
  • Tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil;
  • Rannpháirtíocht an phobail a neartú trí bhíthin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh;
  • Aistriú cóir cuimsitheach agus fás glas agus gorm a áirithiú;
  • Straitéis láidir Eorpach don tsochaí shibhialta a thógáil;
  • Tacaíocht agus cistiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a threisiú;
  • Daoine óga a spreagadh chun Eoraip atá níos láidre agus níos athléimní a mhúnlú;
  • Borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin teicneolaíocht ar son leas an phobail.

Ag an seisiún clabhsúir, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Oliver Röpke: ‘Agus muid ag deireadh an dara imeacht de Sheachtain na Sochaí Sibhialta, is mór an spreagadh dom fuinneamh, athléimneacht agus tiomantas ghníomhaithe na sochaí sibhialta ó gach cearn den Eoraip. Is léir ón tseachtain seo, nuair a thagann an tsochaí shibhialta le chéile, gur féidir linn réitigh a chruthú lena neartaítear an daonlathas, lena gcothaítear an comhtháthú sóisialta agus lena dtógtar Eoraip a fhóireann dá saoránaigh.’

Ón gCoimisiún Eorpach, chuir Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas, béim ar an ról ríthábhachtach atá ag ESSanna sochaithe a threorú trí bhunluachanna Eorpacha a chur chun cinn.

D’iarr Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Victor Negrescu, go láidir go rachfaí i mbun gnímh agus d’iarr sé ar ESSanna a neart a léiriú agus freagairt don reitric ionsaitheach: ‘Tá sochaí shibhialta láidir agus fíor-chomhpháirtíocht idir an tsochaí shibhialta agus cinnteoirí de dhíth orainn chun cur go comhpháirteach le sochaí sheasmhach a mbeidh fíorthionchar aici ar shaol na ndaoine.’

Chuir ionadaithe ó ESSanna i bhfios go láidir go bhfuil níos mó i gceist le sochaithe sibhialta ná soláthraithe seirbhíse; is cuid ríthábhachtach den daonlathas agus den rannpháirtíocht iad. Rinne Nataša Vučković, Ard-Rúnaí Fhondúireacht an Lárionaid um an Daonlathas sa tSeirbia, a chur in iúl go raibh sí dóchasach gur féidir leis an tsochaí shibhialta ról ríthábhachtach a bheith aici chun dul i ngleic le bunchúiseanna agus scaipeadh insintí frithdhaonlathacha agus frith-Eorpacha, bíodh sé san Aontas nó sna tíortha is iarrthóirí. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an Aontas Eorpach a dhíchódú agus trína chinntiú go mbainfidh na saoránaigh uile tairbhe as ina saol laethúil. (at)