Grúpa ad hoc um an gComhionannas

Sliocht as agallamh a rinne iris Chónaidhm Fhiontair na Fionlainne, Yrittäjä, le Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí Stefano Mallia

Is gearr uainn na toghcháin Eorpacha. I mí an Mheithimh, toghfaidh saoránaigh Bhallstáit an Aontais a n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa, a fheidhmeoidh sainordú cúig bliana. Nuair a cuireadh ceist ar Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, faoin dúshlán is mó a bheidh roimh fhiontraithe na hEorpa as seo go ceann cúig bliana, níor ghá dó mórán machnaimh a dhéanamh ar a fhreagra.

Sliocht as agallamh a rinne iris Chónaidhm Fhiontair na Fionlainne, Yrittäjä, le Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí Stefano Mallia

Is gearr uainn na toghcháin Eorpacha. I mí an Mheithimh, toghfaidh saoránaigh Bhallstáit an Aontais a n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa, a fheidhmeoidh sainordú cúig bliana. Nuair a cuireadh ceist ar Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, faoin dúshlán is mó a bheidh roimh fhiontraithe na hEorpa as seo go ceann cúig bliana, níor ghá dó mórán machnaimh a dhéanamh ar a fhreagra.

– ‘An t-aistriú glas’, ar seisean.

Dar le Stefano Mallia, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rath ar ghnólachtaí mar chuid den aistriú chuig geilleagar agus fás atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

‘Ní mór an t-aistriú glas a chur chun feidhme ar bhealach a fhágfaidh gur féidir gnólachtaí a chur ar bun agus a fhorbairt. Nuair a éiríonn go maith le gnólachtaí, éiríonn go maith leis an tsochaí ina hiomláine freisin. Cruthaíonn gnólachtaí poist agus gineann siad ioncam cánach don tsochaí.

An rómhaorlathas a laghdú

Rud atá ar cheann de phríomhchúraimí Ghrúpa na bhFostóirí in CESE le blianta beaga anuas is ea iarracht a dhéanamh chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú go suntasach. Luaigh Stefano Mallia go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh an Coimisiún, i measc nithe eile, gur cheart deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe iomadúla atá ar FBManna.

– Gach uair a bhíonn reachtaíocht nua á dréachtú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear iomaíochas na ngnólachtaí san áireamh. Ní mór aird a thabhairt ar conas is féidir a áirithiú go mbeidh na gnólachtaí in ann fás.

An tábhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha

Cé go n-aithníonn Stefano Mallia go bhfuil a chuid dúshlán agus fadhbanna féin ag an Aontas Eorpach, creideann sé go bhfuil an-chuid bainte amach ag an Aontas ina iomláine.

– Ba cheart d’fhiontraithe vóta a chaitheamh ionas go mbeidh daoine sa Pharlaimint a bheidh ag faire amach do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe. Staonadh ó vóta a chaitheamh, is ionann sin agus an chumhacht chinnteoireachta a thabhairt do dhaoine eile. Trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha, is féidir teacht i gcumhacht grúpaí antoisceacha a chosc.

Is féidir teacht ar an agallamh iomlán anseo: https://www.yrittajat.fi/uutiset/eu-vaikuttaja-stefano-mallia-vihrea-siirtyma-toteutettava-niin-etta-samaan-aikaan-yrityksia-voidaan-perustaa-ja-ne-voivat-kasvaa/

Agus na chéad toghcháin Eorpacha eile thart ar dhá mhí uainn, tá méadú ar a thábhachtaí atá an bhréagaisnéis i saol polaitiúil na hEorpa mar gheall ar an tionchar tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith aici ar thorthaí na dtoghchán.

Agus na chéad toghcháin Eorpacha eile thart ar dhá mhí uainn, tá méadú ar a thábhachtaí atá an bhréagaisnéis i saol polaitiúil na hEorpa mar gheall ar an tionchar tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith aici ar thorthaí na dtoghchán.

Le blianta beaga anuas, tá iarmhairtí díobhálacha na bréagaisnéise ina n-ábhar imní don phobal i gcoitinne, agus do pholaiteoirí go háirithe. Tá amhras á chaitheamh ar an tsochaí dhaonlathach agus ar an modh maireachtála ilchultúrtha atá againn. Tá comhghuaillíochtaí á gcruthú ag antoisceachas na heite deise, fórsaí antoisceacha eile na hEorpa agus réimis uathlathacha eile i dtríú tíortha chun feachtais bhréagaisnéise a chur i gcrích a bhaineann an bonn den fhiontar Eorpach, agus tá na meáin shóisialta agus algartaim á n-úsáid acu chuige sin. An teicneolaíocht is ea príomhuirlis an fheachtais mhailísigh sin.

Tá gá le straitéis ilghnéitheach chun an daonlathas a chosaint agus chun fadhb na bréagaisnéise a shárú, agus is leis an teicneolaíocht atá ann cheana is féidir linn sin a dhéanamh. Tá sé ríthábhachtach comhordú éifeachtach a bheith ann idir na trí réimse den chomhrac digiteach, is iad sin an bhréagaisnéis, bagairtí hibrideacha agus an chibearshlándáil d’fhonn sineirgí a chruthú agus an tslándáil a fheabhsú, agus an smacht reachta á urramú san am céanna.

Ar an gcuma chéanna, tá sé ríthábhachtach cruthú agus oibriú algartam a rialáil ionas gur féidir le daoine cinneadh a dhéanamh glacadh le gnéithe algartamacha áirithe nó diúltú dóibh, agus an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta bunúsacha daoine ar thaobh amháin, agus cearta maoine intleachtúla cuideachtaí ar an taobh eile. Níl sé inghlactha, áfach, do chuideachtaí teicneolaíochta tairbhe a bhaint dóibh féin as an ionramháil agus an fhuathchaint. Ní féidir le leasanna príobháideacha an lámh in uachtar a fháil ar leas an phobail.

Maidir le faisnéis phoiblí, iolraíoch agus neamhspleách i dteangacha uile an Aontais, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear fíricí doshéanta in iúl a bhaineann le faisnéis náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a scaipeadh sna Ballstáit.

Ar an gclár oibre tá sé i gceist rochtain a éascú d’Eorpaigh ar fhaisnéis a theastaíonn uathu chun roghanna eolasacha a dhéanamh trí chainéal nuachta Eorpach a chur ar bun, cainéal a bheidh ar fáil ar ardáin éagsúla agus a mbeidh neamhspleáchas eagarthóireachta mar bhonn taca leis. Ní mór an iriseoireacht a aicmiú mar leas poiblí Eorpach, de réir mholadh UNESCO, agus bealaí a fhorbairt chun iriseoirí a chosaint.

Maidir le cúrsaí litearthachta agus cumhacht a thabhairt don phobal i gcoitinne, tá sé ríthábhachtach dea-shampla na Fionlainne a leanúint maidir le smaointeoireacht chruthaitheach an duine a chur chun cinn. Chuige sin, tá gá le bearta lena gcuirtear uirlisí ar fáil chun litearthacht sna meáin, litearthacht chultúrtha agus litearthacht dhaonlathach a chur chun cinn ar gach leibhéal oideachais agus do gach aoisghrúpa agus do mhionlaigh.

Is é rialtas an phobail arna eagrú ag an bpobal atá i gceist leis an daonlathas, agus is é an bealach is fearr chun é a chosaint toil láidir na ndaoine a chur in iúl go dteastaíonn uathu maireachtáil i gcóras daonlathach!

Is é an múnla sóisialta Eorpach – leis an gcuimsiú sóisialta agus réigiúnach mar aon leis an gcomhtháthú, an comhionannas agus an dlúthpháirtíocht – an bealach is éifeachtaí (agus is réasúnaí) chun a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil a bhfolláine i gcoitinne fite fuaite leis an daonlathas, chun go mbeidh fonn orthu, dá bhrí sin, an bhréagaisnéis a chomhrac.

D’fhonn an daonlathas a chosaint, tá géarghá le cur chuige níos doimhne, le straitéis iomlánaíoch agus le rialáil Eorpach níos fearr i dtaca leis an iliomad gnéithe den fheiniméan seo. Déantar plé ar an méid sin ar fad i dtuairim TEN/830.

Carlos Trindade, comhalta de CESE

  • Danuta Hübner: Tá tábhacht le do vóta
  • Caith do vóta i mí an Mheithimh 2024: tá CESE ag iarraidh ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh ar son Eoraip aontaithe dhaonlathach
  • Régis Genté: Éireoidh leis an mbréagaisnéis más ar ghrúpa lag a dhíreofar í
  • An ghéarchéim tithíochta – tá CESE ag iarraidh ar an Aontas gníomhú
  • Danuta Hübner: Tá tábhacht le do vóta
  • Caith do vóta i mí an Mheithimh 2024: tá CESE ag iarraidh ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh ar son Eoraip aontaithe dhaonlathach
  • Régis Genté: Éireoidh leis an mbréagaisnéis más ar ghrúpa lag a dhíreofar í
  • An ghéarchéim tithíochta – tá CESE ag iarraidh ar an Aontas gníomhú

Sa cholún Beidh mise ag vótáil, céard fútsa? beidh alt le Mihály Hardy na hUngáire, iriseoir agus príomheagarthóir Klubrádió, áit a bhfuil léargas ar réamh-imeachtaí na dtoghchán san Ungáir. Is é Klubrádió an stáisiún mór raidió neamhspleách deireanach sa tír. Bíonn nuacht á craoladh acu 24/7. Déanann siad anailís ar an gcúlra atá le scéalta na linne agus ar chultúr an lae inniu. Chuir údaráis an rialtais an stáisiún raidió den aer, ach lean siad orthu ag craoladh ó tharla tóir mhór ar a gcuid clár agus le cúnamh ón sluamhaoiniú. 

Sa cholún Beidh mise ag vótáil, céard fútsa? beidh alt le Mihály Hardy na hUngáire, iriseoir agus príomheagarthóir Klubrádió, áit a bhfuil léargas ar imeachtaí an réamhthoghcháin san Ungáir. Is é Klubrádió an stáisiún mór raidió neamhspleách deireanach sa tír. Bíonn nuacht á craoladh acu 24/7. Déanann siad anailís ar an gcúlra atá le scéalta na linne agus ar chultúr an lae inniu. Chuir údaráis an rialtais an stáisiún raidió den aer, ach lean siad orthu ag craoladh ó tharla tóir mhór ar a gcuid clár agus ó tharla cúnamh acu ón sluamhaoiniú. 

rún glactha ag CESE ina n-iarrann sé ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. Ba iad Christa Schweng, Cinzia del Rio agus Ioannis Vardakastanis, ar comhaltaí de chuid CESE iad agus ionadaithe thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí, Ghrúpa na nOibrithe agus Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, rapóirtéirí an rúin. Bhí an triúr acu ar aon fhocal le chéile agus iad ag áitiú ar mhuintir na hEorpa ceann dá gcearta daonlathacha a chur in úsáid agus vóta a chaitheamh chun ionadaithe a thoghadh a sheasfaidh an fód ar son Eoraip aontaithe, dhaonlathach, inbhuanaithe agus shóisialta. Inár gcolún, ‘Ceist amháin ar...’, cuirimid ceist ar na triúr rapóirtéirí cad atá i ngeall ar na toghcháin seo agus cén fáth ar cheart do gach aon duine vóta a chaitheamh i mí an Mheithimh.

rún glactha ag CESE ina n-iarrann sé ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. Ba iad Christa Schweng, Cinzia del Rio agus Ioannis Vardakastanis, ar comhaltaí de chuid CESE iad agus ionadaithe thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí, Ghrúpa na nOibrithe agus Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, rapóirtéirí an rúin. Bhí an triúr acu ar aon fhocal le chéile agus iad ag áitiú ar mhuintir na hEorpa ceann dá gcearta daonlathacha chur in úsáid agus vóta a chaitheamh chun ionadaithe a thoghadh a sheasfaidh an fód ar son Eoraip aontaithe, dhaonlathach, inbhuanaithe agus shóisialta. Inár gcolún, ‘Ceist amháin ar...’, cuirimid ceist ar na triúr rapóirtéirí cad atá i ngeall ar na toghcháin seo agus cén fáth ar cheart do gach aon duine vóta a chaitheamh i mí an Mheithimh.

Christa Schweng, iar-Uachtarán CESE agus comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Tugann na toghcháin Eorpacha deis do mhuintir na hEorpa cinneadh a dhéanamh cé a bheidh i gceannas ar an Aontas Eorpach don chéad téarma cúig bliana eile. Tá na toghcháin áirithe seo ag tarlú i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú go mór, agus cogadh gan údar i gcoinne na hÚcráine ann béal dorais. Tá cairdeas nua ag teacht chun cinn idir tíortha a bhíodh ina naimhde ag a chéile go dtí seo agus tá míshásamh ag teacht orthu i dtaobh ár slí beatha. Ní bréag a rá go bhfuil staid an daonlathais ag cothú imní dúinn, agus na córais dhaonlathacha ar fud an domhain ag creimeadh is ag meathlú. Ar na táscairí is coitianta a léiríonn staid an daonlathais, tá an smacht reachta agus saoirse an phreasa agus, ar ndóigh, tá an dá cheann acu ag dul i laghad. Is cruthúnas ann féin é sin. Tá ionsaithe ar an daonlathas liobrálach ar fud na hEorpa ag éirí níos coitianta. I roinnt Ballstát, baineadh an bonn de bhunluachanna Eorpacha, dúnadh spásanna sibhialta agus cuireadh srian le saoirsí na meán.

Cruthaíonn an bhréagaisnéis agus an bhréagnuacht ilroinnt inár sochaí agus cothaíonn siad mímhuinín agus fuath.

Tá an tAontas bunaithe ar luachanna coiteanna an daonlathais, ar chosaint chearta an duine, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar an smacht reachta, ar an gcaoinfhulaingt, ar an gceartas, ar an neamh-idirdhealú, ar an gcomhionannas, ar an dlúthpháirtíocht agus ar an rannpháirtíocht dhaonlathach. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de na luachanna sin riamh; ní mór iad a neartú agus a chosaint i gcónaí.

Deis atá sna toghcháin Eorpacha a chur in iúl gur cás linn an daonlathas agus ár gcuid bunluachanna – sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach go n-úsáidfimid, saoránaigh na hEorpa, an vóta atá againn.

Cinzia del Rio, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE

Táimid ag iarraidh ar na saoránaigh dul agus vóta a chaitheamh ar son na hEorpa, ar son an tionscadail Eorpaigh, agus ar son Eoraip níos comhtháite agus níos daingne. Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar luachanna, prionsabail, smacht reachta, cearta agus rannpháirtíocht. Ní fhéadfadh sé feidhmiú gan aon cheann díobh sin, ós bunchloch den daonlathas Eorpach iad agus ós cuid ríthábhachtach den mhúnla Eorpach fáis iad, sin le rá fás cuimsitheach inbhuanaithe. Ní mór dúinn bunchlocha an daonlathais Eorpaigh a dhaingniú.

Tá dúshláin nua roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann, mar atá:

  • caithfidh sí déileáil le comhthéacs ilroinnte geopholaitiúil ina bhfuil an choinbhleacht tagtha i dtreis, comhthéacs ina bhfuil gníomhaithe agus iomaitheoirí nua eacnamaíocha agus polaitiúla tagtha chun cinn ar fud an domhain;
  • caithfidh sí tacú leis an aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú déimeagrafach, agus le hathruithe teicneolaíocha, an nuálaíocht agus forbairt na hintleachta saorga – bunaithe i gcónaí ar an duine – chomh maith le ról a thabhairt do dhaoine óga sna próisis sin;
  • caithfidh sí comhbheartas athnuaite tionsclaíoch Eorpach a thógáil i dteannta ionstraimí nua coiteanna airgeadais;
  • caithfidh sí an infheistíocht shóisialta a áirithiú d’fhonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme ina iomláine, an comhtháthú sóisialta a fheabhsú, poist ardcháilíochta a chruthú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, ar an neamhionannas agus ar an eisiamh sóisialta.

Ní féidir le haon tír Eorpach é sin a dhéanamh ina haonar. Táimid ag iarraidh ar na saoránaigh vóta a chaitheamh chun lánpháirtiú níos láidre a áirithiú san Aontas Eorpach, chun síocháin bhuan a chothú agus a chur chun cinn, agus chun an múnla eacnamaíoch agus sóisialta Eorpach a chosaint.

Ioannis Vardakastanis, comhalta de Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tá na toghcháin atá ar na bacáin do Pharlaimint na hEorpa thar a bheith tábhachtach do thodhchaí an Aontais seo againne agus do thodhchaí na mór-roinne trí chéile. Feoil agus fuil an Aontais Eorpaigh, is é sin atá i ngeall ar na toghcháin seo – sin le rá aontacht, daonlathas, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus ceartas sóisialta na hEorpa. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbainfeadh saoránaigh an Aontais leas as an gceart vótála atá acu, ós í an Pharlaimint a chinnfidh go díreach cén cruth a bheidh ar an Aontas san am atá romhainn.

Comhar agus deiseanna, sin a shamhlaítear nuair a smaoinítear ar an Aontas Eorpach, áit ina gcinntítear an tsíocháin, an daonlathas, an chuimsitheacht agus an rathúnas. Más fíor sin, áfach, is fíor freisin go bhfuil dúshláin tagtha chun cinn do mhuintir na hEorpa a fhágann nach bhfuil an saol chomh cobhsaí céanna, mar shampla, an méadú ar an gcostas maireachtála agus ar an gcostas fuinnimh, an t-athrú aeráide agus coinbhleachtaí. Teastaíonn réitigh aontaithe uile-Eorpacha chun na dúshláin sin a shárú.

Níl san náisiúnachas an freagra. Teastaíonn comhoibriú, dlúthpháirtíocht agus idirphlé sibhialta éifeachtach má táimid chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ár gcuid luachanna daonlathacha a chaomhnú. Ní mór don Aontas ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla sa domhan mór agus an tsíocháin, an t-iltaobhachas agus an chosaint don chomhshaol a chur chun cinn. Ní foláir aistriú chuig geilleagar digiteach glas. Tá an-tábhacht leis an gcuimsitheacht chuige sin. Ní mór a chur ar chumas gach saoránaigh a gcion féin a dhéanamh i dtógáil ár dtodhchaí. I gcáil dúinn mar chomhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, táimid tiomanta do na prionsabail sin. Tá vóta agat agus tá an vóta sin ríthábhachtach chun todhchaí an Aontais seo againne a mhúnlú. Tagaimis le chéile ar mhaithe le hAontas daonlathach, iomaíoch, inbhuanaithe agus sóisialta. Tá vóta agat agus tá tábhacht leis an vóta sin – vótáil ar son todhchaí Eorpach níos gile!

Tá téacs an rúin le fáil ar leathanach gréasáin speisialta CESE maidir leis na toghcháin Eorpacha.

San eagrán seo, is é Carlos Trindade a bheidh ag labhairt linn, comhalta de chuid CESE, agus rapóirtéir na tuairime An daonlathas a chosaint ar an mbréagaisnéis. Ós gairid go mbeidh na toghcháin Eorpacha ann, is iad na hiarmhairtí díobhálacha a bhíonn an mbréagaisnéis ar an daonlathas is ábhar dó, agus conas an bhréagaisnéis a chomhrac más mian linn an daonlathas a chaomhnú inár dtír féin.

San eagrán seo, is é Carlos Trindade a bheidh ag labhairt linn, comhalta de chuid CESE, agus rapóirtéir na tuairime An daonlathas a chosaint ar an mbréagaisnéis. Ós gairid go mbeidh na toghcháin Eorpacha ann, is iad na hiarmhairtí díobhálacha a bhíonn an mbréagaisnéis ar an daonlathas is ábhar dó, agus conas an bhréagaisnéis a chomhrac más mian linn an daonlathas a chaomhnú inár dtír féin.

Tá glao á dhéanamh ar iarratais don 3ú heagrán de Ghradaim Orgánacha an Aontais. Glacfar le hiarratais go dtí an 12 Bealtaine 2024.

Tá glao á dhéanamh ar iarratais don 3ú heagrán de Ghradaim Orgánacha an Aontais. Glacfar le hiarratais go dtí an 12 Bealtaine 2024.

Tugann Gradaim Orgánacha an Aontais aitheantas do pháirtithe leasmhara éagsúla ar feadh an tslabhra luacha orgánaigh, páirtithe a chruthaigh tionscadail atá nuálach inbhuanaithe spreagúil, tionscadail a bhfuil breisluach iarbhír le baint astu i gcomhair tháirgeadh agus thomhaltas an bhia orgánaigh.

Beidh searmanas na nGradam ann an 23 Meán Fómhair 2024. Sin é Lá Orgánach an Aontais.

Déan iarratas ar líne go dtí an 12 Bealtaine 2024 23:59:59 Am Lár na hEorpa.

‘Freedom is just another word for nothing left to lose...’ - mar a luaitear in amhrán ceoil tuaithe, amhrán a bhfuil an-tóir air a scríobh Kris Kristofferson in 1969 agus ar chan roinnt mhaith taibheoirí, amhail Janis Joplin agus Kenny Rogers, leaganacha de. Mar sin féin, murab ionann agus an méid a chuirtear in iúl san amhrán ‘Me and Bobby McGee’, tá go leor le cailleadh againn san Eoraip sa lá atá inniu ann mura seasaimid an fód ar son ár saoirse. Go háirithe san Ungáir.

‘Freedom is just another word, for nothing left to lose...’ - mar a luaitear in amhrán ceoil tuaithe, amhrán a bhfuil an-tóir air a scríobh Kris Kristofferson in 1969 agus ar chan roinnt mhaith taibheoirí, amhail Janis Joplin agus Kenny Rogers, leaganacha de. Mar sin féin, murab ionann agus an méid a chuirtear in iúl san amhrán ‘Me and Bobby McGee’, tá go leor le cailleadh againn san Eoraip sa lá atá inniu ann mura seasaimid an fód ar son ár saoirse. Go háirithe san Ungáir.

Éiríonn daoine cleachta go han-tapa le rudaí maithe. Ní dhéanann siad machnamh ar a iontaí atá sé go bhfuil saoirsí amhail saoirse taistil, saoirse an phreasa, saoirse fostaíochta agus saoirse oideachais ann ar fud na hEorpa. Is cuimhin le daoine de mo ghlúin (is duine de ghlúin an bhabaíbhorrtha mé a rugadh ag deireadh na gcaogaidí nuair a bhí an Ungáir fós ina ball de Chomhaontú Vársá) an bóthar fada a raibh saoirse an lae inniu mar thoradh air, ó thitim bhalla Bheirlín go dtí 2004, an bhliain inar tháinig an Ungáir isteach san Aontas, an ‘teaghlach de shaornáisiúin’. Thóg sé ceithre bliana déag ó thitim an Chumannachais go dtí go raibh ár dtír in ann dul isteach san Aontas, in éineacht leis an tSeicia, an tSlóvaic agus an Pholainn. I mo thuairimse, tá an Ungáir ag dul ar gcúl go mall le ceithre bliana déag anuas. Sna nóchaidí, rinneadh iarracht cheannródaíoch chun saoirsí sibhialta agus saoirse an phreasa a chur chun cinn. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá an pobalachas, an t-uathlathas agus deachtóireacht bhunreachtúil ag teacht chun cinn, rud atá contrártha ann féin.

Tá cogadh ar chomhluachanna an Aontais fógartha, ar bhonn oscailte, a bheag nó a mhór, ag an rialtas i mBúdaipeist. Léirítear ‘an Bhruiséil’ mar namhaid, rud a chuireann in iúl gurb é an diabhal féin é an tAontas. Tá sé sin ar siúl le beagnach ceithre bliana déag anuas agus léiríonn sé an deacracht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fheachtas ar bith atá ar son na hEorpa, bíodh sin ó lucht an fhreasúra (nó an méid atá fágtha de) nó ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (an méid atá fágtha díobhsan freisin). Mar sin féin, diúltaímid géilleadh - diúltaímid ligean do luachanna na hEorpa dul ó rath díreach i ngeall gur chinn roinnt polaiteoirí Ungáracha dul a mbealach féin, bealach a leagadh amach i bhfad uainn, nó sa Chreimil fiú.

Léiríonn pobalbhreitheanna a rinneadh le déanaí san Ungáir go dtacaíonn beagnach 68-70 % den daonra atá in aois vótála leis na tairbhí a bhaineann leis an Aontas agus leis na comhluachanna Eorpacha, agus go mbaineann siad tairbhe as na luachanna sin. Is í an cheist mhór a thagann chun cinn an bhfuil líon mór díobh réidh le vóta a chaitheamh an 9 Meitheamh 2024. San Ungáir, beidh lá an vóta seo ar an lá céanna leis na toghcháin bhardasacha agus, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an míshástacht sa tír, is cosúil go mbeidh dea-thoradh ann. D’fhéadfadh vóta ar son na hEorpa a bheith i gceist le vóta agóide i gcoinne bheartais an rialtais.

Is iriseoir Ungárach agus príomheagarthóir Klubrádió é Mihály Hardy.