rún glactha ag CESE ina n-iarrann sé ar mhuintir na hEorpa vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. Ba iad Christa Schweng, Cinzia del Rio agus Ioannis Vardakastanis, ar comhaltaí de chuid CESE iad agus ionadaithe thar ceann Ghrúpa na bhFostóirí, Ghrúpa na nOibrithe agus Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, rapóirtéirí an rúin. Bhí an triúr acu ar aon fhocal le chéile agus iad ag áitiú ar mhuintir na hEorpa ceann dá gcearta daonlathacha chur in úsáid agus vóta a chaitheamh chun ionadaithe a thoghadh a sheasfaidh an fód ar son Eoraip aontaithe, dhaonlathach, inbhuanaithe agus shóisialta. Inár gcolún, ‘Ceist amháin ar...’, cuirimid ceist ar na triúr rapóirtéirí cad atá i ngeall ar na toghcháin seo agus cén fáth ar cheart do gach aon duine vóta a chaitheamh i mí an Mheithimh.

Christa Schweng, iar-Uachtarán CESE agus comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Tugann na toghcháin Eorpacha deis do mhuintir na hEorpa cinneadh a dhéanamh cé a bheidh i gceannas ar an Aontas Eorpach don chéad téarma cúig bliana eile. Tá na toghcháin áirithe seo ag tarlú i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú go mór, agus cogadh gan údar i gcoinne na hÚcráine ann béal dorais. Tá cairdeas nua ag teacht chun cinn idir tíortha a bhíodh ina naimhde ag a chéile go dtí seo agus tá míshásamh ag teacht orthu i dtaobh ár slí beatha. Ní bréag a rá go bhfuil staid an daonlathais ag cothú imní dúinn, agus na córais dhaonlathacha ar fud an domhain ag creimeadh is ag meathlú. Ar na táscairí is coitianta a léiríonn staid an daonlathais, tá an smacht reachta agus saoirse an phreasa agus, ar ndóigh, tá an dá cheann acu ag dul i laghad. Is cruthúnas ann féin é sin. Tá ionsaithe ar an daonlathas liobrálach ar fud na hEorpa ag éirí níos coitianta. I roinnt Ballstát, baineadh an bonn de bhunluachanna Eorpacha, dúnadh spásanna sibhialta agus cuireadh srian le saoirsí na meán.

Cruthaíonn an bhréagaisnéis agus an bhréagnuacht ilroinnt inár sochaí agus cothaíonn siad mímhuinín agus fuath.

Tá an tAontas bunaithe ar luachanna coiteanna an daonlathais, ar chosaint chearta an duine, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar an smacht reachta, ar an gcaoinfhulaingt, ar an gceartas, ar an neamh-idirdhealú, ar an gcomhionannas, ar an dlúthpháirtíocht agus ar an rannpháirtíocht dhaonlathach. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de na luachanna sin riamh; ní mór iad a neartú agus a chosaint i gcónaí.

Deis atá sna toghcháin Eorpacha a chur in iúl gur cás linn an daonlathas agus ár gcuid bunluachanna – sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach go n-úsáidfimid, saoránaigh na hEorpa, an vóta atá againn.

Cinzia del Rio, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE

Táimid ag iarraidh ar na saoránaigh dul agus vóta a chaitheamh ar son na hEorpa, ar son an tionscadail Eorpaigh, agus ar son Eoraip níos comhtháite agus níos daingne. Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar luachanna, prionsabail, smacht reachta, cearta agus rannpháirtíocht. Ní fhéadfadh sé feidhmiú gan aon cheann díobh sin, ós bunchloch den daonlathas Eorpach iad agus ós cuid ríthábhachtach den mhúnla Eorpach fáis iad, sin le rá fás cuimsitheach inbhuanaithe. Ní mór dúinn bunchlocha an daonlathais Eorpaigh a dhaingniú.

Tá dúshláin nua roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann, mar atá:

  • caithfidh sí déileáil le comhthéacs ilroinnte geopholaitiúil ina bhfuil an choinbhleacht tagtha i dtreis, comhthéacs ina bhfuil gníomhaithe agus iomaitheoirí nua eacnamaíocha agus polaitiúla tagtha chun cinn ar fud an domhain;
  • caithfidh sí tacú leis an aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú déimeagrafach, agus le hathruithe teicneolaíocha, an nuálaíocht agus forbairt na hintleachta saorga – bunaithe i gcónaí ar an duine – chomh maith le ról a thabhairt do dhaoine óga sna próisis sin;
  • caithfidh sí comhbheartas athnuaite tionsclaíoch Eorpach a thógáil i dteannta ionstraimí nua coiteanna airgeadais;
  • caithfidh sí an infheistíocht shóisialta a áirithiú d’fhonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme ina iomláine, an comhtháthú sóisialta a fheabhsú, poist ardcháilíochta a chruthú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, ar an neamhionannas agus ar an eisiamh sóisialta.

Ní féidir le haon tír Eorpach é sin a dhéanamh ina haonar. Táimid ag iarraidh ar na saoránaigh vóta a chaitheamh chun lánpháirtiú níos láidre a áirithiú san Aontas Eorpach, chun síocháin bhuan a chothú agus a chur chun cinn, agus chun an múnla eacnamaíoch agus sóisialta Eorpach a chosaint.

Ioannis Vardakastanis, comhalta de Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tá na toghcháin atá ar na bacáin do Pharlaimint na hEorpa thar a bheith tábhachtach do thodhchaí an Aontais seo againne agus do thodhchaí na mór-roinne trí chéile. Feoil agus fuil an Aontais Eorpaigh, is é sin atá i ngeall ar na toghcháin seo – sin le rá aontacht, daonlathas, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus ceartas sóisialta na hEorpa. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbainfeadh saoránaigh an Aontais leas as an gceart vótála atá acu, ós í an Pharlaimint a chinnfidh go díreach cén cruth a bheidh ar an Aontas san am atá romhainn.

Comhar agus deiseanna, sin a shamhlaítear nuair a smaoinítear ar an Aontas Eorpach, áit ina gcinntítear an tsíocháin, an daonlathas, an chuimsitheacht agus an rathúnas. Más fíor sin, áfach, is fíor freisin go bhfuil dúshláin tagtha chun cinn do mhuintir na hEorpa a fhágann nach bhfuil an saol chomh cobhsaí céanna, mar shampla, an méadú ar an gcostas maireachtála agus ar an gcostas fuinnimh, an t-athrú aeráide agus coinbhleachtaí. Teastaíonn réitigh aontaithe uile-Eorpacha chun na dúshláin sin a shárú.

Níl san náisiúnachas an freagra. Teastaíonn comhoibriú, dlúthpháirtíocht agus idirphlé sibhialta éifeachtach má táimid chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ár gcuid luachanna daonlathacha a chaomhnú. Ní mór don Aontas ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla sa domhan mór agus an tsíocháin, an t-iltaobhachas agus an chosaint don chomhshaol a chur chun cinn. Ní foláir aistriú chuig geilleagar digiteach glas. Tá an-tábhacht leis an gcuimsitheacht chuige sin. Ní mór a chur ar chumas gach saoránaigh a gcion féin a dhéanamh i dtógáil ár dtodhchaí. I gcáil dúinn mar chomhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, táimid tiomanta do na prionsabail sin. Tá vóta agat agus tá an vóta sin ríthábhachtach chun todhchaí an Aontais seo againne a mhúnlú. Tagaimis le chéile ar mhaithe le hAontas daonlathach, iomaíoch, inbhuanaithe agus sóisialta. Tá vóta agat agus tá tábhacht leis an vóta sin – vótáil ar son todhchaí Eorpach níos gile!

Tá téacs an rúin le fáil ar leathanach gréasáin speisialta CESE maidir leis na toghcháin Eorpacha.