European Economic
and Social Committee
Stefano Mallia: ‘Ní mór an t-aistriú glas a chur chun feidhme ar bhealach a fhágfaidh gur féidir gnólachtaí a chur ar bun agus a fhorbairt’
Sliocht as agallamh a rinne iris Chónaidhm Fhiontair na Fionlainne, Yrittäjä, le Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí Stefano Mallia
Is gearr uainn na toghcháin Eorpacha. I mí an Mheithimh, toghfaidh saoránaigh Bhallstáit an Aontais a n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa, a fheidhmeoidh sainordú cúig bliana. Nuair a cuireadh ceist ar Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, faoin dúshlán is mó a bheidh roimh fhiontraithe na hEorpa as seo go ceann cúig bliana, níor ghá dó mórán machnaimh a dhéanamh ar a fhreagra.
– ‘An t-aistriú glas’, ar seisean.
Dar le Stefano Mallia, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rath ar ghnólachtaí mar chuid den aistriú chuig geilleagar agus fás atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
‘Ní mór an t-aistriú glas a chur chun feidhme ar bhealach a fhágfaidh gur féidir gnólachtaí a chur ar bun agus a fhorbairt. Nuair a éiríonn go maith le gnólachtaí, éiríonn go maith leis an tsochaí ina hiomláine freisin. Cruthaíonn gnólachtaí poist agus gineann siad ioncam cánach don tsochaí.
An rómhaorlathas a laghdú
Rud atá ar cheann de phríomhchúraimí Ghrúpa na bhFostóirí in CESE le blianta beaga anuas is ea iarracht a dhéanamh chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú go suntasach. Luaigh Stefano Mallia go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh an Coimisiún, i measc nithe eile, gur cheart deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe iomadúla atá ar FBManna.
– Gach uair a bhíonn reachtaíocht nua á dréachtú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear iomaíochas na ngnólachtaí san áireamh. Ní mór aird a thabhairt ar conas is féidir a áirithiú go mbeidh na gnólachtaí in ann fás.
An tábhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha
Cé go n-aithníonn Stefano Mallia go bhfuil a chuid dúshlán agus fadhbanna féin ag an Aontas Eorpach, creideann sé go bhfuil an-chuid bainte amach ag an Aontas ina iomláine.
– Ba cheart d’fhiontraithe vóta a chaitheamh ionas go mbeidh daoine sa Pharlaimint a bheidh ag faire amach do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe. Staonadh ó vóta a chaitheamh, is ionann sin agus an chumhacht chinnteoireachta a thabhairt do dhaoine eile. Trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha, is féidir teacht i gcumhacht grúpaí antoisceacha a chosc.
Is féidir teacht ar an agallamh iomlán anseo: https://www.yrittajat.fi/uutiset/eu-vaikuttaja-stefano-mallia-vihrea-siirtyma-toteutettava-niin-etta-samaan-aikaan-yrityksia-voidaan-perustaa-ja-ne-voivat-kasvaa/