Tá CESE ag iarraidh Plean Gníomhaíochta AE chun slabhraí soláthair domhanda atá cothrom agus inbhuanaithe a chinntiú

Léirigh géarchéim leanúnach COVID-19 leochaileacht na slabhraí soláthair domhanda. Ina theannta sin, nocht sé leochaileacht na n-oibrithe agus na drochthionchair a bhíonn ag oibríochtaí gnó i slabhraí soláthair an lae inniu ó ghné shóisialta, shláinte agus shábháilteachta. Ag tráth ríthábhachtach le haghaidh gníomhaíocht nithiúil beartais agus cinnteoireachta, d’iarr Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ar CESE a mholtaí a thabhairt. In dhá thuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, d’iarr CESE ar an gCoimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta Eorpach a fhorbairt agus oibleagáidí éigeantacha díchill chuí a thabhairt chun cinn i slabhraí soláthair domhanda.

I dtústuairim, d’iarr CESE Plean Gníomhaíochta Eorpach i ndáil le cearta an duine, obair chuibhiúil agus inbhuanaitheacht i slabhraí soláthair domhanda, le reachtaíocht AE trasearnála cheangailteach i dtaca le dícheall chuí maidir le cearta an duine agus iompar freagrach gnó mar phríomhthosaíochtaí. Ba cheart sainmhíniú leathan a bheith ann do chearta an duine, lena n-áirítear cearta oibrithe agus ceardchumann, agus cur le réimse ionstraimí idirnáisiúnta.

I gcomhthreo lena obair ar an bPlean Gníomhaíochta, tá comhairle curtha ar fáil CESE do Pharlaimint na hEorpa maidir le tionscnamh dlíthiúil Eorpach lena dtugtar isteach díchill chuí éigeantach maidir le cearta an duine agus tionchair chomhshaoil i gcleachtais ghnó. Leis an tionscnamh, a d’fhógair an Coimisinéir Eorpach Didier Reynders in Aibreán 2020 agus a bhfuiltear ag súil leis in 2021, beidh sé ceangailteach go dlíthiúil ar chuideachtaí atá ag feidhmiú san Aontas tionchair dhiúltacha a ngníomhaíochtaí ar chearta an duine agus ar chearta oibrithe agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus cuntas a thabhairt orthu. (dgf)