Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh 

Tá an nós ann scéal áibhéileach thar na bearta a dhéanamh d’imeachtaí nuair nach gá sin ar chor ar bith, rud a fhágann gur deacair a aithint nuair is fíorchor cinniúnach atá ann. Mar a tharlaíonn, áfach faoi láthair, agus an Coimisiún Eorpach nua á chur ar bun, tá cor cinniúnach den chineál sin os ár gcomhair amach i ndáiríre: tá méadú ag teacht ar na páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis, tá an mhíshástacht á scaipeadh ar fud na mór-roinne, tá cogadh á fhearadh fós san Úcráin agus tá an baol ann go mbeidh cogadh Gaza ina chogadh réigiúnach oscailte. 

Ar thaobh eile an Atlantaigh, ní fios go fóill céard atá i ndán dóibh ach is ann i gcónaí do na taraifí méadaitheacha agus don chogadh trádála leis an tSín atá ag géarú, agus is cinnte go mbeidh tionchar aige sin ar shlabhraí soláthair agus ar phraghsanna do thomhaltóirí, rud a rachaidh i bhfeidhm ar deireadh thiar ar an daonra.

Idir an dá linn, san earrach, tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le rialacha nua déine don Aontas, agus tá bac á chur go fóill ag Ballstáit ‘coigilteacha’ an Aontais ar acmhainní dílse breise nó ar roghanna iasachtaíochta. Tá méadú ag teacht san Aontas ar an mbrú aeráide, ar an gcorraíl shóisialta, ar an antoisceachas agus an faisisteachas, ar mhíchlú an daonlathais agus ar an údarásaíochas atá ag dul i méid. Is rudaí iad sin ar cheart dóibh, mar aon leis an mbagairt go ndéanfaí léirscrios núicléach nó cogadh oscailte ar theorainneacha an Aontais, brú beag breise a chur ar cheannairí an Aontais deireadh a chur leis na comhraic inmheánacha agus leis an dearcadh gearrbhreathnaitheach atá acu. Aon bheartas nach gcuirtear neamhionannais agus ceartas san áireamh ann (nó nach dtéann ródhomhain sa scéal sin), is beag seans go n-éireoidh leis. Tá saoránaigh bréan de bheith ag éisteacht leis na seanóráidí céanna nach bhfuil iontu ach cur i gcéill, go háirithe nuair a bhíonn siad fós in umar na haimléise i ndeireadh na dála; iad ag streachailt le cuid a chur le costas agus gan i ndán dóibh ach caillteanas post agus titim ioncaim. Is scéal é sin a théann chun tairbhe do lucht phobalachas na heite deise. Is féidir leo ceisteanna bunúsacha a sheachaint tríd an milleán a chur ar inimircigh.

Gan ceartas sóisialta, ní bheidh cobhsaíocht ná comhpháirtíochtaí iontaofa in aon cheann de na Ballstáit. Ina éagmais sin, ní bheidh an tAontas aontaithe mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh os a chomhair amach. Cuirimis an dul chun cinn sóisialta chun tosaigh ar son na haontachta le linn an téarma reachtaigh nua seo de chuid an Aontais.