European Economic
and Social Committee
Tá CESE réidh chun bheith ag obair le hUachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Mar chuid de sheisiún iomlánach CESE i mí Iúil, reáchtáladh díospóireacht le hAire um Ghnóthaí AE na hUngáire, János Bóka, a chuir príomhthosaíochtaí Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i láthair.
Tá an Ungáir ag dul i mbun na huachtaránachta rothlaí ag am íogair don Eoraip, tráth a bhfuil aistriú polaitiúil ar bun laistigh de na hinstitiúidí agus dúshláin urghnácha roimh an Aontas. ‘Tá tús á chur le hUachtaránacht 2024 na hUngáire ar an gComhairle tráth nach mór aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna iomadúla’, arsa János Bóka. ‘Tá cogadh ar siúl inár gcomharsanacht, laghdú ag teacht ar iomaíochas na hEorpa, méadú ag teacht ar an teannas i gcaidreamh trádála an Aontais, dúshláin dhéimeagrafacha agus imirce neamhrialaithe le sárú, agus laghdú ag teacht ar na deiseanna atá ag feirmeoirí na hEorpa.’
Agus é á chur in iúl aige go raibh caidreamh oibre maith ag CESE le huachtaránachtaí na Comhairle le fada an lá, labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke, faoi ról na hinstitiúide mar chaomhnóir ar luachanna na hEorpa: ‘Tá ár gCoiste tiomanta do bheith ag obair go dlúth le hUachtaránacht na hUngáire chun a áirithiú go ngníomhóidh an tAontas ar shaincheisteanna a mheasann muintir na hEorpa a bheith ina dtosaíocht. Is comhpháirtithe luachmhara a bheidh ionainn, ach cáinteoirí macánta cuiditheacha freisin. Tá guth láidir ag an tsochaí shibhialta, agus cinnteoimid go n-éistfear léi.’
Chuir roinnt comhaltaí de CESE in iúl go raibh imní orthu faoi sheasamh na hUngáire maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, faoin urraim don smacht reachta san Aontas, agus faoin laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Ungáir. Dúirt János Bóka go raibh Uachtaránacht na hUngáire go hiomlán ar an eolas faoina freagrachtaí agus go nglacfaidh sí comhsheasamh an Aontais maidir leis an Úcráin, leis an smacht reachta agus le luachanna na hEorpa. Chuaigh Uachtaránacht na hUngáire i dteagmháil le CESE cheana féin agus d’iarr sí deich dtústuairim. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí CESE le linn Uachtaránacht na hUngáire, féach suíomh gréasáin CESE. (mp)