Ní mór don Aontas díriú níos géire ar an mbeartas iomaíochta chun a iomaíochas domhanda a neartú, chun borradh a chur faoin táirgiúlacht, agus chun a áirithiú go leanfaidh an Margadh Aonair de bheith ina cholún den neart eacnamaíoch.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Eanáir, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tuairim dar teideal Ról mórthábhachtach an bheartais iomaíochta maidir le hiomaíochas an Aontais Eorpaigh. Iarrtar sa tuairim go ndéanfaí na geilleagair náisiúnta a chomhtháthú ar bhealach níos doimhne agus go gcuirfí straitéisí státchabhrach níos cliste le chéile chun leas a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch na hEorpa agus chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an digitiú, an t-athrú aeráide agus an athléimneacht.

Chuir CESE i bhfios go láidir go bhfuil an beartas iomaíochta ríthábhachtach chun an nuálaíocht, an inbhuanaitheacht agus an fás eacnamaíoch a chothú. Mar a chuir an rapóirtéir, Isabel Yglesias, in iúl ‘Níl aon choinbhleacht idir an iomaíocht agus an t-iomaíochas’. ‘Le nósanna imeachta cuíchóirithe, uirlisí solúbtha agus acmhainní leordhóthanacha, is féidir leis an mbeartas iomaíochta rathúnas a spreagadh do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais’.

Le rialacha nua ón Aontas maidir leis an iomaíocht, amhail an Gníomh um Margaí Digiteach agus an Rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha, tá aghaidh á tabhairt againn cheana féin ar shaobhadh margaidh agus ag cur le seasamh domhanda an Aontais. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí bearta breise chun measúnuithe cumasc a nuachóiriú agus chun a áirithiú go ndéanfar cumaisc atá dírithe ar an nuálaíocht a rialú ar bhealach éifeachtach, fiú má thiteann siad faoi bhun thairseacha reatha an Aontais.

Leagtar béim sa tuairim ar ról ríthábhachtach a ghabhann leis an státchabhair maidir le tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Tá an baol ann, áfach, go mbainfí an bonn den táirgiúlacht agus den fhás le fóirdheontais sa chás go ndéanfaí droch-chomhordú orthu. Léirítear sa staidéar go bhféadfadh borradh níos mó ná 30 % a chur faoin táirgiúlacht dá ndéanfaí comhordú níos fearr san Aontas. Molann CESE go ndéanfaí fóirdheontais a chur i gcomhréir le chéile ar fud na mBallstát chun slabhraí luacha Eorpacha a fheabhsú agus neamhéifeachtúlachtaí a chosc.

Ba cheart na tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) agus an Ciste Eorpach um Iomaíochas atá beartaithe a dhearadh le dearcadh uile-Eorpach chun an nuálaíocht thionsclaíoch ar mhórscála a spreagadh. Ní mór a áirithiú leis na huirlisí sin go ndáilfear na tairbhí go cothrom ar fud an Aontais, rud a chuirfidh an inbhuanaitheacht agus an athléimneacht chun cinn.

Leagann CESE béim ar an ngá atá leis an méid seo a leanas ionas go mbeidh an tAontas ina cheannaire domhanda:

  • Comhtháthú níos fearr chun fóirdheontais mhí-leithdháilte a laghdú agus borradh a chur faoin táirgiúlacht;
  • Rialacha níos láidre chun nuálaíocht na hEorpa a chosaint le linn éadálacha eachtracha;
  • Nósanna imeachta iomaíochta agus státchabhrach atá simplithe agus níos tapúla chun éifeachtúlacht a mhéadú;agus
  • Beartas cumaisc cothromaithe lena gcuirtear nuálaíocht, inbhuanaitheacht agus infheistíocht bonneagair chun cinn. (ll)