I ráiteas comhpháirteach a síníodh an 14 Samhain, d’iarr Baiba Miltoviča, cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) in CESE, agus Andres Jaadla, rapóirtéir na tuairime ó Choiste na Réigiún (CnaR) maidir leis an tithíocht, ar na hinstitiúidí Eorpacha bearta práinneacha a ghlacadh chun an tAontas Eorpach a thabhairt slán as an ngéarchéim tithíochta atá ann faoi láthair. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin ceapachán an Choimisinéara Eorpaigh um Fhuinneamh agus Tithíocht, a mbeidh sé de chúram air an chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a thíolacadh.

Dearbhú maidir le Tithíocht

  • Iarraimid ar an gCoimisiún Eorpach Cruinniú Mullaigh bliantúil an Aontais maidir le Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne a eagrú i gcomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa, le CESE agus le CnaR. Leis an gcruinniú mullaigh bliantúil sin de chuid an Aontais, ba cheart na geallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí na mBallstát maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a thabhairt le chéile, ar bhonn cur chuige il-leibhéil agus malartú dea-chleachtas i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;
  • Tacaímid le plean an Choimisinéara ainmnithe atá i gceannas ar an tithíocht chun ardán infheistíochta uile-Eorpach a bhunú do thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe chun tacú go práinneach le comhpháirtíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun deireadh a chur le heisiamh tithíochta, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le CESE agus le CnaR;
  • Tugaimid le fios gur gá féachaint ar bhealaí nuálacha chun borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cistí an Aontais atá ann cheana chun teacht ar réiteach fadtéarmach ar an ngéarchéim tithíochta;
  • Iarraimid ar institiúidí an Aontais tacú le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh chónaithe ar bhonn tacaíocht airgeadais éagsúlaithe, fhadtéarmach agus nuálach agus creataí dlíthiúla comhleanúnacha, lena ndíreofar ar phobail leochaileacha chomh maith le príomhghníomhaithe ar an láthair, go háirithe pobail fuinnimh agus údaráis áitiúla;
  • Iarraimid go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir na gníomhaithe ar na leibhéil éagsúla rialachais: na Ballstáit, institiúidí an Aontais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na rialtais réigiúnacha agus na húdaráis áitiúla.

Geallaimid rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach i nDearbhú Liège trí ghníomhú mar ghuth eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ó gach cearn den Aontas mar chuid d’iarracht chomhpháirteach institiúidí uile an Aontais an ghéarchéim tithíochta a réiteach agus comhtháthú na hEorpa a neartú ó gach taobh.