European Economic
and Social Committee
An intleacht shaorga arb í an Eoraip áit a déanta: iarrann CESE go ndéanfaí infheistíocht straitéiseach i mbonneagar IS
Tá moladh láidir déanta ag CESE go gcuirfidh an tAontas Eorpach borradh faoin infheistíocht a dhéanann sé i nascacht shlán, i mbonneagar athléimneach agus i slabhraí soláthair athléimneacha chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith iomaíoch i réimse na hintleachta saorga ilchuspóirí atá ag athrú go tapa. Meastar go bhfuil na bearta sin ríthábhachtach chun na tairbhí is fearr is féidir a bhaint as an intleacht shaorga ghiniúnach i gcomhréir le luachanna, riachtanais agus cearta bunúsacha na hEorpa.
Sa tústuairim uaidh An Intleacht Shaorga/an bealach chun cinn ina ndírítear ar phríomhghnéithe na hintleachta saorga ilchuspóirí, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá nuashonrú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga toisc a dhinimiciúla agus a chasta atá earnáil na hintleachta saorga. Cé gur samhlacha teicniúla go bunúsach atá sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus gur san earnáil gnólacht le gnólacht is mó a chuirtear i bhfeidhm iad, ní hé sin le rá nach mbíonn tionchar indíreach acu ar oibrithe agus ar thomhaltóirí.
‘Táimid den tuairim gur tábhachtach an ní é luachanna Eorpacha a bheith mar bhonn ag IS ar bith a úsáidimid anseo san Eoraip. An smacht reachta agus cearta an duine atá i gceist leis sin dar ndóigh, ach tá trédhearcacht, inchreidteacht agus iontaofacht i gceist leis freisin. Is iad sin na príomhthosca nach mór a chur san áireamh in aon chóras intleachta saorga atá le hoibriú ar son na ndaoine,’ a dúirt Sandra Parthie, rapóirtéir na tuairime, a d’iarr an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tacaíonn CESE leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga ach cuireann sé i bhfios go láidir gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh air agus é a choigeartú má chuireann sé srian ar nuálaíocht chuideachtaí an Aontais atá dírithe ar an intleacht shaorga. D’fhéadfadh sin tarlú i gcás ina bhfuil éiginnteachtaí ann maidir leis an gcaoi ar cheart an rialachán a chur i bhfeidhm nó má tá an rialachán féin róchasta, rud a bheadh ina spreagadh d’infheisteoirí agus nuálaithe margadh na hEorpa a fhágáil.
Chun cur i gcoinne rócheannasacht na gcuideachtaí digiteacha móra neamh-AE ar mhargadh an Aontais, tá iarrtha ag CESE go mbainfí leas as uirlisí beartais iomaíochta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar iompar criticiúil nó ar aon neamhchomhlíonadh le caighdeáin an Aontais.
Ní mór don Aontas agus dá Bhallstáit infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht chun líonraí láidre a fhorbairt lena bhféadfar táirgí intleachta saorga a chruthú agus a fheabhsú agus lena bhfeabhsófar na tairbhí a bhaineann leis an intleacht shaorga do dhaoine agus don gheilleagar. Mura dtugtar faoin intleacht shaorga ilchuspóireach a fhorbairt agus a úsáid san Eoraip, d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige sin ar iomaíochas na gcuideachtaí Eorpacha, rud a bheadh laghdú díolacháin, caillteanais post, marbhántacht eacnamaíoch agus an bhochtaineacht mar thoradh air.
‘Tá cuideachtaí agus taighdeoirí maithe inár measc; tá áiseanna taighde den scoth ar leac an dorais againn, agus is cinnte nach ndéanaimid ár ndóthain le hiad a chur chun cinn. Ní mór dúinn tallann a mhealladh agus an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine mar áit oibre. Ní mór dúinn forbairt a dhéanamh ar an intleacht shaorga arb í an Eoraip áit a déanta,’ a dúirt Sandra Parthie mar fhocal scoir. (ll)