Duine den bheirt leas-uachtarán ar CESE é Cillian Lohan (Éire) agus mairfidh a théarma oifige ar feadh dhá bhliain go leith, ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 go dtí mí an Mhárta 2023. Beidh sé freagrach as an gcumarsáid.

Tar éis a thofa, seo mar a labhair Cillian Lohan: “Is léir, a chairde, agus ár seacht ndícheall á dhéanamh againn chun dul i ngleic le paindéim dhomhanda agus chun na hiarmhairtí a eascraíonn aisti sin ar ár ngeilleagar a leigheas, is léir go bhfuil ré dhúshlánach buailte linn. Is léir freisin, a chairde, gur mithid dúinn anois infheistiú san aistriú práinneach is gá a dhéanamh ionas nach mbeimid ag brath a thuilleadh ar chórais fuinnimh atá go mór as dáta. Tá réitigh de dhíth orainn, réitigh a rachaidh chun tairbhe don uile dhuine, agus tá ceannaireacht uainn, ceannaireacht ar féidir linn muinín a bheith againn aisti.

“Glór uathúil is ea CESE....agus déanfaimid deimhin de go gcloisfear an glór sin go láidir agus go soiléir laistigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh”.

Sa ré dhúshlánach seo, “is áis luachmhar é CESE a oibríonn chun cur leis an gcomhdhearcadh maidir le ról an Choiste i gceapadh beartas nua. A bhuí le CESE, is féidir bearnaí sa reachtaíocht a shainaithint agus moltaí nithiúla a thabhairt faoi conas na bearnaí sin a dhúnadh. Is iad ár bhfoireann agus ár gcomhaltaí a mhúnlaíonn glór CESE trí bheith ag obair gan stad gan staonadh chun peirspictíochtaí uathúla luachmhara a chur ar fáil, peirspictíochtaí a bhfuil tacaíocht ríthábhachtach acu ó ghrúpaí uile na sochaí sibhialta.” Leag Lohan béim ar an gcaoi arb í tosaíocht a théarma oifige mar Leas-uachtarán dlús a chur leis an obair sin.

Is comhalta den ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” é Cillian Lohan agus ceapadh é mar ionadaí ar earnáil an chomhshaoil. Bhí sé ag plé le ceapadh beartais in Éirinn le Colún Comhshaoil na hÉireann (‘Irish Environmental Pillar’) agus chaith sé tamall mar chathaoirleach ar Líonra Comhshaoil na hÉireann.

Is duine de na príomhghníomhaithe i réimse an Gheilleagair Chiorclaigh é Lohan. Ba eisean an chéad chathaoirleach ar Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagar Chiorclaigh, agus chuidigh sé lena chur ar bun.

Tá seantaithí aige ar idirbheartaíocht a dhéanamh ar thionscnaimh de chuid na Náisiún Aontaithe, amhail caibidlíochtaí ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP) agus an Fóram Polaitiúil Ardleibhéil maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Ós rud é go bhfuil Lohan ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Green Economy Foundation, bhí deis aige maoirseacht a dhéanamh ar réimse leathan de thionscadail uaillmhianacha, lena n-áirítear breis agus aon mhilliún crann a chur in Éirinn agus tearmann fiadhúlra a bhunú i dTobága.

Chuaigh sé i mbun oifige mar Leas-uachtarán um an gCumarsáid tar éis dó téarma oifige a chaitheamh ina urlabhraí do Chatagóir Tomhaltóirí agus Comhshaoil in CESE.

Bhí sé ina rapóirtéir ar roinnt mhaith tuairimí tábhachtacha, lena n-áirítear an chéad doiciméad cuimsitheach ar leibhéal an Aontais dírithe ar phrionsabail maidir leis an gceartas aeráide a chur ar bun: Ceartas Aeráide, Pleananna Gníomhaíochta 2015 agus 2019 don Gheilleagar Ciorclach, Rannpháirtíocht na hÓige, Páipéar Machnaimh maidir le hEoraip Inbhuanaithe agus Rochtain ar Mhaoiniú don Troid i gcoinne an Athraithe Aeráide. (mr)

Féach thíos teachtaireacht físeáin ó Leas-Uachtarán CESE um an gCumarsáid: