European Economic
and Social Committee
Tá sé thar am ag na Balcáin Thiar infheistíocht a dhéanamh san óige
Chun todhchaí níos rathúla a chinntiú dá saoránaigh, ní mór do rialtais na mBalcán Thiar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine óga óir tá ríthábhacht leo má táthar chun todhchaí den sórt sin a chur i gcrích. Is réamhriachtanas é leithdháiltí leordhóthanacha agus trédhearcacha buiséid a chur ar fáil d’fhorbairt an bheartais um an óige agus do chuimsiú daoine óga i bpróiseas aontachais an Aontais Eorpaigh chun athruithe dearfacha a éascú agus chun staid na ndaoine óga sa réigiún a fheabhsú.
Chuir Ionuţ Sibian, comhalta CESE agus rapóirtéir na tuairime, ‘An beartas um an óige sna Balcáin Thiar’ mar chuid den Chlár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar i bhfios go láidir an ról atá ag institiúidí an Aontais mar leanas: ‘Caithfidh institiúidí an Aontais tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Balcáin Thiar chun rannpháirtíocht na hóige a fheabhsú. Ba cheart an Ráthaíocht don Aos Óg sna Balcáin Thiar a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht le soláthraithe na Ráthaíochta don Aos Óg agus le geallsealbhóirí ábhartha’.
Tá Andrej Zorko, comhalta CESE agus comhrapóirtéir na tuairime, ag iarraidh ar na sé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar cloí le príomhdhoiciméid an Aontais i dtaobh an bheartais um an óige, agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i mbeartais óige fianaisebhunaithe lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin forbartha a bhíonn ag daoine óga.
Áit a dhéanamh de na Balcáin Thiar ina mbeidh féachaint suas ag an óige
Is é is cúis leis an ardleibhéal imirce i measc an aosa óig sna Balcáin Thiar, ar fadhb sheanbhunaithe í, go háirithe, nach bhfuil daoine óga in ann rochtain a fháil ar oideachas ar ardchaighdeán agus nach mór na deiseanna gairme atá le fáil sa réigiún.
Tá géarghá leis na córais oideachais agus na curaclaim reatha a athchóiriú. Ba cheart cumas fiontraíochta na ndaoine óga a spreagadh agus a chur chun cinn, agus ní mór bonneagar sóisialta an réigiúin a neartú tuilleadh.
Cuimsíonn Clár Oibre um Nuálaíocht an Aontais do na Balcáin Thiar an óige agus, dá bhrí sin, spreagann sé rialtais na mBalcán Thiar a gcreat beartais um an óige a fhorbairt agus leanúint orthu leis na hathchóirithe riachtanacha chun go mbeidh ionchais do dhaoine óga sa réigiún amach anseo. (at)