European Economic
and Social Committee
Borradh a chur faoin úsáid a bhaintear as an intleacht shaorga i micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide na hEorpa
Le Grúpa na bhFostóirí in CESE
Tá éagsúlacht agus acmhainneacht na bhfeidhmchlár intleachta saorga (IS) beagnach gan teorainn agus, i ngan fhios dóibh féin, baineann go leor gnólachtaí agus saoránach úsáid faoi láthair as réitigh atá bunaithe ar IS. De réir mar a éiríonn na teicneolaíochtaí nuálacha sin níos coitianta, ní mór do FBManna glacadh le IS le nach mbainfidh siad den seasamh atá acu i gcomórtas le hiomaitheoirí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn. Mar sin féin, mar thoradh ar roinnt constaicí, bíonn bearna sa ghlacadh sin idir margaí agus/nó idir corparáidí móra agus micrifhiontair agus FBManna (MFBManna). I staidéar a rinneadh le déanaí, caitheadh solas ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an nglacadh le IS do MFBManna na hEorpa.
Tá an intleacht shaorga (IS) ina bagairt shochaíoch agus eacnamaíoch do MFBManna na hEorpa. Is iad na dúshláin is mó ná an fheasacht neamhleor ar na tairbhí a bhaineann le IS i measc lucht bainistíochta cuideachtaí agus easpa scileanna i measc na foirne (teicniúla) atá ann cheana, mar aon le heaspa sonraí nó sonraí nach féidir teacht orthu. Chomh maith leis sin, cuireann dálaí an mhargaidh sheachtraigh, amhail creataí dlíthiúla atá róshriantach nó róleathan, isteach ar MFBManna agus iad ag iarraidh glacadh le teicneolaíochtaí IS.
Chun na dúshláin sin a shárú agus chun borradh a chur faoin nglacadh le IS in MFBManna, cuirtear i láthair sa staidéar seo bosca uirlisí do lucht ceaptha beartas, lena n‑áirítear na bearta seo a leanas:
• Oideachas a chur ar fáil ar IS agus cur leis na scileanna riachtanacha ag lucht saothair MFBManna chun go bhfanfaidh siad iomaíoch
• Rochtain láraithe ar shonraí oscailte a chur chun cinn chun réitigh IS a fhorbairt agus, ag an am céanna, úinéireacht agus rialú sonraí a chosaint
• MFBManna a chuimsiú faoi ionstraimí airgeadais a thacaíonn le cur chun feidhme IS i gcomththéacs a n-iarrachta digitithe
• Margadh aonair trédhearcach a chinntiú do réitigh IS chun rioscaí a laghdú agus an inaistritheacht a mhéadú do MFBManna
Tá an staidéar iomlán ar fáil anseo: http://europa.eu/!gy8h4C
Rinne CESE an staidéar ‘Boosting the use of Artificial Intelligence in Europe’s ‘micro, small and-medium-sized enterprises’ [Borradh a chur faoin úsáid a bhaintear as an Intleacht Shaorga i micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide na hEorpa] a choimisiúnú ar iarratas ó Ghrúpa na bhFostóirí in CESE. Is iad SpaceTec Partners agus UnternehmerTUM údair an staidéir. (dv/kr)