A léitheoirí dile,

Níos luaithe i mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún Eorpach a chlár oibre do 2022 ‘Making Europe stronger together’, agus béim ar shochaí níos cothroime agus níos athléimní iar-COVID-19 a atógáil agus ag an am céanna dlús a chur leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Is cúis áthais dom gur cuireadh an mhórchuid de na moltaí a leagadh amach sa rún ó CESE a glacadh ag seisiún iomlánach mhí an Mheithimh san áireamh.

Baineann ár dtosaíochtaí comhchoiteanna le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, todhchaí dhigiteach a mhúnlú, geilleagar sóisialta margaidh uathúil a neartú, Aontas Eorpach rathúil a thógáil agus seasamh na hEorpa ar an leibhéal domhanda a threisiú.

Ós rud é gurb é an t-athrú aeráide ceann de na dúshláin is mó atá roimh an Aontas, tá CESE tiomanta níos mó ná riamh don Chomhaontú Glas don Eoraip. Ba cheart go mbeadh ár meon aigne dírithe ar an bhforbairt inbhuanaithe agus go mbeadh sí ina bunchloch do gheilleagar Eorpach iomaíoch, gan dearmad a dhéanamh ar bhéim a leagan ar an gciorclaíocht.
Má táthar chun digiteáil éifeachtach a bhaint amach, caithfimid a chinntiú go gcomhlíonann oideachas agus oiliúint éilimh ré na hintleachta saorga. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhdheiseanna ag saoránaigh uile an Aontais ó thaobh freagairt d’athruithe sa mhargadh saothair agus sa saol laethúil.

Ós rud é go mbeidh an téarnamh i gcroílár chlaochlú na hEorpa iar-COVID-19, tá an fhiontraíocht ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch, don fhostaíocht agus don chuimsiú sóisialta. Ach ní féidir geilleagar a fhóireann do dhaoine a bhaint amach gan idirphlé sóisialta agus sibhialta a bheith ann.

Tá idirphlé sóisialta agus sibhialta ríthábhachtach freisin chun go mbeadh daonlathas sláintiúil ann lena n-urramaítear an smacht reachta agus na cearta bunúsacha. Feicimid faoi láthair go bhfuil gá le sásraí níos láidre a úsáid chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar shaincheisteanna an spáis shibhialta agus chun spás na sochaí sibhialta a chosaint. Agus sinn ag caint faoin daonlathas, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaíochtaí a thacaíonn le tosaíocht dhlí an Aontais.

Agus ar ndóigh, i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus ó tharla gur glacadh clár oibre an Choimisiúin le déanaí, ní féidir liom róbhéim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis an tsochaí shibhialta eagraithe a bheith rannpháirteach i múnlú beartas. Leanfaidh an Coiste de bheith ag obair go dlúth le hinstitiúidí uile an Aontais chun spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach ar mhaithe lenár sochaithe a neartú.

Aontaithe ar son thodhchaí na hEorpa.

Christa Schweng

Uachtarán CESE