Is roinn nua ar leith de chuid shuíomh gréasáin CESE é “An tsochaí shibhialta i gcoinne COVID-19”. Bailítear le chéile ar na leathanaigh sin os cionn 50 scéal i dtaobh téarnamh, dlúthpháirtíocht agus gníomhaíochtaí praiticiúla a rinneadh le linn na ráige den choróinvíreas. Seoladh na leathanaigh sin ar an 2 Iúil 2020 agus tugtar eolas faoi thionscnaimh a rinne comhaltaí de chuid CESE, trína n-eagraíochtaí áitiúla sna Ballstáit, chun déileáil leis an ngéarchéim COVID-19.

Is í Isabel Caño Aguilar, Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid, a chuir tús leis an tionscadal: “Tá súil ghéar coinnithe ag CESE ar leathadh na paindéime, agus seasaimid go dlúth leo siúd uile a ndearna an coróinvíreas dochar dóibh agus dá muintir. Is é atá i gceist againn a dhéanamh ar na leathanaigh seo ná eolas a thabhairt faoin obair dhúthrachtach atá á déanamh ag comhaltaí an Choiste ar an leibhéal áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na paindéime”.

Tá sí ag iarraidh ar dhaoine cuairt a thabhairt ar an roinn nua seo den suíomh: “Tá na leathanaigh ghréasáin seo tiomanta don obair atá á déanamh ag CESE, comhaltaí an Choiste agus na heagraíochtaí dá ndéanaimid ionadaíocht sa tsochaí shibhialta, an obair atá ar siúl acu chun teacht tríd an ngéarchéim seo agus ullmhú don am amach romhainn. Inár n-ospidéil, inár dtíortha, inár gcathracha agus inár gceantair thuaithe, tá daoine anaithnide ag obair as lámh a chéile gan staonadh chun teacht as an ngéarchéim seo. Is tábhachtach a rá go bhfuil príomhról sa troid i gcoinne na paindéime agus san obair théarnaimh ag an tsochaí shibhialta eagraithe.”

Tá an uile chineál scéil le léamh ar na leathanaigh sin, scéalta a tháinig ó oibrithe, lucht gnó agus na comhpháirtithe sóisialta, scéalta faoin talmhaíocht, sláinte, iompar, an comhshaol, tomhaltóirí, cearta comhionanna, daoine óga, teaghlaigh agus daoine scothaosta. (mp)