I measc phríomhthosaíochtaí an Aontais sna blianta beaga amach romhainn, ní mór geilleagar an Aontais a chur ar bhóthar a leasa athuair chun aistriú inbhuanaithe a bhaint amach agus rathúnas a chur ar fáil do mhuintir agus do ghnólachtaí na hEorpa. Is é sin príomhéirim an Rúin maidir le hionchur CESE i gclár oibre an Choimisiúin Eorpaigh do 2020, a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí an Mheithimh.

Chuir CESE in iúl sa rún a thábhachtaí a bheidh an téarnamh agus an atógáil i ndiaidh na paindéime. Ní mór infheistíocht agus athchóirithe araon a chur i bhfeidhm chun an ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta a shárú agus chun athléimneacht na hEorpa a threisiú in aghaidh suaití amach anseo, rud ba cheart a bheith bunaithe ar an bhfás cuimsitheach inbhuanaithe, ar obair chuibhiúil agus ar cheartas sóisialta.

Ba cheart an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na príomhcholúin:

  • leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair;
  • Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;
  • geilleagar ciorclach a chruthú agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;
  • an dea-rialachas agus an chuntasacht dhaonlathach a áirithiú.

Agus í ag trácht ar ghlacadh an Rúin, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Christa Schweng: “Tá súil agam go gcuirfidh moltaí CESE, a rinneadh i bhfad roimh ré, ionchur luachmhar ar fáil maidir le clár oibre an Choimisiúin atá le teacht. Tá CESE lántiomanta i gcónaí tacaíocht a thabhairt do na sé phríomhuaillmhian de chuid an Choimisiúin agus do chomhlíonadh a róil trí idirphlé laistigh den tsochaí shibhialta agus leis na hinstitiúidí Eorpacha a éascú d’fhonn na huaillmhianta sin a chur i bhfeidhm”.

Dúirt Christa Schweng freisin go ndéanfaí próiseas fíordhaonlathach den phróiseas téarnaimh agus athmhúnlúcháin i leith thodhchaí na hEorpa má tá gach saoránach rannpháirteach ann trí mheán eagraíochtaí na sochaí sibhialta: “Táim ag brath ar an gCoimisiún moltaí shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa a chur san áireamh agus tosaíochtaí na bliana seo chugainn á leagan síos aige.