European Economic
and Social Committee
Gach mí, cuirimid aoi speisialta i láthair, duine mór le rá a roinnfidh a thuairim nó a tuairim faoi chúrsaí reatha linn: duine a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn ar an saol, a spreagfaidh sinn agus a chuirfidh ar an eolas sinn faoi shaol an lae inniu.
In eagrán mhí na Bealtaine, is cúis áthais dúinn fáilte a chur roimh an staraí clúiteach, Norman Davies, ar dheas uaidh agallamh a dhéanamh le CESE info. Tá an tOllamh Davies ina shaineolaí mór ar stair na hEorpa, go háirithe stair na Breataine, na Polainne agus Lár agus Oirthear na hEorpa. Tá roinnt leabhar sárdhíola scríofa aige, amhail Europe: A History, God's Playground, Rising 44, Europe at war 1939-45 and Microcosm: Portrait of a Central European City Chomh maith leis sin, is Ollamh ar Cuairt é an tOllamh Davies i gColáiste na hEorpa.
Rugadh Norman Davies in 1939 in Bolton (Lancashire). Cuireadh oideachas air i Scoil Bolton, i gColáiste Magdalen, Oxford, in Ollscoil Sussex agus i roinnt ollscoileanna ar an mórroinn, lena n-áirítear Ollscoil Grenoble, Ollscoil Perugia agus Ollscoil Kraków. D’fhág na blianta múnlaitheacha sin go bhfuair sé léargas Eorpach ar feadh a shaoil. Bhí sé ina Ollamh Staire ar feadh na mblianta i Scoil Léann Slavaigh agus Oirthear na hEorpa, Ollscoil Londan, agus mhúin sé freisin in ollscoileanna Columbia, McGill, Hokkaido, Stanford, Harvard, Adelaide, agus Ollscoil Náisiúnta na hAstráile, Canberra.
Is é an tOllamh Davies údar White Eagle, Red Star: the Polish-Soviet War, 1919-20 (1972), God’s Playground: A History of Poland (1981), an leabhar sárdhíola uimh.1 Europe: A History (1996), The Isles: A History (1998), Microcosm: Portrait of a Central European City (i gcomhar le Roger Moorhouse, 2002), Rising ’44, the Battle for Warsaw (2003), Europe at War, 1939-45 (2006) agus Vanished Kingdoms (2011). Aistríodh a chuid leabhar go breis agus fiche teanga, agus is craoltóir rialta é.
Ó 1997 go 2006, bhí Norman Davies ina Chomhalta Breise (Supernumerary) ag Coláiste Wolfson, Oxford, agus anois tá sé ina Chomhalta Oinigh i gColáiste Antony, Oxford agus ina Ollamh Unesco ag Ollscoil Jagiellonian, Kraków. Tá sé ina Chomhalta d’Acadamh na Breataine ó 1997 agus ó 2011 i leith de Chumann Léinn na Breataine Bige. Bronnadh Ord Iolar Geal na Polainne air agus an CMG sa Bhreatain de bharr seirbhísí don stair. Tá dochtúireachtaí oinigh aige ó roinnt ollscoileanna sa Bhreatain agus sa Pholainn, chomh maith le saoránacht oinigh i gcúig chathair, agus is comhalta saoil é in Clare Hall agus in Peterhouse Cambridge.
Tá an tOllamh Davies ina chónaí in Oxford agus in Kraków lena bhean, Maria, agus tá beirt mhac fhásta aige, Daniel agus Christian (ehp).