European Economic
and Social Committee
Insint Nua ar an Eoraip – Rún CESE maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, ghlac CESE rún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ina n-éilítear “insint nua atá bunaithe ar réaltacht an ghnáthshaoil laethúil” ionas gur féidir nasc nua a chruthú le saoránaigh na hEorpa agus iad a spreagadh. Ní tharlóidh sin, áfach, go dtí go dtabharfar ról nach beag don tsochaí shibhialta eagraithe ina leith sin.
Sa rún dar teideal Insint Nua ar an Eoraip, tá sraith moltaí dírithe ar an leas is fearr is féidir a bhaint as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ós rud é gur deis atá inti todhchaí níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime a leagan amach don Aontas Eorpach. Leag Uachtarán CESE, Christa Schweng, béim mar leanas ar a thábhachtaí atá sé torthaí nithiúla a bhaint amach: “Ní mór don Chomhdháil dul chun cinn nithiúil intomhaiste a dhéanamh in ionad a bheith i dtortaobh le pléití neamhcheangailteacha; sin le rá, ba cheart moltaí nithiúla maidir le gníomhaíocht AE a chur chun tosaigh de dhroim na smaointe a chuirfear in iúl le linn na Comhdhála.”
Ar a mhuin sin, d’athdhearbhaigh Christa Schweng gur gá a chur ina luí ar na saoránaigh gur leo féin an tAontas Eorpach, rud nach mothaíonn siad a thuilleadh: “I dtaca lena bhfuil i ndán don Eoraip, tá insint nua dhearfach de dhíth freisin. Ní mór dúinn a chruthú agus a mheabhrú do chách gurb iontach an áit í an Eoraip le cónaí inti agus le dul chun cinn sa saol. Anuas air sin, ní féidir neamhshuim a dhéanamh de ghuth shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa: más mian linn i ndáiríre páirt a thabhairt do na saoránaigh sa tionscadal Eorpach, ba cheart an tsochaí shibhialta a chur ar an stiúir.”
I measc nithe eile, cuirtear chun suntais sa rún an gá atá le “téarnamh cothrom inbhuanaithe ó ghéarchéim COVID-19, téarnamh a réiteoidh an bealach do shochaí níos cuimsithí agus a chothóidh an t-iomaíochas fadtéarmach”. Aithnítear sa téacs freisin an “tábhacht nach beag” a bhaineann leis an aistriú dúbailte - an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach - chomh maith leis an ngá atá ann feidhm a bhaint as an gComhdháil chun earnálacha tionsclaíocha an Aontais agus a slabhraí soláthair a nuachóiriú agus a athrú ó bhonn, ionas go mbeidh siad iomaíoch i ndomhan go n-astaíochtaí níos ísle.
I mbeagán focal, ba cheart an deis a bheith ann leas a bhaint as an gComhdháil chun athrú fadtéarmach a bhaint amach san Aontas, lena n-áirítear páirt níos mó agus níos tábhachtaí a thabhairt do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta eagraithe i réimse poiblí na hEorpa. (dgf)