European Economic
and Social Committee
Tá CESE ag tacú le tionscnaimh chun na rioscaí a bhaineann le lotnaidicídí a laghdú ach cuireann sé i bhfáth nach mór teacht ar réitigh mhalartacha atá cost-éifeachtach
Is san Aontas atá cuid de na rialacháin is déine ar domhan i bhfeidhm maidir le táirgí cosanta plandaí (TCPanna nó lotnaidicídí) a úsáid sa talmhaíocht. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh, áfach, chun an cóineasú rialála a fheabhsú ar mhaithe leis na rioscaí a bhaineann le húsáid TCPanna a laghdú agus soláthar bia sláintiúil agus sábháilte a ráthú do dhaonra an domhain atá ag dul i méid i gcónaí.
Mar ionchur do mheastóireacht an Choimisiúin ar Threoir 2009/128/CE maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, ghlac CESE tuarascáil faisnéise ar an ábhar sin.
Tá deich mbliana ann ó tháinig an Treoir i bhfeidhm agus is den ríthábhacht a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sí oiriúnach dá feidhm.
Cé go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta maidir le láimhseáil agus cóireáil lotnaidicídí, is príomhchonstaic ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as TPCanna fós é an easpa eolais leordhóthanaigh atá ann ina leith.
Meastar freisin gur laige sa Treoir maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí iad faireachán agus forfheidhmiú an dlí, maille leis an easpa pionós éifeachtach do Bhallstáit nach gcomhlíonann na rialacha.
Bíodh is go bhfuil feirmeoirí Eorpacha fós tiomanta go mór don aistriú chuig cleachtais talmhaíochta níos inbhuanaithe, tá comhdhearcadh ginearálta ann nach ann do réitigh mhalartacha agus teicneolaíochtaí nua atá cost-éifeachtach go leordhóthanach chun cothabháil barr a chinntiú.
“Is éard a theastaíonn ná cur chuige iomlánaíoch uaillmhianach d’fhonn creat reachtach a chruthú lenar féidir linn déileáil le húsáid lotnaidicídí ar bhealach comhleanúnach, comhsheasmhach agus eolaíoch,” a dúirt José Manuel Roche Ramo, rapóirtéir CESE, go diongbháilte. (mr)