Chun beart nithiúil a dhéanamh den dlúthpháirtíocht leis an Úcráin, tá CESE ag glacadh páirt i dtionscnamh Pharlaimint na hEorpa le haghaidh na hÚcráine ar a dtugtar ‘mol na sochaí sibhialta’; tá cead á thabhairt ag CESE don eagraíocht neamhrialtasach Promote Ukraine cuid dá áitreabh, agus trealamh lóistíochta, a úsáid ag Rue de Trèves 74.

Bhí an searmanas aistrithe oifigiúil ar siúl i bhfoirgneamh Jacques Delors de chuid CESE an 20 Aibreán 2022. Chuir Uachtarán CESE, Christina Schweng, fáilte roimh ionadaithe ó shochaí shibhialta na hÚcráine, agus bhronn sí suaitheantas siombalach ‘rochtain neamhshrianta’ orthu i ndathanna bhratach na hÚcráine.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Christa Schweng: ‘Tá CESE, ina ról mar mhol na sochaí sibhialta eagraithe san Aontas, ag oscailt a dhoirse do shochaí shibhialta eagraithe na hÚcráine, ar cuid dár dteaghlach Eorpach í. Seasaimid leis an Úcráin agus lena muintir, agus táimid ag déanamh beart nithiúil den dlúthpháirtíocht. Seasaimid le chéile chun ár gcomhluachanna – an tsaoirse, an daonlathas agus an smacht reachta – a chosaint.’

Chuir comhordaitheoir na sochaí sibhialta, Natalia Melnyk, béim ar an méid seo a leanas: ‘D’athraigh ár saol an 24 Feabhra. Ní athrú chun feabhais é. Ní ghlacaimid le haon chomhbhrón, áfach. Tá go leor le déanamh anois agus tá súil agam go mbeimid in ann níos mó a dhéanamh san áitreabh seo chun tacú le muintir na hÚcráine. Tá an mol seo oscailte do gach Eorpach atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Úcráin.’

Chuir Serghii Tereshko, leascheann mhisean na hÚcráine chuig an Aontas Eorpach, leis an méid sin: ‘Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil libh as an dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus as an rún a d’fhoilsigh CESE – ‘An cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige.’ Gabhaimid buíochas libh as an tacaíocht ó Ardán Sochaí Sibhialta AE‑na hÚcráine a chabhraigh linn nasc níos cóngaraí a dhéanamh leis an Aontas Eorpach. Is é an chéad chéim i dtreo láithreacht bhuan de chuid na hÚcráine a bhunú sna hinstitiúidí Eorpacha ná an t-áitreabh seo a dheonú dúinn.’

Leag Marta Barandiy, cathaoirleach Promote Ukraine, béim ar an méid seo a leanas: ‘Tá deis labhartha tugtha ag na hinstitiúidí Eorpacha dúinn. Anois, tá an spás curtha ar fáil dúinn chun obair a dhéanamh. Spás chun comhoibriú le sochaí shibhialta na hEorpa.’

Bainfear úsáid as na hoifigí agus an áit pháirceála ag foirgneamh B68 (Rue de Trèves 74), chomh maith le tacaíocht riaracháin agus lóistíochta (trealamh, printéirí agus seirbhísí TF) chun gníomhaíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine a chomhordú. Ar an gcaoi sin, tá CESE ag éascú obair na heagraíochta neamhrialtasaí seo, agus áit shábháilte á cur ar fáil aige do Promote Ukraine i gcroílár na hEorpa. (ab/ehp)