European Economic
and Social Committee
Rang oscailte maidir le stair na hÚcráine
Le Tatjana Babrauskienė, comhalta de CESE, an Liotuáin
Is ábhar bróin agus díchreidimh do phobal oideachais na Liotuáine iad na gníomhaíochtaí míleata ionsaitheacha ar mórscála arna ndéanamh ag an Rúis faoi láthair san Úcráin. Tá tionscnamh seolta ag an bpobal sin, tionscnamh lena bhfoghlaimíonn an ghlúin óg faoi na miotais agus na fírinní a bhaineann le stair na hÚcráine.
Tá sé an-tábhachtach tuiscint a fháil ar fhréamhacha agus ar chúiseanna an ionsaithe seo a tharla le déanaí agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Cúis amháin is ea an cogadh faisnéise arna eagrú ag an Rúis, a bhfuil bolscaireacht, bréagaisnéis agus bréagnuacht faoin Úcráin san áireamh ann.
Tá feachtas eagraithe ag Ceardchumann Oideachais agus Eolaíochta na Liotuáine (LŠMPS-LESTU) i scoileanna sa Liotuáin chun dul i ngleic leis an gcogadh faisnéise agus tacaíocht a thabhairt don Úcráin. An 28 Feabhra, thugamar cuireadh do mhúinteoirí na n-ábhar go léir agus do cheannairí institiúidí oideachais a gcéad rang a mhúineadh chun tacú leis an Úcráin agus an fhírinne a insint faoina stair.
Thug Leas-Chathaoirleach LŠMPS/LESTU, Audrius Jurgelevičius, ar múinteoir staire é chomh maith, rang staire oscailte inar chlúdaigh sé 100 bliain de stair na hÚcráine agus bunús na státachta. Rinneamar an rang a chraoladh beo ar líne agus bhí deis ag na scoileanna uile sa Liotuáin páirt a ghlacadh.
Bhí trí chuspóir ag an rang: ar an gcéad dul síos, a léiriú gur náisiún neamhspleách í an Úcráin agus nach Rúisigh iad na hÚcránaigh. Ba é an dara cuspóir a léiriú go bhfuil muintir na hÚcráine ag tógáil a staire féin agus a stáit féin, stát atá á bhainistiú acu anois. Ós rud é gur chruthaigh siad an stát iad féin, ní gá dóibh a bheith buíoch d’aon duine as cead a bheith acu a stát féin a bheith acu. Más rud é nach bhfuil siad faoi chomaoin duine ar bith, níl an ceart ag aon duine an stát a thógáil uathu. Ba é an tríú cuspóir den rang seo miotais éagsúla a nochtadh. D’fhéadfadh na miotais sin iompú ina mbréaga i gcomhráite faoi stair na hÚcráine.
Aistríodh ábhar na ranga cheana féin go Rúisis, Polainnis agus Béarla. Roinneadh ar fud an domhain é trí dhiaspóra na Liotuáine agus trí Education International.
D’ullmhaíomar greamáin agus thugamar cuireadh do dhaltaí iad a phriontáil agus a thaispeáint le linn na ranga chun a dtacaíocht don Úcráin a chur in iúl. D’iarramar orthu chomh maith íomhánna den rang a shábháil agus iad a sheoladh chugainn. Bhí deis againn an méid seo a bhaint amach agus tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a chothú i gcomhar le pobal oideachais na Liotuáine.
Tá sé ríthábhachtach go seasfaimid le chéile. Ní mór dúinn a chinntiú nach gcuirfear insint eile ar an stair.
Is féidir teacht ar an rang le fotheidil Bhéarla ach cliceáil ar an nasc seo:https://www.youtube.com/watch?v=G0lu8AM0o8c&t=17s