European Economic
and Social Committee
Go traidisiúnta, déanann CESE Lá na hEorpa a cheiliúradh trína dhorais a oscailt don phobal. I mbliana, agus géarchéim COVID-19 ann, tá an deis á tabhairt do shaoránaigh ar fud na hEorpa cuairt a thabhairt ar Theach Ionadaithe na Sochaí Sibhialta ar bhealach sábháilte agus fíorúil.
Is ar an 9 Bealtaine a bhíonn Lá na hEorpa agus is éard atá ann comóradh ar Dhearbhú Schuman a síníodh cothrom an dáta sin. Leis an síniú sin, cuireadh síolta an Aontais Eorpaigh atá againn inniu. Is deis atá ann machnamh a dhéanamh ar ar éirigh linn a thógáil a bhuí sin leis an dlúthpháirtíocht, agus ar an méid ba mhaith linn a bhaint amach sa todhchaí.
Is deis atá ann freisin a chur ina luí ar shaoránaigh an Aontais ar dhóigh shainiúil go mbaineann siad le rud is mó ná iad. Is smaoineamh é sin atá léirithe i mana Lá na hEorpa agus faoina bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha uile aontaithe, mar atá “Ní neart go cur LE CHÉILE.”
Bí páirteach i Lá na hEorpa agus...
- Faigh amach faoina ndéanann CESE duit trí chuairt fhíorúil in 3T a thabhairt ar CESE chun spléachadh 360° a fháil: cuir aithne orainn, bí ar an eolas faoina ndéanaimid agus foghlaim faoin bhfiúntas breise a bhaineann le CESE agus a chomhaltaí.
- Faigh amach faoina ndéanann comhaltaí CESE ina dtíortha féin trí éisteacht le scéalta ó eagraíochtaí ár gcomhaltaí ina dtíortha féin, agus faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag comhaltaí CESE ina gceantair áitiúla chun cuidiú leis an Aontas Eorpach téarnamh ón ngéarchéim.
- Tabhair cuairt ar an gCúinne Cultúir atá againn agus caith súil ar na taispeántais fhíorúla éagsúla atá ag CESE agus atá ar taispeáint ar bhealach idirghníomhach agus suimiúil.
- Glac páirt san iliomad gníomhaíochtaí beo atá againn: thar aon ní eile, is ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontachas san Eoraip é Lá na hEorpa agus mar sin, beidh cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla ar siúl ar líne, le cuairteanna fíorúla ar CESE, seimineár gréasáin beo le comhaltaí CESE, both grianghraf digiteach, agus comórtas grianghraf san áireamh.
Bí ag faire amach chun tuilleadh eolais a fháil!
Lá na hEorpa 2021 | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu) (cl)