European Economic
and Social Committee
Le Maria Nikolopoulou, comhalta de Ghrúpa na nOibrithe in CESE
Caitheadh scáth dorcha ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana agus paindéim COVID‑19 ann i gcónaí agus cogadh dearg ar bun san Úcráin. Is léir ón dá chás sin gur minic a chaitear cearta na mban i dtraipisí a luaithe a bhíonn éagobhsaíocht pholaitiúil, shóisialta nó eacnamaíoch ann.
Ba iad na hoibrithe mná ba mhó a cailleadh a bpost de dheasca na paindéime, na mná ba mhó a bhí thíos leis an obair ón mbaile ó thaobh cothromaíocht oibre is saoil de agus chuaigh an foréigean baile in olcas le linn na dtréimhsí dianghlasála. Na héagothromaíochtaí struchtúracha arbh ann dóibh roimh an bpaindéim, is measa fós anois iad.
Tháinig athrú ar ord na dtosaíochtaí ó cuireadh tús leis an gcogadh óir is tábhachtaí i gcónaí cúrsaí báis is beatha. Fulaingt fhisiciúil agus shíceolaíoch atá i ndán do na mná, idir mháithreacha, chúramóirí, oibrithe, shaighdiúirí, dhídeanaithe agus eile. Níl de rogha acu ach aghaidh a thabhairt ar an gcruatan agus coinneáil orthu.
Is í toil agus dualgas Ghluaiseacht na gCeardchumann agus Ghrúpa na nOibrithe in CESE araon seasamh ar ghualainn gach mná a bhfuil ionsaí á dhéanamh uirthi i láthair na huaire, idir ionsaí fisiciúil agus ionsaí ar a cearta. Ní mór do mhná uile an domhain cur le chéile chun an tsíocháin a chur i réim agus saol cothrom rathúil a thógáil do chách!