Is faoi scáth an chogaidh a tionóladh an chomhdháil maidir le Mná sa Mhargadh Saothair, a d’eagraigh CESE chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh an 8 Márta. Mhol rannpháirtithe na comhdhála mná éachtacha na hÚcráine as an neart, as an gcrógacht agus as an teacht aniar atá léirithe acu.

San aitheasc tosaigh a thug sí uaithi, thagair Uachtarán CESE, Christa Schweng, do mhná agus do chailíní na hÚcráine a bhfuil iallach á chur orthu a dtír a fhágáil, rud a fhágann i mbaol foréigin iad, murab ionann is riamh.

Ar an gcaoi chéanna, leag Maria Nikolopoulou, cathaoirleach an Ghrúpa ad hoc um an gComhionannas agus comhalta de CESE, béim air ‘go bhfuil mná, máithreacha agus céilí sáinnithe i limistéar cogaidh, agus cuid mhaith acu ag dul chun comhraic iad féin, fad atá tuilleadh eile díobh ar a ndícheall ag iarraidh teitheadh ó ainghníomhartha na n-ionsaithe. Seasaimid leis na sochaithe sibhialta atá ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an gcogaíocht i ngach tír ar domhan.’

Faoi mar a méadaíodh an bhearna fostaíochta idir na hinscní de dheasca phaindéim COVID-19, tá borradh curtha ag an bpaindéim faoin bhforéigean agus faoin gciapadh ag an obair.

D’fhógair an Coimisinéir um Chomhionannas, Helena Dalli, go gcuirfeadh an Coimisiún Eorpach togra i láthair le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac a bheadh ceangailteach ar na Ballstáit uile.

Maidir le hearnáil na hintleachta saorga, níl ach 16 % den lucht saothair ar mná iad, rud a fhágann an chumhacht ag an 84 % eile (ar fir iad) na cinntí go léir a dhéanamh agus ceannaireacht a thabhairt. ‘Mura mbeidh páirt ag mná sna hearnálacha sin, ciallóidh sin gurb iad na fir a chruthóidh agus a mhúnlóidh ár ndomhan nua uile, agus gur domhan claonta a bheidh ann, dá dheasca sin’, a dúirt Schweng.  (at)