Tá taispeántas An Afraic i Liospóin ina léirítear tionchar chultúr na hAfraice i Liospóin, á chur i láthair ag Ana Carvalho, ealaíontóir ón bPortaingéil, agus tá Taispeántas Ubuntu, ina gcuirtear chun cinn cómhaireachtáil shíochánta, glacadh le difríochtaí agus dlúthpháirtíocht, á chur i láthair ag José Pereira, ealaíontóir ón Afraic atá bunaithe in Cabo Verde.

An 2 Márta, lainseáil CESE an taispeántas grianghrafadóireachta comhpháirteach idir an Afraic agus an tAontas Eorpach ag ócáid fhíorúil a raibh Cillian Lohan, Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air, Carlos Trindade, Cathaoirleach Choiste Leantach ACC-AE, agus beirt ghrianghrafadóirí, i measc na ndaoine a d’fhreastail uirthi. Lainseáladh an t-imeacht le linn chruinniú Choiste Leantach ACC-AE, comhlacht buan atá ina chuid den Rannóg um Chaidreamh Seachtrach in CESE

Mar a dúirt an tUasal Trindade, “Toisc go léiríonn an cultúr luachanna coiteanna agus ábhair spéise coiteanna pobail a bhfuil ábhair leasa choitinn aige, is é is aidhm don ghníomhaíocht chultúrtha seo ná aird a dhíriú ar a thábhachtaí atá an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Afraic, atá ar na bacáin, do CESE, agus an ceangal láidir idir an dá ilchríoch a chur i lár an aonaigh. Is ar an ábhar sin a reáchtálamar an lainseáil ar líne mar chuid dár gcruinniú.”

Beidh an taispeántas grianghrafadóireachta go hiomlán fíorúil agus beidh rochtain air ar líne ón 1 Márta go 31 Márta 2021.

Is féidir féachaint ar an taispeántas ANSEO agus ar mheáin shóisialta CESE. Ná lig tharat an deis! (ck)