I dtuairim uaidh a glacadh i mí Eanáir 2022, chuir CESE in iúl gur díol sásaimh dó an cuspóir atá ag an gCoimisiún Eorpach creat reatha an Aontais a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus cánachas Eorpach a struchtúrú ar bhealach ina gcuirfear fuinneamh neamh-iontaise inbhuanaithe chun cinn.

Is ábhar imní do CESE freisin, áfach, an tionchar diúltach socheacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag cuid de na bearta atá le fáil sa Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treorach.

‘Iarraimid go mbeidh dearcadh níos solúbtha ann maidir le bithbhreoslaí inghlactha agus an cánachas a bhaineann leo’, a dúirt an rapóirtéir Stefan Back.

Molann an Coiste freisin úsáid a bhaint as an gcoincheap ‘bochtaineacht fuinnimh’, seachas ‘teaghlaigh leochaileacha’, agus iarrann sé go dtabharfar cánacha comhshaoil ar ais dóibh siúd is mó atá thíos leis, agus creideann sé i gcóras praghsála an Aontais a choigeartú chun go léireofar leis praghas gach cineáil fuinnimh.

‘Is oth le CESE freisin nach bhfuil bearta cuí chun an bhochtaineacht soghluaisteachta a sheachaint ar áireamh sa togra’, a dúirt an comhrapóirtéir Philippe Charry. (tk)