Meabhraíonn Giuseppe Guerini, comhalta de CESE, dúinn go raibh na seirbhísí sláinte i gcathair Bergamo san Iodáil ag titim as a chéile de dheasca COVID-19 cothrom an ama seo anuraidh nuair a chuaigh an eagraíocht neamhrialtasach, Emergency, i mbun gnímh chun bainistiú a dhéanamh ar an ospidéal machaire a cuireadh ar bun chun déileáil le líon ollmhór na n-othar a bhí ag teacht isteach. Dar leis an stiúrthóir leighis, Oliviero Valoti, chuir an eagraíocht cúnamh ar fáil san am ceart.

Bhain Emergency Duais na Dlúthpháirtíochta Sóisialta CESE i ngeall ar an ról tarrthála a bhí aige le linn na géarchéime. Míníonn Leas-Uachtarán CESE, Cillian Lohan, an dearcadh atá taobh thiar den duais aon uaire sin agus cuireann Uachtarán Emergency, Rossella Miccio, in iúl a thábhachtaí atá sé don eagraíocht go bhfuil a hiarrachtaí aitheanta ag an Eoraip.