•    Tacaíonn roinnt mhaith ambasadóirí leis an obair a dhéanann Grootouders voor het klimaat (Seantuismitheoirí ar son na haeráide), ceann de bhuaiteoirí Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021. . Is ambasadóirí cáiliúla iad cuid mhór díobh, ach is í Jane Goodall an ceann is cáiliúla. Is taighdeoir mór le rá í Jane agus is í an saineolaí is iomráití ar domhan maidir le simpeansaithe. Roghnaíodh Jane Goodall mar 100ú ambasadóir Grootouders voor het klimaat i mí Dheireadh Fómhair 2020.


•    Nuair a dhéantar ríomhaire a athchóiriú in ionad é a chaitheamh i dtraipisí, sábháiltear 144 kg de CO2. Idir 2008 agus 2021, rinne an buaiteoir Rómánach, Ateliere Fara Frontiere (Ceardlann gan Teorainneacha), beagnach 25 000 ríomhaire a athchóiriú agus a dheonú.Samhlaigh fcé mhéad cileagram de CO2 atá sábháilte acu go dtí seo!


•    Tá sé mar aidhm ag tionscadal an bhuaiteora de chuid na Slóiveine , tionscadal dar teideal Hot Spots, dul i ngleic leis na teasoileáin uirbeacha i Liúibleána. De réir réamhaisnéisí a rinneadh le déanaí.beidh an chathair sin ag téamh ag an ráta is tapúla ar domhan amach anseo. De réir na réamh-mheastachán, beidh an aimsir i Liúibleána an-chosúil leis an aimsir in Virginia Beach sna Stáit Aontaithe faoi 2050. Beidh an chinniúint chéanna i ndán do lár na hEorpa agus do na Balcáin ar fad. Táthar ag súil go mbeidh na harduithe teochta is suntasaí sna limistéir sin agus go mbeidh an aeráid cosúil le catharacha Stát Texas sna Stáit Aontaithe.

•    Tá an comhlachas Spáinneach ‘Associació Catalana Enginyeria Sense Fronteres’ (Innealtóirí gan Teorainneacha, an Chatalóin) ag comhrac in aghaidh na bochtaineachta fuinnimh trí ghuth a thabhairt do 11 % de theaghlaigh uile na Spáinne, ar teaghlaigh 'fhuinneamhbhochta' iad. Léiríonn na figiúirí go bhfaigheann níos mó Spáinnigh bás anabaí mar gheall ar bhochtaineacht fuinnimh seachas timpistí gluaisteán. In 2019, fuair 100 000 Eorpach bás de bharr go raibh cónaí orthu i dtithe fuara, agus bhí os cionn 50 milliún duine ina gcónaí i dtithe ina raibh díon silteach agus ballaí nó urláir thaise. Sa bhliain chéanna, d'íoc beagnach 80 milliún duine san Aontas Eorpach a gcuid billí fóntais déanach nó ní raibh siad in ann iad a íoc.

•   Buaiteoir eile is ea an líonra d’eagraíochtaí neamhrialtasacha ón Eastóin a chuireann ant-aistriú chuig foinsí inathnuaite fuinnimh chun cinn trí idirphlé fóinteach a eagrú idir na geallsealbhóirí go léir. San Aontas Eorpach, is í an tSualainn an ceannródaí maidir le giniúint leictreachais inathnuaite, cé go bhfuil sciar níos airde foinsí inathnuaite bainte amach ag an Iorua agus ag an Íoslainn ina bpríomhsholáthar fuinnimh go dtí seo. . Is í Málta an Ballstát ag a bhfuil an sciar is lú foinsí inathnuaite.