European Economic
and Social Committee
Oidhreacht inbhuanaithe a fhágáil inár ndiaidh
Creideann ‘Seantuismitheoirí ar son na hAeráide’ go bhfuil ról tábhachtach sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide ag daoine atá níos sine ná 55. Leis an tionscadal ‘Ár gcoigilteas dá dTodhchaí’, tionscadal a bhuaigh Duais Sochaí Sibhialta CESE 2021, spreagann an eagraíocht daoine scothaosta chun a gcuid airgid a infheistiú go críonna ar mhaithe leis an bpláinéad agus chun domhan níos fearr agus níos inbhuanaithe a fhágáil dá ngarchlann. Tá na ‘seantuismitheoirí’ ag obair anois ar thionscadail spéisiúla eile chun dlúthpháirtíocht idirghlúine agus infheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.
CESE info: Cad a spreag sibh chun tús a chur leis an tionscadal sin?
Guy De Koninck: Is feasach dúinn, mar dhaoine atá 55 bliana d’aois nó níos sine, an fhreagracht atá orainn as an aeráid agus a chumhachtaí atá ár gcomhacmhainn airgeadais, ó thaobh an t‑aistriú chuig geilleagar a bheidh neamhdhíobhálach don aeráid a éascú. Ní bhíonn a fhios againn choíche cén úsáid a bhaintear as an gcaipiteal sin go baileach, i.e. an t‑airgead atá i dtaisce againn, agus is deacair dúinne - na custaiméirí - aon tionchar a imirt ar an úsáid sin. Ag an am céanna, tá caipiteal de dhíth ar an tsochaí chun í féin a leagan amach i gcomhréir le prionsabail atá níos inbhuanaí. D’fhéadfaí an córas sin a chomhordú ar bhealach níos fearr.
Cén chaoi ar glacadh leis an tionscadal? An bhfuarthas aiseolas ó na daoine ar cuidíodh leo? (Má fuair, an dtabharfá sampla?)
Thug an preas agus na cumainn seanóirí tacaíocht mhór dár bhfeachtas. An eagraíocht NEOS, mar shampla, d’eagraíomar ceardlann i gcomhar le chéile agus d’fhoilsigh sé alt ar an ábhar ina irisleabhar féin. Chuaigh an léargas a roinneamar agus an plé géarchúiseach a rinneamar leo go mór i bhfeidhm ar lucht na hearnála airgeadais agus na hairí rialtais.
Cén leas a bhainfidh an eagraíocht as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a a chur ar fáil sa phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil ag an eagraíocht cheana féin?
Táimid ag obair faoi láthair ar threoir maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe, ceardlann idirghlúine don oideachas meánscoile, agus comhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha eile. Is mian linn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhfeachtas trí chuir i láthair agus ceardlanna a chur ar fáil do chumainn seanóirí agus scoileanna, agus trína gcur chun cinn agus tacú leo ar bhonn níos leithne fós. Táimid ag smaoineamh freisin ar bhealaí eile chun an scéal a scaipeadh, amhail cluiche cláir agus leagan Fraincise den fheachtas.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?
Is gá foireann feachtais chumasach dhíograiseach a (chur/thabhairt) le chéile agus dóthain taighde a dhéanamh chun an teachtaireacht a chur i láthair i gceart. Caithfear a chinntiú go dtugtar aird ar shaineolas na foirne ach ní mór an saineolas sin a chur in iúl don eagraíocht ar fad trí na bealaí cumarsáide nua go léir.
Cé chomh dóchasach agus atá tú faoin seans atá ann go mbainfeadh an tAontas cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais amach?
Céim thábhachtach stairiúil ar son an aistrithe éiceolaíoch is ea an Comhaontú sin. Is é an dúshlán is mó na cuspóirí a chur i bhfeidhm. Chuige sin, ba mhaith linne - na seantuismitheoirí - ár gcion féin den obair a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.