Díreach agus an Phortaingéil ag teacht i gceannas ar an Aontas Eorpach agus ag cur a clár oibre sóisialta ar bharr a liosta tosaíochtaí, tá taispeántas fíorúil á óstáil ag CESE ina bhfuil obair an ealaíontóra Maria Reis Rocha as an bPortaingéil, obair a thugann ómós don cheangal daonna agus don dlúthpháirtíocht.

Is é atá sa taispeántas Hand in Hand ná sraith learáidí agus físeáin ghearra ó Maria Reis Rocha (https://www.mariareisrocha.com/) maidir le saincheisteanna sóisialta tábhachtacha amhail an mheabhairshláinte, an claochlú sóisialta agus rannpháirtíocht shóisialta, oideachas atá ar ardchaighdeán, rochtain uilíoch ar chúram sláinte, an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an chiníochais agus cearta an linbh.

Tá baint nach beag ag na hábhair sin le tosaíochtaí Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach (Eoraip athléimneach, Eoraip shóisialta, Eoraip ghlas, Eoraip dhigiteach agus Eoraip dhomhanda), uachtaránacht a thosóidh ar an 1 Eanáir 2021.

Is ócáid chultúrtha í seo, an chéad cheann dá leithéid a chuirfear i láthair go digiteach de dheasca phaindéim COVID-19. Beidh an taispeántas le feiceáil idir an 15 Eanáir agus an 15 Feabhra ag: https://www.eesc.europa.eu/en/agenda/our-events/events/hand-hand(ck)