Agus an láthair oibre á hathchruthú ag an intleacht shaorga (IS), tá sé ríthábhachtach leanúint de IS duinelárnach a chur chun cinn agus beartais a mholadh a aimsíonn cothromaíocht idir forbairt láidir IS san Eoraip, an ceartas sóisialta, agus cearta na n-oibrithe, b’in an mhórtheachtaireacht a cuireadh in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil a tionóladh in CESE.

Agus an láthair oibre á hathchruthú ag an intleacht shaorga (IS), tá sé ríthábhachtach leanúint de IS duinelárnach a chur chun cinn agus beartais a mholadh a aimsíonn cothromaíocht idir forbairt láidir IS san Eoraip, an ceartas sóisialta, agus cearta na n-oibrithe, b’in an mhórtheachtaireacht a cuireadh in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil a tionóladh in CESE.

Mar chuid de sheisiún iomlánach mhí Eanáir, reáchtáladh díospóireacht in CESE maidir le húsáid IS san ionad oibre, mar ar labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke; Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, Roxana Mînzatu; agus Leas-Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne, Katarzyna Nowakowska; i measc daoine eile.

Dúirt an tUas. Röpke an méid a leanas nuair a chuir sé tús leis an bplé: ‘Tá an intleacht shaorga ar cheann d’fheiniméin is mó bunathrú na linne seo. Níl aon chuimse lena bhféadfaí a bhaint amach léi ach, mar sin féin, ní beag na dúshláin a ghabhann léi. An díospóireacht a reáchtáladh inniu, dhearbhaigh sí an athuair a thábhachtaí atá sé beartas IS a fhréamhú go daingean i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Rinne an Leas-Uachtarán Roxana Mînzatu an pointe a leanas a chuir leis an bplé: ‘Agus muid ag cuimhneamh ar IS, go háirithe IS san ionad oibre, ba cheart féachaint ar bhealaí le borradh a chur faoin infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht, agus leis an gcaoi ar féidir le cuideachtaí na hEorpa forbairt a dhéanamh sa réimse seo le go mbeadh ár dteicneolaíochtaí féin againn agus iad oilte ar shonraí Eorpacha agus bunaithe ar luachanna Eorpacha. Má chloímid leis na luachanna atá againn ó thaobh na gceart sóisialta agus an chomhionannais de, cinnteoimid gurb ionann na cearta atá ag na hoibrithe is cuma ann nó as IS – is é sin le rá, go gcosnófar iad agus go gcuirfear an rialú duinelárnach chun feidhme.’

Dúirt an Leas-Aire Nowakowska go bhfuil deiseanna iontacha á gcruthú ag IS i saol na hoibre, do na gnólachtaí ar mian leo cúrsaí táirgiúlachta agus iomaíochais a fheabhsú, ach go bhfuil údar imní ann freisin faoin tionchar a d’fhéadfadh sé a imirt ar an bhfostaíocht, sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe, dálaí oibre, cáilíocht fhoriomlán na bpost, agus ról an idirphlé shóisialta.

Glacadh na tuairime maidir leis an Intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí maille le frituairim

Tar éis na díospóireachta sa suí iomlánach, ghlac CESE an tuairim féintionscnaimh Ar son intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí: deiseanna na hintleachta saorga a ghlacadh chugainn agus na rioscaí a mhaolú a mhéid a bhaineann le beartais fostaíochta agus beartais an mhargaidh saothair, leis an rapóirtéir Franca Salis-Madinier. Glacadh an tuairim le 142 vóta ina fabhar, 103 vóta ina coinne, agus 14 staonadh. Níor thacaigh Grúpa na bhFostóirí in CESE léi agus rinne sé frituairim a chur síos.

Leagann CESE béim sa tuairim ar an ról ríthábhachtach atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag rannpháirtíocht na n-oibrithe maidir le cearta bunúsacha oibrithe a chaomhnú agus maidir le IS ‘iontaofa’ a chur chun cinn i saol na hoibre. De réir na tuairime seo, ba cheart na rialacha atá ann cheana féin a úsáid le dul i ngleic leis na bearnaí i gcosaint chearta na n-oibrithe ag an obair agus lena áirithiú go mbeidh smacht ag an duine daonna i gcónaí ar na hidirghníomhaíochtaí uile idir daoine agus meaisíní.

Cuireadh an fhriththuairim ó Ghrúpa na bhFostóirí leis an tuairim. Mhínigh comhaltaí an ghrúpa sin go raibh ag an Aontas cheana féin, dar leo, na huirlisí a theastódh le réabhlóid IS a chur chun tairbhe, agus gur leor an creat dlíthiúil reatha le húsáid gan tuisliú IS a chur chun cinn. (lm)

Tá saol na hoibre á athrú ó bhonn ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de bharr na hintleachta saorga agus tá idir dheiseanna agus dhúshláin i gceist leis sin d’oibrithe, do ghnólachtaí agus don lucht ceaptha beartas. An 3 Feabhra, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) comhdháil ardleibhéal i bpáirt le chéile dar teideal ‘An ceartas sóisialta sa ré dhigiteach: tionchar na hintleachta saorga ar an obair agus an tsochaí’.

Tá saol na hoibre á athrú ó bhonn ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de bharr na hintleachta saorga agus tá idir dheiseanna agus dhúshláin i gceist leis sin d’oibrithe, do ghnólachtaí agus don lucht ceaptha beartas. An 3 Feabhra, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) comhdháil ardleibhéal i bpáirt le chéile dar teideal ‘An ceartas sóisialta sa ré dhigiteach: tionchar na hintleachta saorga ar an obair agus an tsochaí’.

Ag an gcomhdháil ardleibhéil, phléigh ceannairí mór le rá, roinnt airí saothair de chuid an Aontais san áireamh, straitéisí chun leas a bhaint acmhainneacht na hintleachta saorga agus aghaidh a thabhairt san am céanna ar na rioscaí a bhaineann léi do chearta oibrithe agus do mhargaí saothair. Chuir an t-imeacht sin go mór leis an gComhghuaillíocht Dhomhanda um Cheartas Sóisialta agus tarraingíodh aird ar an ngá atá le cur chuige comhordaithe maidir le rialachas na hintleachta saorga ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda araon. Is i gcomhar le chéile a d’eagraigh an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) in CESE agus EIS an chomhdháil ardleibhéil.

Ní mór forbairt eiticiúil agus chuimsitheach na hintleachta saorga a chinntiú

Ba é Uachtarán CESE, Oliver Röpke, a chuir tús leis an gcomhdháil agus leag sé béim ar an ngéarghá atá ann cur chuige duinelárnach a ghlacadh i leith na hintleachta saorga. Seo an méid a bhí le rá aige: ‘Tá ár sochaithe agus ár margaí saothair á n-athmhúnlú ag an intleacht shaorga cheana féin, agus tá idir dheiseanna agus dhúshláin i gceist leis sin. Tá CESE agus a eagraíochtaí comhpháirtíochta tiomanta féachaint chuige go n-úsáidfear an intleacht shaorga chun ceartas sóisialta a chinntiú, cearta oibrithe a neartú, an cuimsiú a chur chun cinn agus neamhionannais nua a chosc. Más uainn go n-úsáidfear an intleacht shaorga ar dhóigh chothrom dhuinelárnach amach anseo, tá gá le gníomhaíocht chomhchoiteann – ó lucht ceaptha beartas go dtí na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta – lena chinntiú go bhfreastalóidh an teicneolaíocht ar dhaoine agus nach gcuirfidh sí ina gcoinne.’

Leag Ard-Stiúrthóir EIS, Gilbert F. Houngbo, béim ar a thábhachtaí atá beartais réamhghníomhacha chun tionchar suaiteach na hintleachta saorga ar phoist agus ar ionaid oibre a mhaolú. ‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhforbrófar an intleacht shaorga ar dhóigh a gcuireann an ceartas sóisialta chun cinn. Chuige sin, is gá roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh: tacaíocht a thabhairt d’oibrithe, lena n-áirítear ó thaobh scileanna agus cosaint shóisialta de; a ráthú go mbeidh rochtain ag fiontair de gach méid agus i ngach cearn den domhan ar theicneolaíocht intleachta saorga chun leas a bhaint as tairbhí táirgiúlachta; a chinntiú go gcosnófar cearta oibrithe agus an intleacht shaorga á tabhairt isteach san ionad oibre agus go gcuirfear an t-idirphlé sóisialta chun cinn san aistriú digiteach,’ a dúirt sé.

Le linn dhá phainéal, labhair cainteoirí ardleibhéil faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an intleacht shaorga a úsáid chun obair chuibhiúil agus margaí saothair cuimsitheacha a chur chun cinn agus chun cur leis an gcomhionannas inscne sna blianta amach romhainn. I measc na bpainéalaithe bhí airí saothair an Aontais Agnieszka Dziemianowicz-Bąk (an Pholainn), Yolanda Díaz (an Spáinn), Níki Keraméos (an Ghréig) agus Maria do Rosário Palma Ramalho (an Phortaingéil), mar aon le toscaire ó rialtas na Fraince chuig EIS agus chuig G7-G20, Anousheh Karvar (i measc daoine eile).

Tugadh chun suntais sa phlé, cé go bhfuil baol ag baint le leathadh amach na hintleachta saorga, nach gá a bheith caolaigeanta i leith na teicneolaíochta nua seo. Is ríthábhachtach, áfach, díriú ar an idirphlé sóisialta agus na hoibrithe a thabhairt isteach i gcur in úsáid na hintleachta saorga, agus aird ar leith á tabhairt ar an athsciliú agus an t-uas-sciliú. Ach an intleacht shaorga a chur i bhfeidhm i gceart agus rialáil a dhéanamh uirthi, is féidir suaití móra a sheachaint agus an teicneolaíocht a úsáid chun tascanna atriallacha a laghdú agus cailliúint post ar mhórscála a sheachaint san am céanna.(lm)

An 13 agus an 14 Márta 2025, déanfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an imeacht bliantúil a eagraíonn sé don óige, Leatsa an Eoraip, Abair Leat! a óstáil. (YEYS)Leis an imeacht seo, tabharfar le chéile níos mó ná 130 rannpháirtí ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin. Ócáid speisialta atá ann lena thugtar le chéile daltaí meánscoile, ionadaithe ó eagraíochtaí óige, agus toscairí ó chomhairlí náisiúnta óige, idir 16 agus 25 bliana d’aois, ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, ó na 9 dtír is iarrthóirí, agus ón Ríocht Aontaithe.

An 13 agus an 14 Márta 2025, déanfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an imeacht bliantúil a eagraíonn sé don óige, Leatsa an Eoraip, Abair Leat! a óstáil. (YEYS)Leis an imeacht seo, tabharfar le chéile níos mó ná 130 rannpháirtí ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin. Ócáid speisialta atá ann lena thugtar le chéile daltaí meánscoile, ionadaithe ó eagraíochtaí óige, agus toscairí ó chomhairlí náisiúnta óige, idir 16 agus 25 bliana d’aois, ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, ó na 9 dtír is iarrthóirí, agus ón Ríocht Aontaithe.

Eagrófar sraith ceardlann, painéal agus pléití mar chuid den imeacht agus ar an mbealach sin cruthófar ardán do dhaoine óga chun rannchuidiú go gníomhach le todhchaí na hEorpa a mhúnlú. I mbliana, is é ‘Guth a thabhairt don Óige’ an teideal atá leis an imeacht agus tabharfaidh na rannpháirtithe aghaidh ar thopaicí ríthábhachtacha amhail an inbhuanaitheacht, an cuimsiú sóisialta, an claochlú digiteach, i measc go leor ábhar eile.

Úsáidfear torthaí an phlé sin agus na léargais a bhaileofar don dara leagan de Sheachtain na Sochaí Sibhialta de chuid CESE agus cuirfear chun cinn iad freisin ag an gCruinniú Eorpach um an Óige (EYE) eagróidh Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2025, in Strasbourg.

Leis an imeacht seo, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht na hóige a thrasuí sa ghníomhaíocht shibhialta, sa daonlathas rannpháirteach agus i gceapadh beartas Eorpach.

Bí ag faire amach chun na torthaí a fháil chomh maith le faisnéis ar na tionscnaimh a eascróidh as an gcruinniú tábhachtach seo. (kc)

Le Maria NIKOLOPOULOU

Cúpla lá roimh dúinn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh, agus muid ag súil leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) i Nua-Eabhrac, is mithid machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach maidir le comhionannas inscne. Is é an t-am ceart é freisin féachaint i dtreo na todhchaí agus leanúint den bhealach a réiteach chun cinn.

Le Maria NIKOLOPOULOU

Cúpla lá roimh dúinn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh, agus muid ag súil leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) i Nua-Eabhrac, is mithid machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach maidir le comhionannas inscne. Is é an t-am ceart é freisin féachaint i dtreo na todhchaí agus leanúint den bhealach a réiteach chun cinn.

Maidir leis an gcreat reachtach, tá sé tugtha faoi deara againn go ndearnadh dul chun cinn: tá níos mó ban gníomhach sa mhargadh saothair, ag saothrú ioncaim níos fearr, ardleibhéil oideachas ar leibhéil níos airde á bhaint amach acu, ag cur lena n-ionadaíocht pholaitiúil, agus i mbun poist chumhachta. É sin ráite, tá an dul chun cinn mall agus míchothrom ar fud na mBallstát.

Ach fad a bheidh neamhionannais struchtúracha, steiréitíopaí inscne agus frithfhreagairtí i gcoinne chearta na mban fós ann, beidh mná faoi ghannionadaíocht go fóill sa réimse poiblí, sa pholaitíocht agus in oideachas ETIM, beidh siad neamhchosanta ar fhoréigean ar líne agus as líne agus ní bheidh rochtain acu ar acmhainní ná ar chaipiteal don fhiontraíocht. Is mó an baol freisin go mbeidh siad thíos le bochtaineacht ama agus airgid agus go dtógfaidh sé an iomarca blianta na bearnaí pá agus scoir sin a dhúnadh.

Baineann an dul chun cinn le hoiliúint, le maoiniú agus le tiomantas. Tá acmhainní de dhíth orainn chun borradh a chur faoi scileanna na mban don aistriú cóir digiteach agus glas, chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a mhaoiniú chun an foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, agus chun oiliúint a chur ar fáil don phearsanra uile atá ag obair le daoine a thagann slán as an bhforéigean sin.

Ní mór dúinn tionscadail fiontraíochta a mhaoiniú agus seirbhísí cúraim leanaí agus daoine scothaosta atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán a bhunú chun deireadh a chur le hualach na bhfreagrachtaí cúraim gan íocaíocht a bhíonn ar mhná. Ina theannta sin, teastaíonn tiomantas láidir do spásanna sábháilte a chruthú, do níos mó ban a rannpháirtiú i bparlaimintí áitiúla, náisiúnta agus i bparlaimintí an Aontais, agus dá rannpháirtíocht ghníomhach a chinntiú i bpróisis neamhfhoréigneacha réitithe coinbhleachta agus cothaithe síochána agus, ag an am céanna, cineálacha cur chuige inscne-chuimsitheacha á gcur chun cinn leis na hiarrachtaí sin.

Lena chois sin, dá mbeadh straitéis leathan Eorpach ann do Chlár Oibre 2030, chuideodh sé linn dul chun cinn níos gasta a dhéanamh ionas go mbeadh an comhionannas inscne ina chuid lárnach dár mbeartais. Ba cheart dul i ngleic leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ina n-iomláine, seachas ceann ar cheann.

San Aontas, tá dul chun cinn ‘maith’ bainte amach againn. Ach ní leor é a bheith ag céim ‘maith’ d’fhir, do mhná ná do chailíní an Aontais atá ag troid ar son an chomhionannais inscne éifeachtaigh sna blianta atá le teacht. Is é an ról atá againn mar shochaí shibhialta dlús a chur leis an mbrú atá ar lucht ceaptha beartas cúrsaí a chur chun cinn go gasta.

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan (an 8 Márta) ag druidim linn, mar aon leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) – an príomhchomhlacht domhanda a chuireann cearta na mban chun cinn – tugann Maria Nikolopoulou, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime dar teideal Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, cur síos dúinn ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le comhionannas inscne. Cé gur chóir aitheantas a thabhairt don dul chun cinn sin, tá na mná go mór chun deiridh ar na fir fós féin ó thaobh na cearta céanna a bheith acu. Is iomaí bearna nár dúnadh go fóill agus níl aon teorainn leis na cathanna is gá a bhuachan.

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan (an 8 Márta) ag druidim linn, mar aon leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) – an príomhchomhlacht domhanda a chuireann cearta na mban chun cinn – tugann Maria Nikolopoulou, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime dar teideal Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, cur síos dúinn ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le comhionannas inscne. Cé gur chóir aitheantas a thabhairt don dul chun cinn sin, tá na mná go mór chun deiridh ar na fir fós féin ó thaobh na cearta céanna a bheith acu. Is iomaí bearna nár dúnadh go fóill agus níl aon teorainn leis na cathanna is gá a bhuachan.

I gcomparáid lena phiaraí domhanda amhail na Stáit Aontaithe, tá dúshláin phráinneacha os comhair an limistéir euro: táirgiúlacht saothair íseal agus an laghdú atá ag teacht ar an iomaíochas agus ar an bhfás eacnamaíoch. Chun an treocht sin a aisiompú, tá straitéis phráinneach chomhordaithe á hiarraidh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). 

I gcomparáid lena phiaraí domhanda amhail na Stáit Aontaithe, tá dúshláin phráinneacha os comhair an limistéir euro: táirgiúlacht saothair íseal agus an laghdú atá ag teacht ar an iomaíochas agus ar an bhfás eacnamaíoch. Chun an treocht sin a aisiompú, tá straitéis phráinneach chomhordaithe á hiarraidh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Sa tuairim uaidh Beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2025, leag CESE amach plean chun dlús a chur leis an bhfás tríd an margadh inmheánach a dhoimhniú, tríd an rómhaorlathas rialála a laghdú agus tríd an inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú. Ag an am céanna, ní mór do bheartais aghaidh a thabhairt ar threochtaí claochlaitheacha, amhail an intleacht shaorga, agus ar an mbrú a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.

Mar gheall ar shuaití seachtracha amhail paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh, tá dúshláin mhóra eacnamaíocha os comhair an limistéir euro. Cé go ndearnadh iarrachtaí chun cobhsaíocht a bhaint amach, tá gá le hathchóirithe misniúla mar gheall ar shaincheisteanna amhail éiginnteacht intíre, athruithe déimeagrafacha agus brúnna fioscacha atá ag dul i méid.

Tá cur chuige trí chéim á chur chun cinn ag CESE chun an táirgiúlacht agus an t-iomaíochas a fheabhsú: an margadh inmheánach a dhoimhniú, an beartas tionsclaíoch a chomhordú agus an rómhaorlathas a laghdú. Is rud ríthábhachtach í an inbhuanaitheacht fhioscach, rud a éilíonn creat cothrom, comhar níos láidre ón Aontas agus iarrachtaí chun leas a bhaint as ioncam nár baineadh leas as go fóill. Ní mór borradh a chur faoin infheistíocht, an caipiteal fiontair a mhéadú agus beartais a chur chun feidhme atá fabhrach don nuálaíocht.

Rud ríthábhachtach eile is ea athléimneacht an mhargaidh saothair freisin, rud a éilíonn solúbthacht, pá cothrom, athchóirithe slándála sóisialta agus forbairt scileanna atá dírithe ar an intleacht shaorga. Leagann CESE béim ar an ngá atá le cuntasacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit agus molann sé go gcuirfí feabhas ar chomhordú na mbeartas. Trí ghníomhaíocht chinntitheach agus infheistíochtaí straitéiseacha a dhéanamh, is féidir leis an limistéar euro geilleagar athléimneach, iomaíoch agus inbhuanaithe a thógáil don todhchaí (tk). 

Anois teacht an earraigh, agus roimh Mhárta beidh CESE ag cur tús le sraith imeachtaí dinimiciúla le haird a tharraingt ar ghuthanna na ndaoine óga agus na sochaí sibhialta.

Anois teacht an earraigh, agus roimh Mhárta beidh CESE ag cur tús le sraith imeachtaí dinimiciúla le haird a tharraingt ar ghuthanna na ndaoine óga agus na sochaí sibhialta.

An chéad imeacht an 16ú heagrán den imeacht ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’. An 13-14 Márta 2025, ag imeacht YEYS, faoi mar a thugtar air go forleathan, tabharfar le chéile beagnach 100 rannpháirtí óg ó eagraíochtaí óige, comhairlí náisiúnta óige agus meánscoileanna, chomh maith le 37 múinteoir ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Roinnfidh gach duine acu eispéireas uathúil dá gcuid féin, ag aontú guth ar ghuth chun an Eoraip ar mian leo a saol a chaitheamh inti a mhúnlú.

D’fhéadfadh a gcuid moltaí cur leis an dara Seachtain na Sochaí Sibhialta de chuid CESE, cúpla lá ina dhiaidh sin, mar bhonn don phlé atá dírithe ar an óige, agus d’fhéadfaí iad a roinnt le hionadaithe ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha.

Tar éis tús maith in 2024, beidh Seachtain na Sochaí Sibhialta ar siúl an 17-21 Márta agus díreoidh sí ar an gcomhtháthú agus an rannpháirtíocht i sochaithe polaraithe a neartú. Tá na deighiltí sochaíocha níos doimhne fós mar gheall ar an éagobhsaíocht shóisialta, cor chun donais na heacnamaíochta, mar aon leis an míshástacht atá ann go forleathan, go háirithe i measc na ndaoine a bhraitheann nach bhfuiltear ag éisteacht leo agus daoine a fhágtar ar an trá fholamh.

Chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna imní práinneacha sin, baileofar raon éagsúil páirtithe leasmhara ón tsochaí shibhialta ón Eoraip agus níos faide i gcéin le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025. Dá bhrí sin, cuirfear ardán uathúil ar fáil chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí criticiúla, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus comhoibriú chun réitigh a fhorbairt lena gcothófar comhtháthú sóisialta. Beidh sin ina neartú ar an rannpháirtíocht dhaonlathach.

I mbliana, tabharfar trí thionscnamh mhóra le chéile faoi scáth an chláir oibre: eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip (painéil de Ghrúpaí Idirchaidrimh CESE), agus plé ar an gcaoi a bhféadfaí comhtháthú ní b’fhearr a chothú le Straitéis Eorpach maidir leis an tSochaí Shibhialta; Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) agus an ról atá aige le dul i ngleic leis an deighilt; searmanas bronnta Dhuais na Sochaí Sibhialta. An deighilt dhíobhálach i sochaí na hEorpa a chomhrac, sin é is téama don 15ú Duais don tSochaí Shibhialta, rud a thugann aitheantas don fheabhas i dtionscnaimh na sochaí sibhialta. Is as an mBeilg do na buaiteoirí, agus is í eagraíocht na sochaí sibhialta ‘Éagsúlacht’ is urlabhraí dóibh; ón bhFrainc, le ‘Tuairisceoirí an Dóchais’; agus ón tSlóvaic,‘Comhlachas Díospóireachta na Slóvaice’. Fógrófar an buaiteoir le linn an chomórtais!

Feidhmíonn Seachtain na Sochaí Sibhialta ina ardán tráthúil a iarrann ar an tsochaí shibhialta eagraithe agus ar na saoránaigh a dtuairim a chur in iúl faoi na príomh-shaincheisteanna, idir dhúshláin an athraithe aeráide, rud atá ag dul in olcas, an costas maireachtála atá ag ardú, agus na héagothromaíochtaí ioncaim atá ag dul in ainseal, mar aon le torthaí thoghcháin 2024 ar fud an domhain, rud a bhfuil foras bisiúil cruthaithe acu uile le ding agus deighilt a chur idir aicmí daoine go forleathan.

Bígí páirteach sa mhalartú fiúntach seo, agus glacaigí páirt sa phlé. Tá deis le tapú agus is féidir athrú a chur ar chúrsaí. Tá tábhacht nach beag lenár nguth féin, agus is féidir cách a chloisteáil fad a sheasaimid le chéile go réamhghníomhach, fad a bheimid réidh chun rannchuidiú leis an Eoraip ionas go mbeidh sí níos comhtháite agus níos rannpháirtí. Is féidir clárú anois! Tapaigh an deis!

Laurentiu Plosceanu

Leas-Uachtarán um an gCumarsáid 

Tionchar an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais ar na tomhaltóirí

Document Type
AS

Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi / margadh aonair an Aontais Eorpaigh

Document Type
AS

An 11 Feabhra, d’fhógair Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seoladh na n-iarratas don cheathrú gradam de Ghradaim an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach. Beidh na hiarratais ar oscailt go dtí an 27 Aibreán 2025.

An 11 Feabhra, d’fhógair Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) seoladh na n-iarratas don cheathrú gradam de Ghradaim an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach. Beidh na hiarratais ar oscailt go dtí an 27 Aibreán 2025.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar an bhfeabhas atá sa slabhra luacha orgánach, agus tugann siad aitheantas d’iarratais den scoth sna catagóirí seo a leanas: an Feirmeoir Orgánach is Fearr, Cathair, Réigiún, FBM Próiseála Bia, Miondíoltóir, agus an Bhialann/Seirbhís Bia. Déanann CESE maoirseacht ar thrí chatagóir go sonrach:

  • An FBM is Fearr le haghaidh Próiseáil Bia Orgánach
  • An Miondíoltóir Bia Orgánaigh is Fearr
  • An tSeirbhís Bialainne/Bia Orgánaigh is Fearr

Fógrófar na buaiteoirí an 23 Meán Fómhair 2025 (Lá Orgánach an Aontais). Moltar do pháirtithe leasmhara orgánacha – lena n-áirítear feirmeoirí, próiseálaithe, miondíoltóirí agus údaráis phoiblí – iarratas a dhéanamh.

Chun sonraí incháilitheachta agus iarratais a fháil, féach leat suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Seoltar ceisteanna faoi chatagóirí atá á mbainistiú ag CESE chuig EUorganicawardsEESC@eesc.europa.eu.

Tacaíonn an tionscnamh seo le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach, tionscnamh a chuireann an táirgeadh orgánach agus feasacht na dtomhaltóirí chun cinn. (ks)