Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi / Margadh aonair an Aontais Eorpaigh

Document Type
AC

San eagrán seo:

  • Dearcadh CESE i dtaobh thuarascálacha Draghi agus Letta, le Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini agus Stefano Palmieri
  • An iomarca den iomaíochas, le Karel Lannoo, CEPS
  • Tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal: riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe, le Esther Lynch, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann
  • Future 500: gnó na hEorpa a chur ar an scála domhanda ionas gur maith a éireoidh leis, le Stjepan Orešković, Comhairle an Atlantaigh
  • Diúltú tugtha ag an gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáide don phacáiste Omnibus: níor cheart gurbh iad na leasanna corparáideacha a stiúrfadh beartais an Aontais, le Andriana Loredan, ECCJ

San eagrán seo:

  • Dearcadh CESE i dtaobh thuarascálacha Draghi agus Letta, le Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini agus Stefano Palmieri
  • An iomarca den iomaíochas, le Karel Lannoo, CEPS
  • Tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal: riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe, le Esther Lynch, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann
  • Future 500: gnó na hEorpa a chur ar an scála domhanda ionas gur maith a éireoidh leis, le Stjepan Orešković, Comhairle an Atlantaigh
  • Diúltú tugtha ag an gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáide don phacáiste Omnibus: níor cheart gurbh iad na leasanna corparáideacha a stiúrfadh beartais an Aontais, le Andriana Loredan, ECCJ

Is mithid cor eile a bhaint as Tuarascáil Draghi sula slogfar i gcaochpholl na polaitíochta í. Teastaíonn straitéisithe agus lucht ceaptha beartas maith uainn, daoine a bheidh in ann dul thar shrianta na tuarascála seo amach agus straitéisí a fhorbairt do bheartas tionsclaíoch an Aontais’, arsa Stjepan Orešković, fiontraí agus eolaí ón gCróit.  In éineacht le Jörn Fleck, stiúrthóir sinsearach le hinstitiúid na meithle machnaimh trasatlantaí, chuir sé an tionscnamh uaillmhianach ‘Future 500’ i láthair ag an gcomhdháil idirnáisiúnta phoiblí Conclave II sa Bhruiséil. Mar chuid d’ardán níos leithne na Comhairle Atlantaigh, SEEUS Futures, tá sé d’aidhm ag ‘Future 500’ 500 cuideachta Eorpach a shainaithint agus tacú leo, cuideachtaí atá in inmhe foráis agus forbartha, cuideachtaí a bhfuil sé d’acmhainn iontu tionchar a imirt ar an domhan mór. Is éard is sprioc dó tacú le fiontraithe nua na hEorpa le dul san iomaíocht ar fud an domhain, agus láithreacht na hEorpa ar an stáitse eacnamaíoch idirnáisiúnta a threisiú. Thug Stjepan Orešković tuilleadh léargais dúinn ar an tionscadal.

Is mithid cor eile a bhaint as Tuarascáil Draghi sula slogfar i gcaochpholl na polaitíochta í. Teastaíonn straitéisithe agus lucht ceaptha beartas maith uainn, daoine a bheidh in ann dul thar shrianta na tuarascála seo amach agus straitéisí a fhorbairt do bheartas tionsclaíoch an Aontais’, arsa Stjepan Orešković, fiontraí agus eolaí ón gCróit.  In éineacht le Jörn Fleck, stiúrthóir sinsearach le hinstitiúid na meithle machnaimh trasatlantaí, chuir sé an tionscnamh uaillmhianach ‘Future 500’ i láthair ag an gcomhdháil idirnáisiúnta phoiblí Conclave II sa Bhruiséil. Mar chuid d’ardán níos leithne na Comhairle Atlantaigh, SEEUS Futures, tá sé d’aidhm ag ‘Future 500’ 500 cuideachta Eorpach a shainaithint agus tacú leo, cuideachtaí atá in inmhe foráis agus forbartha, cuideachtaí a bhfuil sé d’acmhainn iontu tionchar a imirt ar an domhan mór. Is éard is sprioc dó tacú le fiontraithe nua na hEorpa le dul san iomaíocht ar fud an domhain, agus láithreacht na hEorpa ar an stáitse eacnamaíoch idirnáisiúnta a threisiú. Thug Stjepan Orešković tuilleadh léargais dúinn ar an tionscadal.

Abair linn go hachomair céard is príomhsmaoineamh don tionscadal ‘Future 500’?

Agus leas á bhaint as léargais ó thuarascálacha tábhachtacha ar thodhchaí na hEorpa – arna n-ullmhú ag Draghi, Letta, agus Heitor – tuarascálacha a ndearnadh anailís orthu trí lionsa déúil na n-eolaithe agus na bhfiontraithe, ardaíonn an tionscnamh roinnt ceisteanna criticiúla: Cé a chuirfidh na pleananna iomaíochais sin i bhfeidhm, an Compás Iomaíochais nuafhoilsithe san áireamh? Cé na meicníochtaí a úsáidfear? Cé na costais a thabhófar? Agus cén toradh is dócha a bheith orthu le hais na gcuideachtaí a rinne forás mór sna Stáit Aontaithe le déanaí? Is é tionscadal “Future 500” is bunchloch d’ardán SEEUS . Is é is urlabhraí ina réimse fein do na Stáit Aontaithe, don Aontas Eorpach, agus d’Oirdheisceart na hEorpa. Rud is aidhm dó an tsofheictheacht agus an comhar a threisiú i measc na réigiún seo. Tá sé deartha go straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas práinneach na hEorpa timpeallacht dhinimiciúil a chothú, rud a ardaíonn cuideachtaí áitiúla chuig leibhéal na gceannairí ar an ardán domhanda. Is ar na nithe seo a leanas a dhíríonn an tionscnamh: an caipiteal fiontair, treoir straitéiseach, soláthar na líonrú idirnáisiúnta; foghlaim ó na saineolaithe, Dani Rodrik ó Ollscoil Harvard agus Beata Jaworcik ó BEAF, cuir i gcás, chun beartais thionsclaíocha an 21ú haois a fhorbairt, beartais a chuireann feabhas mór ar an seasamh atá againn ó thaobh na hiomaíochta de.

An bhfuil ábhair iarrthóirí agat fós don 500 cuideachta atá beartaithe agat a roghnú? Cad iad na riachtanais bhunúsacha a chaithfeadh na cuideachtaí a chomhlíonadh chun go roghnófaí iad?

Cé nár roghnaíodh cuideachtaí ar leith fós, díreoidh ‘Future 500 ’ ar eintitis a bhfuil inscálaitheacht agus acmhainneacht fáis thapa acu. Is próiseas oscailte leanúnach a bheidh ann, agus tabharfar tús áite don ghealltanas eacnamaíoch, don nuálaíocht agus don tábhacht straitéiseach laistigh dá n-earnáil féin. Féachfaimid freisin le comhpháirtíochtaí a bhunú le bainc forbartha iltaobhacha agus le hinfheisteoirí atá ag tacú faoi láthair le cuideachtaí ionas gur fórsa iomaíoch a bheidh iontu. Táthar ag díriú ar chuideachtaí a léiríonn conair láidir fáis, sinb agus cumais nuálacha, mar aol le huaillmhian chun scála domhanda. Cinntíonn sé seo go bhfuil na cuideachtaí ní hamháin ceannairí margaidh ach freisin ceannródaithe sa teicneolaíocht agus sna samhlacha gnó. An taithí atá ann de bharr tionscadail mhaithe mar Scale-Up Europe, tionscadail a thugann le chéile bunaitheoirí, infheisteoirí, feidhmeannaigh agus eolaithe, sin é an bunús a bheidh leis an obair. Is éard is aidhm dúinn más ea, gaiscígh na teicneolaíochta a mhealladh chun lonnaíochta san Eoraip. Maidir le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, tá na cuideachtaí a d’fhéadfadh a bheith roghnaithe ríthábhachtach. Léireoidh siad prionsabail an gheilleagair nua agus beidh siad ina n-eiseamláirí do ghnólachtaí uaillmhianacha atá iomaíoch go hidirnáisiúnta, gnólachtaí nach mbraitheann den chuid is mó ar mhaoiniú ó cháiníocóirí náisiúnta.

Cé chomh dóchasach atá tú faoi acmhainneacht iomaíochais na hEorpa ar an leibhéal domhanda?

Tá dóchas nach beag ann faoi chumas na hEorpa an seasamh iomaíoch atá aige go domhanda a neartú ach scaradh le dearcadh seo na féintrua atá i réim. Maidir le torthaí iomlána thagarmharc stoic an limistéir euro, ó thosaigh margadh seo na dtarbh go déanach in 2022, is torthaí iad is airde ná S&P 500, má chuirimid Nvidia as an áireamh. Tá córais shóisialta agus sláinte na hEorpa ag cothú shláinte agus bhrí na ndaoine ar feadh tréimhsí níos faide ar chostas i bhfad níos ísle, agus tá tionchar dearfach acu ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas ár ngeilleagair ar scála domhanda.

Táimid ag iarraidh adhmad a bhaint as coincheap úd Immanuel Kant, ‘an díograis a mbíonn toradh fónta air’, coincheap a luaigh sé i gcomhthéacs Réabhlóid na Fraince. Tig le meon mar sin fórsa bríomhar a dhéanamh den dúshlán. Nuair a tharlaíonn amhlaidh, bíonn toil ann is deacair a chloí. Tá an iomarca muca méithe ann, agus an iomarca peataí coileán – na haicmí saibhre nach bhfuil aon phráinn iontu gona lucht leanta ró-umhal gan uaillmhian. Is le daoine dá leithéid sin atáthar ag cuimilt meala le fiche bliain anuas. Ina leaba sin, tá níos mó fir agus mná óga de dhíth orainn atá santach chun gnímh – daoine uaillmhianacha, spreagadh mór iontu, iad réidh chun tabhairt faoi dhúshláin na hoibre.

Is é is aidhm don tionscnamh ‘Future 500’ aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar shaincheisteanna ainsealacha a luaitear sna tuarascálacha iomaíochais, an gá atá le nuálaíocht mhisniúil, cuir i gcás, sin agus scálú na bhfiontar. Beidh seasamh domhanda na hEorpa ag brath go mór ar a cumas na hardteicneolaíochtaí a chomhtháthú, tallann fiontraíochta a chothú, agus beartais thionsclaíocha a bheachtú chun tacú le fás cuimsitheach. Ach leas a bhaint as an lucht saothair dea-oilte, as oidhreacht shaibhir nuálach, agus as earnálacha tionsclaíocha traidisiúnta agus nua – agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail ilroinnt rialála agus míchothromaíochtaí margaidh ­ féachtar leis an tionscnamh le timpeallacht thorthúil a chruthú do cheannairí gnó agus do nuálaithe.

Is céim thábhachtach é an tionscnamh ‘Future 500’ chun tírdhreach eacnamaíoch na hEorpa a thástáil, an mhór-roinn a shuí mar iomaitheoir domhanda trí chuideachtaí ardacmhainneachta a chothú agus an t-éiceachóras fiontraíochta a neartú. Ní féidir an freasúra a shárú gan fios a sloinne.

Is eolaí agus fiontraí é an Dr Stjepan Orešković. Is comhalta é de chuid Acadamh Eorpach na hEolaíochta agus na nEalaíon, agus tá sé ar dhuine de bhunaitheoiríBosqar Invest. Faoina cheannaireacht teaghlaigh, mhéadaigh Bosqar Invest an fhoireann a bhí acu ó 300 go dtí os cionn 16,000 fostaí laistigh de chúig bliana, ag taispeáint straitéis mhéadaithe rímhaith a chomhtháthaíonn an eolaíocht, an teicneolaíocht, infheistíochtaí ó chistí pinsin agus eile, agus misneach fiontraíochta – cur chuige ríthábhachtach a mholtar i dtuarascáil Draghi. Is dócha go raibh tionchar ag an mbéim straitéiseach seo ar thionscnamh Chomhairle an Atlantaigh ar an tionscadal Future 500 a bhfuil sé ag trácht air.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach pacáiste d’athchóirithe reachtacha maidir le dualgais i réimse an tuairiscithe chorparáidigh (an ‘pacáiste Omnibus’ mar a thugtar air) os comhair an phobail go luath.  Is éard is aidhm don phacáiste rialacháin i réimse na hinbhuanaitheachta a shimpliú agus a chuíchóiriú, rud a shimpleoidh na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar ghnólachtaí. Ó fógraíodh é i mí na Samhna, tá croitheadh millteanach bainte aige as an Aontas. Go deimhin, is minic a tarraingíodh anuas é mar ábhar díospóireachta ó shin agus is iomaí grúpa atá tar éis cur ina choinne. Is ábhar imní ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), ceardchumainn, gnólachtaí, infheisteoirí, dlíodóirí agus scoláirí an pacáiste Omnibus ar an ábhar go bhféadfadh dírialáil teacht chun cinn dá dheasca. Tá siad ag tathant ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a chosaint in ionad baint dá neart.  Míníonn Andriana Loredan ón gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáideach (ECCJ) anseo ina diaidh a bhfuil i mbaol agus cén fáth a bhfuil ESSanna ar nós ECCJ ag cur in éadan an phacáiste Omnibus. 

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach pacáiste d’athchóirithe reachtacha maidir le dualgais i réimse an tuairiscithe chorparáidigh (an ‘pacáiste Omnibus’ mar a thugtar air) os comhair an phobail go luath.  Is éard is aidhm don phacáiste rialacháin i réimse na hinbhuanaitheachta a shimpliú agus a chuíchóiriú, rud a shimpleoidh na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar ghnólachtaí. Ó fógraíodh é i mí na Samhna, tá croitheadh millteanach bainte aige as an Aontas. Go deimhin, is minic a tarraingíodh anuas é mar ábhar díospóireachta ó shin agus is iomaí grúpa atá tar éis cur ina choinne. Is ábhar imní ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), ceardchumainn, gnólachtaí, infheisteoirí, dlíodóirí agus scoláirí an pacáiste Omnibus ar an ábhar go bhféadfadh dírialáil teacht chun cinn dá dheasca. Tá siad ag tathant ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a chosaint in ionad baint dá neart.  Míníonn Andriana Loredan ón gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáideach (ECCJ) anseo ina diaidh a bhfuil i mbaol agus cén fáth a bhfuil a bhfuil ESSanna ar nós ECCJ ag cur in éadan an phacáiste Omnibus.

Leas á bhaint as an iomaíochas mar dhea chun rialacháin inbhuanaitheachta a bhfuil géarghá leo a dhírialáil

Díríonn an pacáiste Omnibus ar thrí phríomhionstraim inbhuanaitheachta atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, mar atá an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, an Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, sin agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Is toradh díreach é an pacáiste seo ar athrú treo an Choimisiúin nua. Cuireadh tús leis an athrú treo sin nuair a foilsíodh tuarascáil Mario Draghi maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2024. I dtuarascáil Draghi leagtar cuid den locht as marbhántacht mhargaí an Aontais ar na hualaí iomarcacha rialála a chuirtear ar ghnólachtaí. San an am céanna, tugtar neamhaird ar thosca mórthábhachtacha eile, toisc go n-oireann sin d’éirim na tuarascála, cuir i gcás an boilsciú ola, gáis agus bia a bheith ag dul in olcas de dheasca amhantraíocht na gcuideachtaí ilnáisiúnta. De réir thuarascáil Draghi, is é creat tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí an Aontais is cúis le cuid mhór den ualach rialála atá ann. In éagmais fianaise a nascfadh an reachtaíocht inbhuanaitheachta leis an easpa iomaíochais a mheastar a bheith san Aontas, tá glactha anois leis an dearcadh cúng seo mar leithscéal chun deireadh a chur leis an reachtaíocht inbhuanaitheachta, más féidir.

Leis an bpacáiste Omnibus áirithe seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cuid de na hionstraimí is tábhachtaí dár glacadh le déanaí a shimpliú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar thionchar na ngnólachtaí móra ar an bpobal agus ar an gcomhshaol. Áirítear leis sin an Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, treoir a glacadh anuraidh agus nár cuireadh chun feidhme go fóill.

Cibé plé is féidir a dhéanamh ar an bpacáiste Omnibus go fóill, mar sin, plé teoiriciúil atá ann. Ina dhiaidh sin is uile, ar na rioscaí is suntasaí a bhaineann le Omnibus tá athoscailt reachtach na n-ionstraimí inbhuanaitheachta, ós amhlaidh a d’fhéadfaí a áiteamh gur mhithid roinnt de na príomhfhorálacha (pleananna dliteanais shibhialta nó pleananna aistrithe aeráide faoin Treoir réamhráite) a chaibidliú as an nua. Tá an Chomhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáideach go mór in éadan reachtaíocht inbhuanaitheachta a comhaontaíodh roimhe seo a chur faoi chaibidil athuair. Mhéadófaí ar an éiginnteacht rialála dá réir, chuirfí urraim gnólachtaí do chearta an duine agus don chomhshaol i mbaol agus ghearrfaí pionós ar na tionscnóirí tosaigh.

Tionchar díréireach gnó i lár próisis comhairliúcháin lochtaigh

Fógraíodh an pacáiste Omnibus agus d’fhorbair an Coimisiún a thogra i modh rúin, geall leis, agus gan aird ar bith aige ar dhlí conarthaí an Aontais ná ar rialacha nós imeachta an Choimisiúin féin.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an tionscnamh Omnibus a thíolacadh laistigh de thréimhse ama an-ghearr, rud a fhágann nach féidir measúnú tionchair ná comhairliúchán poiblí leordhóthanach a dhéanamh cheal ama. Tá an cur chuige sin ag teacht salach ar an gceart chun páirt a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta an Aontais bíodh gur prionsabal daonlathach é sin a chosnaítear faoi dhlí conarthaí an Aontais. Tagann sé salach freisin ar Threoirlínte an Choimisiúin féin maidir le Rialáil Níos Fearr, ós amhlaidh is gá faoi na Treoirlínte sin comhairliúchán leathan trédhearcach a dhéanamh le páirtithe leasmhara le linn phróiseas ceaptha beartas an Choimisiúin.

Ina ionad sin, i mí Feabhra 2025, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán mar dhea, ar a dtugtar ‘seiceáil réaltachta’, le grúpa beag cúng de pháirtithe leasmhara, go príomha cuideachtaí móra agus comhlachais ghnó. I láthair na huaire, tá caingean dlí tionscanta in aghaidh go leor de na cuideachtaí sin maidir le cearta an duine nó mí-úsáid chomhshaoil ina n-oibríochtaí féin nó ina slabhra luacha féin. Dá bhrí sin, is lena leas féin, gan dabht, an reachtaíocht i réimse na hinbhuanaitheachta a lagú agus a chaolú, rud a rachadh chun dochair d’oibrithe, do phobail áitiúla agus don aeráid. Anuas air sin, ba mhór idir ionadaíocht dhíréireach na ngnólachtaí móra agus tearcionadaíocht na sochaí sibhialta le linn an chomhairliúcháin. Má bhí ESSanna, ceardchumainn agus gnólachtaí beaga áirithe i láthair, ba le teann béalghrá a tugadh cuireadh dóibh. Rud eile de, fágadh íospartaigh na mí-úsáide corparáidí agus gnólachtaí a chuir ar son rialacháin inbhuanaitheachta ar an trá fholamh.

An pacáiste Omnibus: bagairt fhéideartha ar bheartais uaillmhianacha aeráide

Is cosúil go bhfuil an tUachtarán Ursula von der Leyen agus an Coimisinéir Valdis Dombrovskis, an té a dhéanann maoirseacht ar phróiseas an ‘tsimpliúcháin’ ina iomláine, ag druidim i ngaire do chlár oibre na gcorparáidí is mó agus is cumhachtaí dá bhfuil ann. Rud is tábhachtaí fós, i measc phríomh-chomhpháirtithe an Choimisiúin dár tugadh cuireadh le haghaidh na seiceála réaltachta, mar a thugtar uirthi, bhí cuideachtaí i láthair a gcuireann a ngníomhaíochtaí gnó go mór leis an athrú aeráide, cuir i gcás cuideachtaí in earnálacha na hola, an gháis, na bpeitriceimiceán, na ngluaisteán agus an airgeadais. Is lena leas siúd é, ar ndóigh, dá laghdófaí ar na hoibleagáidí aeráide atá i bhfeidhm I bhfianaise na géarchéime aeráide atá ann faoi láthair agus an drochthionchair atá aici ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, is cúis imní é an pacáiste Omnibus, go háirithe más céim ar gcúl do na beartais aeráide a bheidh ann.

Ba cheart don Choimisiún tús áite a thabhairt don chur chun feidhme seachas don dírialáil

Má tá imní nach beag ar an gCoimisiún i ndáiríre faoin iomaíochas agus faoi ualach laghdaithe rialála, sin agus faoi chearta an duine agus faoin gceartas aeráide, ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar conas is féidir ionstraimí inbhuanaitheachta a chur chun feidhme go héifeachtach. Is féidir tabhairt faoi sin go héasca ach treoirlínte a cheapadh a thabharfaidh cúnamh do chuideachtaí agus d’údaráis na mBallstát, rud atá sonraithe sa Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, chomh maith le cistiú agus fothú acmhainneachta a thabhairt chun cinn. An cáineadh a rinneadh i dtuarascáil Draghi maidir le heaspa treoraíochta a bheith ann chun cur i bhfeidhm reachtaíocht inbhuanaitheachta an Aontais a éascú, d’fhéadfaí sin a leigheas ach an cur chuige seo a leanúint.

I ndeireadh na dála, má dhéantar na rialacháin ríthábhachtacha inbhuanaitheachta seo a athscríobh faoi choim i gcomhar le cuid de na corparáidí is mó ar domhan, beidh bóthar á thabhairt air féin ag an Aontas nach é an fíor-iomaíochas a gheobhaidh sé ag ceann a riain ná baol air. 

Is oifigeach beartais í Andriana Loredan de chuid na Comhghuaillíochta Eorpaí um Cheartas Corparáideach (ECCJ). Tá sí sáite san abhcóideacht atá ar siúl faoin Treoir i maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach ó foilsíodh an togra den chéad uair in 2022. Chaith sí tamall roimhe sin ag obair do Anti-Slavery International i réimsí an ghnó agus chearta an duine ó thaobh saothar éigeantais de. 

Le Kinga Grafa

Tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. De dheasca na ró-rialála, cuirtear bac ar a bhfás agus cuirtear cosc orthu coinneáil suas le hiomaitheoirí ó chodanna eile den domhan. Ní féidir leis an Eoraip leanúint de bheith ag dul thart i gciorcail. Is fíorathrú atá de dhíth ar fhiontraithe, seachas anailís bhreise ar na bacainní céanna arb eol dúinn leis na blianta. Dar le Kinga Grafa ó Chónaidhm Ghnólachtaí na Polainne, Lewiatan, is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair.

Le Kinga Grafa

Tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. De dheasca na ró-rialála, cuirtear bac ar a bhfás agus cuirtear cosc orthu coinneáil suas le hiomaitheoirí ó chodanna eile den domhan. Ní féidir leis an Eoraip leanúint de bheith ag dul thart i gciorcail. Is fíorathrú atá de dhíth ar fhiontraithe, seachas anailís bhreise ar na bacainní céanna arb eol dúinn leis na blianta. Dar le Kinga Grafa ó Chónaidhm Ghnólachtaí na Polainne, Lewiatan, is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair.

Chuir an Coimisiún Eorpach an Compás Iomaíochais i láthair le déanaí. Treochlár do na cúig bliana amach romhainn atá ann lena bhféachtar le seasamh eacnamaíoch an Aontais a neartú agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí Eorpacha. An cur chuige atá á mholadh ag an gCoimisiún, is é an cur chuige ceart é. Is le fada an lá atá athruithe den chineál sin á n-iarraidh ag gnólachtaí agus an t-iomaíochas agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí atá acu. Más mian leis an Aontas a bheith ina iomaitheoir domhanda, ní mór dó gníomhú láithreach. Agus geilleagar láidir mar bhonn againn, ní mór dúinn an rialáil a chuíchóiriú, costais fuinnimh a laghdú agus tacaíocht éifeachtach a chinntiú don infheistíocht agus don nuálaíocht. I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla luainí atá ann, ní mór comhaontuithe saorthrádála a thabhairt chun críche le príomh-chomhpháirtithe freisin, mar shampla, comhaontuithe lena gcumhdaítear rochtain ar amhábhair chriticiúla.

Ar na laethanta seo, tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. Tá iomaitheoirí ó chodanna eile den domhan ag fás ar bhonn níos tapa agus cuireann an ró-rialáil bac ar fhás ghnólachtaí na hEorpa. Ní mór don Choimisiún Eorpach athchóirithe sonracha a chur chun cinn a chuirfidh feabhas dáiríre ar thimpeallacht ghnó an Aontais. Leis an gCompás Iomaíochais, tugtar aghaidh ar na príomhbhacainní atá ar an bhfás agus an táirgiúlacht san Aontas, amhail costais arda fuinnimh, ró-rialáil agus ganntanais scileanna agus lucht saothair. Is maith an cur chuige é sin ach, thar aon ní eile, is tábhachtach é a chur i bhfeidhm. Chuige sin, is gá tograí reachtacha agus pleananna gníomhaíochta a thabhairt isteach a chuireann an t-iomaíochas chun cinn seachas cosc a chur air.

Tá an margadh aonair ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach a bhuí le lánpháirtiú na hEorpa, ach ní mór leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh sin. Is ábhar frustrachais é go bhfuil na bacainní céanna, bacainní a bhí ann 20 bliain ó shin, fós ar an margadh aonair. Tá deis anois ag Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh é sin a athrú agus is príomhthosaíocht í an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Is mór is tábhachtach an méid sin, ní hamháin don earnáil iompair, ach freisin do chuideachtaí a thairgeann seirbhísí gairmiúla, a bhfuil a líon ag dul i méid i gcónaí. Ar an drochuair, ní leor an aird a thugtar ar an tsaincheist sin i dtuarascálacha Letta agus Draghi. Dírítear i dtuarascáil Letta ar an tógáil agus an miondíol amháin, agus níor cuireadh san áireamh i dtuarascáil Draghi meastacháin an Choimisiúin maidir leis na bearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh chun leas a bhaint as acmhainneacht mhargadh na seirbhísí. Mar fhocal dearfach, leagtar béim i dtuarascáil Niinistö ar ról na seirbhísí maidir le hathléimneacht agus slándáil a chothú. Is maith is eol don saol mór a thábhachtaí atá an méid sin agus an staid gheopholaitiúil mar atá faoi láthair. Is sa chomhthéacs sin atá an Coimisiún ag moladh an ‘28ú córas’, arb é sin sraith aonair rialacha lena gcumhdaítear an cánachas, dlí an tsaothair agus an dlí corparáideach. Is é is aidhm don tionscnamh sin gníomhaíochtaí trasteorann a shimpliú, go háirithe do FBManna, ach ní leor an t-eolas atá againn faoin togra chun measúnú a dhéanamh air ag an bpointe seo.

Is léir gur céim sa treo ceart é an fógra maidir le dírialáil agus reachtaíocht chuíchóirithe. Is mithid anois, áfach, na moltaí a chur i bhfeidhm, agus ní mór níos mó a bheith i gceist leis sin ná an t-ualach tuairiscithe a laghdú. Tá súil againn go ndéanfaidh an Coimisiún ‘iniúchadh’ críochnúil ar reachtaíocht an Aontais agus go mbeidh tograí sonracha mar thoradh air chun timpeallacht rialála an Aontais a fheabhsú gan mhoill.

Táimid ag tnúth le Fóram an Mhargaidh Aonair in Kraków agus táimid ag fanacht leis na conclúidí ón gcomhairliúcháin phoiblí a mbeidh comhaltaí Lewiatan páirteach ann. Is é an aidhm a bheidh ann an chéad straitéis eile maidir leis an margadh aonair a ullmhú.

Is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair agus réitigh a chur i bhfeidhm a bhainfidh leas as forbairt ghnólachtaí na hEorpa i ndáiríre. Beidh ríthábhacht le hidirphlé idir institiúidí an Aontais agus na comhpháirtithe sóisialta má táthar chun réitigh a aimsiú a fhreastalóidh ar fhíor-riachtanais gnólachtaí. Mura ndéanfar cinntí misniúla, caillfear am luachmhar agus beimid chun deiridh san iomaíocht dhomhanda.

Kinga Grafa ina Leas-Ardstiúrthóir ar Ghnóthaí Eorpacha i gCónaidhm Lewiatan agus ina toscaire buan chuig BusinessEurope. Is eolaí polaitiúil agus iriseoir í ó thaobh oideachais de. Fuair sí taithí maidir le feidhmiú an Aontais agus í ag obair d’Oifig an Choiste um Lánpháirtiú na hEorpa (2008-2009) agus do Pharlaimint na hEorpa (2009-2014). Chomhscríobh sí freisin leabhar faoi uaisleacht na Polainne agus tá roinnt foilseacháin eolaíocha scríofa aici ar bheartas eachtrach Mheiriceá, ar scothaicme Mheiriceá agus ar thaidhleoireacht chultúrtha.

Dar le Danny Jacobs, ardstiúrthóir líonra comhshaoil Fhlóndras, Bond Beter Leefmilieu – BBL, ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach éiginnteacht a chruthú do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú. Labhair sé linn faoi na hábhair imní atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil maidir leis an togra is déanaí ón Aontas maidir le rialacháin a shimpliú. Is eagal leo go bhféadfadh sé príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i leataobh.

Dar le Danny Jacobs, ardstiúrthóir líonra comhshaoil Fhlóndras, Bond Beter Leefmilieu – BBL, ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach éiginnteacht a chruthú do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú. Labhair sé linn faoi na hábhair imní atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil maidir leis an togra is déanaí ón Aontas maidir le rialacháin a shimpliú. Is eagal leo go bhféadfadh sé príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i leataobh.

Cad é do bharúil faoi na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an dírialáil, amhail an Compás Iomaíochais nó pacáiste Omnibus?

An clár oibre dírialála agus simplithe atá curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach, tugtar tús áite leis do chúrsaí eacnamaíocha, rud a d’fhéadfadh an dul chun cinn comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha atá bainte amach againn le dua a chur i mbaol. Is deacair don Aontas cúrsa soiléir a stiúradh toisc a dhúshlánaí atá sé acquis an Aontais a oiriúnú agus a chaomhnú san am céanna.

Léirítear le Compás Iomaíochais an Choimisiúin, a cuireadh i láthair go déanach i mí Eanáir, ábhair imní corparáidí maidir le costais fuinnimh agus dúshláin eacnamaíocha ach tugtar neamhaird ar phríomhthosaíochtaí amhail truailliú nialasach agus folláine na saoránach, rud a chuireann bac ar gheilleagar na hEorpa aistriú i dtreo todhchaí ghlan, rathúil agus chiorclach. Tá an baol ann go gcuirfidh an Compás an Eoraip ar strae. Trí dhícharbónú iomaíoch a chur chun cinn gan cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a chur san áireamh, baintear an bonn den chuspóir atá ag institiúidí an Aontais, mar atá, leas an phobail a chosaint agus a chur chun cinn.

Rud is ábhar imní d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta an sprioc chontúirteach maidir le simpliú 25 % a leagtar amach sa Chompás. Bíodh is gur dhíol sásaimh é rialacháin a chuíchóiriú, má shimplítear iad gan measúnuithe críochnúla a dhéanamh d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chosaintí ríthábhachtacha sláinte, sóisialta agus comhshaoil. Ní hí an rialáil a chuireann bac ar nuálaíocht ghnó, ach an easpa rialacha soiléire. Dá mhéad dírialála a dhéanfar is éiginnte a bheidh an timpeallacht, rud a chuirfidh gnólachtaí ar thús cadhnaíochta faoi mhíbhuntáiste agus a chuirfidh an dul chun cinn agus an inbhuanaitheacht i mbaol san am céanna.

Is baolach go ndéanfaidh an simpliú sin dochar do chuspóirí comhshaoil agus sóisialta freisin. Is iomaí locht sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, sa Treoir maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus níor bhain siad amach an méid a rabhthas ag súil leis. Dá ndéanfaí iad a lagú a thuilleadh, agus iad lag cheana féin, ní bheadh éifeacht ar bith leis na treoracha sin.

Is sampla eile é sin den mhéid atá ag titim amach i láthair na huaire.  Is suntasach an fhadhb atá roimh Fhlóndras le blianta beaga anuas ó thaobh substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFASanna) de. Tá cuid mhór den chríoch á dtruailliú ag na ceimiceáin sin agus na céadta mílte saoránach thíos leis. Srian nó toirmeasc a chur i bhfeidhm faoin reachtaíocht maidir le ceimiceáin (REACH), meastar gurb é sin an dóigh is éifeachtaí chun na rioscaí a bhaineann le substaintí, amhail PFASanna, a úsáidtear i bpróisis thionsclaíocha agus i dtáirgí (meascáin agus earraí) a rialú. Dá dtréigfeadh an Coimisiún Eorpach rialachán dian REACH, a bhfuil tábhacht leis, mhéadódh sé sin an neamhchosaint ar cheimiceáin chontúirteacha, rud a bheadh díobhálach don tsláinte phoiblí. Ba lú na hoibleagáidí a bheadh ar chuideachtaí roghanna malartacha sábháilte a lorg, rud a chuirfeadh bac ar an nuálaíocht sa cheimic inbhuanaithe. Dá scaoilte na rialacha is ea is guaisí a bheidh an sceitheadh agus an dramhaíl, rud a chiallaíonn go bhféadfadh méadú teacht ar thruailliú comhshaoil. Ba leochailí a bheadh na tomhaltóirí toisc nach ndéanfaí táirgí a sheiceáil le haghaidh substaintí tocsaineacha ar dhóigh chomh críochnúil céanna. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh cuideachtaí Eorpacha titim chun deiridh san aistriú domhanda chuig táirgí atá níos sábháilte agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus a sciar den mhargadh a ghéilleadh d’iomaitheoirí a bhaineann leas as nuálaíochtaí a sheasfaidh an aimsir.

An bhfuil tú dóchasach faoi chinniúint an Chomhaontaithe Ghlais i bhfianaise an phlean nua a d’fhógair an Coimisiún chun borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa?

Tá idir dheiseanna agus dhúshláin ag baint le Clár Oibre 2025 an Choimisiúin Eorpaigh. Tugtar gealltanais ann maidir le dícharbónú agus fuinneamh inacmhainne d’fhonn Eoraip níos glaine agus níos athléimní a chothú. San am céanna, áfach, tá an baol ann go gcuirfear príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i leataobh. Is mó an imní atá ann maidir le Rialachán Omnibus atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúldoras chun freagracht chorparáideach a dhírialáil faoi scáth ‘an tsimplithe’. Léiríodh le treochtaí le déanaí gur rómhinic a úsáidtear an simpliú chun coimircí riachtanacha a lagú, ó reachtaíocht maidir le ceimiceáin go reachtaíocht maidir leis an talmhaíocht. Sampla cruthanta is ea an t-athchóiriú a rinneadh faoi dheifir ar an gComhbheartas Talmhaíochta i mí an Mhárta 2024, lenar baineadh amach cosaintí glasa. Anois, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán REACH (a leagadh amach tráth mar uirlis chun an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint), tá an baol ann go ndéanfar é a athphacáistiú mar bheart simpliúcháin chun rialacha tionscail a mhaolú.

Cúpla mí ó shin, gheall an tUachtarán von der Leyen go seasfaí le spriocanna uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Mar sin féin, tugtar a mhalairt le fios sa Chlár Oibre reatha. Is lú tosaíocht a thugtar ann do na spriocanna is práinní atá ann, go háirithe an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

An measann tú go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an dírialáil atá á moladh ar an inbhuanaitheacht agus ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo?

Ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach an bonn a bhaint den chinnteacht rialála agus den intuarthacht do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú.

Ní mór don Aontas a chinntiú nach ionann deireadh a chur leis an rómhaorlathas agus laghdú a dhéanamh ar chosaintí don chomhshaol agus don tsláinte phoiblí. Le cur chun feidhme cliste, ba cheart an Comhaontú Glas don Eoraip a neartú, seachas an bonn a bhaint de. Ní chuirfear leis an neart eacnamaíoch má dhéantar príomhchosaintí comhshaoil agus sóisialta a lagú, ag ligean orainn gur ag laghdú an rómhaorlathais atáimid. Céim mhístuama ar gcúl atá ann a chuirfidh na rialacha atá ceaptha chun an geilleagar a dhéanamh slán i bhfad na haimsire ó rath. Ina fhianaise sin ar fad, is mó an baol atá ann go gcuirfí deich mbliana de dhul chun cinn i réimse na hinbhuanaitheachta ó mhaith.

San am céanna, is ag dul i méid an brú ar an tsochaí shibhialta ar fud an Aontais agus tá dlíthe sriantacha maidir le gníomhairí eachtracha, bearta dianteannta i gcoinne agóidí agus ciorruithe ar mhaoiniú ag bagairt ar chearta bunúsacha. Ní mór don Eorpach Sciath don Daonlathas agus do Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta atá ar na bacáin níos mó ná gealltanais shiombalacha a thabhairt. Ní mór dóibh cosaintí dlíthiúla, cistiú inbhuanaithe agus idirphlé sibhialta struchtúrtha le hinstitiúidí an Aontais a chinntiú. Ní mór tús áite a thabhairt i gClár Oibre an Choimisiúin do chosaint an daonlathais tríd an tsochaí shibhialta a neartú. Gan sochaí shibhialta neamhspleách a bhfuil acmhainní maithe aici, tá daonlathas na hEorpa féin i mbaol.

Danny Jacobs ina ardstiúrthóir ar Bond Beter Leefmilieu – BBL (cónaidhm de 135 eagraíocht neamhrialtasach comhshaoil i bhFlóndras na Beilge) agus ina ionadaí thar cheann na Beilge sa Bhiúró Eorpach Comhshaoil (an líonra is mó san Eoraip d’eagraíochtaí saoránach comhshaoil, a dhéanann ionadaíocht ar thart ar 30 milliún comhalta aonair agus tacadóir).

Tá diúltaithe ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), príomheagraíocht ceardchumainn na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar 45 mhilliún oibrí ar an leibhéal Eorpach, tacú leis an gcompás iomaíochais –– treoirphlean an Choimisiúin Eorpaigh chun dlús a chur le geilleagar an Aontais Eorpaigh. De réir mar a fheictear do CEC é, ní féidir glacadh leis an gcompás mar atá sé faoi láthair. Labhraíomar le hArdrúnaí CEC, Esther Lynch, faoi phríomhagóidí na n-oibrithe atá i gcoinne an chompáis agus faoina bhfuil i ndán do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tráth atá éilimh nua ag teacht chun cinn an rialáil mhaolú agus díriú níos mó ar an iomaíochas.

Tá diúltaithe ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), príomheagraíocht ceardchumainn na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar 45 mhilliún oibrí ar an leibhéal Eorpach, tacú leis an gcompás iomaíochais –– treoirphlean an Choimisiúin Eorpaigh chun dlús a chur le geilleagar an Aontais Eorpaigh. De réir mar a fheictear do CEC é, ní féidir glacadh leis an gcompás mar atá sé faoi láthair. Labhraíomar le hArdrúnaí CEC, Esther Lynch, faoi phríomhagóidí na n-oibrithe atá i gcoinne an chompáis agus faoina bhfuil i ndán do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tráth atá éilimh nua ag teacht chun cinn an rialáil mhaolú agus díriú níos mó ar an iomaíochas. Tá sé curtha in iúl cheana féin ag ceardchumainn an Aontais nach mó ná sásta atá siad faoin bplean is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun athbheocht a chur i ngeilleagar an Aontais. I do thuairimse, cad é an locht is mó atá ar chompás iomaíochais an Choimisiún? An bhfuil aon togra nó tograí ar leith sa phlean a chuireann imní ort?

An fhadhb is mó a bhaineann le compás iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh ná go dtugtar tús áite don díriailáil, seachas do na hinfheistíochtaí is gá chun poist ardcháilíochta a chruthú, beartas tionsclaíoch Eorpach láidir a fhorbairt agus seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chinntiú. Ar an gcaoi chéanna, cé go n-aithnítear sa chompás cé chomh tábhachtach agus atá poist ardcháilíochta do gheilleagar iomaíoch, ní mholtar an reachtaíocht ba ghá chun cearta a threisiú, dálaí oibre a fheabhsú agus cómhargáil a chur chun cinn. Ina áit sin, is í an díríaláil a chuirtear san áireamh ann, rud atá ar neamhréir lena bhfuil ag teastáil agus a d’fhéadfadh dálaí oibre ní ba mheasa agus neamhdheimhneacht post a chruthú.

Ar na tograí is mó a chuireann imní orm, tá an ceann chun an 28ú córas cuideachtaí a thabhairt isteach. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do chuideachtaí feidhmiú taobh thall de dhlíthe saothair náisiúnta. Tá an baol ann go ndéanfadh sé sin an bonn a bhaint go mór ó reachtaíocht fostaíochta ar fud na hEorpa agus go gcruthódh sé an sodar go grinneall ó thaobh cearta agus cosaintí oibrithe de.

Ar an dul céanna, is rud é a chruthódh an t-uafás fadhbanna cosc a chur ar an ‘rórialáil’ – cumas na rialtas breis reachtaíochta a thabhairt isteach thar na híoschaighdeáin a socraítear le treoracha AE. Murab ionann agus rialacháin AE, is é an smaoineamh atá taobh thiar de threoracha AE ná go leagann siad íoschaighdeáin síos do gach tír. Má tharlaíonn go ndéanfaí uasteorainn de na híoschaighdeáin sin, ní hamháin go mbainfí an bonn den smaoineamh sin atá taobh thiar de threoracha AE, ach ba bhuille thubaisteach é don lucht oibre. Scriosfaí gach aon dul chun cinn atá déanta, dá dheacra a bhí sé, i réimsí amhail an cúram sláinte, an t-oideachas, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus pá cothrom

Anuas air sin, iarrtar sa chompás go ndéanfaí athchóiriú ar chóras na bpinsean chun an saol oibre níos faide a chur sa mheá. Cruthaíonn sé sin fadhbanna eile mar cuireann sé ualach míchuí ar oibrithe gan aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le córais pinsin atá inbhuanaithe agus cothrom.

Rud eile de, is compás é atá go mór le leas na ngnólachtaí sa chaoi go ndéantar a lán gealltanas do ghrúpaí gnó gan aon tiomantas nithiúil reachtaíocht a thabhairt isteach a bheadh le leas an lucht oibre. Áirítear leis sin easpa beart chun a chinntiú go n-úsáidfear infheistíochtaí poiblí le poist ardcháilíochta a chruthú seachas díreach brabúis chorparáideacha a mhéadú.

A fhad ar a ghiorracht, tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal, is é sin le rá riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe. Fágann sé sin nach féidir glacadh leis mar atá sé faoi láthair.

An ndéarfá go bhfuil cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i mbaol mar gheall ar an méid sin?

Go teoiriciúil, tá an Coimisiún tiomanta do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a chuir sé ar pár arís eile i gClár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025 a d’fhoilsigh sé le déanaí. Go praiticiúil, áfach, murab ionann agus gach clár oibre a bhí ann ó 2019, níl aon tionscnamh reachtach sóisialta sa chlár oibre le haghaidh 2025.

I gcontrárthacht leis sin, tá ocht bpíosa reachtaíochta ‘simpliúcháin’ molta ag an gCoimisiún don bhliain amach romhainn. Ní maith le duine ar bith a bheith ag plé leis an iomarca riaracháin agus tá réitigh ar an scéal sin á moladh go gníomhach ag ceardchumainn, cuir i gcás na rialacha maidir le soláthar poiblí.

Mar sin féin, is léir nach n-éireoidh linn na fadhbanna atá os comhair na hEorpa a fhuascailt trí dhul i muinín an tsimpliúcháin.

Is é an bhagairt is mó atá ar chur chun feidhme Cholún na gCeart na fógraí ar fud na hEorpa go bhfuil na sluaite daoine le scaoileadh as a bpost. Cuirfidh sé sin pá agus slándáil poist i mbaol, chomh maith le pinsin, cosaint shóisialta agus prionsabail go leor eile den Cholún.

Is gá infheistíochtaí a chinntiú chun poist ardcháilíochta a chosaint agus a chruthú. Áirítear air sin ionstraim SURE 2.0 maille le hionstraim láidir infheistíochta AE. Caithfear freisin na tionscnaimh reachtacha is gá a thabhairt isteach chun poist ardcháilíochta a ráthú.

Más rud é nach é réiteach na faidhbe ualaí rialála a laghdú, cad ba cheart don Aontas a dhéanamh chun go mbeadh a thuilleadh tábhachta leis sa chomhthéacs eacnamaíoch domhanda atá ann faoi láthair?

Easpa infheistíochta, sin is cúis le daoine do bheith á scaoileadh as a bpost. Is fíor an méid sin i gcás infheistíocht phríobháideach agus infheistíocht phoiblí araon.

Seachas infheistíochtaí a úsáid le hoibrithe a íoc nó leis an taighde agus an fhorbairt a bhfuil géarghá leo a dhéanamh, tá siad á n-úsáid ag corparáidí chun íocaíochtaí amach díbhinne – nach ngineann mórán brabúis – nó chun scaireanna a aischeannach. Is cleachtas é sin a chuireann bac ar fhorbairtí glasa agus teicneolaíochta san Eoraip.

Le blianta beaga anuas, tá na Stáit Aontaithe agus an tSín tosaithe ar an uafás infheistíochtaí poiblí a dhéanamh. San Aontas Eorpach, áfach, bhíothas gafa le gnó eile: rialacha nua a ghlacadh le hiallach a chur ar na Ballstáit ciorruithe déine a dhéanamh.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-athródh an tAontas an scéal sin gan mhoill. Réamhchoinníoll chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme is ea infheistíocht phoiblí a dhéanamh ar mhórscála, agus ceanglais shóisialta a leagan síos chun a chinntiú go gcruthódh na hinfheistíochtaí sin poist ardcháilíochta.

Is í Esther Lynch Ardrúnaí Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC). Tá taithí fhairsing aici ar bheith ag obair le ceardchumainn in Éirinn, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta agus chaith sí seal ina Leas-Ardrúnaí agus ina Rúnaí Cónaidhme ag CEC. Sna róil sin, d’oibrigh sí chun cearta oibrithe agus cearta ceardchumann a neartú. Bhí tionchar aici ar phríomhthreoracha maidir le pá íosta leordhóthanach, dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, agus sceithireacht. Bhí sí i gceannas ar fheachtais ar son Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus pá chothroim. A bhuí lena hobair, d’éirigh léi 15 theorainn nochta atá ceangailteach ó thaobh dlí de a leagan síos maidir le carcanaiginí, chomh maith le comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta maidir le digiteáil agus tocsain maidir le hatáirgeadh. Agus í ina feimineach amach is amach, oibríonn Esther chun nach ndéanfaí beag is fiú arís eile ar an obair a dhéanann mná den chuid is mó.

Déanann CEC ionadaíocht ar 45 mhilliún ball ó 94 eagraíocht ceardchumann in 42 thír Eorpacha, sa bhreis ar 10 gcónaidhm Eorpach na gceardchumann.

Tá go leor cainte san Aontas agus sna Ballstáit ar na tuarascálacha a d’fhoilsigh Mario Draghi agus Enrico Letta in 2024. Tá siad ina dtreochláir anois lena léirítear an cur chuige ar cheart don Eoraip a ghlacadh chun todhchaí inmharthana a chinntiú. Sa tuairim uaidh dar teideal ‘Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi maidir le feidhmiú agus iomaíochas Mhargadh Aonair an Aontais’, tugann CESE léargas ar dhearcadh na sochaí shibhialta i leith na dtuarascálacha agus cuireann sé moltaí chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le teann práinne. Iarradh ar na trí rapóirtéir a d’oibrigh ar an tuairim (Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini, agus Stefano Palmieri) aird a tharraingt ar na moltaí is mó tábhacht do rathúnas an Aontais amach anseo, dar leo, a chuirtear chun cinn sna tuarascálacha.

Tá go leor cainte san Aontas agus sna Ballstáit ar na tuarascálacha a d’fhoilsigh Mario Draghi agus Enrico Letta in 2024. Tá siad ina dtreochláir anois lena léirítear an cur chuige ar cheart don Eoraip a ghlacadh chun todhchaí inmharthana a chinntiú. Sa tuairim uaidh dar teideal ‘Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi maidir le feidhmiú agus iomaíochas Mhargadh Aonair an Aontais’, tugann CESE léargas ar dhearcadh na sochaí shibhialta i leith na dtuarascálacha agus cuireann sé moltaí chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le teann práinne. Iarradh ar na trí rapóirtéir a d’oibrigh ar an tuairim (Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini, agus Stefano Palmieri) aird a tharraingt ar na tograí ó na tuarascálacha is mó tábhacht do rathúnas an Aontais amach anseo dar leo.

Tá an t-iomaíochas go mór i mbéal an phobail na laethanta seo agus an dírialáil á moladh mar an réiteach is fearr chun seasamh na hEorpa sa gheilleagar domhanda a neartú. Mar sin féin, is iomaí bealach atá ann an t-iomaíochas a thomhas agus níl aon fhreagra amháin faoi leith ar an gceist maidir le cad is iomarca rialála ann. Dar le Karel Lannoo, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, mura láimhseáiltear go cúramach iad, d’fhéadfadh díospóireachtaí ar an iomaíochas agus an dírialáil a bheith ina n-argóintí róshimplithe, dubh agus bán a d’fhéadfadh bagairt ar cheapadh beartais eacnamaíoch fónta.

Tá an t-iomaíochas go mór i mbéal an phobail na laethanta seo agus an dírialáil á moladh mar an réiteach is fearr chun seasamh na hEorpa sa gheilleagar domhanda a neartú. Mar sin féin, is iomaí bealach atá ann an t-iomaíochas a thomhas agus níl aon fhreagra amháin faoi leith ar an gceist maidir le cad is iomarca rialála ann. Dar le Karel Lannoo, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, mura láimhseáiltear go cúramach iad, d’fhéadfadh díospóireachtaí ar an iomaíochas agus an dírialáil a bheith ina n-argóintí róshimplithe, dubh agus bán a d’fhéadfadh bagairt ar cheapadh beartais eacnamaíoch fónta.

Is é Karel Lannoo Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, ceann de na príomhmheithleacha machnaimh neamhspleácha san Eoraip. Tá saineolas aige ar rialáil airgeadais, rialachas eacnamaíoch na hEorpa agus saincheisteanna a bhaineann leis an margadh aonair. Ar na foilseacháin is déanaí uaidh tá ‘Europa begrijpen’, tuarascáil tascfhórsa maidir le beartas na hearnála airgeadais do Choimisiún von der Leyen II, agus rannchuidithe éagsúla le himleabhair agus athbhreithnithe acadúla. Is minic a labhraíonn Karel ag éisteachtaí institiúidí AE, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag comhdhálacha idirnáisiúnta agus ag cláir feidhmiúcháin. Stiúrann sé staidéir do rialtais náisiúnta, d’eagraíochtaí iltaobhacha agus d’eintitis san earnáil phríobháideach. Bíonn a chuid saothair le feiceáil sna meáin go rialta. Ina theannta sin, tá Karel ar bhoird cuideachtaí agus fondúireachtaí agus tá sé ina chomhalta de chomhairlí comhairleacha, lena n-áirítear Coimisiún na Margaí Caipitil in AFM na hÍsiltíre, arb é údarás maoirseachta na margaí airgeadais é.