Tá go leor cainte san Aontas agus sna Ballstáit ar na tuarascálacha a d’fhoilsigh Mario Draghi agus Enrico Letta in 2024. Tá siad ina dtreochláir anois lena léirítear an cur chuige ar cheart don Eoraip a ghlacadh chun todhchaí inmharthana a chinntiú. Sa tuairim uaidh dar teideal ‘Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi maidir le feidhmiú agus iomaíochas Mhargadh Aonair an Aontais’, tugann CESE léargas ar dhearcadh na sochaí shibhialta i leith na dtuarascálacha agus cuireann sé moltaí chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh le teann práinne. Iarradh ar na trí rapóirtéir a d’oibrigh ar an tuairim (Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini, agus Stefano Palmieri) aird a tharraingt ar na tograí ó na tuarascálacha is mó tábhacht do rathúnas an Aontais amach anseo dar leo.