Grúpa na nOibrithe a scríobh

Is iomaí dúshlán difriúil atá roimh thionscail na hEorpa, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh an-ard, agus deacrachtaí fórsa saothair oilte a mhealladh agus rochtain a fháil ar mhaoiniúchán. In 2023, rinne an tAontas Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun tosaigh, plean atá dírithe ar an neodracht carbóin a bhaint amach. Sa chur a láthair a rinne sí ar na treoirlínte polaitiúla an fómhar seo caite, luaigh an tUachtarán von der Leyen ‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ ar mhaithe le tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta, faoi anáil thuarascáil Draghi. 

Grúpa na nOibrithe a scríobh

Is iomaí dúshlán difriúil atá roimh thionscail na hEorpa, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh an-ard, agus deacrachtaí fórsa saothair oilte a mhealladh agus rochtain a fháil ar mhaoiniúchán. In 2023, rinne an tAontas Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun tosaigh, plean atá dírithe ar an neodracht carbóin a bhaint amach. Sa chur a láthair a rinne sí ar na treoirlínte polaitiúla an fómhar seo caite, luaigh an tUachtarán von der Leyen ‘Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ ar mhaithe le tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta, faoi anáil thuarascáil Draghi.

Tá an tionsclaíocht ina cuid riachtanach den aistriú glas, den aistriú digiteach, agus den chóras eacnamaíoch atá againn. Ach céard atá i ndán ag an gcomhaontú nua seo don lucht oibre? An fórsa oibre a bheith láidir, ballraíocht a bheith acu i gceardchumainn, agus tuarastal maith agus dálaí maithe oibre a bheith acu, baineann an méid sin ní hamháin leis na ceardchumainn féin ach leis an tsochaí i gcoitinne, leis an daonlathas agus an chobhsaíocht shóisialta, agus le táirgiúlacht na gcuideachtaí freisin.

Mura dtabharfar treoir chuí agus maoiniúchán poiblí leordhóthanach, is féidir go rachaidh an comhaontú seo i muinín na gcodanna sin de thuarascáil agus clár iomaíochas Draghi is mó atá i bhfabhar na dírialála. D’fhéadfadh sé sin samhail shóisialta na hEorpa a chur i mbaol agus samhail iomaíochta dhíobhálach á cur chun cinn, ceann a spreagfadh sodar go grinneall ó thaobh tuarastail agus dálaí oibre de.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an údar imní sin, tá comhdháil chomhpháirteach á heagrú ag Grúpa na nOibrithe in CESE agus Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann ar bheartas tionsclaíoch na hEorpa maidir le poist ardcháilíochta, a reáchtálfar an 14 Feabhra in áitreabh CESE. Iarrtar ar gach dream ar spéis leo an t-ábhar seo an dáta a chur sa dialann agus páirt a ghlacadh sa phlé. 

Copyright: CMEDIA CORPORATION

I mí na Nollag, reáchtáil CESE taispeáint den scannán Under the Grey Sky, scannán faoi iriseoirí de bhunadh na Bealarúise a d’íoc go daor as tuairisciú ar an suaitheadh polaitiúil ina dtír féin

 

I mí na Nollag, reáchtáil CESE taispeáint den scannán Under the Grey Sky, scannán faoi iriseoirí de bhunadh na Bealarúise a d’íoc go daor as tuairisciú ar an suaitheadh polaitiúil ina dtír féin

In Under the Grey Sky, an chéad fhadscannán de chuid Mara Tamkovich, déantóir scannán de bhunadh na Bealarúise-Polainne, insítear scéal coscrach Lena, iriseoir Bealarúiseach a chríochnaíonn sa phríosún i ndiaidh di cniogbheartaíocht an rialtais ar thaispeántas síochánta ag Ploshcha Peramen (nó Cearnóg na nAthruithe) i Mionsc a bheoshruthú. Tá an scéal suite in 2020, tréimhse ina scaiptear babhta agóidí gan fasach ar fud na Bealarúise i ndiaidh na dtoghchán rigeáilte inar atoghadh Aleksandr Lukashenko den séú huair.

Gabhtar Lena agus a hoibritheoir ceamara Olya i ndiaidh dóibh leanúint de na hagóidí a scannánú in ainneoin gur aimsigh drón póilíní iad. Tagann cor sa scéal nach mbeadh as áit i bplota Kafka, ina gcúisítear Lena ar dtús as ‘círéibeacha a eagrú agus cur isteach ar iompar poiblí’ ach cúisítear níos moille í as ardtréas. Coinneáil seacht lá an rud a bhí geallta ar dtús ach i ndiaidh triail rúnda iompaítear sin go tréimhse phríosúntachta a mhair ocht mbliana. Gearrtar téarma príosúnachta dhá bhliain ar a comhghleacaí. Tá a dhícheall á dhéanamh ag a fear céile, Ilya, a ndearna póilíní an réimis ciapadh air féin, chun í a chur as an bpriosún. Déanann sé iarracht, fiú, a chur ina luí ar Lena pléadáil ciontach de mhalairt ar shaoirse. Ach ní féidir le Lena é sin a dhéanamh.

Tá an scannán bunaithe ar fhíorscéal iriseoirí Bealarúiseacha Belsat TV Katsiaryna Andreyeva, a fear céile Ihar Iljash agus a comhghleacaí Darya Chultsova. Cé gur chríochnaigh Darya a pionós dhá bhliain, tá Katsiaryna agus Ihar i bpríosún faoi láthair, agus téarma faidréiseach príosúnachta ocht mbliana agus trí mhí á chur isteach aicise. Ní hiadsan amháin atá i gceist, ná baol air: ag deireadh 2024, mheas Comhlachas Iriseoirí na Bealarúise go bhfuil 45 oibrí sna meáin i bpríosún go fóill. Bíonn brú ar go leor acu fiú i ndiaidh dóibh teitheadh thar lear.

Cuireadh an scannán i láthair den chéad uair ar domhan ag féile Tribeca i Nua Eabhrac i mí an Mheithimh 2024.

An 13 Nollaig, taispeánadh Under the Grey Sky ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus bhí Mara Tamkovich i láthair mar chuid de sheimineár ar an ról atá ag meáin neamhspleácha na Bealarúise maidir le sochaí athléimneach dhaonlathach a chothú.

Labhair CESE Info le Mara Tamkovich faoin scannán:

Cé chomh cruinn agus a leanann an scannán imeachtaí fíor-saoil agus cinniúint Katsiaryna Andreyeva? Ar bhain tú úsáid as fíorphíosaí scannánaíochta ó agóidí 2020 agus ó chás Katsiaryna Andreyeva?

Is minic a úsáidtear an fíorphíosa scannánaíochta sa scannán. Mar a tharlaíonn, is iad Katsiaryna Andreyeva agus Darya Chultsova a scannánaigh an agóid atá á craoladh ag tús an scannáin. Is iad sin na fíoríomhánna a thugamar isteach i radharc dráma. Is fíorphíosa scannánaíochta é freisin coinneáil Raman Bandarenka a bhfeiceann na carachtair é ar a ríomhaire glúine (ghread dream maistíní, a raibh mascanna orthu, an gníomhaí Raman Bandarenka chun báis i ndiaidh dó iarracht a dhéanamh stop a chur leo ribíní dearga agus bána a ghearradh, ribíní arbh iad siombail ar bhratach na Bealarúise roimh fhorghabháil na Sóivéadach). Ag deireadh an scannáin, mar eipealóg, taispeánaim montáis de bheoshruthanna Katsiaryna ó na hagóidí.

Tá an príomhphlota ceangailte go mór leis an réaltacht, mar shampla, an dóigh ar gabhadh agus ar ionchúisíodh na hiriseoirí agus na pionóis a gearradh orthu. Ach ní hé an aidhm a bhí agam miondealú cruinn a thabhairt ar na himeachtaí, ach fírinne mhothúchánach na roghanna a bhí le déanamh ag daoine agus na roghanna pianmhara a bhí rompu a léiriú. Tugadh ainmneacha difriúla ar na carachtair chun achar éigin a chur eatarthu agus na daoine ón bhfíorshaol ar spreagadh iad, ach freisin chun cuireadh a thabhairt don lucht féachana smaoineamh ar an scéal sin mar cheann amháin i measc an iliomad scéalta, agus mar mheafar don mhéid a tharla don náisiún ar fad. 

An bhfuil a fhios ag an bpobal i gcoitinne sa Bhealarúis cad a tharla do Katsiaryna Andreyeva agus d’iriseoirí eile dá leithéid? An bhfuil a fhios agat cá mhéad duine a bhí thíos leis an deireadh céanna nó le deireadh den chineál céanna?

Tharla gabhálacha polaitiúla agus cos ar bolg ar scála chomh leathan sin sa Bhealarúis gur deacair gan bheith ar an eolas faoin staid. D’fhulaing 130 000 duine ar a laghad cineálacha éagsúla cos ar bolg agus d’fhág thart ar 500 000 an tír tar éis 2020. Déanta na fírinne, ní féidir fadhb atá chomh mór sin a chur i bhfolach.

Tá líon oifigiúil na bpríosúnach polaitiúil (iad siúd atá cúisithe nó ciontaithe ar chúisimh chóiriúla) sa Bhealarúis seasta ag thart ar 1 300 duine le roinnt blianta anuas, ach ní mór a thuiscint go bhfuil na céadta, nó na mílte ann, fiú, a bhfuil a bpionós istigh cheana, gur scaoileadh saor níos luaithe cuid acu agus go bhfuil eagla ar go leor daoine nua-chiontaithe stádas príosúnach polaitiúil a éileamh. Leanann an brú faoi chois ar aghaidh gan stad gan staonadh mar a bheadh monarcha ann, agus príosúnaigh nua á gcur in ionad na bpríosúnach a scaoiltear. 

Cad é an príomhspreagadh a bhí agat chun an scannán seo a dhéanamh? Cad ba mhaith leat a bhaint amach?

Mar Bhealarúiseach, bhí fonn orm rud éigin a dhéanamh nuair a rinne réimeas na Bealarúise cniogbheartaíocht bhrúidiúil in aghaidh na hagóide a tharla in 2020. Mar iar-iriseoir, bhí mé in ann dearcadh na gcarachtar a thuiscint go han-mhaith. Mar scannánóir, chonaic mé scéal láidir corraitheach arbh éigean dom a insint. 

Cén príomhtheachtaireacht nó mothúchán a bhfuil súil agat go dtógfaidh breathnóir leis tar éis dó féachaint ar do scannán?

Tá súil agam go ndéanfaidh daoine a machnamh ar cad é an tsaoirse i ndáiríre, ar na costais a bhaineann léi, agus ar an aithníonn siad i ndáiríre a bhfuil acu. Tá súil agam fosta go smaoineoidh siad ar Kacia agus ar Ihar agus ar gach aon duine atá i bpríosún, mar is rud í an tsaoirse a nglacann a lán daoine anseo san Eoraip talamh slán di. 

Cad ba cheart don Aontas Eorpach – na hinstitiúidí, an tsochaí shibhialta, comhlachais iriseoirí agus chearta an duine agus rialtais náisiúnta – a dhéanamh chun cuidiú?

Molaim go láidir don Aontas gan dearmad a dhéanamh ar an mBealarúis agus gan í a dhíscríobh mar chur amú ama. Is í tacaíocht an Aontais an rud a ligeann dár gcultúr, dár meáin agus don tsochaí shibhialta maireachtáil faoin mbrú ollmhór seo agus, cé go mbeidh foighne atá teastáil, is fiú é sa deireadh.

 

Mar chomhpháirtí institiúideach na sochaí sibhialta, is cúis bhróid do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a fhógairt go reáchtálfar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta

Mar chomhpháirtí institiúideach na sochaí sibhialta, is cúis bhróid do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a fhógairt go reáchtálfar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta

Díreofar ar an téama An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti san imeacht seo a mhairfidh ceithre lá. Beidh na seisiúin faoi stiúir an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip. Áirítear ar na buaicphointí eile Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, searmanas bronnta Dhuais na Sochaí Sibhialta agus rannpháirtíocht comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta náisiúnta, ionadaithe don óige, iriseoirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thíortha is iarrthóirí.

Osclófar an clárú i mí Feabhra 2025. Beidh tuilleadh eolais ar fáil go luath ar an leathanach gréasáin #CivSocWeek agus ar chainéil na meán sóisialta.  Bí ag faire amach chun tuilleadh eolais a fháil!

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

‘An t-iomaíochas a chur chun cinn ar mhaithe leis an rathúnas comhroinnte’ is ea príomhchuspóir thosaíochtaí nuaghlactha ár nGrúpa.

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

‘An t-iomaíochas a chur chun cinn ar mhaithe leis an rathúnas comhroinnte’ is ea príomhchuspóir thosaíochtaí nuaghlactha ár nGrúpa.

I bhfianaise na ndúshlán domhanda atá ann faoi láthair, ní mór don iomaíochas agus timpeallacht atá fabhrach don ghnó a bheith chun tosaigh sa chlár oibre polaitiúil, agus gníomhaíochtaí nithiúla beartais a dhéanamh chun tacú leis an méid sin.

In Aontas atá fabhrach don ghnó, is ar bharr feabhais agus iomaíocht fhónta a bheidh an t-iomaíochas bunaithe seachas ar fhóirdheontais ná ar an gcaomhnaitheacht, agus beidh rochtain iomaíoch ag gnólachtaí ar na hacmhainní táirgthe uile is gá. In Aontas atá fabhrach don ghnó déanfar rialáil ar bhealach atá fabhrach don ghnó agus don táirgiúlacht, íoslaghdófar an t-ualach riaracháin, agus beidh Margadh Aonair lánfheidhmiúil ann. Thairis sin, cuid mhór den mhéid a mheallann infheistíochtaí is ea muinín daingean a bheith ag na fiontair agus lucht ceaptha beartas as a chéile agus, ar an dul céanna, is gá leasanna ghnólachtaí an Aontais a chosaint i dtaca le hiomaitheoirí idirnáisiúnta.


Sin an fáth a bhfuil 10 sraith de ghníomhaíochtaí beartais atá fabhrach don ghnó á n-iarraidh againn mar phríomhthosaíochtaí:

  1. Athchóiriú radacach ar an gcur chuige rialála
  2. Córais Nuálaíochta Táirgiúla le díriú ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht
  3. Ardacmhainneacht Theicneolaíoch sa chosaint, sa tslándáil agus san aistriú glas agus tacaíocht do ghnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta
  4. Bonn Tionsclaíoch Láidir
  5. Margaí Airgeadais Comhtháite trí fhorbairt a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil agus ar an Aontas Baincéireachta
  6. Rochtain Leordhóthanach ar Lucht Saothair
  7. Córais Éifeachtacha Fuinnimh agus Iompair
  8. Dálaí Trádála Comhionanna
  9. Aistriú Glas atá dírithe ar an nGnó
  10. Airgeadas Poiblí Éifeachtúil

Tá na gníomhartha seo práinneach más mian linn leas a bhaint as an tionchar dearfach atá ag gnólachtaí iomaíocha ar gheilleagar láidir agus ar Aontas a bhfuil tionchar domhanda aige.

Oscailt súl a bhí i dtuarascálacha Letta agus Draghi: ní mór don Aontas an t-iomaíochas a athshlánú, sin nó d’fhéadfadh comhbhabhtálacha deacra a bheith roimhe maidir le leas sóisialta, caighdeáin chomhshaoil agus saoirsí lárnacha.

Ní hacmhainn dúinn é sin.

Ar ócáid Leatsa an Eoraip, Abair leat (YEYS) na bliana seo, tá na céadta iarratas faighte ag CESE ó mheánscoileanna ar fud an Aontais, na dtíortha is iarrthóirí, agus na Ríochta Aontaithe. 

Ar ócáid Leatsa an Eoraip, Abair leat (YEYS) na bliana seo, tá na céadta iarratas faighte ag CESE ó mheánscoileanna ar fud an Aontais, na dtíortha is iarrthóirí, agus na Ríochta Aontaithe.

Rinne lucht eagraithe YEYS na hiarratais go léir a scrúdú agus a mheas go cúramach, agus 36 mheánscoil a roghnú le páirt a ghlacadh in YEYS 2025 an 13 agus an 14 Márta!

Is é YEYS an t-imeacht suaitheanta bliantúil atá ag CESE don óige agus tabharfar le chéile in ócáid na bliana seo beagnach 100 mac léinn agus 37 múinteoir. Mairfidh an ócáid lá go leith agus is é téama na bliana seo ‘Guth a thabhairt don Óige’. Díreofar ar an ról is féidir leis an aos óg a imirt agus todhchaí athléimneach á múnlú. An aidhm atá ann a chur ar chumas na ndaoine óga páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sibhialta agus cur leis an daonlathas rannpháirtíochta ina bpobail féin agus i bhfad ó bhaile.

Agus CESE ag fáil réidh le fáilte a fhearadh roimh rannpháirtithe uile YEYS, tabharfaidh comhaltaí de CESE cuairt ar na scoileanna a roghnaíodh go luath in 2025, le haithne a chur orthu agus plé a dhéanamh leo roimh an bpríomhimeacht.

Déanfar na seisiúin oscailte agus chlabhsúir an 14 Márta a bheoshruthú. An nasc a theastóidh le breathnú ar an sruth, foilseofar é ar shuíomh gréasáin CESE, ar leathanach oifigiúil YEYS 2025, mar a mbeidh tuilleadh eolais agus an scéal is déanaí faoin imeacht le fáil.

An 23 Eanáir, déanfaidh CESE an scannán ‘Flow’ a thaispeáint, ar iomaitheoir é i LUX 2025 – Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa.

An 23 Eanáir, déanfaidh CESE an scannán ‘Flow’ a thaispeáint, ar iomaitheoir é i LUX 2025 – Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa.

Leis an stiúrthóir Laitviach, Gints Zilbalodis, is comhléiriú idir an Laitvia, an Fhrainc agus an Bheilg é an scannán beochana seo, a bhfuil ardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí. Tá aitheantas domhanda bainte amach anois aige. Bhuaigh sé duais Golden Globe sa chatagóir ‘An Príomhscannán Beochana Is Fearr’ agus tá príomhdhuaiseanna eile buaite aige ag féilte amhail The Annecy International Animation Film Festival, The New York Film Critics Circle Awards agus The European Film Awards.

Lean aistear Cat, marthanóir aonair tar éis tuile iar-apacailipteach. Lean é agus é ag dul i ngleic leis an saol nua atá os a chomhair amach agus é ag foghlaim conas comhoibriú le hainmhithe eile ar bhád tarrthála.

Tá an ócáid mar chuid de shraith leanúnach léirithe scannán de chuid CESE, arna heagrú i gcomhpháirtíocht le Gradam Lucht Féachana LUX Pharlaimint na hEorpa, a bhfuil sé d’aidhm aige éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus idirphlé a spreagadh maidir le saincheisteanna sóisialta práinneacha.

Tá na mílte cóip den leagan is déanaí de bhróisiúr cáiliúil CESE, an Pas Eorpach um Dhaonlathas, á scaipeadh ar fud na hEorpa faoi láthair. B’fhéidir go raibh leagan leictreonach idirghníomhach den Phas Eorpach um Dhaonlathas á lorg agat. Má bhí, tá sé ann anois! 

Tá na mílte cóip den leagan is déanaí de bhróisiúr cáiliúil CESE, an Pas Eorpach um Dhaonlathas, á scaipeadh ar fud na hEorpa faoi láthair. B’fhéidir go raibh leagan leictreonach idirghníomhach den Phas Eorpach um Dhaonlathas á lorg agat. Má bhí, tá sé ann anois! 

Tá físeáin, tráthanna na gceist, léarscáileanna agus a lán rudaí eile le fáil sa leagan leictreonach idirghníomhach den phas. Tá fáil air faoi láthair i 13 theanga agus tá na teangacha eile á n-ullmhú faoi láthair! Bain triail as le fáil amach conas is féidir leat ról gníomhach a imirt! 

Ag ceiliúradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE dóibh, d’iarr bunaitheoirí agus comhaltaí reatha an Ghrúpa go ndéanfaí bearta gníomhacha chun daonlathas na hEorpa, spás poiblí oscailte agus Eoraip chóir a chosaint.

Ag ceiliúradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE dóibh, d’iarr bunaitheoirí agus comhaltaí reatha an Ghrúpa go ndéanfaí bearta gníomhacha chun daonlathas na hEorpa, spás poiblí oscailte agus Eoraip chóir a chosaint.

An 11 Nollaig, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) comóradh 20 bliain ar an nGrúpa Idirchaidrimh le líonraí Eorpacha na sochaí sibhialta, an t-aon chomhlacht buan le haghaidh idirphlé polaitiúil agus comhar struchtúrtha idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus institiúidí an Aontais. Le fiche bliain anuas, is tábhachtach an ról atá ag an nGrúpa Idirchaidrimh le glór na sochaí sibhialta eagraithe a mhéadú agus na hábhair imní atá aige a chur ar chlár oibre na hEorpa. Tá 45 líonra de chuid na sochaí sibhialta sa ghrúpa, líonraí atá gníomhach ar an leibhéal Eorpach, grúpa a dhéanann cuimsiú go hiomlán na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chonradh.

‘Ós ag ceiliúradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh CESE atáimid, tugaimid ómós ní hamháin dá chuid gaisce, ach freisin do na comhpháirtíochtaí marthanacha a mhúnlaigh an daonlathas rannpháirtíochta san Eoraip. Le fiche bliain anuas, is ag fás atá an Grúpa Idirchaidrimh ionas gur ardán bríomhar anoi sé, rud a mhéadaíonn glór na sochaí sibhialta, agus rud a chothaíonn comhoibriú idir páirtithe leasmhara éagsúla dá réir. Ag féachaint na todhchaí dúinn, seasaimis le chéile chun luachanna daonlathacha a neartú, an spás sibhialta a leathnú, agus an Eoraip a mhúnlú ionas go ndéanfaidh sí freastal go fírinneach ar a muintir ar fad,’ a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, san aitheasc tosaigh uaidh.

‘Ní éasca an turas atá curtha dínn againn,’ a mhínigh Brikena Xhomaqi, Comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh, ‘ach d’fhoghlaimíomar le muinín a bheith againn as a chéile. Agus tá súil agam go neartóimid an comhar seo eadrainn chun troid i bhfochair a chéile ar mhaithe le straitéis chomhleanúnach Eorpach maidir leis an tsochaí shibhialta’.

San óráid thábhachtach a thug sí féin, dhearbhaigh Katarina Barley, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as caidreamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta: "Mar Pharlaimint na hEorpa, táimid ullmhaithe chun ár gcomhar leis an nGrúpa Idirchaidrimh a neartú. Tá gá le comhar a bheadh níos struchtúrtha agus is mithid na heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith páirteach ann.  Ar scáth a chéile is ea ba cheart dúinn tuilleadh oibre a dhéanamh chun cur i gcoinne na mbagairtí ar an daonlathas san Aontas Eorpach, bagairtí atá níos mó ná riamh i stair an Aontais,' ag cur leis, maidir leis an nGrúpa Idirchaidrimh, 'Murach é a bheith ann, is rud é a chaithfí a chruthú.'

D’fhreastail céad duine agus tuilleadh díobh sin ar tugadh cuireadh dóibh, daoine lena n-áirítear roinnt príomhphearsana in earnáil na sochaí sibhialta, ar an imeacht bríomhar lena ndearnadh comóradh 20 bliain an Ghrúpa Idirchaidrimh. Orthu sin bhí ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta ón tSeirbia agus ón Moldóiv, i gcomhréir le beartas CESE maidir le cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas páirt a ghlacadh ina chuid oibre. Bhí ceathrar iar-Uachtarán ar CESE, Staffan Nilsson, Henri Malosse, Luca Jahier agus George Dassis i láthair freisin. Chuir an tUasal Jahier i bhfios agus i bhfáth go bhfuil sé de fhreagracht ar CESE ardán a bhunú agus a choinneáil don idirphlé sibhialta, agus dúirt an tUasal Dassis ‘gurb é an rud is mó ná síocháin a bheith ann, agus síocháin a bhaint amach, ní mór dúinn a bheith láidir agus seasamh le chéile.’

B’fhéidir nár éirigh leat féin a bheith i láthair. Murar éirigh, féach taifeadadh na hócáide, ar an ráiteas comhpháirteach ó Uachtaránacht an Ghrúpa Idirchaidrimh, ar an bhfíseán deiridh, ar na pictiúir agus ar an bpreasráiteas ar leathanach na n-imeachtaí anseo.  (lm)

Tá sraith 11 scéal san fhoilseachán is déanaí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis na héachtaí a rinne sé le déanaí.

Tá sraith 11 scéal san fhoilseachán is déanaí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis na héachtaí a rinne sé le déanaí.

Feictear sna scéalta úd an obair atá déanta ag CESE lena chinntiú go bpléitear agus go dtugtar aghaidh ar an leibhéal Eorpach ar shaincheisteanna eacnamaíocha agus sóisialta a ardaíonn na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta.

Léiríonn siad freisin conas a éiríonn le CESE, trína chuid oibre comhairliúcháin, ní hamháin tionchar a imirt ar reachtaíocht an Aontais, ach súil a choinneáil ar a cur chun feidhme cuí chomh maith céanna.

Is féidir tuilleadh a léamh faoin 11 scéal sin nó iad a íoslódáil ach dul chuig ár suíomh gréasáin: Recent EESC achievements | CESE.

Más maith leat cóip páipéir i mBéarla nó i bhFraincis de na scéalta a fháil, is féidir ríomhphost a chur chuig an seoladh seo: vipcese@eesc.europa.eu.

Má tá an tAontas chun an aimsir a sheasamh, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh sé ar a chumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach, go mór mór na laethanta seo agus an bhréagaisnéis ar fud na háite, an intleacht shaorga ag bailiú nirt go han-tapa agus claontaí forlámhacha á leathnú. Chun gur féidir leis an Aontas cumarsáid a dhéanamh le gach duine, caithfidh sé dul i gcion ar an leibhéal áitiúil.

Má tá an tAontas chun an aimsir a sheasamh, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh sé ar a chumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach, go mór mór na laethanta seo agus an bhréagaisnéis ar fud na háite, an intleacht shaorga ag bailiú nirt go han-tapa agus claontaí forlámhacha á leathnú. Chun gur féidir leis an Aontas cumarsáid a dhéanamh le gach duine, caithfidh sé dul i gcion ar an leibhéal áitiúil.

Leabhar nua leis an straitéisí cumarsáide agus údar Stavros Papagianneas is ea Rebranding Europe ina spreagtar plé criticiúil ar ról an Aontais sa domhan mór. Feicimid go bhfuil cor cinniúnach buailte leis an Eoraip, agus fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thaobh amháin, atá á fhearadh le nach mór trí bliain anuas, agus an cogadh sa Mheánoirthear ar an taobh eile, anuas ar shraith dúshláin gheopholaitiúla agus eacnamaíocha eile.

Cuireadh an leabhar i láthair an 3 Nollaig sa Résidence Palace sa Bhruiséil. Bhí Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, i láthair ag an imeacht agus ghlac sé páirt sa díospóireacht maidir le seasamh na hEorpa sa chró troda corrach ar fud an domhain agus an gá atá ag an Aontas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach.

‘Tá cor cinniúnach buailte leis an Aontas. Chun go mbeidh an Eoraip slán i bhfad na haimsire, ní mór di fís shoiléir láidir a chur in iúl dá saoránaigh agus don domhan mór. Ní bhaineann sé seo leis an bpolaitíocht – baineann sé leis an muinín, leis an bhféiniúlacht agus lenár gcúis chomhchoiteann,’ arsa Papagianneas.

Leag iad siúd a bhí páirteach sa díospóireacht béim air nach bhfuil an dara rogha ag an Aontas ach cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach más mian leis an aimsir a sheasamh, go mór mór i ré seo na bréagaisnéise, na hintleachta saorga agus an údarásaíochais atá ag dul i méid. Caithfidh an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn. Tá ról ríthábhachtach ag na meáin maidir le réimse poiblí na hEorpa a mhúnlú, rud a d’aithin Colin Stevens, príomheagarthóir an tsuímh EU Reporter agus treoraí an phlé. ‘Caithfimid, sin le rá na meáin, a mhíniú arís agus arís eile go mbaineann an Eoraip linn ar fad. Agus caithfimid é sin a dhéanamh gach uile lá,’ a dúirt sé.

Aontaíonn na saineolaithe go bhfuil sé thar a bheith deacair dul i ngleic le foinse na mífhaisnéise nó ‘na bréagnuachta’, go háirithe agus an intleacht shaorga tagtha ar an bhfód. An rud is fearr is féidir linn a dhéanamh chun cur i gcoinne an mhéid sin ná athléimneacht a chothú i measc an phobail.

Thug Plosceanu ar aird go bhfuil sé ‘in am éisteacht leis na daoine, seachas labhairt leo. Tá daoine ag iarraidh go mbeadh páirt níos mó acu sna cúrsaí seo.’ Chuir sé i bhfáth go bhfuil sé an-tábhachtach comhoibriú leis na meáin réigiúnacha. Chuige sin, d’áitigh sé ar institiúidí an Aontais comhpháirtíochtaí a bhunú leis na meáin réigiúnacha agus cuireadh a thabhairt d’iriseoirí réigiúnacha teacht chun na Bruiséile. Ar deireadh, dúirt sé go gcaithfidh an Eoraip dul i gcion ar an leibhéal áitiúil, ar na pobail áitiúla.

Is ar an leibhéal áitiúil a smaoiníonn formhór mór mhuintir na hEorpa ar dtús, sula smaoiníonn siad ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach ag an deireadh ar fad. Ní mór é sin a chur san áireamh sa chumarsáid a dhéantar faoin Eoraip trí scéalta áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a scaipeadh a rachaidh i bhfeidhm ar na daoine. (mt)