The EESC issues between 160 and 190 opinions, evaluation and information reports a year.
It also organises several annual initiatives and events with a focus on civil society and citizens’ participation such as the Civil Society Prize, the Civil Society Days, the Your Europe, Your Say youth plenary and the ECI Day.
Here you can find news and information about the EESC'swork, including its social media accounts, the EESC Info newsletter, photo galleries and videos.
The EESC brings together representatives from all areas of organised civil society, who give their independent advice on EU policies and legislation. The EESC's326 Members are organised into three groups: Employers, Workers and Various Interests.
The EESC has six sections, specialising in concrete topics of relevance to the citizens of the European Union, ranging from social to economic affairs, energy, environment, external relations or the internal market.
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, phléigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Pacáiste Soghluaisteachta Tallainne. Is é atá sa tionscnamh seo sraith beart nua a ceapadh chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do thallann ó lasmuigh den Aontas, agus chun an tsoghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú.
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, phléigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Pacáiste Soghluaisteachta Tallainne. Is é atá sa tionscnamh seo sraith beart nua a ceapadh chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do thallann ó lasmuigh den Aontas, agus chun an tsoghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú.
D’iarr an t-aoichainteoir, an Coimisinéir um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, ar CESE tacaíocht a chur ar fáil chun na Ballstáit agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thabhairt le chéile chun go nglacfaidh siad leis an nuálaíocht sin agus chun a áirithiú go mbeidh beartas éifeachtach ann maidir le himirce an lucht saothair.
Is ceann de na bearta bunúsacha sa Phacáiste Soghluaisteachta Tallainne é an tionscnamh ‘Linn Tallaine’, an chéad uirlis meaitseála deonaí ar leibhéal an Aontais, lenár féidir leis na Ballstáit leasmhara fostóirí ón Aontas agus cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a thabhairt le chéile.
Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i bhfios go láidir go bhfuil ‘ganntanas mór lucht saothair agus scileanna roimh an Aontas i ngeall ar an aistriú chuig an ngeilleagar glas agus an geilleagar digiteach, agus dúshláin dhéimeagrafacha. Ionstraim amháin i measc ionstraimí eile is ea an pacáiste soghluaisteachta tallainne, ar féidir úsáid a bhaint aisti chun na dúshláin sin a mhaolú’.
D’iarr an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, go mbeidh cur chuige Fhoireann na hEorpa ann i leith imirce an lucht saothair a mbeidh gné Eorpach níos leithne ag baint leis. ‘Is inniúlacht náisiúnta den chuid is mó í imirce an lucht saothair agus leanfaidh sí de bheith amhlaidh. Ach ní mór dúinn cur chuige Fhoireann na hEorpa a chruthú, cur chuige ina mbeidh institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag obair le chéile chun tionscnaimh nua a chur ar fáil agus chun cur chun feidhme beartas soghluaisteachta saothair a éascú.’
Chuir Tatjana Babrauskienė, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime Pacáiste Soghluaisteachta Tallainne a glacadh ag an seisiún iomlánach sin, i bhfios go láidir ‘nach mór do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith ina huirlis phraiticiúil atá éasca le húsáid, iontaofa, agus tarraingteach ó thaobh na n-oibrithe agus na bhfostóirí de. Ag an am céanna, ní mór di tacú le himirce dhleathach chothrom agus eiticiúil an lucht saothair’. (at)
Thionóil an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) in CESE dhá chruinniú lena mhacasamhail sa tSeirbia agus i Montainéagró faoi chuimsiú na gComhchoistí Comhairliúcháin. Cuireann an institiúid chomhpháirteach sin ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an dá thaobh faireachán a dhéanamh ar chaibidlíocht aontachais na tíre, saincheisteanna leasa choitinn a phlé, agus aird a tharraingt ar ábhair imní nach mór dul i ngleic leo agus iad ar an mbealach dul isteach san Aontas Eorpach.
Thionóil an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) in CESE dhá chruinniú lena mhacasamhail sa tSeirbia agus i Montainéagró faoi chuimsiú na gComhchoistí Comhairliúcháin. Cuireann an institiúid chomhpháirteach sin ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an dá thaobh faireachán a dhéanamh ar chaibidlíocht aontachais na tíre, saincheisteanna leasa choitinn a phlé, agus aird a tharraingt ar ábhair imní nach mór dul i ngleic leo agus iad ar an mbealach dul isteach san Aontas Eorpach.
An 5 Aibreán 2024, chuir CESE fáilte roimh chomhaltaí na Seirbia den Chomhchoiste Comhairleach chun na Bruiséile chun plé a dhéanamh ar staid reatha na himeartha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSeirbia agus maidir leis an gcaibidlíocht faoin bpróiseas aontachais leis an Aontas. I measc na saincheisteanna eile a bhí le plé, bhí na deiseanna don tSeirbia a cuireadh i láthair leis an bPlean fáis nua agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, an staid iarthoghcháin sa tír agus forléargas ar staid an daonlathais agus an smachta reachta.
Ag an ócáid bhí Ceann Misin ar Phoblacht na Seirbia chuig an AE, Danijel Apostolović, agus é nuacheaptha, agus leag sé béim ar an seasamh céanna atá ag an Aontas agus ag an tSeirbia a mhéid a bhaineann le comhar níos dlúithe, i ndáil leis na saincheisteanna ábhartha go léir a bhaineann le cainteanna chaibidlíocht aontachas na Seirbia.
Leag Laurentiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, béim ar an tábhacht atá na cruinnithe sin ós rud é go ráthaíonn siad go mbeidh ionadaithe ón tsochaí shibhialta i láthair, d’fhonn cur le hinsint an aontachais Eorpaigh sa tSeirbia.
Glacadh dearbhú comhpháirteach ag deireadh an chruinnithe, agus cuirfear é sin ar aghaidh chuig institiúidí an Aontais agus chuig na húdaráis áitiúla agus chuig an rialtas sa tSeirbia.
Is féidir leat féachaint ar fhís-tuarascáil ar an gcruinniú anseo.
An 13 Bealtaine, toghadh comhalta de Chomhchoiste Comhairliúcháin AE-na Seirbia Nataša Vučković ina huachtarán nua ar an gComhlachas Eorpach um Dhaonlathas Áitiúil (ALDA). Rinne Laurentiu Plosceanu ionadaíocht thar ceann CESE ag Comhthionól Ginearálta ALDA in Barcelona, agus thréaslaigh sé le Nataša Vučković as an gceapachán.
******
Tionóladh an 18ú cruinniú de Chomhchoiste Comhairliúcháin AE-Mhontainéagró i bPodgairítse an 16 Aibreán agus cuireadh in iúl go soiléir d’institiúidí an Aontais go bhfuil Montainéagró tiomanta go daingean do bheith ar an 28úBallstát faoi 2028.
Mhol comhaltaí an Chomhchoiste Comhairliúcháin dá n-eagraíochtaí, do na húdaráis náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais a seacht ndícheall a dhéanamh chun na tagarmharcanna eatramhacha maidir leis an smacht reachta a bhaint amach. Bainfidh an-tábhacht, i gcomhthéacs phróiseas aontachais an Aontais, leis an Tuarascáil Eatramhach maidir le Measúnú Tagarmhairc (IBAR) a fháil don smacht reachta faoi mhí an Mheithimh, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann rudaí eile a chur i gcrích go sealadach.
Dúirt Decebal-Ștefăniță Padure, comhchathaoirleach agus comhalta CESE, gur cheart d’údaráis Mhontainéagró a spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, agus gur cheart go mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe rannpháirteach i ngach céim den chaibidlíocht aontachais. D’iarr an comhchathaoirleach ó thaobh Mhontainéagró, Gordana Đurović, ar na geallsealbhóirí uile tacú leis na hiarrachtaí chun tuarascáil dhearfach a fháil ón gCoimisiún faoi mhí an Mheithimh.
Dhírigh an príomh-idirbheartaí, an Dr Predrag Zenović, aird ar an ról tábhachtach agus ar an chabhair nithiúil a thugann an tsochaí shibhialta sa phróiseas caibidlíochta, agus ar an bhfíoras go dtacaíonn 80 % de mhuintir Mhontainéagró le ballraíocht na tíre san Aontas Eorpach.
Thug Ambasadóir Mhontainéagró an Aontais Oana Cristina Popa faoi deara go ndealraíonn sé mar go bhfuil an chobhsaíocht riachtanach bainte amach ag Montainéagró faoi dheireadh chun díriú ar aontachas san Aontas mar phríomhthosaíocht straitéiseach agus dúirt sí go ndéanfaidh siad gach iarracht chun a chinntiú nach gcaillfí an deis seo.
Glacadh dearbhú comhpháirteach ag deireadh an chruinnithe, déanfar an dearbhú sin a chur i láthair don Choiste Cobhsaíochta agus Comhlachais, don Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, don Choimisiún Eorpach agus do Rialtas Mhontainéagró. (at)
Plean nua fáis i gcomhair chríocha na mBalcáin Thiar