Is léir gur uirlis éifeachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun rannpháirtíocht na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a mhéadú. Ach ní mór é a threisiú chun dul i ngleic leis an mbaol go mbainfí institiúidí an Aontais de ghnáth-Eorpaigh.

Is léir gur uirlis éifeachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun rannpháirtíocht na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a mhéadú. Ach ní mór é a threisiú chun dul i ngleic leis an mbaol go mbainfí institiúidí an Aontais de ghnáth-Eorpaigh.

Is sásra rannpháirtíochta de chuid an Aontais é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) a ceapadh chun an daonlathas díreach a neartú trí chead a thabhairt do mhilliún saoránach den Aontas ar a laghad (le líon íosta sonraithe náisiúnach ó sheacht mBallstát ar a laghad) a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gníomh a mholadh i réimse inar aistrigh na Ballstáit cumhachtaí chuig leibhéal an Aontais.

Ó 2012 i leith, nuair a seoladh Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, tá 119 dtionscnamh cláraithe ag an gCoimisiún Eorpach, agus tá thart ar 20 milliún síniú bailithe ag lucht a n-eagraithe. Go dtí seo, bailíochtaíodh an rath ar 11 thionscnamh agus fuair 10 gcinn acu freagra ón gCoimisiún.

Is fóram agus ardán tábhachtach é Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, rud a reáchtálann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gach bliain, fóram agus ardán inar féidir leis na heagraithe agus páirtithe leasmhara na dTionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh atá cláraithe agus a bheidh ann arís faisnéis agus taithí a mhalartú agus a dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus a ngníomhaíochtaí a chur i láthair an phobail.

I mbliana, reáchtáladh Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh mar chuid de Sheachtain na Sochaí Sibhialta an 18 Márta.

‘Ba cheart don Aontas céimeanna breise a ghlacadh i dtreo an daonlathais rannpháirtíochta chun foirm na hionadaíochta a chomhlánú. Is é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) an chéad uirlis daonlathais rannpháirtíochta ar an leibhéal trasnáisiúnta,’ arsa Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE.

Dar leis an Ombudsman Eorpach, Teresa Anjinho, is uirlis chumhachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ach níor éirigh leis lán a chumais a bhaint amach fós. ‘Ní mór dúinn feabhas a chur ar an gcumarsáid faoi gach is cuspóir agus is feidhm leis. Caithfear dlús a chur le feachtais múscailte feasachta ionas go mbeidh daoine go hiomlán ar an eolas faoin méid is féidir agus nach féidir le TES a dhéanamh, agus beart a dhéanamh. Chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chaomhnú mar uirlis fhiúntach, tá gá le trédhearcacht, macántacht agus cumarsáid. Má theipeann orainn, ní bheidh muinín againn as an uirlis sin ná as todhchaí an Aontais ach an oiread,’ a dúirt Anjinho.

Le linn imeacht Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, cuireadh naoi dtionscnamh TES i láthair, rud lena n-áirítear tionscnaimh a bhaineann le rochtain ar uisce, an tslándáil bia, an ginmhilleadh, cearta LGBTQ+, foirgnimh atá ann cheana a chosaint ar scartáil, cosaint oidhreachta físchluichí, samhail nua chun astaíochtaí a laghdú trí Air-Quotas, agus caighdeáin nua sláinte maidir le húsáid leighis na sícideileach.

Mar fhreagra ar ghlaonna chun maoiniú a fháil do thionscnaimh TES, d’áitigh Adriana Mungiu, ceannaire fhoireann an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ag Ardrúnaíocht an Choimisiúin, ar ghníomhaithe gan fanacht ar réitigh bhuiséadacha nua atá sách i bhfad i gcéin atá tiomnaithe do TESanna amháin. Ina leaba sin, ba cheart dóibh níos mó úsáide a bhaint as na cistí atá ar fáil i mbuiséad reatha an Aontais, lena n-áirítear sna caibidlí maidir le ‘Rannpháirtíocht na Saoránach’. (at)

Athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe (2025)

Document Type
PAC

D’fhormhuinigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin, ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh sé ina chreat láidir gníomhaíochta chomh maith le bheith ina ráiteas intinne. 

D’fhormhuinigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin, ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh sé ina chreat láidir gníomhaíochta chomh maith le bheith ina ráiteas intinne.

Ní mór an comhshocrú a ailíniú le beartais an Aontais, an Comhaontú Glas, cuir i gcás, an straitéis maidir leis an ngeilleagar gorm agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus cothromaíocht á coinneáil idir an fás eacnamaíoch, cosaint an chomhshaoil agus an ceartas sóisialta.

Cuireann an t-athrú san aeráid, an truailliú agus an ró-iascaireacht na haigéin agus pobail cois cósta i mbaol. Is éard is aidhm don chomhshocrú feabhas a chur ar rialachas, borradh a chur faoin nuálaíocht, agus geilleagar gorm inbhuanaithe a chur chun cinn. Léiríonn comhairliúchán poiblí a bhí ann le déanaí, chomh maith le hionchur ón tsochaí shibhialta, go bhfuil méadú ar an tacaíocht do bhearta misniúla cuimsitheacha.

Is le béim ar an méid seo a leanas a labhair Javier Garat Pérez, rapóirtéar na tuairime: ‘Is iomaí dúshlán eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil atá le sárú ag pobail chósta san Eoraip, agus ceangal acu ar fad le chéile.’ Más linn na dúshláin sin a shárú, ní mór dúinn geilleagar gorm inbhuanaithe iomaíoch a chur chun cinn (rud lena n-áirítear an t-iascach agus an dobharshaothrú), sin agus aigéan sláintiúil, athléimneach agus táirgiúil a choinneáil ar bun, mar aon le hoibriú ar chlár oibre cuimsitheach maidir le heolas, taighde, nuálaíocht agus infheistíocht mhuirí.’

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí rialachas cuíchóirithe i measc ghníomhaireachtaí an Aontais, agus tá sé ag iarraidh go bhfeabhsófaí an phleanáil mhuirí agus an infheistíocht sa taighde trí chlár Fís Eorpach i measc cláir eile dá leithéid. Molann sé freisin plean gníomhaíochta bia ‘gorm’, tógáil inbhuanaithe na long, agus aistriú cóir le haghaidh oibrithe muirí. Is rud ríthábhachtach an tacaíocht d’oidhreacht an chósta agus do rannpháirtíocht na hóige.

Ionas go n-éireoidh leis an gcomhshocrú, teastaíonn toil láidir pholaitiúil, mar aon le cistiú agus cuntasacht. Ach sin a dhéanamh i gceart, d’fhéadfaí an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain in inbhuanaitheacht na n-aigéan, rud a chuirfeadh idir athléimneacht éiceolaíoch agus deiseanna eacnamaíocha ar fáil. (ks) 

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

‘Ní féidir le duine bréag a insint gan fios na fírinne a bheith aige. Ach is beag fios a theastaíonn le ráiméis a chumadh.’ Saothar de chuid an fhealsaimh Harry G. Frankfurt is ea On Bullshit: ó bhí ‘Lá na Saoirse’ ann inné in Washington, níor mhiste an saothar sin a léamh arís. 

Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh

‘Ní féidir le duine bréag a insint mura bhfuil fios na fírinne aige. Ach is beag fios a theastaíonn le ráiméis a chumadh.’ Saothar de chuid an fhealsaimh Harry G. Frankfurt is ea On Bullshit: ó bhí ‘Lá na Saoirse’ ann inné in Washington, níor mhiste an saothar sin a thabhairt i gceist arís.

An 2 Aibreán, d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe taraif allmhairiúcháin bunúsach 10 % do chách, chomh maith le taraif allmhairiúcháin ar leith do na ‘ciontóirí is measa’. Cuireadh liosta de na ciontóirí sin os ár gcomhair. Bhí figiúirí ann freisin le haghaidh ‘taraifí cómhalartacha’ ar thíortha eile, ina measc sin taraif 20 % ar an Aontas. Ba róchuma leis an uachtarán na huimhreacha sin a bheith ar easpa céille den chuid is mó agus ba róchuma leis dá réir gur cinnte nach bhfuil siad ag teacht le haon sainmhíniú cuí ar tharaifí cómhalartacha. Rud eile ba róchuma leis gur rud é easnamh na trádála i réimse na seirbhísí atá ag an Aontas a fhágann go bhfuil an trádáil fhoriomlán idir an dá bhloc cothrom a bheag nó a mhór. Dar ndóigh, is beag meas thall ar an gcruinneas.

Nuair atá cogadh trádála nua ann atá bunaithe ar amaidí, céard go díreach atá i ndán? Ardú ar an mboilsciú níos airde, éiginnteacht sa mhargadh agus drochthionchar ar thionscail na hEorpa. Beidh le feiceáil an rachaidh sé sin chun tairbhe d’oibrithe na Stát Aontaithe nó nach rachaidh.

Anuas ar na taraifí, ní mór don Aontas oibrithe agus poist sa bhaile a chosaint, rud a mhaolóidh na chéad tionchair, ní hamháin mar gheall ar na taraifí, ach freisin mar gheall ar an éiginnteacht a eascraíonn as a treallachas na dtaraifí sin. Is éard atá i gceist leis sin ár n-éileamh inmheánach a athghníomhachtú agus a chinntiú go n-athdháilfear agus go n-úsáidfear an rachmas go héifeachtach.

Rud eile atá le rá ár bpríomhthionscail agus ár bpríomhearnálacha a chosaint agus infheistíocht a dhéanamh iontu, na foinsí fuinnimh a éagsúlú, dul i ngleic leis an ngéarchéim sa chostas maireachtála agus an tAontas a athchóiriú ionas gur éifeachtach dá chuid chinnteoireachta. Sochaí atá láidir athléimneach – sin é an t-aon rud a chinnteoidh nach baol go dtiocfaidh leithéidí Trump i réim ar fud na mór-roinne seo. Is cuid lárnach de shochaí den sórt sin na comhpháirtithe sóisialta. Naimhde le Musk-Trump atá sna ceardchumainn agus tá a ndóthain údair acu.

An 10 Bealtaine, gabh thar an tairseach chugainn i bhfoirgneamh Jacques Delors, Rue Belliard 99, 1040, an Bhruiséil, mar a bhfuil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa lonnaithe, ós é áras agus croílár shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa é.

An 10 Bealtaine, gabh thar an tairseach chugainn i bhfoirgneamh Jacques Delors, Rue Belliard 99, 1040, an Bhruiséil, mar a bhfuil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa lonnaithe, ós é áras agus croílár shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa é.

Beidh ceiliúradh faoi leith ar siúl ar Lá na hEorpa i mbliana agus sinn ag comóradh 75 bliana ó fógraíodh Dearbhú Schuman – an doiciméad is bunchloch stairiúil don aontacht agus don chomhar ar mhór-roinn na hEorpa. Le linn na mórócáide seo, beidh a dhoirse á n-oscailt ag CESE ar feadh lá iomlán agus beidh gníomhaíochtaí tarraingteacha, faisnéiseacha agus siamsúla ar siúl mar aon le turas fionnachtana.
Más díograiseoir beartais thú nó duine óg fiosrach go fiú, cuirfidh an lá do sheacht sáith iontais ort!

Beidh deis agat stampaí a bhailiú faoi shlí is tú ag gabháil trí fhoirgneamh CESE ar ár dTuras Fionnachtana mar leanas:

  • Sáraigh na dúshláin spraíúla a gheobhaidh tú romhat ag gach seastán téamach.
  • Bailigh stampa ag gach ceann díobh agus cuir sa phas tiomnaithe iad.
  • Tabhair an pas comhlánaithe ar ais agus tabharfar do luach saothair speisialta duit!

Ná lig tharat an deis chun bualadh le hUachtarán CESE, Oliver Röpke, agus comhrá a dhéanamh leis ag seastán tiomnaithe! 
Beidh sé ann chun fáilte mhór a chur roimh chuairteoirí, chun ceisteanna a fhreagairt agus chun an fhís atá aige do shochaí shibhialta na hEorpa a roinnt leo. Is deis gan diongbháil é seo chun teagmháil dhíreach a dhéanamh le ceannaireacht CESE.

Beidh seans agat sult a bhaint as na nithe seo a leanas freisin:

  • scigealaíontóir a tharraingeoidh portráid díot;
  • cúinne leanaí spraíúil;
  • both grianghraf taitneamhach;
  • Roth na Cinniúna go n-iontais
  • agus ionsamhlú vótála fíor-aimseartha lena bhféadfaidh tú do vóta a chaitheamh faoi mar a dhéanfadh comhalta den Choiste!

Ina theannta sin, beidh deis agat eolas a chur ar an gcaoi a gcuidíonn na rannóga agus na grúpaí seo againne le beartais agus luachanna an Aontais a mhúnlú.

Ceiliúraimis i dteannta a chéile na smaointe a aontaíonn saoránaigh na hEorpa. Tar chugainn in éineacht le cairde nó daoine muinteartha de do chuid nó tar leat féin go deimhin ach pé scéal é NÁ FAILLIGH DO DHEIS!

Is mó ná cuairt é – beidh fiosracht ort ar theacht ann duit ach beidh spreagadh faighte agat faoi dheireadh!

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi raon iomlán na ngníomhaíochtaí in CESE ar Lá na hEorpa ag an nasc seo: Bí linn do Lá na hEorpa, an 10 Bealtaine! | CESE.

#EuropeDay (kk)

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

An 8 Aibreán, sheol an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht (EAPN) an tuarascáil is déanaí dá chuid sa tsraith Faire na Bochtaineachta dar teideal Towards a systemic approach to social protection (I dtreo cur chuige sistéamach i leith na cosanta sóisialta).

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

An 8 Aibreán, sheol an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht (EAPN) an tuarascáil is déanaí dá chuid sa tsraith Faire na Bochtaineachta dar teideal Towards a systemic approach to social protection (I dtreo cur chuige sistéamach i leith na cosanta sóisialta).

Cuireadh an tuarascáil i láthair den chéad uair le linn imeacht sa Bhruiséil a eagraíodh i gcomhar le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE agus dírítear inti ar na dúshláin is gá a shárú d’fhonn córais láidre athléimneacha cosanta sóisialta a áirithiú. Baineann an téarma sin le hábhar go mór sa chomhthéacs reatha, tráth atá stáit leasa an Aontais ar a dteanndícheall ag iarraidh dul i ngleic le srianta airgeadais, srianta a bhfuil méadú orthu de dheasca teorainneacha caiteachais náisiúnta, sin agus de dheasca caiteachas cosanta agus slándála a bheith ag dul i méid.

Ag tarraingt do EAPN ar thorthaí ó 19 n-eagraíocht náisiúnta is comhaltaí dá chuid, is follas ón tuarascáil a réitigh sé go bhfuil gá le beartais atá fite fuaite i straitéisí comhtháite fadtéarmacha lena gcuirtear na diminsin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ar aon líne, más áil leis an Aontas cur chuige córasach maidir le cosaint shóisialta chuimsitheach agus éifeachtach a chur i bhfeidhm. Caithfidh na beartais sin a bheith bunaithe ar fhianaise láidir, ar shonraí agus ar rannpháirtíocht fhóinteach na ndaoine atá faoi bhráca na bochtaineachta.

Tá líonraí náisiúnta EAPN ag iarraidh an imní atá orthu faoi chiorruithe ar chaiteachas sóisialta a chur in iúl. Fairis sin, is ábhar imní inniu, faoi mar ba ea roimhe seo, táscairí áirithe ar nós ardleibhéil neamhghlactha na sochar sóisialta, ós léiriú iad ar easpa éifeachtúlacht na mbeartas i leith na bochtaineachta ar an ábhar nach sroicheann na sochair sin na daoine atá ina ngátar in ainneoin iad a bheith incháilithe ar shochair shóisialta a fháil.

Ní leor an chaoi a ndearnadh dúshláin an lae inniu (an domhan a bheith ag athrú go tapa, an digitiú, an cogadh, an daonra a bheith ag dul i gcríonnacht agus an t-athrú aeráide) a fhreagairt go dtí seo, rud a léiríonn a mhéid is gá cur chuige córasach a chur i bhfeidhm feasta i leith beartais shóisialta.

Sa ráiteas seo a leanas, leag Juliana Wahlgren, Stiúrthóir EAPN, béim ar a phráinní atá an tsaincheist seo: ‘Ní foláir don Aontas Eorpach an stát leasa a chosaint agus tús áite a thabhairt don chaiteachas sóisialta. Chuige sin, cuirtear moltaí ar fáil sa Tuarascáil ‘Faire na Bochtaineachta’ maidir leis an ioncam íosta, géarchéim na tithíochta agus an t-aistriú fuinnimh, i measc nithe eile. Tá riachtanas nach beag leis an éifeachtúlacht agus an leordhóthanacht. An bhliain seo chugainn, seolfaidh an Coimisiún Eorpach Straitéis Frithbhochtaineachta an Aontais, ach ní bheidh rath uirthi mura nglaca na Ballstáit cur chuige fíorshistéamach i leith na cosanta sóisialta chucu féin. Ós rud é go bhfuil corradh le 20 % de dhaonra an Aontais i mbaol na bochtaineachta, ní hacmhainn dúinn leanúint orainn mar atá agus sinn i dtaobh le beartais ilroinnte. Caithfidh an chosaint shóisialta a bheith láidir, comhordaithe agus éifeachtach.’

Seo mar a labhair Séamus Boland, Cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta: ‘Má theastaíonn uainn deireadh a chur leis an mbochtaineacht, ní mór do na Ballstáit uile saothrú gan staonadh sa treo sin. Cuid mhaith de bhoicht an Aontais, is as an mbochtaineacht a fáisceadh iad, agus na glúnta rompu, agus, rud eile, is minic leanaí agus daoine scothaosta go háirithe i lúb an angair sin. I réimsí an oideachais, na tithíochta agus an fhuinnimh ardchostais, is gá sainbhearta a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar laigí an chórais. Mura ndéanfar amhlaidh, rachaidh sé dian ar an Aontas, mar eintiteas polaitiúil, muinín a chuid saoránach a choinneáil.’

Seo mar a labhair Krzysztof Balon, Leaschathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an gcéad Straitéis Frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais, straitéis a fógraíodh sna Treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2024-2029: ‘Beidh éifeacht le Straitéis Frithbhochtaineachta an Aontais má tharraingíonn sí ar thaithí na ndaoine a bhfuil an bhochtaineacht ag fáscadh orthu agus má thugann sí aghaidh ar a gcuid riachtanas siúd. Ba cheart di tacú freisin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirt a thabhairt dóibh i ndearadh agus i gcur chun feidhme na dtionscadal agus na mbeart iomchuí chun an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.’

Cuirfear an tuairim seo ó CESE i láthair ag seisiún iomlánach CESE an 16-17 Iúil.

Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta

Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus ar na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.

Deighilt na sochaí (an polarú) ina dúshlán don tsochaí shibhialta

Tá mí Aibreáin linn agus táimid fós ag machnamh ar an bhfuinneamh agus na tuiscintí a d’éirigh as ár n-imeachtaí suaitheanta i mí an Mhárta, tráth a léiríodh uair amháin eile an chumhacht atá sa tsochaí shibhialta agus a dhiongbháilte atá sí.

Is cinnte gur mí dhian spreagúil a bhí i mí an Mhárta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Thionólamar ár n-imeacht bliantúil don óige, Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, agus thugamar an t-ardán uair amháin eile dár dtodhchaí, aos óg na hEorpa, ar dhaltaí meánscoile a lán díobh, as gach cearn den Eoraip, an Ríocht Aontaithe agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach san áireamh.

Lena chois sin, reáchtálamar an dara heagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta inar tugadh le chéile os cionn 800 ionadaí ón tsochaí shibhialta as gach cearn den Eoraip chun páirt a ghlacadh i bplé bríomhar, chun dea-chleachtais a mhalartú agus teacht ar réitigh le chéile atá dírithe ar an rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú. An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti an mana a bhí againn i mbliana.

I ré chorrach na haimsire seo, níl aon easpa saincheisteanna práinneacha ann. Cén fáth díriú ar an bpolarú, mar sin?

Is féidir leis an bpolarú – is é sin dul i ndéine dearcthaí contrártha – a bheith ina ghnáthchuid den dioscúrsa daonlathach, agus é fréamhaithe san idé-eolaíocht go minic. Go deimhin, tá díospóireacht bhríomhar agus cur in iúl tuairimí éagsúla, fiú tuairimí a thagann salach ar a chéile, thar a bheith tábhachtach do gach aon sochaí oscailte iolraíoch ar nós na sochaí seo againne. Is minic a chuir CESE i bhfáth gur díospóireacht oscailte, gan srian de chineál ar bith, an bhunchloch atá le sochaí rannpháirtíoch agus nach féidir le daonlathas feidhmiú mar is ceart dá huireasa.

Mar sin féin, an polarú atá ag teacht chun cinn faoi láthair, is rud éagsúil é ón taithí a bhí againn go dtí seo ar an bpolarú. Tá méadú ag teacht ar an bpolarú diúltach agus ar an bpobalachas, gluaiseachtaí a dhiúltaíonn don idirphlé, a ídíonn an mhuinín agus a bhaineann an bonn de luachanna an daonlathais. Sa pholaitíocht agus sa saol poiblí, tá an spás atá ar fáil don chomhréiteach ag crapadh. Nuair a bhíonn naimhdeas sa pholarú, nuair a chothaíonn sé an fuath nó an t-olc, cuirtear isteach ar an gcomhtháthú sóisialta, méadaítear ar an deighilt agus, sna cásanna is measa, is foréigean an toradh a bhíonn air.

Trí dhíriú go sonrach ar an bpolarú le linn an imeachta atáimid a eagrú, theastaigh uainn aird a tharraingt ar an méadú as cuimse atá tagtha ar na tréithe tocsaineacha atá i gceist leis agus atá ag sleamhnú isteach go mall i ngach uile ghné de shochaithe na hEorpa.

Tá an claonadh imníoch sin ag méadú de bharr bagairtí éagsúla atá ann: tionchar ón gcoigríoch ar phróisis dhaonlathacha, scaipeadh na bréagaisnéise, agus cúbláil na meán sóisialta chun guthanna contrártha a chur ina dtost agus tuairimí míchuibheasacha a bhrú chun cinn. Feicimid freisin go bhfuil an brú ar shaoirse na meán ag méadú – bíodh sin tríd an monaplú, trí chur isteach ón rialtas nó trí ionsaithe ar iriseoirí – tráth atá meáin chumarsáide shaora iolraíocha níos riachtanaí ná riamh.

In CESE, is cúis mhór imní dúinn an méadú atá tagtha ar choireanna fuathbhunaithe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear coireanna atá dírithe ar reiligiún, ar ghnéas agus ar inscne. Baineann an fuath an bonn den daonlathas, lagaíonn sé ár n-institiúidí, agus cothaíonn sé easpa muiníne i measc na saoránach.

Is é sin an áit a bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an tsochaí shibhialta. Tá an dúthracht agus an misneach le sonrú i measc eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun spásanna daonlathacha a chosaint, cearta bunúsacha a chaomhnú, agus creatlach an phobail a neartú. Ar chuid de sin tá an brú atá ar éifeachtaí tocsaineacha an pholaraithe dhiúltaigh cúlú.

Ba í Seachtain na Sochaí Sibhialta an chaoi ina rabhamarna in ann tacú leis an iarracht sin. Cuireadh spás ar fáil le haghaidh idirphlé fóinteach, smaointe úra agus réiteach comhoibríoch fadhbanna arbh é b’aidhm dóibh an rannpháirtíocht agus an comhtháthú sóisialta a chothú. D’eagraíomar painéil den Ghrúpa Idirchaidrimh inar pléadh ábhair éagsúla, mar aon le lá ar leith a tiomnaíodh don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – an uirlis thábhachtach atá ag an Aontas ar mhaithe leis an daonlathas díreach.

Mar chuid den tseachtain, bhronn CESE an 15ú heagrán de Dhuais na Sochaí Sibhialta ar thrí thionscnamh den scoth atá dírithe ar an bpolarú a chomhrac fud fad na hEorpa. Roghnaíodh na tionscadail sin as níos mó ná 50 iontráil ó 15 Bhallstát, agus léiríonn na tionscadail sin scála an dúshláin agus an tiomantas láidir atá ann i measc ghníomhaithe na sochaí sibhialta an dúshlán sin a fhreagairt.

Tá súil agam go spreagfaidh eagrán na bliana seo de Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus buaiteoirí na Duaise dóchas athnuaite as an ról is féidir leis an tsochaí shibhialta a imirt chun luachanna daonlathacha na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn.

Ós rud é go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh againn fós ar na smaointe, na tograí agus an tátal ó imeachtaí mhí an Mhárta, chinneamar cead cainte a thabhairt in eagrán seo mhí Aibreáin do roinnt guthanna ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta agus ó YEYS. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ábhar léitheoireachta.

Laurenţiu Plosceanu

Leas-Uachtarán um an gCumarsáid

Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil faoi ionsaí gan staonadh ó thús an chogaidh.

Rinne Tatiana Povalyaeva ionadaíocht thar ceann na hÚcráine ag Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) i mbliana, áit a raibh sí lena mic léinn. Múinteoir meánscoile in Kharkiv is ea í, agus sheas sí os comhair a ranga don uair dheireanach i mí Feabhra 2022. Is ag múineadh ar líne atá sí ó shin i leith. Déanann sí cur síos ar na dúshláin atá roimpi mar oideoir i mbaile mór díreach 40 ciliméadar ó theorainn na Rúise, áit a bhfuil ionsaí gan staonadh á dhéanamh air ó thús an chogaidh.

Mar oideoir, mar mhúinteoir, cén tionchar a bhí ag an gcogadh ar do chumas múinteoireachta agus ar an gcóras oideachais i gcoitinne san Úcráin?

Sa lá atá inniu ann in Kharkiv, is ar líne a dhéantar an scolaíocht i nach mór chuile scoil toisc nach bhfuil dóthain ionaid dídine againn chun ár ndaltaí a choinneáil slán le linn ranganna ar an láthair. Is amhlaidh atá le trí bliana anois agus an 23 Feabhra 2022 an uair dheireanach a chonaic mé na daltaí os mo chomhair sa seomra ranga.  Is iomaí dalta atá tar éis an tír a fhágáil - ní raibh an dara rogha acu. Tá cónaí orthu anois i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa agus mar mhúinteoir, téann sin go smior ionam. Braithim uaim mo chuid daltaí agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag streachailt le cuid mhaith rudaí. Uaireanta bíonn orthu freastal ar scoileanna Eorpacha agus scoileanna na hÚcráine araon. Is ualach ollmhór é sin orthu. Idir an dá linn, muidne atá san Úcráin go fóill, táimid de shíor i mbaol. Níl sé ceart ná coir do dhuine ar bith.

Seo an chéad uair riamh dúinn ag múineadh daltaí agus ag tacú leo le linn cogaidh. An rud is mó a bhíonn ag dó na geirbe agam is ea go bhfuil roinnt daltaí ann nach bhfuilim in ann cabhrú leo. Uaireanta níl an t-eolas ná an taithí chuí agam chun déileáil lena bhfadhbanna sláinte arb é strus agus éifeachtaí an struis is cúis leo. Tá athruithe ollmhóra tagtha ar phearsantachtaí daltaí áirithe mar gheall ar neamhord struis iarthrámaigh. I gcásanna den sórt sin, is cabhair dochtúra atá de dhíth orthu seachas cabhair an mhúinteora. Goilleann sé ort nuair a thuigeann tú nach féidir leat na daltaí a chosaint ar chruachás an tsaoil seo. Mar sin féin, fanaimid gar dár ndaltaí, réidh chun cabhrú leo agus chun tacú leo agus chun aire a thabhairt dóibh.

Deacracht eile is ea leanúint de bheith athléimneach mé féin chun gur féidir le mo dhaltaí brath orm, ní hamháin i dtaca le saol na scoile ach i ngnéithe eile den saol freisin. Is fearr is féidir le múinteoir láidir athléimneach tacú leis na daltaí ach conas is féidir linn an neart sin a choinneáil; sin í an cheist. Tá an oiread tacaíochta de dhíth ar mhúinteoirí atá ag maireachtáil agus ag obair le linn cogaidh agus a theastaíonn ó aon duine eile toisc go bhfuilimid ag tacú leis na leanaí arb iad ár dtodhchaí iad. Dá dhearfaí an múinteoir, is ea is mó tacaíocht agus cúram a fhaigheann an dalta.

Cén fáth a gceapann tú go bhfuil sé tábhachtach na dhaltaí a spreagadh chun spéis a bheith acu sa saol polaitiúil nó sa saol sibhialta nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta cosúil leis an gceann seo?

Ar cheann de thascanna bunriachtanacha na múinteoirí is ea ár ndaltaí a spreagadh le bheith gníomhach. Tá sé níos tábhachtaí fós iad a spreagadh le bheith rannpháirteach sa saol polaitiúil, ós rud é go bhfuil tionchar suntasach ag an bpolaitíocht ar shaol na ndaoine. Tugann sé deis luachmhar teacht ar smaointe agus réitigh ar chuid mhaith de na fadhbanna atá os ár gcomhair sa lá atá inniu ann.

Trí fhreastal ar imeachtaí idirnáisiúnta ar nós Leatsa an Eoraip, Abair Leat!, is féidir le mic léinn compánaigh agus lucht tacaíochta a aimsiú chun a gcuid smaointe a roinnt, oibriú le chéile chun na réitigh is fearr a bhaint amach, agus taithí luachmhar a mhalartú. Gan amhras, nuair a bhuaileann daltaí lena bpiaraí, tugtar deis dóibh machnamh a dhéanamh ar a fhorásaí atá siad, ar na pleananna, na spriocanna agus na dearcthaí atá acu, agus ar an gcineál fáis phearsanta a d’fhéadfadh maitheas a dhéanamh dóibh go fóill.

Dá bhféadfá rud ar bith a rá le múinteoirí eile nó le scoileanna eile, cad ba mhaith leat a rá mar mhúinteoir san Úcráin faoi láthair?

Níl ach trí phointe agam ar mhaith liom a roinnt le mo chomhghleacaithe agus lena ndaltaí. Ar an gcéad dul síos, más mian leat eolas ceart a bheith agat faoin gcogadh, fiafraigh de na daoine sin a bhfuil cónaí orthu san áit a bhfuil an cogadh ar siúl.

Ar an dara dul síos, bíodh tuiscint agaibh ar a thábhachtaí atá sé a bheith aontaithe chun cabhrú le daoine eile agus a bheith réidh chun teagmhais thurraingeacha a chosc. Bíodh tuiscint agaibh freisin ar a thábhachtaí atá sé a bheith mar chuid de phobal láidir a bhfuil luachanna, leasanna agus ionchais mhorálta chomhroinnte aige don todhchaí.

Ar an tríú dul síos, an rud is dearfaí ná go bhfuilimid beo. Mairimid, bímid ag streachailt agus bainimid torthaí amach. Cuirimid feabhas orainn féin; tá súil againn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus déanaimid cuid mhaith chun a chruthú go bhfuil dóchas agus tart ann don saol, fiú i gcaitheamh na dtréimhsí is deacra. Tá meas againn orthu siúd a dhéanann a saol a íobairt dár dtodhchaí neamhspleách, agus cabhraímid leo a mhéid is féidir. Táimid buíoch as gach uile duine a chuidíonn linn.

Glacann daltaí na hÚcráine páirt i roinnt mhaith imeachtaí intíre agus idirnáisiúnta, comórtais agus sna Cluichí Oilimpeacha, áit a mbaineann siad torthaí iontacha amach agus ina dtuilleann siad aitheantas ar fud an domhain. Ag an am céanna, táimid ag foghlaim conas maireachtáil go fisiciúil, go hintleachtúil agus go mothúchánach sna dálaí maireachtála is deacra dá bhfuil ann, a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar ár saol i gcroílár na hEorpa.

Tá Tatiana Povalyaeva ag múineadh Béarla ag Kharkiv Lyceum 99 san Úcráin le beagnach 26 bliana anuas. Ghlac sí páirt i mbliana i Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) áit a raibh sí lena mic léinn. 

Tá ilroinnt an mhargaidh aonair ag cur isteach go díreach ar an gcostas maireachtála san Aontas, rud a fhágann go bhfuil cuid nach beag de mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta. D’iarramar ar Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ar an ábhar seo, a mhíniú dúinn cad iad na moltaí atá déanta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chruthú. 

Tá ilroinnt an mhargaidh aonair ag cur isteach go díreach ar an gcostas maireachtála san Aontas, rud a fhágann go bhfuil cuid nach beag de mhuintir na hEorpa i mbaol na bochtaineachta. D’iarramar ar Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ar an ábhar seo, a mhíniú dúinn cad iad na moltaí atá déanta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chruthú. 

Le Emilie Prouzet

Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.

Le Emilie Prouzet

Tá tionchar díreach ag mífheidhmiú an mhargaidh aonair ar an gcostas maireachtála agus is oth le CESE go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas. Níos mó ná riamh, is é an costas maireachtála príomhábhar imní ár gcomhshaoránach, go háirithe do dhaoine óga. Is iad na 94.6 milliún Eorpach atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta na daoine is mó atá thíos leis.

Measann CAI go bhfuil bacainní neamhtharaife laistigh den Aontas coibhéiseach le dleachtanna custaim thart ar 44 % ar earraí, rud atá trí oiread níos mó ná na bacainní idir stáit na Stát Aontaithe, ós rud é gur gnáth an rud é anois an comparáid sin a dhéanamh. I margadh na seirbhísí, ardaíonn an figiúr sin go 110 %!

Bia, tithíocht, fuinneamh, cúram sláinte, oideachas: is iomaí réimse a ndéantar difear dóibh, agus tá tionscnaimh Eorpacha ann ina leith. Ní mór dúinn uile dul sa bhearna bhaoil: na Ballstáit, oibreoirí príobháideacha agus an Coimisiún Eorpach sa ról atá aige mar Chaomhnóir na gConarthaí. Déanfaidh mé trí cinn de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil a lua.

I dtús báire, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt go práinneach ar shrianta soláthair críochacha agus ar dheighilt náisiúnta ag oibreoirí príobháideacha, rud a chuireann srian ar an iomaíocht agus a mbíonn praghsanna níos airde do thomhaltóirí dá bharr. Ceithre bhilliún dollar déag: is é sin an costas breise ar thomhaltóirí gach bliain, de réir staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde in 2020. Agus an boilsciú á chur san áireamh, luíonn sé le ciall gurb é an phríomhsprioc atá acu anois feabhas a chur ar an margadh aonair. Tá an Coimisiún ag obair leis, trí bhíthin an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) go príomha, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Cé go bhfuil an fhadhb casta, cuireadh tograí chun cinn. Déanaimis measúnú ar an tionchar a bheidh acu agus déanaimis dul chun cinn tapa i ndáil leis an tsaincheist.

Molaimid freisin dlús a chur le himeachtaí in aghaidh rialacha náisiúnta a sháraíonn dlí an Aontais. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh urghairí eatramhacha ann i gcoinne sáruithe soiléire ar rialacha an Aontais. Níor cheart dúinn cead a thabhairt bacainní a chur i bhfeidhm. Bíonn iarmhairtí díreacha de dheasca gníomhaíochtaí caomhnaitheacha Ballstát áirithe. Cén tuairim atá againn faoi chógais a d’fhéadfadh dul in éag sula ndéantar iad a atreorú chuig a gceann scríbe?

Ar deireadh, tá sé de dhualgas orainn teacht ar chur chuige cothrom idir ardchaighdeáin a chaomhnú maidir le hinbhuanaitheacht, dea-bhail agus cosaint an lucht saothair ar an taobh amháin agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú agus trádáil trasteorann a éascú chun margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chothú ar an taobh eile.