Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí na Bealtaine, pléadh an méid a foghlaimíodh ó mhéadú an Aontais in 2004. I bhfianaise na gcúinsí reatha geopholaitiúla agus slándála atá ann, is práinní fós don Eoraip méadú eile a dhéanamh.

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí na Bealtaine, pléadh an méid a foghlaimíodh ó mhéadú an Aontais in 2004. I bhfianaise na gcúinsí reatha geopholaitiúla agus slándála atá ann, is práinní fós don Eoraip méadú eile a dhéanamh. 

Ag an díospóireacht iomlánach a bhí ag CESE faoin méadú mór a bhí ann in 2004, bhí áthas ar CESE cloisteáil ó roinnt daoine a raibh ról suntasach acu sa phróiseas caibidlíochta. Ina measc sin, bhí Jarosław Pietras, iar-Státrúnaí de chuid na Polainne a raibh Aontachas leis an Aontas Eorpach de chúram air, László Andor ón Ungáir, arb é is Ardrúnaí na Fondúireachta um an Staidéar Forásach Eorpach, agus Štefan Füle ón tSeicia, arb é is iarChoimisinéir um Méadú agus Cathaoirleach an Tascfhórsa um Méadú an Aontais. 

Le linn an phlé, chuir na rannpháirtithe i bhfios go láidir gur gá don Aontas – nach le fada a bhfuil méadú curtha ar ais ar an gclár oibre aige – treochlár soiléir i dtreo aontachais a leagan síos do na tíortha is iarrthóirí. Tá an baol ann, má fhágtar ar leac an dorais ar feadh i bhfad eile iad, nach mbeidh an próiseas um méadú creidiúnach a thuilleadh. 

Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Ní hamháin gur cloch mhíle shuntasach an ceiliúradh seo 20 bliain, ach léiríonn sé freisin go mbíonn toradh fós ar phróiseas méadaithe an Aontais, agus níos mó tíortha ann ag iarraidh teacht isteach’. 

Seo a bhí le rá ag an Uasal Pietras: ‘Is próiseas claochlaithe dhá threo é an méadú, próiseas a ngabhann buntáistí leis ní hamháin do na tíortha is iarrthóirí, ach do Bhallstáit an Aontais chomh maith’. 

Chuir an tUasal Füle i bhfáth, ar cathaoirleach anois é ar an Tascfhorsa um Méadú an Aontais in Ionad Beartais na hEorpa, ‘gur gá dúinn na tíortha is iarrthóirí agus Ballstáit an Aontais araon a ullmhú do rabharta nua méaduithe’. 

Labhair an Dr Tinatin Akhvlediani, comhalta taighde den Aonad um Beartas Eachtrach an Aontais Eorpaigh, an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS), faoi phríomhspreagadh an mhéadaithe in 2004. Leag sé béim go háirithe ar na príomhghnéithe eacnamaíocha a bhaineann le méadú, á chur san áireamh nach raibh cúinsí airgeadais na dtíortha is iarrthóirí ag an am sin thar mholadh beirte. Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, is ar chúiseanna slándála is mó is gá méadú a dhéanamh. 

Dar leis an Uasal Andor, bhí an smacht reachta ar cheann de na laigí is mó a bhain leis an méadú in 2004, toisc nár éirigh leis an Aontas na huirlisí cearta a chruthú chun aghaidh a thabhairt air sin. Is mar gheall air sin a rinneadh coinníollacht an smachta reachta a chruthú le deireanas. 

I mí Mheán Fómhair, beidh Seisiún Iomlánach na Sochaí Sibhialta maidir le Méadú ann in CESE. Tá iarrtha ag CESE, den chéad uair riamh, ar gach comhalta as na tíortha is iarrthóirí páirt a ghlacadh sa Seisiún Iomlánach sin.

Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc.

Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc. 

I seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, ghlac CESE tuairim a chuir fáilte roimh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú mar thionscnamh leantach ar Phlean Sáraithe Ailse an Aontais. 

Díríodh sa tuairim ar an vacsaíniú in aghaidh an phapalómaivíris dhaonna (HPV) agus heipitíteas B (HPV), ós rud é go bhféadfadh an vacsaíniú cosc a chur ar chineálacha éagsúla ailse arb iad na víris sin is cúis leo. 

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le faisnéis, oideachas, agus cumarsáid chuí a spreagfadh na spriocghrúpaí chun vacsaínithe. Leagann sé béim freisin ar ról tábhachtach na ndochtúirí ginearálta, na ndochtúirí teaghlaigh, na lianna scoile, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san iarracht seo. 

Bhí an méid a leanas le rá ag Milena Angelova, a bhí ina rapóirtéir don tuairim Ailsí inchoiscthe trí vacsaíniú: ‘Ní mór dúinn cur i gcoinne an stiogma agus na míthuiscintí a bhaineann leis na vacsaíní. Ceann de na míthuiscintí, cuir i gcás, ná gur do na cailíní óga amháin an vacsaíniú. Níl sé sin fíor, áfach. Má táthar chun deireadh a chur leis na víris seo (HPV agus HBV), ní mór dúinn na buachaillí agus na tuismitheoirí a thabhairt linn freisin’. Is gá go mbeadh teacht ag gach duine ar na vacsaíní. 

Tá sé an-tábhachtach ‘dul chun cinn an amhrais a iompú droim ar ais’, arsa an comhrapóirtéir Sára Felszeghi. An mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac, is cuid lárnach é sin de chur chun cinn an vacsínithe i measc na ndaoine. 

Éilíonn CESE cur chuige cuimsitheach d’fhonn an ailse a chloí, maille le córas comhtháite a d’fheidhmeodh gan tuisliú don chosc den uile chineál, lena n-áirítear an cosc príomhúil (an vacsaíniú, nósanna maireachtáila folláine), an cosc tánaisteach (an scagthástáil), agus an cosc treasach (an cúram agus an t-athshlánú). 

Chuir an comhalta Angelova in iúl an athuair gur gá do na Ballstáit a thuilleadh comhordaithe a dhéanamh agus an dea-chleachtas a roinnt chun an comhrac i gcoinne na hailse a dhéanamh níos éifeachtaí agus an vacsaíniú a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá sé thar a bheith tábhachtach cosc na hailse a bheith ina thosaíocht pholaitiúil. (sg)

Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach.

Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach. 

Tá páirt á glacadh ag CESE in iarrachtaí an Aontais chun srian a chur leis an bhfuath san Aontas atá ag ardú go tobann, rud ar cúis mhór imní é. Táthar ag díriú níos mó agus níos mó ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair mar gheall ar a gcreideamh, a mbunadh ciníoch nó eitneach, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh polaitiúil. 

Tá CESE, in éineacht leis na saoránaigh agus leis na hinstitiúidí, tiomanta níos mó a dhéanamh le cur in éadan an fhuatha ar líne agus as líne. Chuir CESE an méid sin in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Bealtaine, inar ghlac sé an tuairim Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, ina gcáintear gach cineál fuatha agus ina moltar an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ábhar céanna. 

‘Tá sé de chúram orainn go léir cur i gcoinne an fhuatha’, a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus tús á chur aige leis an díospóireacht ag seisiún iomlánach CESE. Chun dul i ngleic leis go héifeachtach, ní mór dúinn ar fad oibriú le chéile – na polaiteoirí, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh. Trí ghníomhú le chéile agus trí idirphlé a chothú, agus sin amháin, is féidir linn an lámh in uachtar a fháil agus dul i ngleic leis an naimhdeas atá ag ardú sa tsochaí, ar fíorbhagairt é ar an daonlathas.’

Thug an díospóireacht príomhoifigigh rialtais an Choimisiúin Eorpaigh agus na Beilge, agus ionadaithe na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta le chéile (lena n-áirítear ILGA-Europe agus an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR)), a leag béim ar an méadú ar an bhfuath agus ar an bhforéigean. 

I ngeall ar na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar pholaiteoirí, tugadh chun solais go bhfuil deighiltí doimhne ann laistigh de shochaí na hEorpa. Léirítear sna figiúirí gur tháinig méadú faoi dhó ar theachtaireachtaí ioslamafóibe agus frithsheimíteacha in 2023. Is ar dhaoine LGBTQIA+, ar dhaoine de bhunús na hAfraice agus ar imircigh a dhírítear den chuid is mó. Tá an fuath ban ag tarlú ar ráta ard freisin. Léirítear in anailís a rinneadh le déanaí ar theachtaireachtaí ar líne san Aontas go bhfuil méadú 30 % tagtha ar thocsaineacht an fhuatha ó thús 2023. 

Is glao ar ghníomhaíocht í an Teachtaireacht ón gCoimisiún Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, chun seasamh i gcoinne an fhuatha agus chun labhairt amach ar son na caoinfhulaingthe agus na hurraime. 

‘Is léir go gcuireann na luachanna a leagtar amach i gConradh an Aontais Eorpaigh cosc ar an bhfuathchoireacht agus ar an bhfuathchaint. Ar an drochuair, tá méadú tagtha ar an dá ghné sin le déanaí’, a dúirt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht Dubravka Šuica.

Sa tuairim uaidh, d’iarr CESE ar an Aontas cur chuige cuimsitheach a ghlacadh chun dul i ngleic leis an bhfuath atá bunaithe ar aon saintréithe daonna atá faoi chosaint, agus leas a bhaint as an gcur chuige céanna chun dul i ngleic le ‘gach cineál fuatha’. (ll)

San eagrán seo: 

  • Stop a chur le dúshaothrú na n-oiliúnaithe (le Nicoletta Merlo) 
  • Léargas ar an óige san Aontas Eorpach: tá an tionscnamh ceannródaíoch de chuid CESE, Promhadh na hóige ar bheartais an Aontais, ag dul ó neart go neart 
  • Mar a bhaineann Tionól Náisiúnta na Fraince leas as vótáil na n-óg (le Christophe Préault, Touteleurope.eu)
  • Cén bealach le teagmháil a choinneáil le Glúin ‘TikTok’? (le Rieke Smit, Social News Daily / #UseTheNews) 
     

Sin riachtanas práinneach doshéanta

Document Type
AC

Ailsí inchoiscthe trí vacsaíniú

Document Type
AC

Comhairle Oibreacha Eorpacha

Document Type
AC

Ar an 26 Bealtaine, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt sa 44ú eagrán den rás 20 km sa Bhruiséil inar rith an líon is mó reathaithe dá bhfacthas riamh ag an imeacht agus 45 330 lúthchleasaí ag an líne tosaigh. Bhí CESE mar chuid den Choiste Eagrúcháin Idirinstitiúideach Running for Europe, a rith sa rás chun saoránaigh a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha faoin mana ‘Úsáid do Vóta’. Bhí an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Laurenţiu Plosceanu, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa, ann ag líne tosaigh an ráis. Ba é Alex Kibet ón gCéinia an chéad duine chun an ráschúrsa a chríochnú agus d’éirigh leis an 20 km a rith i 59 nóiméad agus 57 soicind, agus ba í Sophie Hardy, ón mBeilg, an bhean is gasta, agus chríochnaigh sise an rás in 1 uair an chloig 10 nóiméad agus 56 soicind.

Ar an 26 Bealtaine, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt sa 44ú eagrán den rás 20km sa Bhruiséil inar rith an líon is mó reathaithe dá bhfacthas riamh ag an imeacht agus 45 330 lúthchleasaí ag an líne tosaigh. Bhí CESE mar chuid den Choiste Eagrúcháin Idirinstitiúideach Running for Europe, a rith sa rás chun saoránaigh a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha faoin mana ‘Úsáid do Vóta’. Bhí an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Laurenţiu Plosceanu, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa, ann ag líne tosaigh an ráis. Ba é Alex Kibet ón gCéinia an chéad duine chun an ráschúrsa a chríochnú agus d’éirigh leis an 20 km a rith i 59 nóiméad agus 57 soicind, agus ba í Sophie Hardy, ón mBeilg, an bhean is gasta, agus chríochnaigh sise an rás in 1 uair an chloig 10 nóiméad agus 56 soicind.

Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha

Document Type
AS

Comhairle Oibreacha Eorpacha

Document Type
AS