Ar an 26 Bealtaine, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt sa 44ú eagrán den rás 20km sa Bhruiséil inar rith an líon is mó reathaithe dá bhfacthas riamh ag an imeacht agus 45 330 lúthchleasaí ag an líne tosaigh. Bhí CESE mar chuid den Choiste Eagrúcháin Idirinstitiúideach Running for Europe, a rith sa rás chun saoránaigh a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha faoin mana ‘Úsáid do Vóta’. Bhí an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Laurenţiu Plosceanu, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa, ann ag líne tosaigh an ráis. Ba é Alex Kibet ón gCéinia an chéad duine chun an ráschúrsa a chríochnú agus d’éirigh leis an 20 km a rith i 59 nóiméad agus 57 soicind, agus ba í Sophie Hardy, ón mBeilg, an bhean is gasta, agus chríochnaigh sise an rás in 1 uair an chloig 10 nóiméad agus 56 soicind.