le Andrey Gnyot

Is leor do dhuine an ghairm mhícheart a roghnú sa Bhealarúis le go bhféadfaí é a ghabháil. Leis an bhfírinne a dhéanamh, de bharr bhotún marfach den sórt sin is féidir tú a ghabháil fiú i lár na hEorpa, mar shampla sa tSeirbia. Agus tharlódh lámh ag Interpol san obair, eagraíocht idirnáisiúnta mór le rá. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá blas an tsearúis ar mo chuid cainte, ach ní bréag ar bith an méid atá mé a rá. Andrey Gnyot is ainm dom. Is scannánóir, iriseoir agus iarphríosúnach polaitiúil sa Bhealarúis atá ionam. Seo é mo scéal.

le Andrey Gnyot

Is leor do dhuine an ghairm mhícheart a roghnú sa Bhealarúis le go bhféadfaí é a ghabháil agus a choinneáil. Leis an bhfírinne a dhéanamh, de bharr bhotún marfach den sórt sin is féidir tú a ghabháil fiú i lár na hEorpa, mar shampla sa tSeirbia. Agus tharlódh lámh ag Interpol san obair, eagraíocht idirnáisiúnta mór le rá. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá blas an tsearúis ar mo chuid cainte, ach ní bréag ar bith an méid atá mé a rá. Andrey Gnyot is ainm dom. Is scannánóir, iriseoir agus iarphríosúnach polaitiúil sa Bhealarúis atá ionam. Seo é mo scéal.

I 1999, dúirt mé liom féin gur mhaith liom a bheith i m’iriseoir. An teilifís agus an raidió: is iad ba phaisean dom, is iad ba bhrionglóid dom, agus is iad ba chaitheamh aimsire dom. An bhféadfadh duine 17 mbliana d'aois a shamhlú go ndéanfaí an t-antoisceachas a lipéadú ar iriseoireacht neamhspleách ina thír féin agus go gcuirfí srian agus laincis ar na meáin eile ar fad ionas nach mbeadh iontu ach trumpa bolscaireachta? Níl, ní raibh súil ag aon duine againn go dtarlódh sé seo san Eoraip sa 21ú haois. Ach sin mar atá an scéal faoi dheachtóireacht na Bealarúise i láthair na huaire: níl aon eagraíocht neamhspleách sa tír i saol na meán. Is faoi úinéireacht an stáit atá gach struchtúr in earnáil na meán. Tá smacht docht daingean ag an stát ar na polasaithe eagarthóireachta atá á gcleachtadh: moltar cumhacht fhéinfhógartha Lukashenko agus tugtar ‘namhaid na ndaoine’ ar aon duine a bhfuil sé de mhisneach aige é a cháineadh, fiú ar bhealach fónta - lipéad ó thréimhse na gcumannach.

Mar sin, i lár na 2000idí, rinne céimí iriseoireachta óg agus naive iarracht a áit sa ghairm a aimsiú. Le linn dom a bheith ag déanamh léinn, agus go ceann tamaill i ndiaidh an ama sin, fuair mé a lán taithí phraiticiúil ar an teilifís agus ar an raidió, agus bhí a fhios agam go díreach céard ab áil liom a dhéanamh sa saol. Ach bhí i ndán gur ghearr a mhairfeadh an deis: bhí stáisiúin raidió phríobháideacha ag dúnadh síos nó á nglacadh ar láimh ag an stát, agus ní raibh stáisiúin teilifíse neamhspleácha in ann minicíocht craolacháin a dhaingniú fiú. Is beag rogha a bhí ag duine: géilleadh don bholscaireacht, na scéalta conspóide a sheachaint, agus glacadh leis nach mbeadh a mhalairt ann ach siamsaíocht gan téagar. Níor tháinig an iriseoireacht slán sa Bhealarúis ach a bhuíochas le nuachtán nó dhó agus tairseach idirlín neamhspleách. Thug iriseoirí go leor cúl dá ngairm, agus cuireadh go leor acu faoi chois. D’eisigh Aireacht Faisnéise na Bealarúise rabhaidh do na meáin go rialta ach níor leor ach trí rabhadh chun a gceadúnais a chúlghairm. De réir Chomhlachas Iriseoirí na Bealarúise, tháinig laghdú 21 % ar líon na nuachtán in 2020-2024. Níor fágadh ar an margadh ach foilseacháin gan faobhar, rud a léifeadh na daoine cois coille sa dacha, míreanna beaga grinn, crosfhocail agus a leithéid. Dhún na húdaráis gach foilseachán sochpholaitiúil neamhspleách nó roghnaigh siad gan dul i gcló toisc go raibh sé dodhéanta dóibh oibriú.

Bhí an t-ádh liom féin. Fuair mé réiteach ar an bhfadhb nach géilleadh iomlán a bhí ann. Chuaigh mé leis an stiúrthóireacht phoiblí agus leis an obair chruthaitheach, agus is fíor a rá gur rímhaith a d’éirigh sin liom. San am céanna, lean mé ar aghaidh le mo chuid oibre iriseoireachta mar oibrí deonach, gan m’ainm a nochtadh, ionas nach nochtfaí mé. Ba léir gur beart éifeachtach a bhí ann. Trí úsáid a bhaint as mo chuid taithí agus mo chuid teagmhálacha gairmiúla go léir, bhí mé in ann fís-sleachta úra a chur ar fáil do na meáin neamhspleácha ó 2020, agus bhí mé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochas sibhialta agus polaitiúil freisin - bhí mé i mo chomhbhunaitheoir ar an ngluaiseacht shibhialta um chearta an duine darb ainm ‘Free Association of Athletes of Belarus SOS.BY’. Ní dóigh liom gur féidir claontacht agus rannpháirtíocht a chur ina leith, toisc gur roghnaigh mé taobh mhuintir mo thíre – níl aon bhaint ag deachtóireacht leis an oibiachtúlacht, díreach mar nach bhfuil aon bhaint ag bolscaireacht leis an iriseoireacht.

In 2021, bhí an Bhealarúis sa 158ú háit as 180 i rátáil shaoirse an phreasa. I gcomparáid le 2020, thit sé cúig áit. ‘Is í an Bhealarúis an tír is contúirtí san Eoraip d'oibrithe na meán,’ a thugann rabhadh don eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine Tuairisceoirí gan Teorainneacha.

Tabhair faoi deara roghanna na Bealarúise sa bhliain agóide 2020: Ba iad an t-idirlíon agus na meáin shóisialta na príomhfhoinsí nuachta do 60% de na freagróirí. Teilifís - 11% de na freagróirí. Na meáin chlóite - 7%, agus raidió - 5%. Tar éis an méid sin a bhaint amach, thosaigh an réimeas deachtóireachta ag gníomhú go géar agus go neamhghéilliúil. Ba é an príomh-aireagán an troid i gcoinne "antoisceachas" mar bhunús le cinsireacht agus géarleanúint. Cuireann na húdaráis bac ar rochtain ar ábhar na n-eagraíochtaí meán a leanann dá ngníomhaíochtaí ón gcoigríoch, agus meastar gur léiriú ar antoisceachas é aon chomhar leo.

I ndeireadh 2023, bhí 32 iriseoir i bpríosún sa Bhealarúis. In ionaid choinneála, tugadh íde mhídhaonna do na hiriseoirí. De réir gníomhaithe cearta daonna, chuaigh an blagálaí agus an t-iriseoir Igor Losik as ‘Radio Liberty’ ar stailc ocrais ar feadh i bhfad i gcoilíneacht an phríosúin, agus ansin ghearr sé a lámha agus a mhuineál. Gearradh téarma príosúnachta 15 bliana air. Tá dlús curtha le hionchúiseamh coiriúil maidir le haon chineál comhair leis na meáin neamhspleácha ar a dtugtar ‘foirmíochtaí antoisceacha’. Dul nua ar an scéal is ea an ghéarleanúint ní hamháin ar ionadaithe na sochaí sibhialta, ach freisin ar ghnáthshaoránaigh a dhéanann trácht ar aon imeachtaí sóisialta agus polaitiúla d’iriseoirí.

Ar 31 Deireadh Fómhair, 2024, dhearbhaigh réimeas na Bealarúise mo chuntas pearsanta Instagram mar ‘ábhar antoisceach’. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar mé féin, ach mo lucht leanúna uile sa Bhealarúis freisin, a ionchúiseamh as liostáil le mo chuntas. Tá níos mó ná 5000 acmhainn Idirlín sa Bhealarúis dearbhaithe "antoisceach" ag an deachtóireacht. B'fhéidir nach féidir le haon tír Eorpach eile staitisticí breátha den sórt sin a chothú! An dóigh linne, muintir na Bealarúise, go dtugtar dóthain airde ar fhadhb iriseoireacht na Bealarúise? Inseoidh mé duit go macánta - níl, tá easpa aird ar an bhfadhb seo. Ní hamháin go bhfuil institiúid na hiriseoireachta á díchóimeáil sa Bhealarúis, ach tá gairmithe iriseoireachta á scriosadh go fisiciúil freisin.

Déanann an deachtóireacht iarracht freisin géarleanúint a dhéanamh ar iriseoirí agus ar ghníomhaithe lasmuigh den Bhealarúis. Is léiriú maith é mo shampla ar ghéarleanúint den sórt sin. D'fhoghlaim an réimeas institiúidí daonlathacha a úsáid chun a spriocanna uafásacha a bhaint amach. Ionchúisíodh iriseoirí, gníomhaithe, blagálaithe agus saoránaigh atá gníomhach go polaitiúil as coireanna cánach, go príomha as gan cánacha a íoc san am a chuaigh thart. Tá sé cruthaithe gur scáileán deataigh foirfe é seo chun na cúiseanna polaitiúla atá taobh thiar den ghéarleanúint a cheilt. Tá Ales Bialiatski, gníomhaí ar son chearta an duine agus buaiteoir Dhuais Nobel, sa phríosún ar chúiseanna airgeadais. Príomheagarthóir ar an eagraíocht meán neamhspleách ‘TUT.BY’ (a scrios an réimeas in 2020) agus a comhghleacaithe, tá siad taobh thiar de bharraí faoin alt airgeadais céanna. Ghlac Interpol leis an alt coireachta airgeadais céanna le haghaidh mo chuardaigh. Thóg sé beagnach ocht mí ar Interpol imscrúdú inmheánach a dhéanamh agus a fháil amach gur sháraigh an cuardach dom airteagail 2 agus 3 dá mbunreacht. Mar sin féin, gabhadh mé agus cuireadh i bpríosún mé sa Phríosún Lárnach i mBéalgrád ar feadh seacht mí agus sé lá. Chaith mé cúig mhí faoi bhraighdeanas baile agus is dian na srianta a bhí orm. Cinneadh faoi dhó le Cúirt Uachtarach na Seirbia mé a eiseachadadh chuig deachtóireach na Bealarúise. D'éirigh le mo dhlíodóir agus liom féin achomharc a dhéanamh faoi dhó i gcoinne an chinnidh seo. Bliain amháin de mo shaol ina hiomláine, creachadh mo shláinte fhisiciúil agus mheabhrach orm. Sin toisc gur roghnaigh mé an ghairm mhícheart sa tír mhícheart. Toisc go raibh tuairim agam agus chuir mé in iúl é trí shaoránacht ghníomhach.

Ar ámharaí an tsaoil, is liom a bhí an lá i ndeireadh na dála - murach sin ní bheifeá ag léamh na bhfocal seo. A bhuíochas le dlúthpháirtíocht dhochreidte iriseoirí, polaiteoirí, na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí, d’fhág mé an tSeirbia agus bhain mé sábháilteacht amach i mBeirlín. Ach níl deireadh le mo scéal fós. Tá próiseas fada téarnaimh romham fós agus bím ag streachailt leis faraor. Tá a fhios agam féin gur roghnaigh mé mo ghairm go dílis agus go cóir, fiú má tá daoine ann a mheasann gur rud an-antoisceach é. Tá a fhios agam gur cuid lárnach de shochaí dhaonlathach í an iriseoireacht neamhspleách. An cineál sochaí atá muintir na Bealarúise ag iarraidh a thógáil. Agus tá súil againn nach inár n-aonar a bheimid ar an gcosán cinniúnach seo.

Le Peter Schmidt, Diandra Ní Bhuachalla agus Arnaud Schwartz

Agus ionadaíocht á déanamh aige ar shochaí shibhialta an Aontais ag COP29 i bpríomhchathair Baku san Asarbaiseáin, mhol CESE go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach inláimhsithe ar son na haeráide agus go dtabharfaí tús áite don cheartas sóisialta agus comhshaoil sa chaibidlíocht maidir leis an aeráid. 

Le Peter Schmidt, Diandra Ní Bhuachalla agus Arnaud Schwartz

Agus ionadaíocht á déanamh aige ar shochaí shibhialta an Aontais ag COP29 i bpríomhchathair Baku san Asarbaiseáin, mhol CESE go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach inláimhsithe ar son na haeráide agus go dtabharfaí tús áite don cheartas sóisialta agus comhshaoil sa chaibidlíocht maidir leis an aeráid. 

Labhair Peter Schmidt, cathaoirleach an Ghrúpa Ad Hoc um COP, linn faoi phríomhtheachtaireachtaí CESE maidir le príomhthéama COP29 – maoiniú don aeráid.

Peter Schmidt: is meabhrúchán cumhachtach é an borradh atá tagtha ar theagmhais adhaimsire ar fud an domhain chun dlús a chur leis an uaillmhian aeráide. Is cosúil gurb í seo an bhliain ba theo riamh. Is minice feasta a bhíonn tubaistí aeráide ann, agus is chun déine atá siad ag dul. Ina measc na dtubaistí sin, tá tuilte, falscaithe agus triomaigh, rudaí arb é an duine is cúis leo. Cuireann seo leis an neamhionannas sóisialta. Is mó ar fad costas na neamhghníomhaíochta aeráide ná costas na gníomhaíochta.

Is mór atá idir dhá cheann na meá ag COP29. Ba ríthábhachtach teacht ar chomhaontú maidir le réitigh dhomhanda i ndáil le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun go mbeidh tíortha i mbéal forbartha in ann leas a bhaint as na hacmhainní le haghaidh gníomhú domhanda ar son na haeráide. Le rannpháirtíocht CESE ag COP29 in Baku, tugadh moltaí chun cinn bunaithe ar ár dtuairim maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, lena ndíreofar ar athmhúnlú an ollstruchtúir airgeadais idirnáisiúnta chun maoiniú éifeachtach inrochtana don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chur ar fáil agus a éascú.

Leagaimid béim ar an ngá atá leis an Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann a bhunú chun bearnaí sa mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a dhúnadh, ar cheart di maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a dhéanamh níos oiriúnaí don fheidhm, níos neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht, níos láidre ó thaobh tionchair de agus dírithe go cruinn ar na tíortha agus ar na pobail is leochailí. Ba cheart do shreafaí maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide a bheith á dtreorú ag prionsabail an Aistrithe Chóir, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe atá ina gcroílár. Tá gealltanais fhadtéarmacha ó ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon ríthábhachtach, agus beidh ról ríthábhachtach ag an airgeadas poiblí maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a shlógadh agus a laghdú le haghaidh tionscnaimh aeráide.

Cé gur cheart rochtain ar mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chumasú do thionscnaimh áitiúla agus do ghluaiseachtaí pobail, tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann chun deireadh a chur le timthriall an fhéichiúnais agus na tearcinfheistíochta san oiriúnú. Iarraimid go ndéanfaí cistí aeráide a dháileadh go cothrom chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí. Ina theannta sin, tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun cur chuige cuimsitheach daonlathach a chruthú lena n-áiritheofar go mbeidh infheistíochtaí aeráide éifeachtach agus inbhuanaithe.

Ba í Diandra Ní Bhuachalla an toscaire óige a chuir CESE ar COP (2023-2025). Rinne sise cur síos ar an méid a raibh sí ag súil leis ó COP29. Ó thaobh an duine óig de, cad iad na saincheisteanna aeráide is práinní nach mór a réiteach ar dtús?

Diandra Ní Bhuachalla: Ba chúis díomá torthaí COP28, agus d’fhéach mé leis an méid a raibh mé ag súil leis ó COP29 a bhainistiú a mhéid is féidir. Ós fíor go mbeadh torthaí comhdhála bliantúla eile teoranta mar gheall ar rogha na hUachtaránachta – ach stát eile atá ag brath go mór ar bhrabúis ó bhreoslaí iontaise – bhí sé thar a bheith deacair dóchas a choinneáil.

Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle le heagraíochtaí óige éagsúla ar fud na hEorpa trí chruinnithe struchtúrtha an Tascfhórsa Óige mar chuid de chlár COP Thoscaire Óige CESE, chinn mé gurbh fhearr díriú ar Cheartas Aeráide agus ar an Aistriú Cóir, ar Mhaoiniú Aeráide agus ar Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann, agus rannpháirtíocht fhóinteach na hóige i bpróisis chinnteoireachta idirnáisiúnta a mhéadú.

Ós eol dom cé mhéad caibidlíocht nár éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh sa chéad seachtain mar gheall ar easpa iomlán comhaontaithe agus comhair – lena n-áirítear maidir le hinscne, maoiniú don aeráid, agus an t-aistriú cóir – tuigim go raibh m’ionchais ró-ard arís agus go ndearna mé m’iarrachtaí abhcóideachta i bhfo-imeachtaí agus i gcruinnithe déthaobhacha mar thoradh air sin. Is é an dá ní is mó is údar misnigh dom go bhfuil an teanga atá ann cheana, go háirithe maidir le cearta an duine, fós ann, agus go mbainimid dul chun cinn beag amach chun rudaí a ailíniú go foirfe do COP30, arb é an ciseán é ar cosúil go bhfuil gach duine ag cur a n-uibheacha dóchais go léir ann.

Mar gheall ar nádúr trasnach an athraithe aeráide agus a éifeachtaí, ní fhéadfainn iarracht a dhéanamh saincheisteanna a rangú in ord tábhachta nó práinne. Tá imní ar na daoine óga faoina bhfuil i ndán dóibh. Ní léir cén chinnteacht fostaíochta atá ann dóibh agus is ceist dá réir an mbeidh orthu malairt oiliúna a chur orthu féin; Ó thaobh a gduic a tithe de agus a dteaghlach, agus ó thaobh sábháilteachta ó stoirmeacha, ó thuilte agus ó chreimeadh an chósta, ó thaobh na sláinte de agus an cháilíocht saoil a bheidh ag a gclann lá is faide anonn, agus maidir leis an gcaoi a gcuirfear de chúram ar ár nglúin caibidlíocht i bhfad níos deacra a dhéanamh maidir leis an aeráid nuair a bheidh muid inár gcinnteoirí, toisc nach bhfuil dóthain gníomhaíochta á déanamh inniu ós rud é go mbeidh tionchar na caibidlíochta sin le brath ar feadh na mblianta.

Tá ceartas aeráide de dhíth orainn anois. Tá maoiniú réalaíoch don troid i gcoinne an athraithe aeráide de dhíth orainn anois. Teastaíonn aistriú fostaíochta agus fuinnimh atá cothrom, cóir agus cothrom uainn anois. Tá uaillmhian de dhíth orainn anois. Ní mór dúinn é a chur i bhfeidhm anois.

Tá gá againn go léir leat anois.

Cuireadh deireadh le COP16 maidir leis an mbithéagsúlacht, a bhí ar siúl in Cali na Colóime i mí Dheireadh Fómhair, agus ní raibh aon chomhaontú ann maidir le cistiú don dúlra. D’iarramar ar Arnaud Schwartz, ionadaí CESE ag COP16, a bheith dóchasach i gcónaí in ainneoin na gcéimeanna ar gcúl sin. Cad iad na bearta ba cheart a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint?

Arnaud Schwartz: 200 billiún dollar in aghaidh na bliana. De réir na Náisiún Aontaithe, is é sin an méid airgid a bheadh ag teastáil (lena n-áirítear gach cineál cistiúcháin – poiblí, príobháideach, náisiúnta agus idirnáisiúnta) chun ár spriocanna bithéagsúlachta a bhaint amach. Mar sin, cad atá i gceist leis seo? Níl i gceist leis ach deireadh a chur le cliseadh shaol na n-orgánach beo, atá ag imeacht i léig de shíor, agus baineann sé leis an dúlra a athbhunú agus deis a thabhairt dó maireachtáil i ndomhan ‘beo’, seachas ligean dó a bheith scriosta ag saint agus ag amadántacht.

Cad é an todhchaí tar éis teip COP16?

Ba chóir do gach duine againn an cheist seo a chur orainn féin agus í a ardú leo siúd atá thart timpeall orainn, go háirithe ós rud é go bhfuil a fhios againn, sa Fhrainc amháin, gach bliain, go bhfuil níos mó ná an ceathrú cuid den tsuim seo á úsáid chun ullmhú do chogadh nó pá. Go deimhin, ar fud an domhain, ba dheis chaillte é cruinniú Cali, mar gheall ar easpa toil pholaitiúil agus easpa dlúthpháirtíochta eacnamaíche.

Mar sin féin, ní luí gan éirí é.

Tá solas faon ag ceann an tolláin: thug COP seo aitheantas do phobail dhúchasacha agus do phobail áitiúla as a ról mar chaomhnóirí na bithéagsúlachta – tar éis thart ar 30 bliain d’athraitheacht – chomh maith leo siúd de bhunadh na hAfraice, cruthaíodh ciste nua de chuid na Náisiún Aontaithe freisin, ar a dtugtar Ciste Cali. Go fadtéarmach, úsáidfear an ciste seo chun ranníocaíochtaí deonacha a bhailiú ó chuideachtaí príobháideacha, agus rachaidh leath díobh sin chuig na grúpaí daoine thuasluaite. Anois céard a déarfá!

Is éard é féin...

Is mar a chéile sinn. Agus d'fhonn leanúint orainn ar ár gconair choiteann, b'fhéidir go mbeadh sé ciallmhar tosú trínár ngeilleagar a chur ar ais ar an mbóthar ceart chun leasa an leasa choitinn. Mar sin in áit ár n-aimhleas féin a dhéanamh, féachaimis arís na rialacha airgeadais agus trádála idirnáisiúnta.

Peter Schmidt agus Diandra Ní Bhuachalla an bheirt toscairí a chuir CESE go COP29. An aeráid agus cúrsaí airgeadais, sin é an fócas a bhí acu ann thar aon ní eile. Tuairim a d’fhoilsigh CESE ar na mallaibh ba threoir dóibh Maoiniú don aeráid: treochlár nua chun torthaí a sheachadadh maidir le huaillmhiantaí arda i leith na haeráide agus na SDGanna. Ar cheann de na príomhimeachtaí faoi stiúir CESE in Baku bhí ‘Peirspictíocht dhomhanda i dtreo aistriú cóir a chothú san earnáil agraibhia’ an 18 Samhain. Rinneadh iniúchadh ag an imeacht ar chórais bhia inbhuanaithe ísealcharbóin a thógáil atá cothrom d’fheirmeoirí, d’oibrithe sa bhiashlabhra agus do na glúine atá le teacht. Ba é an aidhm a bhí leis feabhas a chur ar an gcomhar idir lucht ceaptha beartas agus an tsochaí shibhialta, guthanna ón deisceart domhanda a mhéadú agus réitigh chuimsitheacha aeráide a chur chun cinn do chách.

Ina chomhalta de thoscaireacht an Aontais dó, ghlac Arnaud Schwartz páirt i gcruinnithe inar iarradh go mbeadh sineirgí níos fearr ann idir próisis na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) agus an tAthrú Aeráide (UNFCCC), deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol mar bhealach chun níos mó acmhainní airgeadais a shaoradh, agus ról níos gníomhaí a bheith ag an tsochaí shibhialta eagraithe i gcur chun feidhme Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal. Tá tuilleadh eolais faoi rannchuidiú CESE le COP16 le fáil anseo.

Mr Schwartz is the rapporteur of the EESC opinion A comprehensive strategy for biodiversity at COP16: bringing all sectors together of a common goal.

Thionóil CESE comhdháil maidir leis an hidrigin ísealcharbóin in Pärnu, an Eastóin, an 12 Samhain. Ba é a bhí mar aidhm don ócáid gníomhaíochtaí straitéiseacha a phlé agus a shainaithint chun bonneagar inbhuanaithe a fhorbairt don hidrigin agus do dhíorthaigh na hidrigine, agus díríodh inti ar an maoiniú agus ar úsáid.

Thionóil CESE comhdháil maidir leis an hidrigin ísealcharbóin in Pärnu, an Eastóin, an 12 Samhain. Ba é a bhí mar aidhm don ócáid gníomhaíochtaí straitéiseacha a phlé agus a shainaithint chun bonneagar inbhuanaithe a fhorbairt don hidrigin agus do dhíorthaigh na hidrigine, agus díríodh inti ar an maoiniú agus ar úsáid.

Agus an teideal Cumhacht Amach ón gCósta go Leictribhreoslaí: Dlús a chur leis an nGeilleagar Nua Hidrigine leis an gcomhdháil, tugadh le chéile léi Ambasáid na hÍsiltíre san Eastóin, Láraonad Forbartha Chontae Pärnu, Aonad Taighde Feidhmigh Metrostart, Invest Estonia agus forbróir stáisiún cumhachta leictrimheatánóil, Power2X.

Is comhpháirteanna ríthábhachtacha san aistriú fuinnimh iad an hidrigin ghlas agus ísealcharbóin, agus léiríodh le tionscnaimh a rinneadh le déanaí, amhail an Banc Eorpach Hidrigine, go bhfuil an móiminteam ann chun margaí inbhuanaithe hidrigine a fhorbairt. Chuige sin, ní mór do lucht ceaptha beartas an Aontais agus lucht ceaptha beartas náisiúnta na modhanna is gá a chur ar fáil chun na huaillmhianta sin a chur i bhfeidhm agus chun comhar a éascú i measc na mBallstát chun straitéisí éifeachtacha a ghlacadh.

Agus í ag labhairt faoin ngéarghá sin, bhí an méid a leanas le rá ag Baiba Miltoviča, cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise in CESE: ‘Tá sé ríthábhachtach an hidrigin in-athnuaite a chur in úsáid go tapa – ní hamháin chun ár gcóras fuinnimh a chlaochlú ach ar mhaithe le leas sóisialta agus eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh freisin. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go gcaithfimid lenár n-acmhainní ar bhealach ciallmhar. D'fhonn an tionchar a bheidh againn a uasmhéadú, ní mór dúinn tosaíocht a thabhairt d’earnálacha ar deacair iad a mhaolú agus caighdeáin éifeachtacha éiceolaíocha agus shóisialta a bhunú lena n-áiritheofar dálaí oibre cothroma agus sábháilte’. (mp)

Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí chun éiceachóras tionsclaíoch a fhorbairt a bheidh níos dírithe ar an duine agus a sheasfaidh an aimsir. Ag an am céanna, iarrann sé go ndéanfaí díospóireacht chríochnúil maidir le Tionscal 5.0 agus na himpleachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a ghabhfaidh leis.

Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí chun éiceachóras tionsclaíoch a fhorbairt a bheidh níos dírithe ar an duine agus a sheasfaidh an aimsir. Ag an am céanna, iarrann sé go ndéanfaí díospóireacht chríochnúil maidir le Tionscal 5.0 agus na himpleachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a ghabhfaidh leis.

Le Tionscal 5.0, táthar ag iarraidh saincheisteanna sóisialta agus comhshaoil a chur i gcroílár próisis ghnó. Leis sin, bogtar ar aghaidh ó shaincheisteanna Thionscal 4.0, mar atá an digitiú agus an t-uathoibriú. Ghlac CESE an tuairim Tionscal 5.0 – conas é a chur i bhfeidhm le déanaí ina moltar samhail thionsclaíoch atá dírithe ar an duine, samhail ina bhfuil meas ar scileanna agus ar chruthaitheacht an duine.

Is beag aird a tugadh le linn Thionscal 4.0 ar thionchar an uathoibrithe ar an duine. Ar an gcaoi chéanna, ba bheag spéis a cuireadh i dtosaíochtaí comhshaoil, laghdú dramhaíola, ciorclaíocht, fuinneamh glas agus mar sin de. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin faoi Thionscal 5.0 agus tús áite a thabhairt do luachanna daonlathacha, cothromas sóisialta agus iomaíochas inbhuanaithe. Dar le Giuseppe Guerini, rapóirtéir na tuairime maidir le Tionscal 5.0, ba cheart oibriú i dtreo ‘Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ sa chlaochlú digiteach agus ról lárnach a thabhairt ann do thosca daonna agus don chruthaitheacht.

Le Tionscal 5.0, cuirtear na daoine ar ais i gcroílár an táirgthe agus breathnaítear ar na scileanna atá acu mar chuid riachtanach dár mbuntáiste iomaíoch. Aimsítear cothromaíocht idir an t-uathoibriú agus cruthaitheacht an duine; déanann róbait chomhoibríocha na tascanna leamha céanna fad agus go ndíríonn na hoibrithe ar dhearadh, pleanáil agus seirbhís custaiméara. Leis an aistriú sin cuirtear béim ar shláinte agus sábháilteacht an oibrí agus tacaítear leo siúd ar easáitíodh iad de bharr an uathoibrithe.

Iarrann CESE ar institiúidí an Aontais tacú le héiceachóras tionsclaíoch a sheasfaidh an aimsir, a bheidh dírithe ar an duine agus a bheidh fréamhaithe sa cheartas sóisialta agus san iomaíochas cuimsitheach. Is fíor go dtacaíonn CESE le Tionscal 5.0. San am céanna, áfach, cuireann sé i bhfáth nach mór a thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus theicneolaíocha a chíoradh a thuilleadh. Tá tús na hoibre sin déanta cheana féin faoi roinnt beartais Eorpacha, cuir i gcás an Comhaontú Glas, an Gníomh um an Intleacht Shaorga agus an Clár Oibre Scileanna. Mar sin féin, caithfear na beartais sin a thabhairt cothrom le dáta le hiad a ailíniú le prionsabail Thionscal 5.0.

Le go n-éireoidh le Tionscal 5.0, caithfidh na comhpháirtithe sóisialta agus na hoibrithe a bheith mar chuid de ar gach leibhéal. Leis an gcur chuige cuimsitheach sin, cothófar timpeallacht chomhoibríoch oibre ina dtabharfar le chéile láidreachtaí an duine agus buanna na meaisín. Ionaid oibre níos nuálaí, níos tarraingtí agus níos inbhuanaithe, sin a bheidh ina thoradh ar an méid sin. (gb)

I mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna is amhlaidh gur theip ar an dá chruinniú mullaigh is mó ar domhan maidir leis an gcomhshaol, arb iad sin COP16 – Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus COP29 – Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide. D’iarramar ar ionadaithe CESE a d’fhreastail ar COPanna na bliana seo – Peter Schmidt, Diandra Ní Bhuachalla agus Arnaud Schwartz – a gcuid tuairimí a roinnt maidir lena bhfuil i ndán mura ngníomhaíonn an domhan ar son na haeráide.

I mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna is amhlaidh gur theip ar an dá chruinniú mullaigh is mó ar domhan maidir leis an gcomhshaol, arb iad sin COP16 – Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus COP29 – Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide. D’iarramar ar ionadaithe CESE a d’fhreastail ar COPanna na bliana seo – Peter Schmidt, Diandra Ní Bhuachalla agus Arnaud Schwartz – a gcuid tuairimí a roinnt maidir lena bhfuil i ndán mura ngníomhaíonn an domhan ar son na haeráide.

I ráiteas comhpháirteach a síníodh an 14 Samhain, d’iarr Baiba Miltoviča, cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) in CESE, agus Andres Jaadla, rapóirtéir na tuairime ó Choiste na Réigiún (CnaR) maidir leis an tithíocht, ar na hinstitiúidí Eorpacha bearta práinneacha a ghlacadh chun an tAontas Eorpach a thabhairt slán as an ngéarchéim tithíochta atá ann faoi láthair. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin ceapachán an Choimisinéara Eorpaigh um Fhuinneamh agus Tithíocht, a mbeidh sé de chúram air an chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a thíolacadh.

I ráiteas comhpháirteach a síníodh an 14 Samhain, d’iarr Baiba Miltoviča, cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) in CESE, agus Andres Jaadla, rapóirtéir na tuairime ó Choiste na Réigiún (CnaR) maidir leis an tithíocht, ar na hinstitiúidí Eorpacha bearta práinneacha a ghlacadh chun an tAontas Eorpach a thabhairt slán as an ngéarchéim tithíochta atá ann faoi láthair. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin ceapachán an Choimisinéara Eorpaigh um Fhuinneamh agus Tithíocht, a mbeidh sé de chúram air an chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a thíolacadh.

Dearbhú maidir le Tithíocht

  • Iarraimid ar an gCoimisiún Eorpach Cruinniú Mullaigh bliantúil an Aontais maidir le Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne a eagrú i gcomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa, le CESE agus le CnaR. Leis an gcruinniú mullaigh bliantúil sin de chuid an Aontais, ba cheart na geallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí na mBallstát maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a thabhairt le chéile, ar bhonn cur chuige il-leibhéil agus malartú dea-chleachtas i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;
  • Tacaímid le plean an Choimisinéara ainmnithe atá i gceannas ar an tithíocht chun ardán infheistíochta uile-Eorpach a bhunú do thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe chun tacú go práinneach le comhpháirtíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun deireadh a chur le heisiamh tithíochta, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le CESE agus le CnaR;
  • Tugaimid le fios gur gá féachaint ar bhealaí nuálacha chun borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cistí an Aontais atá ann cheana chun teacht ar réiteach fadtéarmach ar an ngéarchéim tithíochta;
  • Iarraimid ar institiúidí an Aontais tacú le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh chónaithe ar bhonn tacaíocht airgeadais éagsúlaithe, fhadtéarmach agus nuálach agus creataí dlíthiúla comhleanúnacha, lena ndíreofar ar phobail leochaileacha chomh maith le príomhghníomhaithe ar an láthair, go háirithe pobail fuinnimh agus údaráis áitiúla;
  • Iarraimid go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir na gníomhaithe ar na leibhéil éagsúla rialachais: na Ballstáit, institiúidí an Aontais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na rialtais réigiúnacha agus na húdaráis áitiúla.

Geallaimid rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach i nDearbhú Liège trí ghníomhú mar ghuth eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ó gach cearn den Aontas mar chuid d’iarracht chomhpháirteach institiúidí uile an Aontais an ghéarchéim tithíochta a réiteach agus comhtháthú na hEorpa a neartú ó gach taobh.

Is é Andrey Gnyot is aoi dúinn, scannánóir agus iriseoir as an mBealarúis a scaoileadh as braighdeanas baile sa tSeirbia le deireanas tar éis bliana. Bhí Gnyot á choinneáil chun críoch a eiseachadta i ngeall ar choireanna eacnamaíocha a chuir a thír ina leith. Trína scéal féin a insint dúinn, cuireann Gnyot cás na n-iriseoirí neamhspleácha sa Bhealarúis sa lá atá inniu ann i dtuiscint dúinn. Ní féidir le haon duine rud ar bith a rá i gcoinne lucht na cumhachta nó, má dheir, tá an baol ann go gcuirfí ‘namhad na ndaoine’ ina leith agus go ngabhfaí an té úd ar chúiseanna bréagacha eacnamaíocha.

AOI A THARLA AN BEALACH

Is é Andrey Gnyot is aoi dúinn, scannánóir agus iriseoir as an mBealarúis a scaoileadh as braighdeanas baile sa tSeirbia le deireanas tar éis bliana. Bhí Gnyot á choinneáil chun críoch a eiseachadta i ngeall ar choireanna eacnamaíocha a chuir a thír ina leith. Trína scéal féin a insint dúinn, cuireann Gnyot cás na n-iriseoirí neamhspleácha sa Bhealarúis sa lá atá inniu ann i dtuiscint dúinn. Ní féidir le haon duine rud ar bith a rá i gcoinne lucht na cumhachta nó, má dheir, tá an baol ann go gcuirfí ‘namhad na ndaoine’ ina leith agus go ngabhfaí an té úd ar chúiseanna bréagacha eacnamaíocha.

Is í Martina Cikojević, eagarthóir agus iriseoir le Ceardchumann Oibrithe Poist na Cróite, buaiteoir chomórtas grianghraf Connecting EU 2024. A bhuí lena grianghraf Brussels Grand Place in the Moonlight, bronnadh uirthi cuairt dhá lá sa Bhruiséil le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE i mí an Mhárta 2025

Is í Martina Cikojević, eagarthóir agus iriseoir le Ceardchumann Oibrithe Poist na Cróite, buaiteoir chomórtas grianghraf Connecting EU 2024.

A bhuí lena grianghraf Brussels Grand Place in the Moonlight, bronnadh uirthi cuairt dhá lá sa Bhruiséil le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE i mí an Mhárta 2025.

Ghlac Martina Cikojević páirt i seimineár Connecting EU 2024 i mbliana, an 17 agus an 18 Deireadh Fómhair sa Bhruiséil. Le linn an tseimineáir, tháinig oifigigh phreasa agus chumarsáide as eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maille le hiriseoirí, le chéile. ‘Dún deiridh an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’ an teideal a bhí air agus díríodh ann ar na dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar gá d’iriseoirí a n-aghaidh a thabhairt orthu ar an saol seo ina bhfuil an intleacht shaorga ag teacht chun cinn go tapa agus an brú polaitíochta ag dul in olcas.

Ghlac na rannpháirtithe páirt freisin i seisiún líonraithe dar theideal ‘Ról an oifigigh preasa nó cumarsáide i ré seo Instagram, TikTok agus na hintleachta saorga – mar is féidir do theachtaireacht a chur in iúl’, a raibh dhá cheardlann mar chuid de. An comórtas grianghraf, ba chuid é den cheardlann ‘Ceachtanna maidir le hábhair chumarsáide’, a bhí faoi stiúir an speisialtóra cumarsáide Tom Moylan.

Maidir lena grianghraf, a bhfuil an oíche á soilsiú ann ag solas na gealaí agus é ag briseadh trí na scamaill dhorcha, dúirt Martina go bhféadfaí nasc siombalach a dhéanamh le hábhar an tseimineáir freisin. ‘Ní féidir le duine ar bith stop a chur leis an ngealach an dorchadas a shoilsiú. Níor cheart do dhuine ar bith stop a chur le hiriseoirí an fhírinne a thabhairt slán, óir is fearr, is sábháilte, agus is cothroime an tsochaí dá bharr’, ar sise.

Ós í buaiteoir an chomórtais í, glacfaidh Martina páirt i Seachtain na Sochaí Sibhialta in CESE, atá á reáchtáil den dara huair, agus a bheidh ar siúl ón 17 go dtí an 21 Márta in áitreabh CESE sa Bhruiséil. Is é ábhar na bliana seo An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti.

Tréaslaíonn Aonad Preasa CESE a héacht le Martina agus gabhann sé a bhuíochas le gach duine a chuir grianghraf isteach. (ll)

4-16 Nollaig 2024

Taispeántas grianghraf ‘Powerful Encounters: Picturing an end to energy poverty’

Dé Céadaoin 09 Nollaig 2024

Lá Eorpach na dTomhaltóirí 2024

Dé Céadaoin 11 Nollaig 2024

An Grúpa Idirchaidrimh – comóradh 20 bliain

22-23 Eanáir 2025

Seisiún iomlánach de chuid CESE

4-16 Nollaig 2024

Taispeántas grianghraf ‘Powerful Encounters: Picturing an end to energy poverty’

Dé Céadaoin 09 Nollaig 2024

Lá Eorpach na dTomhaltóirí 2024

Dé Céadaoin 11 Nollaig 2024

An Grúpa Idirchaidrimh – comóradh 20 bliain

22-23 Eanáir 2025

Seisiún iomlánach de chuid CESE

An ghníomhaireacht úrnua le haghaidh nuacht aeráide sa Liotuáin, Climate Reporters, tá sé d’aidhm aici dul i ngleic leis an tuirse atá le brath i dtaca le tuairisciú aeráide agus ábhar an athraithe aeráide a thabhairt chun tosaigh arís i gcláir oibre eagarthóireachta. Sampla eisceachtúil den iriseoireacht rannpháirtíochta is ea go mbaineann Climate Reporters úsáid as an gcumarsáid mar aon leis an ngníomhú ar son na haeráide chun oideachas a chur ar dhaoine faoin athrú aeráide agus chun guth a thabhairt do Mháthair na Cruinne le linn na géarchéime comhshaoil seo. 

An ghníomhaireacht úrnua le haghaidh nuacht aeráide sa Liotuáin, Climate Reporters, tá sé d’aidhm aici dul i ngleic leis an tuirse atá le brath i dtaca le tuairisciú aeráide agus ábhar an athraithe aeráide a thabhairt chun tosaigh arís i gcláir oibre eagarthóireachta. Sampla eisceachtúil den iriseoireacht rannpháirtíochta is ea go mbaineann Climate Reporters úsáid as an gcumarsáid mar aon leis an ngníomhú ar son na haeráide chun oideachas a chur ar dhaoine faoin athrú aeráide agus chun guth a thabhairt do Mháthair na Cruinne le linn na géarchéime comhshaoil seo.

Le Rūta Trainytė

Bunaíodh an ghníomhaireacht le haghaidh nuacht aeráide, Climate Reporters, i mbliana sa Liotuáin. Is tionscnamh é atá á reáchtáil ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus is sampla é den iriseoireacht rannpháirtíochta. Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaireacht nuachta cabhrú le hiriseoirí tuairisciú ar ghnéithe éagsúla den ghéarchéim chomhshaoil. Chuige sin, déanann foireann na gníomhaireachta téacsanna a dhréachtú agus cuirtear ar aghaidh ansin iad chuig na hoifigí eagarthóireachta.

Is pobal gníomhaithe a dhéanann obair na gníomhaireachta. Iriseoirí, speisialtóirí sa chaidreamh poiblí, ionadaithe ó ENRanna, gníomhaithe agus eolaithe a scríobhann na téacsanna, nó i mbeagán focal, daoine atá buartha faoina bhfuil ag tarlú agus a dteastaíonn athrú sóisialta uathu. Is iad na daoine céanna sin atá ar an mbord do Climate Reporters freisin. Is faoin mbord sin atá sé a chinntiú gur tionscnamh iontaofa é an tionscnamh nua.

Ní inniu ná inné a tháinig Climate Reporters chun cinn i saol na cumarsáide agus tá taithí shuntasach faighte acu cheana féin ar an gcaidreamh poiblí, ar chúrsaí eagarthóireachta agus ar thairseacha gréasáin a chruthú agus a bhainistiú. Tá cur amach acu ar chúrsaí aeráide freisin. Sin mar ar tháinig an tionscnamh ar an bhfód. Dírímid ar na buanna is mó atá againn agus sinn ag gníomhú ar son na haeráide san am céanna. Is sinne a labhraíonn thar ceann Mháthair na Cruinne le linn na géarchéime comhshaoil seo.

Táimid i dteagmháil le hiriseoirí, ar ndóigh. Creidtear go forleathan sna hoifigí eagarthóireachta nach bhfuil spéis ag an bpobal sa nuacht aeráide agus gurb íseal an ráta cliceála ina leith. Ní fhoilsíonn siad ailt a bhfuil na téarmaí ‘athrú aeráide’ nó ‘géarchéim aeráide’ ina gceannlínte orthu. Cad is ‘séanadh na géarchéime aeráide’ ann? An é go bhfuiltear ag iarraidh an tsochaí a chosaint ar dhrochscéalta agus imní?

Seans nach bhfuil sé chomh holc sin. Is líonmhar na scéalta nuachta a thagann isteach sna hoifigí eagarthóireachta chuile lá, rud atá deacair a phróiseáil ar an láthair, gan trácht ar mhíreanna nuachta a chur ar fáil a bhaineann leis an aeráid. Chomh maith leis sin, bheadh ar na hiriseoirí a bheith ar an eolas faoin ábhar. Is linne a bhaineann an chuid seo den scéal; an chéad chéim eile atá le glacadh ag Climate Reporters is ea oiliúint a chur ar iriseoirí. Is léir gur gá d’iriseoirí an tsaincheist a thuiscint chun an glas snasú a sheachaint.

Rogha eile is ea grúpaí áirithe a mhúineadh faoin athrú aeráide ar bhealach tarraingteach. Thar aon ní eile, ba mhaith linn teagmháil a dhéanamh le daoine óga, agus tuigimid anois gur maith an smaoineamh é an greann a úsáid chuige sin. Ní fios go fóill cén chruth a bheidh air seo sa todhchaí, ach sin iad na smaointe atá againn go dtí seo.

Tá an ghníomhaireacht nuachta ar an bhfód le sé mhí anuas anois. Tá a fhios againn ón taithí atá againn go mbeidh foighne de dhíth orainn. Leanfaimid orainn de na míreanna nuachta a thabhairt d’aon ghnó do na hoifigí eagarthóireachta. Tá ár dtéacsanna á bhfoilsiú cheana féin ar mhórardáin nuachta na Liotuáine, agus tá cuirí faighte againn freastal ar chláir raidió.

Lena dheimhniú gur obair eagarthóireachta ar ardchaighdeán a bheidh ar siúl againn, is ríthábhachtach an ní é go bhfaighimid tacaíocht shuntasach ó eagraíochtaí comhshaoil na Liotuáine, go bhfuil ár n-eagraíochtaí ina mball de líonraí idirnáisiúnta ENRanna, go nglacann ár mbaill páirt i meithleacha ar leibhéal an Aontais agus go ndéanann siad ionadaíocht ar an Liotuáin in CESE. De thoradh an méid sin ar fad, is féidir linn raon ábhar níos leithne a chumhdach agus an t-eolas is déanaí a bheith againn i gcónaí maidir le cúrsaí reatha.

Is é Kęstutis Kupšys, comhalta CESE, duine de thionscnóirí an tionscadail ach is iomaí nasc eile atá againn le CESE. Is féidir le comhaltaí CESE taithí ábhartha óna dtíortha féin a roinnt chun an nuacht aeráide a fhoilsíonn Climate Reporters a threisiú. I ndáil leis an méid sin, labhraíomar le déanaí le Arnaud Schwartz, Francach atá ina chomhalta de CESE, ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir leis an mBithéagsúlacht (COP16). Mar thoradh ar na léargais a roinn sé linn go díreach ó Cali, bhí Climate Reporters in ann alt a fhoilsiú. Níorbh fhada go raibh a chuid smaointe le léamh sna meáin ag pobal na Liotuáine. Is léir go n-oibríonn an tsamhail sin, ina n-úsáidtear saineolas chomhaltaí CESE chun nuacht dhomhanda a scaipeadh go héifeachtach ar phobail áitiúla, agus is ar an ábhar sin a leanfaimid den tsamhail sin a úsáid arís amach anseo.

Is í Rūta Trainytė an t-eagarthóir ar an ngníomhaireacht nuachta aeráide ‘Climate Reporters’. Tá an ghníomhaireacht mar chuid den tionscadal ŽALINK atá maoinithe ag an stát. Tá an tionscadal, atá á reáchtáil ag Comhghuaillíocht na dTomhaltóirí, an tArdán maidir le Comhar um Fhorbairt agus an eagraíocht neamhrialtasach ‘An Geilleagar Ciorclach’, á mhaoiniú ag an gClár um Athrú Aeráide atá curtha ar bun ag Gníomhaireacht Bainistíochta Tionscadal Comhshaoil de chuid Aireacht Comhshaoil Phoblacht na Liotuáine.