European Economic
and Social Committee
Cé aige a bhfuil an grianghraf is fearr Connecting EU 2024?
Is í Martina Cikojević, eagarthóir agus iriseoir le Ceardchumann Oibrithe Poist na Cróite, buaiteoir chomórtas grianghraf Connecting EU 2024.
A bhuí lena grianghraf Brussels Grand Place in the Moonlight, bronnadh uirthi cuairt dhá lá sa Bhruiséil le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta in CESE i mí an Mhárta 2025.
Ghlac Martina Cikojević páirt i seimineár Connecting EU 2024 i mbliana, an 17 agus an 18 Deireadh Fómhair sa Bhruiséil. Le linn an tseimineáir, tháinig oifigigh phreasa agus chumarsáide as eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maille le hiriseoirí, le chéile. ‘Dún deiridh an daonlathais: an iriseoireacht a thabhairt slán agus a chur chun cinn’ an teideal a bhí air agus díríodh ann ar na dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar gá d’iriseoirí a n-aghaidh a thabhairt orthu ar an saol seo ina bhfuil an intleacht shaorga ag teacht chun cinn go tapa agus an brú polaitíochta ag dul in olcas.
Ghlac na rannpháirtithe páirt freisin i seisiún líonraithe dar theideal ‘Ról an oifigigh preasa nó cumarsáide i ré seo Instagram, TikTok agus na hintleachta saorga – mar is féidir do theachtaireacht a chur in iúl’, a raibh dhá cheardlann mar chuid de. An comórtas grianghraf, ba chuid é den cheardlann ‘Ceachtanna maidir le hábhair chumarsáide’, a bhí faoi stiúir an speisialtóra cumarsáide Tom Moylan.
Maidir lena grianghraf, a bhfuil an oíche á soilsiú ann ag solas na gealaí agus é ag briseadh trí na scamaill dhorcha, dúirt Martina go bhféadfaí nasc siombalach a dhéanamh le hábhar an tseimineáir freisin. ‘Ní féidir le duine ar bith stop a chur leis an ngealach an dorchadas a shoilsiú. Níor cheart do dhuine ar bith stop a chur le hiriseoirí an fhírinne a thabhairt slán, óir is fearr, is sábháilte, agus is cothroime an tsochaí dá bharr’, ar sise.
Ós í buaiteoir an chomórtais í, glacfaidh Martina páirt i Seachtain na Sochaí Sibhialta in CESE, atá á reáchtáil den dara huair, agus a bheidh ar siúl ón 17 go dtí an 21 Márta in áitreabh CESE sa Bhruiséil. Is é ábhar na bliana seo An Comhtháthú agus an Rannpháirtíocht a threisiú sa tSochaí a bhfuil an tEasaontas i réim inti.
Tréaslaíonn Aonad Preasa CESE a héacht le Martina agus gabhann sé a bhuíochas le gach duine a chuir grianghraf isteach. (ll)