Seirbhísí gairmiúla san aistriú glas

Document Type
AS

An míbhuntáiste don mhargadh aonair nuair nach bhfuil Ballstáit áirithe in Schengen an Bhulgáir agus an Rómáin

Document Type
AS

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais rannpháirtíocht chuimsitheach, oscailteacht agus trédhearcacht leis an tsochaí shibhialta a éascú i ngach réimse de bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí. Baineann sé sin le pobail óstacha atá ann faoi láthair agus pobail óstacha a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ós rud é go dtiocfaidh méadú ar ghiniúint bhliantúil na dramhaíola radaighníomhaí sna deich mbliana amach romhainn agus ina dhiaidh sin.

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais rannpháirtíocht chuimsitheach, oscailteacht agus trédhearcacht leis an tsochaí shibhialta a éascú i ngach réimse de bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí. Baineann sé sin le pobail óstacha atá ann faoi láthair agus pobail óstacha a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ós rud é go dtiocfaidh méadú ar ghiniúint bhliantúil na dramhaíola radaighníomhaí sna deich mbliana amach romhainn agus ina dhiaidh sin.

dtuairim a glacadh le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CESE seasamh docht. Tá sé maíte aige gur cheart an cistiú atá ar fáil a úsáid chun gur fearr is féidir le grúpaí na sochaí sibhialta, go háirithe pobail áitiúla atá gar do shuiteálacha núicléacha, páirt neamhspleách a ghlacadh i dtionscadail agus i staidéir ina ndéantar measúnú ar an rannpháirtíocht agus ar an trédhearcacht i mbainistiú dramhaíola radaighníomhaí.

Molann CESE do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na bealaí inar féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta maidir le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, agus ar an dóigh a gcinntítear an trédhearcacht. ‘Iarrann CESE ar na Ballstáit bearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar faireachán agus nochtadh rialta ar an bhforbairt chomhshaoil, ar fhorbairt na sláinte poiblí agus ar an bhforbairt shocheacnamaíoch i réimsí a bhaineann le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí,’ a dúirt an rapóirtéir, Alena Mastantuono.

Ba cheart do na Ballstáit an fhreagracht a ghlacadh orthu féin ionas nach mbeidh ualach ar na glúnta atá le teacht dramhaíl núicléach a phróiseáil, beag beann ar chineál, saolré ná leibhéal guaise na dramhaíola sin.

Ós rud é gur féidir sciar ard de bhreosla núicléach úsáidte a athphróiseáil, ba cheart ábhair inscoilte a athchúrsáil chun laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le soláthar úráiniam nádúrtha chun imoibreoirí núicléacha a oibriú. Dá mbainfí úsáid as straitéisí an gheilleagair chiorclaigh d’fhéadfadh na Ballstáit íoslaghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola ar gá dul i ngleic léi le straitéisí bainistithe dramhaíola.

‘Ba cheart do na Ballstáit a chinntiú go gcuirfear san áireamh sna measúnuithe costais maidir le díchoimisiúnú agus bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí méaduithe costais le himeacht ama. Ba cheart dóibh a chinntiú freisin gur leor an cistiú chun na costais iarbhír a chlúdach,’ a dúirt an comhrapóirtéir, Christophe Quarez. (mp)

San Eoraip, is beag an úsáid atá á baint as na féidearthachtaí suntasacha a ghabhann leis an bhfuinneamh geoiteirmeach agus ba ceart don Aontas Eorpach gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun straitéis Eorpach maidir le fuinneamh geoiteirmeach a ghlacadh arb é is aidhm di tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis.

San Eoraip, is beag an úsáid atá á baint as na féidearthachtaí suntasacha a ghabhann leis an bhfuinneamh geoiteirmeach agus ba ceart don Aontas Eorpach gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun straitéis Eorpach maidir le fuinneamh geoiteirmeach a ghlacadh arb é is aidhm di tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CESE seasamh doshéanta maidir leis an bhfuinneamh. Sa tuairim a chuir Zsolt Kükedi agus Thomas Kattnig le chéile, cuireann CESE i bhfáth go mbaineann astaíochtaí gás ceaptha teasa an-íseal le táirgeadh an fhuinnimh gheoiteirmigh, agus gur féidir ról lárnach a bheith aige in aistriú glas an Aontais tríd an spleáchas atá aige ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus trí dhícharbonú a éascú.

‘D’fhéadfadh saothrú an fhuinnimh gheoiteirmigh cur go mór le spriocanna 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach,’ a dúirt Zsolt Kükedi. ‘Ní bhaintear tairbhe as na féidearthachtaí atá ann agus ba cheart don Choimisiún Eorpach bearta a dhéanamh láithreach chun straitéis chuimsitheach a chur le chéile chun úsáid a bhaint as na hacmhainní a chuirtear ar fáil leis,’ a dúirt Thomas Kattnig freisin.

Cuireann CESE in iúl nach n-oibreoidh infheistíochtaí i ngléasraí cumhachta geoiteirmeacha gan cúnamh airgeadais ar an leibhéal náisiúnta. Go sonrach, beidh gá le cistiú agus dreasachtaí rialtais chun an infheistíocht tosaigh a mhealladh agus an riosca a bhaint dí.

Ina theannta sin, is fiú a rá go bhféadfadh athruithe ar bheartas fuinnimh nó ar mhaoiniú fuinnimh difear a dhéanamh do tharraingteacht eacnamaíoch na dtionscadal geoiteirmeach.

Bíonn rioscaí i gceist le gléasraí cumhachta geoiteirmeacha a thógáil agus is gá na rioscaí sin a shainaithint go cruinn, go háirithe ó thaobh an tionchair ar an gcomhshaol de. Ar an ábhar sin, tá sé ríthábhachtach go dtugtar faoin bpróiseas sin le rannpháirtíocht na bpobal áitiúil, d’fhonn glacadh an phobail leis a mhéadú.

É sin ráite, is mó na tairbhí comhshaoil agus aeráide a bhaineann le fuinneamh geoiteirmeach ná na rioscaí toisc go bhfuil sé ar cheann de na foinsí fuinnimh in-athnuaite is fearr ó thaobh úsáid talún, úsáid acmhainní agus spleáchas ar allmhairí de. (mp)

Tá moladh láidir déanta ag CESE go gcuirfidh an tAontas Eorpach borradh faoin infheistíocht a dhéanann sé i nascacht shlán, i mbonneagar athléimneach agus i slabhraí soláthair athléimneacha chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith iomaíoch i réimse na hintleachta saorga ilchuspóirí atá ag athrú go tapa. Meastar go bhfuil na bearta sin ríthábhachtach chun na tairbhí is fearr is féidir a bhaint as an intleacht shaorga ghiniúnach i gcomhréir le luachanna, riachtanais agus cearta bunúsacha na hEorpa.

Tá moladh láidir déanta ag CESE go gcuirfidh an tAontas Eorpach borradh faoin infheistíocht a dhéanann sé i nascacht shlán, i mbonneagar athléimneach agus i slabhraí soláthair athléimneacha chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith iomaíoch i réimse na hintleachta saorga ilchuspóirí atá ag athrú go tapa. Meastar go bhfuil na bearta sin ríthábhachtach chun na tairbhí is fearr is féidir a bhaint as an intleacht shaorga ghiniúnach i gcomhréir le luachanna, riachtanais agus cearta bunúsacha na hEorpa.

Sa tústuairim uaidh An Intleacht Shaorga/an bealach chun cinn ina ndírítear ar phríomhghnéithe na hintleachta saorga ilchuspóirí, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá nuashonrú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga toisc a dhinimiciúla agus a chasta atá earnáil na hintleachta saorga. Cé gur samhlacha teicniúla go bunúsach atá sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus gur san earnáil gnólacht le gnólacht is mó a chuirtear i bhfeidhm iad, ní hé sin le rá nach mbíonn tionchar indíreach acu ar oibrithe agus ar thomhaltóirí.

‘Táimid den tuairim gur tábhachtach an ní é luachanna Eorpacha a bheith mar bhonn ag IS ar bith a úsáidimid anseo san Eoraip. An smacht reachta agus cearta an duine atá i gceist leis sin dar ndóigh, ach tá trédhearcacht, inchreidteacht agus iontaofacht i gceist leis freisin. Is iad sin na príomhthosca nach mór a chur san áireamh in aon chóras intleachta saorga atá le hoibriú ar son na ndaoine,’ a dúirt Sandra Parthie, rapóirtéir na tuairime, a d’iarr an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tacaíonn CESE leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga ach cuireann sé i bhfios go láidir gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh air agus é a choigeartú má chuireann sé srian ar nuálaíocht chuideachtaí an Aontais atá dírithe ar an intleacht shaorga. D’fhéadfadh sin tarlú i gcás ina bhfuil éiginnteachtaí ann maidir leis an gcaoi ar cheart an rialachán a chur i bhfeidhm nó má tá an rialachán féin róchasta, rud a bheadh ina spreagadh d’infheisteoirí agus nuálaithe margadh na hEorpa a fhágáil.

Chun cur i gcoinne rócheannasacht na gcuideachtaí digiteacha móra neamh-AE ar mhargadh an Aontais, tá iarrtha ag CESE go mbainfí leas as uirlisí beartais iomaíochta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar iompar criticiúil nó ar aon neamhchomhlíonadh le caighdeáin an Aontais.

Ní mór don Aontas agus dá Bhallstáit infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht chun líonraí láidre a fhorbairt lena bhféadfar táirgí intleachta saorga a chruthú agus a fheabhsú agus lena bhfeabhsófar na tairbhí a bhaineann leis an intleacht shaorga do dhaoine agus don gheilleagar. Mura dtugtar faoin intleacht shaorga ilchuspóireach a fhorbairt agus a úsáid san Eoraip, d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige sin ar iomaíochas na gcuideachtaí Eorpacha, rud a bheadh laghdú díolacháin, caillteanais post, marbhántacht eacnamaíoch agus an bhochtaineacht mar thoradh air.

‘Tá cuideachtaí agus taighdeoirí maithe inár measc; tá áiseanna taighde den scoth ar leac an dorais againn, agus is cinnte nach ndéanaimid ár ndóthain le hiad a chur chun cinn. Ní mór dúinn tallann a mhealladh agus an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine mar áit oibre. Ní mór dúinn forbairt a dhéanamh ar an intleacht shaorga arb í an Eoraip áit a déanta,’ a dúirt Sandra Parthie mar fhocal scoir. (ll)

San eagrán seo:

  • Andrey Gnyot: Namhaid an stáit – géarleanúint na n-iriseoirí sa Bhealarúis
  • Toscaireacht CESE ag COP16 agus COP29: Is é ár n-aimhleas féin atáimid a dhéanamh
  • Adélaïde Charlier: Fealladh faoi na billiúin: tréigean an cheartais aeráide ag COP29
  • Luz Haro Guanga: An comhrac ar son pláinéad sláintiúil – ceist beatha nó báis
  • Mariya Mincheva: Nuair nach mbaintear lántairbhe as Schengen – costas ard don Bhulgáir agus don Rómáin, agus don mhargadh aonair freisin
     

Iarrachtaí an Aontais Eorpaigh chun galair neamhchoitianta a chomhrac

Document Type
AC

Treoirlínte fostaíochta

Document Type
AC

Tionscnamh suaitheanta Eorpach a chur ar bun don tsláinte

Document Type
AC

Chuir CESE tús lena chuid oibre ar an gComhaontú Gorm don Eoraip in Eanáir 2023, agus seoladh an imeacht oifigiúil ‘Tá sé in am do Chomhaontú Gorm san Aontas’ i bhFeabhra 2023.